An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID VI Cáin Mhaoine Cónaithe)

15 1983

AN tACHT AIRGEADAIS, 1983

CUID V

Cionta Ioncaim

Cionta ioncaim.

94. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “na hAchtanna”—

(a) na hAchtanna Custam,

(b) na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin,

(c) na hAchtanna Cánach,

(d) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(e) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(f) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(g) na reachtanna a bhaineann le dleacht stampa agus le bainistí na dleachta sin, agus

(h) Cuid VI.

agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi aon achtachán eile agus a bhaineann le cáin;

ciallaíonn “cáin” aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Gan dochar d'aon phionós eile a bheidh inchurtha air, beidh duine ciontach i gcion faoin alt seo más rud é, tar éis dháta an Achta seo a rith—

(a) go seachadfaidh sé, go feasach nó go toiliúil, aon tuairisceán nó ráiteas mícheart nó aon chuntais mhíchearta nó go dtabharfaidh sé, go feasach nó go toiliúil, aon fhaisnéis mhícheart i ndáil le haon cháin,

(b) go gcabhróidh nó go neartóidh nó go gcuideoidh sé go feasach le duine eile, nó go ngríosóidh sé nó go n-aslóidh sé duine eile go feasach, chun aon tuairisceán nó ráiteas mícheart nó aon chuntais mhíchearta i ndáil le haon cháin a thabhairt nó a sheachadadh go feasach nó go toiliúil,

(c) go n-éileoidh sé nó go bhfaighidh sé faoiseamh nó díolúine ó aon cháin, nó aisíoc aon chánach, is faoiseamh, díolúine nó aisíoc nach bhfuil teideal aige chuige nó chuici, go bhfios dó,

(d) go n-eiseoidh sé nó go dtabharfaidh sé nó go dtabharfaidh sé ar aird, go feasach nó go toiliúil, aon sonrasc, admháil nó ionstraim mhícheart nó aon doiciméad mícheart eile i ndáil le haon cháin,

(e) go mainneoidh sé, go feasach nó go toiliúil, déanamh de réir aon fhoráil de chuid na nAchtanna lena gceanglaítear—

(i) tuairisceán a thabhairt ar ioncam, brabúis nó gnóchain, nó ar bhunaidh ioncaim, brabús nó gnóchan, chun críocha aon chánach,

(ii) aon tuairisceán, deimhniú, fógra nó sonraí eile a thabhairt, nó aon ráiteas nó fianaise a thabhairt, chun críocha aon chánach,

(iii) leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a choimeád nó a choinneáil chun críocha aon chánach, nó

(iv) leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a thabhairt ar aird, nuair a iarrfar sin, chun críocha aon chánach,

(f) go mainneoidh sé aon cháin ioncaim a íoc is iníoctha de bhun Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus na rialachán faoi, nó de bhun alt 7 den Acht Airgeadais, 1968 , agus na rialachán sin, nó aon cháin bhreisluacha a íoc, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe chuige sin i ndáil le cáin ioncaim nó cáin bhreisluacha, de réir mar a bheidh, leis na hAchtanna, nó

(g) go gcuirfidh sé bac nó treampán ar aon oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, nó ar aon duine eile, agus é ag feidhmiú nó ag comhlíonadh cumhachtaí nó dualgas faoi na hAchtanna chun críocha aon chánach.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin alt seo ionann is dá mba rud é, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, gur sonraíodh ann na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt (3) (a) den alt seo agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

(5) I gcás cion faoin alt seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go suífear go ndearnadh an cion le tioliú nó le cúlcheadú aon duine a bhí, tráth an chiona a dhéanamh, ina stiúrthóir, ina bhainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta chorpraithe, measfar an duine sin freisin a bheith ciontach sa chion agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

(6) In aon imeachtaí faoin alt seo, aon tuairisceán nó ráiteas a sheachadfar ar chigire nó ar oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoi aon fhoráil de na hAchtanna agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag aon duine measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith seachadta amhlaidh, agus é a bheith sínithe, ag an duine sin.

(7) D'ainneoin fhorálacha aon achtacháin eile, féadfar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh laistigh de 10 mbliana ón dáta a rinneadh an cion nó a tabhaíodh an pionós (de réir mar a bheidh).

(8) Ní bheidh feidhm ag alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, i ndáil le cionta faoin alt seo.

(9) Chun críocha an ailt seo beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha ailt 128 (4), 500 (4), 501 (3), 502 (3), 506 agus 507 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ag ailt 26 (6) agus 27 (7) den Acht Cánach Breisluacha, 1972 mar atá feidhm acu chun críocha na bhforálacha sin, lena n-áirítear, i gcás cibé forálacha díobh sin a cuireadh chun feidhme leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó le Cuid VI, chun críocha na bhforálacha sin arna gcur chun feidhme amhlaidh.