|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 3 de 1983 | ||
[EN] |
ACHT NA nAERCHUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tAIRE AIRGE-ADAIS DO THÓGÁIL TUILLEADH SCAIREANNA IN AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA, AGUS DO MHÉADÚ NA TEORANN LE RÁTHAÍOCHTAÍ ÓN AIRE SIN I LEITH IASACHTAÍ AG AER LINGUS, TEORANTA, AGUS AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA. [15 Márta, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
[EN] |
Cumhacht an Aire Airgeadais tuilleadh scaireanna a fháil in Aerlínte. |
1. —I dteannta na scaireanna atá ar seilbh aige in Aerlínte Éireann, Teoranta, de bhua alt 2 d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966 , féadfaidh an tAire Airgeadais suibscríobh le haghaidh tuilleadh scaireanna (d'aon aicme) in Aerlínte Éireann, Teoranta, go feadh méid nach mó a luach ainmniúil ná £60,000,000. | ||||||||
[EN] |
Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht seo as an bPríomh-Chiste. |
2. —Íocfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo. | ||||||||
[EN] |
Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais Aerlínte a athrú. |
3. —Déanfaidh Aerlínte Éireann, Teoranta, cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , lena mheabhrán comhlachais agus a airteagail chomhlachais a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo. | ||||||||
[EN] |
Ráthaíocht on Aire Airgeadais i leith iasachtaí a gheobhaidh Aer Lingus agus Aerlínte. |
4. —Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó le halt 2 (1) d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1976 , a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £150,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochtaí faoi alt 2 (1) (a) den Acht sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire (mar aon leis an méid príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha) agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 2 (2) den Acht sin trí “£150,000,000” a chur in ionad “£75,000,000”. | ||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1983, a ghairm d'Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1978, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||
|