|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 14 de 1983 | ||
[EN] |
ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 GO 1979. | ||
[5 Meitheamh, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
[EN] |
Reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1982. |
1. —I reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1982— | ||||||||
[EN] | (a) beidh an ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo i gcárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64 (1) den Acht Toghcháin, 1963 , | |||||||||
[EN] | (b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótaíochta freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin, | |||||||||
[EN] | (c) gach cárta vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo— | |||||||||
[EN] | (i) luafaidh sé gur do phostvótálaí é agus dá réir sin ní luafaidh sé an uimhir ná an áit dá dtagraítear san alt sin 64 (1), | |||||||||
[EN] | (ii) beidh an ráiteas ann dá dtagraítear i mír (a) den alt seo, agus | |||||||||
[EN] | (iii) cuirfear é leis an bpost chuig an toghthóir an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige ag an seoladh céanna a bheidh ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide chuige, | |||||||||
[EN] | (d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 64 i ndáil le cártaí vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo, | |||||||||
[EN] | (e) cuirfidh oifigeach ceannais cóipeanna den ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiún vótaíochta agus i maighean a stáisiúin vótaíochta: | |||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh an reifreann ó bhail dlí mar gheall ar aon mhainneachtain cóipeanna den sórt sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó i maighean aon stáisiúin vótaíochta, | |||||||||
[EN] | (f) le linn Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963 ) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942 , a bheith á feidhmiú, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)— | |||||||||
[EN] | “(5) (a) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an vótálaí tríd an togra a bheidh luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide agus a fhiafraí den vótálaí ‘An dtoilíonn tú nó nach dtoilíonn tú le dlí a dhéanamh den Bhille sin?’ agus déanfaidh sé ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, an páipéar ballóide a mharcáil de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa. | |||||||||
[EN] | (b) Mura dtuigfidh an vótálaí brí na ceiste sin, déanfaidh an t-oifigeach ceannais mar a leanas— | |||||||||
[EN] | (i) léifidh sé amach don vótálaí mír 1 den ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 1 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1983 , | |||||||||
[EN] | (ii) fiafróidh sé ansin den vótálaí ‘Cé acu is mian leat a dhéanamh — vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a leasú nó vótáil i gcoinne an togra chun an Bunreacht a leasú?’, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (iii) marcálfaidh sé an páipéar ballóide ansin de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.”. | |||||||||
[EN] | AN FHOSCRÍBHINN | |||||||||
[EN] | 1. Is é atá beartaithe leis an mBille um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1982, an fo-alt seo a leanas a chur le hAirteagal 40.3 den Bhunreacht. | |||||||||
[EN] | 3° Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é. | |||||||||
[EN] | 2. MÁ THOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bpáipéar ballóide. | |||||||||
[EN] | 3. MURA dTOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bpáipéar ballóide. | |||||||||
4. Is féidir cóip den Bhille a iniúchadh saor in aisce, agus is féidir é a cheannach ar dhá phingin go leith, in aon Phost-Oifig. | ||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
2. —(1) Féadar Acht an Reifrinn (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
[EN] | (2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1983, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1979, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||
[EN] | (3) Forléireofar an tAcht seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1983, mar aon ní amháin. | |||||||||
|