4 1983


Uimhir 4 de 1983


AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959 GO 1980.

[31 Márta, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 4 den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 .

1. —Cuirtear, leis seo, an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 4 den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 :

“(1)  (a) Is é dualgas an Bhoird onnmhairiú earraí agus soláthar cibé seirbhísí a bheidh sonraithe ó am go ham le hordú ón Aire a spreagadh, a chur chun cinn agus a fhorbairt in aon slí a mheasfaidh an Bord is gá nó is inmhianaithe.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1983, a ghairm de na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1980, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959

1959, Uimh. 20

Na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1980