An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Tobhach Ioncaim) Ar Aghaidh (Caibidil V Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide)

15 1983

AN tACHT AIRGEADAIS, 1983

Caibidil IV

Frithsheachaint agus Frithimghabháil

Leasú ar alt 175 (cumhacht chun eolas a fháil i dtaobh ús a íocfar nó a chreidiúnófar gan cáin a asbhaint) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

17. —Chun cosc a chur le himghabháil ó dhliteanas cánach ag daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát—

(a) trí airgead a chur ar taisce le brainsí nó oifigí éagsúla a bhíonn á gcothabháil ag trádáil nó gnó nó i ndáil le trádáil nó gnó a dtagann ús chun bheith iníoctha nó inchreidiúnaithe i leith an airgid sin i ngnáthchúrsa na trádála nó an ghnó sin agus ar trádáil nó gnó é atá á sheoladh ag duine a gceánglaítear air trí fhógra ón gcigire arna thabhairt faoi alt 175 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tuairisceán a thabhairt ar an ús a d'íoc nó a chreidiúnaigh sé i leith airgid a fuair sé nó a choimeád sé, nó

(b) trí dhearbhuithe bréagacha faoi fho-alt (4) den alt sin 175 a dhéanamh,

achtaítear leis seo mar a leanas:—

(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 13 den Acht Airgeadais, 1968 , i ndáil le haon tuairisceán ar ús a íocadh nó a creidiúnaíodh dá dtagraítear san alt sin 175, i gcás inar tuairisceán é ar ús a íocadh nó a creidiúnaíodh le linn bliana dar tosach an 10ú lá d'Fheabhra, 1982, nó aon lá dá éis.

(2) Leasaítear leis seo an t-alt sin 175, maidir le haon ús a íocfar nó a chreidiúnófar tráth ar bith tar éis dháta an Achta seo a rith—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “ní cheanglófar ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús an t-ús a áireamh in aon tuairisceán den sórt sin.” i bhfo-alt (4), eadhon, “ní cheanglófar ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús an t-ús a áireamh in aon tuairisceán den sórt sin:

Ar choinníoll:

(i) mura deimhin leis an duine ar a seirbheáiltear an fógra go raibh gnáthchónaí lasmuigh den Stát ar an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús—

(A) go dtabharfar don duine ar a seirbheáiltear an fógra mionnscríbhinn ón duine a sheirbheáil an fógra ina dtabharfar a ainm agus a sheoladh agus an tír ina raibh gnáthchónaí air an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, agus

(B) mura raibh teideal tairbhiúil chun an úis sin ag an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, go dtabharfar sa mhionnscríbhinn, i dteannta na sonraí a shonraítear i mír (A), ainm agus seoladh an duine a raibh teideal aige amhlaidh agus an tír ina raibh gnáthchónaí air an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, agus

(ii) más deimhin leis an duine ar a seirbheáiltear an fógra nach raibh gnáthchónaí sa Stát ar an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús agus, má dhearbhaíonn an dara duine sin san fhógra, nó i bhfógra dá éis sin arna sheirbheáil ar an duine ar ar seirbheáladh an chéad fhógra sin a luaitear, nach raibh teideal tairbhiúil aige chun an úis an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh é, go dtabharfaidh sé, má tá gnáthchónaí sa Stát ar an duine a bhfuil teideal aige amhlaidh (dá ngairtear ‘an t-úinéir tairbhiúil’ anseo ina dhiaidh seo), i gceann amháin de na fógraí thuasluaite, nó i bhfógra dá éis sin arna sheirbheáil ar an duine ar ar seirbheáladh an chéad fhógra sin a luaitear, ainm agus seoladh an úinéara thairbhiúil.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an fho-ailt sin (4):

“(5) Maidir le duine lena mbaineann fo-alt (1)—

(a) coinneoidh sé agus coimeádfaidh sé aon fhógra a sheirbheálfar air de réir fho-alt (4), agus aon mhionnscríbhinn a bheidh ag gabháil leis an bhfógra, go ceann tréimhse sé bliana ón dáta a seirbheáladh an fógra,

(b) má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim air i scríbhinn déanamh amhlaidh, cuirfidh sé in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san iarratas, an ndearna an duine atá ainmnithe san iarratas agus a bhfuil a sheoladh luaite ann, fógra a sheirbheáil air de réir fho-alt (4), agus

(c) má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim air i scríbhinn déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé do na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san iarratas, cibé fógra a seirbheáladh air de réir fho-alt (4) agus a bheidh sonraithe san iarratas mar aon leis an mionnscríbhinn a bhí ag gabháil leis an bhfógra sin.”

agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(4) Bainfidh na forálacha roimhe seo den alt seo le hús a íocadh nó a creidiúnaíodh tráth ar bith tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1962, agus ní bhainfidh sé ach le hairgead a fuarthas nó a coimeádadh sa Stát, agus, i gcás duine ar bith a ndearnadh aon ús a íoc leis nó a chreidiúnú dó maidir le haon airgead a fuarthas nó a coimeádadh sa Stát trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús—

(a) á dhearbhú nach raibh an duine a bhí i dteideal tairbhiúil an úis sin tráth a íoctha nó a chreidiúnaithe ina ghnáthchónaí sa Stát an tráth sin, agus

(b) á iarraidh nach n-áireofar an t-ús in aon tuairisceán faoin alt seo,

ní cheanglófar ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús an t-ús an t-ús a áireamh in aon tuairisceán den sórt sin:

Ar choinníoll:

(i) mura deimhin leis an duine ar a seirbheáiltear an fógra go raibh gnáthchónaí lasmuigh den Stát ar an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús—

(A) go dtabharfar don duine ar a seirbheáiltear an fógra mionnscríbhinn ón duine a sheirbheáil an fógra ina dtabharfar a ainm agus a sheoladh agus an tír ina raibh gnáthchónaí air an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, agus

(B) mura raibh teideal tairbhiúil chun an úis sin ag an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, go dtabharfar sa mhionnscríbhinn, i dteannta na sonraí a shonraítear i mír (A), ainm agus seoladh an duine a raibh teideal aige amhlaidh agus an tír ina raibh gnáthchónaí air an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús, agus

(ii) más deimhin leis an duine ar a seirbheáiltear an fógra nach raibh gnáthchónaí sa Stát ar an duine a sheirbheáil an fógra an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh an t-ús agus, má dhearbhaíonn an dara duine sin san fhógra, nó i bhfógra dá éis sin arna sheirbheáil ar an duine ar ar seirbheáladh an chéad fhógra sin a luaitear, nach raibh teideal tairbhiúil aige chun an úis an tráth a íocadh nó a creidiúnaíodh é go dtabharfaidh sé, má tá gnáthchónaí sa Stát ar an duine a bhfuil teideal aige amhlaidh (dá ngairtear “an t-úinéir tairbhiúil” anseo ina dhiaidh seo), i gceann amháin de na fógraí thuasluaite, nó i bhfógra dá éis sin arna sheirbheáil ar an duine ar ar seirbheáladh an chéad fhógra sin a luaitear, ainm agus seoladh an úinéara thairbhiúil.

Faisnéis a bheidh le tabhairt ag institiúidí airgeadais.

18. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” cigire nó oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú;

ciallaíonn “leabhair”—

(a) leabhair baincéirí, de réir bhrí na nAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, agus

(b) taifid agus doiciméid de chuid daoine dá dtagraítear in alt 7 (4) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “institiúid airgeadais”—

(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ,

agus

(b) duine dá dtagraítear in alt 7 (4) den Acht sin;

ciallaíonn “breitheamh” breitheamh den Ard-Chúirt;

ciallaíonn “duine” (seachas sa mhíniú ar “institiúid airgeadais”) pearsa aonair a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát.

(2) Más rud é—

(a) i gcás duine a mbeidh curtha de cheangal air go cuí ag cigire, chun críocha cánach, ráiteas a sheachadadh faoi na brabúis nó na gnóchain a d'eascair chuige ó aon trádáil nó gairm nó tuairisceán ar ioncam a sheachadadh ar an gcigire, go mainneoidh sé an ráiteas sin nó an tuairisceán sin a sheachadadh ar an gcigire,

(b) nach mbeidh an cigire sásta le ráiteas nó tuairisceán den sórt sin a seachadadh amhlaidh,

féadfaidh oifigeach údaraithe, más é a thuairim go bhfuil nó go raibh cuntas nó cuntais, nach bhfuil a dtuairisc tugtha do na Coimisinéirí Ioncaim, ar cothabháil ag an duine sin le hinstitiúid airgeadais nó gur dóigh go mbeidh faisnéis i leabhair na hinstitiúide sin a thabharfadh le fios go bhfuil an ráiteas sin ar bhrabúis nó gnóchain, nó an tuairisceán sin ar ioncam, bréagach ar bhealach ábhartha, ordú a iarraidh ar bhreitheamh á cheangal ar an institiúid airgeadais sin an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt don oifigeach údaraithe—

(i) sonraí iomlána faoi na cuntais go léir a bhí á gcothabháil ag an duine sin, go haonraic nó i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile, san institiúid sin le linn tréimhse nach faide ná deich mbliana díreach roimh dháta an iarratais, agus

(ii) cibé faisnéis a bheidh sonraithe san ordú i ndáil le hidirbhearta airgeadais an duine sin, ar faisnéis í a bheidh ar taifead i leabhair na hinstitiúide sin agus a bheadh ina faisnéis ábhartha le cinneadh a dhéanamh faoi chruinneas an ráitis ar bhrabúis nó gnóchain nó an tuairisceáin ar ioncam a sheachaid an duine sin, nó, i gcás mainneachtain ráiteas nó tuairisceán den sórt sin a sheachadadh, a bheadh ina fianaise ábhartha chun dliteanas an duine sin i leith cánach a chinneadh.

(3) Más deimhin leis an mbreitheamh a ndéanfar iarratas chuige faoi fho-alt (2) go bhfuil forais réasúnacha ann chun an t-iarratas a dhéanamh, féadfaidh sé, faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh sé is cuí agus a shonróidh sé san ordú, ordú a dhéanamh á cheangal ar an institiúid airgeadais cibé sonraí agus cibé faisnéis a bheidh sonraithe san ordú a thabhairt don oifigeach údaraithe.

(4) I gcás ina ndéanfaidh breitheamh ordú faoin alt seo, féadfaidh sé freisin, ar iarratas ón oifigeach údaraithe lena mbaineann, ordú eile a dhéanamh do chur cosc go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh an breitheamh is cuí agus a shonróidh sé san ordú le haon aistriú ar aon sócmhainní nó airgead de chuid an duine lena mbaineann an t-ordú agus atá i gcoimeád na hinstitiúide airgeadais an tráth a dhéanfar an t-ordú, nó le haon déileáil sna sócmhainní nó san airgead sin, gan toiliú ón mbreitheamh.

(5) Is i gcúirt iata a éistfear gach iarratas ar ordú faoin alt seo agus aon achomharc i ndáil leis an gcéanna.

Inmhuirearaitheacht brabús nó gnóchan áirithe.

19. —(1) Beidh cáin inmhuirearaithe ar bhrabúis nó gnóchain d'ainneoin gurbh amhlaidh, an tráth a rinneadh measúnacht i leith cánach maidir leis na brabúis nó na gnóchain sin—

(a) nárbh eol don chigire an bunadh ónar eascair na brabúis nó na gnóchain sin,

(b) nárbh eol dó gur eascair na brabúis nó na gnóchain go hiomlán nó go páirteach ó bhunadh dleathach nó ó ghníomhaíocht dhleathach, nó

(c) gur eascair na brabúis nó na gnóchain, agus gurbh eol dó gur eascair siad, ó bhunadh nó gníomhaíocht neamhdhleathach,

agus, nuair a bheidh inmhuirearaitheacht na mbrabús nó na ngnóchan sin i leith cánach á cinneadh déanfar neamhshuim d'aon cheist i dtaobh arbh ó bhunadh nó ó ghníomhaíocht nach eol nó ó bhunadh nó ó ghníomhaíocht neamhdhleathach a d'eascair na brabúis nó na gnóchain sin go hiomlán nó go páirteach.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, déanfar aon bhrabúis nó gnóchain ar a muirearófar cáin de bhua fho-alt (1)—

(a) a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D, agus

(b) a thuairisciú mar “ioncam ilghnéitheach” sa mheasúnacht áirithe i leith cánach,

agus ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó cúirt an mheasúnacht a urscaoileadh de bhíthin amháin go mba chóir, ar leith ón alt seo, an t-ioncam a thuairisciú ar shlí éigin eile nó de bhíthin amháin gur ó bhunadh nó ó ghníomhaíocht nach eol nó ó bhunadh nó ó ghníomhaíocht neamhdhleathach a d'eascair na brabúis nó na gnóchain go hiomlán nó go páirteach.

(3) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin bhrabús corparáide, de réir mar is iomchuí.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht leis an alt seo i ndáil le measúnachtaí i leith cánach arna ndéanamh ar dháta an Achta seo a rith nó aon lá dá éis.

Tuairisceán ar mhaoin.

20. —(1) (a) San alt seo—

folaíonn “sócmhainn” aon leas i sócmhainn;

ciallaíonn “leas teoranta”—

(i) leas (seachas leas léasach) ar feadh saoil nó saolta nó ar feadh tréimhse cinnte; nó

(ii) aon leas eile nach leas iomlán;

ciallaíonn “leanbh mionaoiseach” leanbh nach bhfuil 21 bliain d'aois slánaithe aige ar an dáta sonraithe agus nár phós ar an dáta sin nó roimhe;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim;

folaíonn “maoin” leasanna agus cearta d'aon chineál, agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, folaíonn sé—

(i) i gcás leas teoranta, an mhaoin ina bhfuil an leas teoranta ar marthain nó ar a muirearaítear nó ar a n-urraítear é nó ar a bhfuil ceart chun é a mhuirearú nó a urrú,

(ii) leas feifeach,

(iii) leas nó scair i gcomhpháirtíocht, i nascthionóntacht nó in eastát duine éagtha,

(iv) stoic nó scaireanna i gcuideachta atá á leachtú,

(v) blianacht, agus

(vi) maoin atá ar áireamh i socraíocht a bhfuil de chumhacht ag an duine lena mbaineann í a chúlghairm;

tá le “socraíocht” an bhrí a shanntar dó le halt 447 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “dáta sonraithe”, i ndáil le fógra faoi fho-alt (2), an dáta atá sonraithe san fhógra;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim.

(b) Chun críocha an ailt seo áireofar ar an gcostas a bhainfidh do dhuine as sócmhainn a fháil—

(i) méid nó luach na comaoine, in airgead nó i luach airgid, a thug sé féin nó a tugadh thar a cheann chun an tsócmhainn a fháil, mar aon leis na costais fhoghabhálacha a bhain dó ag fáil na sócmhainne nó, i gcás nach bhfuair sé an tsócmhainn, aon chaiteachas a thabhaigh sé ag soláthar na sócmhainne, agus

(ii) méid aon chaiteachais a thabhaigh sé nó a tabhaíodh thar a cheann ar an tsócmhainn chun luach na sócmhainne a mhéadú, is caiteachas a bhí le brath i staid nó i nádúr na sócmhainne ar an dáta sonraithe agus aon chaiteachas a thabhaigh sé ag bunú, ag caomhnú nó ag cosaint a theidil chun na sócmhainne nó chun cirt thairsti.

(2) Más rud é go seachadfaidh duine, chun críocha cánach, tuairisceán ar ioncam ar chigire agus nach mbeidh an cigire sásta leis an tuairisceán sin ar ioncam, féadfaidh an cigire—

(a) a cheangal ar an duine sin, le fógra i scríbhinn a thabharfar dó, agus

(b) i gcás ina n-áirítear, don bhliain mheasúnachta lena mbaineann an tuairisceán ar ioncam, go bhfuil an duine sin agus a chéile ina gcónaí le chéile chun críche alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a cheangal ar a chéile, le fógra i scríbhinn a thabharfar don chéile,

tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh ar an gcigire, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó laistigh de cibé tréimhse de bhreis air sin a cheadóidh an cigire, ar mhaoin is maoin iomchuí i ndáil leis an bhfógra sin ar an dáta a bheidh sonraithe san fhógra agus déanfaidh an duine sin nó a chéile, má cheanglaíonn an cigire air nó uirthi le fógra nó fógraí eile i scríbhinn, ráiteas ag fíorú an tuairisceáin sin ar ioncam, mar aon le cibé fianaise, ráiteas nó doiciméid a iarrfaidh an cigire i ndáil leis an maoin sin nó i ndáil le haon mhaoin a bhfuil cúis ag an gcigire lena chreidiúint gur cuid den mhaoin iomchuí í, a sheachadadh ar an gcigire laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra nó sna fógraí eile sin.

(3) (a) Ciallaíonn maoin iomchuí i ndáil le fógra faoi fho-alt (2), más rud é, maidir leis an duine dá dtabharfar an fógra—

(i) gur pearsa aonair é agus go mbaineann an tuairisceán áirithe ar ioncam le hioncam a bhfuil cáin inmhuirearaithe air ina leith seachas i gcáil ionadaitheach nó mar iontaobhaí, an mhaoin go léir a bhfuil teideal tairbhiúil ag an bpearsa aonair sin chuici ar an dáta sonraithe,

(ii) gurb eisean céile na pearsan aonair a sheachaid an tuairisceán ar ioncam, an mhaoin go léir a bhfuil teideal tairbhiúil ag an gcéile sin chuici ar an dáta sonraithe,

(iii) gur duine é is inmhuirearaithe i leith cánach i gcáil ionadaitheach agus go mbaineann an tuairisceán áirithe ar ioncam le hioncam duine a bhfuil sé inmhuirearaithe amhlaidh ina leith, an mhaoin go léir a bhfuil teideal tairbhiúil ag an dara duine sin a luaitear chuici agus ar maoin í as a dtagann ioncam a bhfuil an chéad duine sin a luaitear inmhuirearaithe i leith cánach i gcáil ionadaitheach ina leith nó ar maoin í a bhfeidhmíonn an chéad duine sin a luaitear feidhmeanna nó dualgais i ndáil léi sa cháil sin ar an dáta sonraithe, agus

(iv) gur duine é is inmhuirearaithe mar iontaobhaí iontaobhais agus go mbaineann an tuairisceán áirithe ar ioncam le hioncam de chuid an iontaobhais, an mhaoin go léir san iontaobhas ar an dáta sonraithe.

(b) Déanfar maoin a bhfuil teideal tairbhiúil chuici ag leanbh mionaoiseach de chuid pearsan aonair dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) de mhír (a) a áireamh ar thuairisceán na pearsan aonair sin faoin alt seo i gcás—

(i) inar dhiúscair an phearsa aonair sin an mhaoin sin, tráth ar bith sula bhfuair an leanbh mionaoiseach í cibé acu is chuig an leanbh mionaoiseach, nó nach chuige, a diúscraíodh í, nó

(ii) inarbh é an phearsa aonair sin a sholáthair, go díreach nó go neamhdhíreach, an chomaoin i leith an leanbh mionaoiseach d'fháil na maoine sin.

(4) (a) I dtuairisceán faoin alt seo beidh sonraí na maoine iomchuí, ar a n-áireofar, i ndáil le gach sócmhainn a bheidh ar áireamh inti—

(i) tuairisc iomlán,

(ii) a suíomh ar an dáta iomchuí,

(iii) an costas a bhain don duine a bhfuil teideal tairbhiúil aige chuici as í a fháil,

(iv) dáta na fála, agus

(v) i gcás gur ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí a fuarthas í, ainm agus seoladh an duine óna bhfuarthas í agus an chomaoin, más ann, a tugadh don duine sin i leith na fála.

(b) I dtuairisceán faoin alt seo beidh, i gcás leas nach leas iomlán, sonraí an teidil faoinar eascair an teidlíocht thairbhiúil.

(c) Beidh tuairisceán faoin alt seo sínithe ag an duine a mbeidh sé le seachadadh aige agus beidh dearbhú ann ón duine sin go bhfuil an tuairisceán cruinn iomlán, de réir mar is fearr is eol agus is feasach dó agus mar a chreideann sé.

(d) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal gur faoi mhionn a dhéanfar an dearbhú a luaitear i mír (c).

(5) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1983 , alt 20” a chur isteach i gcolún 2 den Sceideal sin.

Tuairisceán ó shealbhóirí ainmnitheacha urrús.

21. —(1) Más rud é, chun aon chríche de na hAchtanna Cánach, i gcás aon duine a bhfuil aon urrúis cláraithe ina ainm, go gceanglófar air, le fógra i scríbhinn a thabharfaidh cigire dó, déanamh amhlaidh, beidh air, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, a rá an é uinéir tairbhiúil na n-urrús é nó nach é agus, murab é úinéir tairbhiúil na n-urrús nó aon choda díobh é, soláthróidh sé, maidir le gach duine ar thar a cheann atá na hurrúis cláraithe ina ainm siúd—

(a) ainm agus seoladh an duine sin,

(b) luach ainmniúil na n-urrús atá cláraithe amhlaidh thar ceann an duine agus, sa mhéid gur scaireanna i gcuideachta na hurrúis, uimhir agus aicme na scaireanna sin, agus

(c) an dáta ar ar cláraíodh gach urrús amhlaidh ina ainm thar ceann an duine.

(2) San alt seo folaíonn “urrúis”—

(a) scaireanna, stoic, bannaí, bintiúir agus stoc bintiúir de chuid cuideachta (de réir bhrí alt 1 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) agus freisin aon nóta gealltanais nó ionstraim eile is fianú ar fhéichiúnas agus a eisíodh chuig creidiúnaí iasachta (de réir bhrí alt 103 (7) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) de chuid cuideachta,

(b) urrúis arna mbunú agus arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais faoin Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , nó faoi aon chumhachtaí eile faoina gcuirtear sin ar a chumas, agus aon stoc, bintiúr, stoc bintiúir, deimhniú muirir nó urrús eile arna eisiúint le ceadú an Aire Airgeadais arna thabhairt faoi aon Acht den Oireachtas agus a bhfuil íoc úis agus aisíoc caipitil ina leith ráthaithe ag an Aire Airgeadais faoin Acht sin, agus

(c) urrúis de chuid rialtas aon tíre nó críche lasmuigh den Stát.

(3) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1983 , alt 21” a chur isteach i gcolún 2 den Sceideal sin.

Oibleagáid uimhir thagartha cánach a thaispeáint ar admhálacha, etc.

22. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “gnó”—

(a) gairm, nó

(b) trádáil arb éard í go hiomlán soláthar (focal a bhfuil an bhrí chéanna leis sa mhír seo atá leis sna hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1983) seirbhíse agus folaíonn sé, i gcás trádáil ar cuid di seirbhís a sholáthar, an chuid sin agus folaíonn sé freisin, i gcás trádáil arb éard í go hiomlán nó ar cuid di soláthar seirbhíse ina ndéantar earraí a sholáthar nuair atáthar ag soláthar na seirbhíse sin, an trádáil sin nó an chuid sin, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “duine sonraithe”, i ndáil le gnó—

(a) i gcás an gnó sin a bheith á sheoladh ag pearsa aonair, an phearsa aonair sin, agus

(b) i gcás an gnó a bheith á sheoladh ag comhpháirtíocht, an comhpháirtí tosaíochta;

ciallaíonn “uimhir thagartha cánach”, i ndáil le duine sonraithe, gach uimhir díobh seo a leanas:

(a) an Uimhir Ioncaim agus Árachais Shóisialaigh (IÁS) atá luaite ar aon deimhniú liúntas saor ó cháin a eiseoidh cigire chuig an duine sin, ach nach deimhniú a eiseofar chuig fostóir i leith fostaí de chuid an fhostóra sin,

(b) an uimhir thagartha atá luaite ar aon fhoirm thuairisceán ioncaim nó fógra measúnachta a eiseoidh cigire chuig an duine sin, agus

(c) uimhir chláraithe an duine sin chun críocha cánach breisluacha.

(2) Áiritheoidh an duine sonraithe i ndáil le gnó go mbeidh a uimhir thagartha cánach nó, má tá níos mó ná uimhir thagartha cánach amháin aige, ceann dá uimhreacha tagartha cánach nó, mura bhfuil aon uimhir thagartha cánach aige, a ainmneacha iomlána agus a sheoladh, luaite ar aon doiciméad (is sonrasc, nóta sochair, nóta dochair, admháil, cuntas, ráiteas cuntais, dearbhán nó meastachán a bhaineann le suim £5 nó níos mó) a eiseofar an lú lá de Mheán Fómhair, 1983, nó aon lá dá éis, i gcúrsa an ghnó sin.

(3) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1983 , alt 22” a chur isteach i gcolún (3) den Sceideal sin.

Ainmneacha mainnitheoirí cánach a fhoilsiú.

23. —(1) San alt seo ciallaíonn “na hAchtanna”—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(d) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(e) na reachtanna a bhaineann le dleacht stampa agus le bainistí na dleachta sin, agus

(f) Cuid VI,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna.

(2) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, maidir le gach bliain (arb í an bhliain 1984 nó bliain dá éis sin í), liosta a thiomsú d'ainmneacha agus seoltaí agus de shlite beatha nó tuairiscí gach duine—

(a) ar ar ghearr cúirt fíneáil nó pionós eile faoi aon cheann de na hAchtanna i gcaitheamh na bliana sin,

(b) ar ar ghearr cúirt fineáil nó pionós eile thairis sin i gcaitheamh na bliana sin i leith gníomh nó neamhghníomh ag an duine i ndáil le cáin, nó

(c) ar staon na Coimisinéirí Ioncaim ina chás, de bhun chomhaontú a rinneadh leis an duine an bhliain sin, ó imeachtaí a thionscnamh chun aon fhíneáil nó pionós den chineál a luaitear i míreanna (a) agus (b) a ghnóthú agus, in ionad imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, gur ghlac siad, nó gur gheall siad go nglacfadh siad, le suim shonraithe airgid mar shocraíocht ar aon éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim i leith aon dliteanas sonraithe de chuid an duine faoi aon cheann de na hAchtanna maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) aon cháin a íoc,

(ii) ús ar an gcáin sin a íoc, agus

(iii) fíneáil nó pionós airgeadaíochta eile ina leith sin.

(3) D'ainneoin aon oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear orthu leis na hAchtanna nó leis an Acht um Rúin Oifigiúla, 1963

(a) áireoidh na Coimisinéirí Ioncaim sa tuarascáil bhliantúil uathu don Aire Airgeadais, ag tosú leis an tuarascáil don bhliain 1984, an liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) don bhliain lena mbaineann an tuarascáil, agus

(a) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth ar bith, a chur faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil aon liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(4) Níl feidhm ag mír (c) d'fho-alt (2) i ndáil le duine más rud é i gcás an duine sin—

(a) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndearna an duine sin, sular chuir siad féin nó aon duine dá n-oifigigh tús le haon imscrúdú nó fiosrúchán faoi aon ábhar ba bhun le dliteanas dá dtagraítear sa mhír sin ar thaobh an duine sin, faisnéis iomlán i ndáil leis an ábhar sin agus sonraí iomlána ina thaobh a sholáthar dóibh go deonach, nó

(b) nach mó ná £10,000 an tsuim shonraithe dá dtagraítear sa mhír sin (c) nó gur íocadh í an 31ú lá de Nollaig, 1983, nó aon lá roimhe sin.

(5) Maidir le haon liosta den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) sonrófar ann i ndáil le gach duine a bheidh ainmnithe sa liosta cibé sonraí is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) i dtaobh an ábhair ba bhun leis an bhfíneáil nó leis an bpionós den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a gearradh ar an duine nó, de réir mar a bheidh, an dliteanas den chineál sin a raibh an duine faoina réir, agus

(b) i dtaobh aon ús, fíneáil nó pionós airgeadaíochta eile, agus i dtaobh aon phionós nó smachtbhanna eile, ab inchurtha ar an duine sin, nó a ghearr cúirt air, agus arbh é an t-ábhar sin ba bhun leis.

(6) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin chorparáide, cáin bhreisluacha, cáin bhronntanais, cáin oidhreachta, cáin mhaoine cónaithe agus dleacht stampa.