Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

29 1982


Uimhir 29 de 1982


AN tACHT LEITHREASA, 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [27 Nollaig, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £5.362,896,070, a leithreasú.

1. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim cúig mhíle, trí chéad seasca is dhá mhilliún, ocht gcéad nócha is sé mhíle, is seachtó punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1982, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim cúig chéad seachtó is aon mhilliún, naoi gcéad daichead is trí mhíle, ceithre chéad is ochtó punt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1982 , a ghairm den Acht seo.