An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Frithsheachaint agus Frithimghabháil) Ar Aghaidh (Caibidil VI Cáin Chorparáide)

15 1983

AN tACHT AIRGEADAIS, 1983

Caibidil V

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Leasú ar alt 58 (íocaíochtaí le hiontaobhaithe a asbhaint de réir Sceideal D) den Acht Airgeadais, 1982 .

24. —Leasaítear leis seo alt 58 (1) den Acht Airgeadais, 1982 , le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1982—

(a) trí “nó, i gcás grúp-scéim, ag cuideachta rannpháirteach” a chur isteach i ndiaidh “ag an gcuideachta lena mbaineann”, agus

(b) tríd an gcoinníoll breise seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an choinníll:

“Ar choinníoll freisin nach mó an asbhaint a bheidh le lamháil faoin alt seo nó faoi aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna Cánach i leith aon suime nó comhiomlán aon suimeanna a caitheadh amhlaidh sa tréimhse chuntasaíochta sin ná cibé suim is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith réasúnach ag féachaint do líon na bhfostaithe nó na stiúrthóiri de chuid na cuideachta a bheidh ag déanamh na híocaíochta a bhfuil comhaontaithe acu bheith rannpháirteach sa scéim, do na seirbhísí a thugann siad don chuideachta sin, do leibhéil a gcuid luach saothair, d'fhad a gcuid seirbhíse nó do thosca eile dá samhail.”,

agus tá an chuid sin den alt sin 58 (1), arna leasú amhlaidh, a thagann roimh mhír (a) den alt sin, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

58.—(1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta, aon suim a bheidh caite ag an gcuideachta lena mbaineann nó, i gcás grúp-scéim, ag cuideachta rannpháirteach sa tréimhse chuntasaíochta sin ag déanamh íocaíochta nó íocaíochtaí le hiontaobhaithe scéime ceadaithe—

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le srianú faoisimh i leith úis.

25. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Airgeadais, 1982 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) (a) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (2), beidh feidhm ag na príomh-ailt—

(i) i ndáil le hiasacht nó iasachtaí a tugadh tar éis an dáta feidhme ach sin ar an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá roimhe, maidir le hús a íocadh nó is iníoctha ar an iasacht nó na hiasachtaí sin an 5ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá roimhe, agus

(ii) i ndáil le hiasacht nó iasachtaí a tugadh tar éis an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, maidir le hús a íocadh nó is iníoctha ar an iasacht nó na hiasachtaí sin an 5ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá roimhe,

a mhéid nach mó ná an teorainn shonraithe don bhliain mheasúnachta méid na hiasachta nó méid comhiomlán na n-iasachtaí ar ar íocadh nó ar arb iníoctha an t-ús sin i mbliain mheasúnachta agus, más mó ná an teorainn shonraithe don bhliain mheasúnachta an méid sin nó an méid comhiomlán sin ar ar íocadh nó ar arb iníoctha ús ar an iasacht nó ar na hiasachtaí, ní bheidh feidhm ag na príomh-ailt ach amháin maidir le cibé riar den ús sin a bhfuil idir é agus iomlán an úis sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den mhéid sin nó den mhéid comhiomlán sin nach mó ná an teorainn shonraithe agus iomlán an mhéid sin nó an mhéid chomhiomláin sin.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’, i ndáil le bliain mheasúnachta—

(i) i gcás fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £5,000,

(ii) i gcás baintreach fir nó mná, £3,600, nó

(iii) in aon chás eile, £2,500.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 23 den Acht Airgeadais, 1982 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) I ndáil—

(a) le hús iomchuí a íocfar an 5ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá roimhe, ar na hiasachtaí go léir a thabharfar tar éis an dáta feidhme ach sin ar an 9ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá roimhe,

(b) le hús iomchuí a íocfar an 5ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá roimhe, ar na hiasachtaí go léir a thabharfar tar éis an 9ú lá d'Fheabhra, 1983,

(c) le hús—

(i) a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ar na hiasachtaí go léir a thabharfar tar éis an 9ú lá d'Fheabhra, 1983,

(ii) a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá dá éis, ar na hiasachtaí go léir a thabharfar tráth ar bith,

(iii) a íocfar tar éis an dáta feidhme ar rótharraingt nach raibh ar marthain ar an dáta sin,

(iv) a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ar rótharraingt a bhí ar marthain ar an dáta feidhme, agus

(d) le hús ar rótharraingt dá dtagraítear i mír (c) (iv) i gcás ar sa bhliain dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1983, a bheidh an t-ús sin íoctha, sa mhéid gur mó méid an úis ná méid an úis ab iníoctha don bhliain sin ar mhéid na rótharraingte ar an dáta feidhme de réir an ráta ar arbh inmhuirearaithe ús ar an méid sin ar an dáta feidhme,

beidh éifeacht le halt 10 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (6)—

‘(6) Faoi réir fho-alt (7), ní dhéileálfar le hús mar mhuirear ar ioncam.’.”.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

26. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1983” a chur in ionad “1982” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 )—

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) a ghabhann le fo-alt (4) (a),

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus

(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) gach áit a bhfuil sé,

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ag us

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “1983-84” a chur in ionad “1982-83” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) i bhfo-alt (3), agus

(b) trí “1983” a chur in ionad “1982” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) agus i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ),

agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, ní bheidh éifeacht léi chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1983-84.

(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1983, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ag us

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis:

(3) (a) Faoi réir mhír (c), baineann an fo-alt seo le haon mhéid a bheadh, maidir le tréimhse chuntasaíochta cuideachta dar críoch dáta is déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1982, agus is luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1983, le háireamh, ar leith ó mhír (b), mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin de bhua alt 31A den Acht Airgeadais, 1975 .

(b) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, ní áireofar méid lena mbaineann an fo-alt seo i ndáil le cuideachta mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a luaitear i mír (a) ach áireofar é mar fháltas trádála de chuid na trádála sin don tréimhse chuntasaíochta is túisce de chuid na cuideachta dar críoch dáta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1983.

(c) Ní bheidh éifeacht leis an bhfo-alt seo maidir le trádáil cuideachta i gcás feidhm a bheith ag forálacha fho-alt (10) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den alt sin 31A i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983.

(4) (a) Faoi réir mhír (c), baineann an fo-alt seo le haon mhéid a bheadh, maidir le tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta is déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1982, agus is luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1983, le háireamh, ar leith ó mhír (b), mar fháltas trádála de chuid thrádáil duine don tréimhse chuntasaíochta sin de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 .

(b) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, ní áireofar méid lena mbaineann an fo-alt seo i ndáil le duine mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine don tréimhse chuntasaíochta a luaitear i mír (a) ach áireofar é mar fháltas trádála de chuid na trádála sin don chéad tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

(c) Ní bheidh éifeacht leis an bhfo-alt seo maidir le trádáil i gcás feidhm a bheith ag forálacha fho-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den alt sin 12 i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta a luaitear i mír (a).

Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le 1983-84.

27. —(1) Beidh éifeacht le halt 40 (1) den Acht Airgeadais, 1977 (arna leathnú le halt 52 den Acht Airgeadais, 1980 ) i ndáil leis an mbliain 1983-84 mar atá éifeacht leis i ndáil leis na blianta 1980-81 agus 1981-82—

(a) maidir le haon chumann foirgníochta a thabharfaidh do na Coimisinéirí Ioncaim, ar an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1983, nó aon lá roimhe, gealltanas i scríbhinn go gcomhoibreoidh sé go hiomlán leis na Coimisinéirí sin in aon scéim dá gcuid chun an ráta laghdaithe dá dtagraítear i mír (a) d'alt 31 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 a chinneadh (ag féachaint don oibleagáid a fhorchuirtear ar na Coimisinéirí sin leis an gcoinníoll a ghabhann leis an alt sin 31 (1)), agus go háirithe, go soláthróidh sé do na Coimisinéirí sin cibé tuairisceáin, faisnéis agus sonraí eile a mheasfaidh na Coimisinéirí is gá chun críocha an chinnidh sin, agus

(b) maidir le haon chumann foirgníochta eile, faoi réir an mhodhnaithe maidir leis an ráta laghdaithe sin, arb é a bheadh ann don bhliain 1983-84, de bhua an ailt sin 40 (1) (arna leathnú leis an bhfo-alt seo), 70 faoin gcéad den ráta caighdeánach, gurb é a bheidh ann, don bhliain sin, 75 faoin gcéad den ráta caighdeánach.

(2) San alt seo tá le “cumann foirgníochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 31 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

Dáiltí: méadú ar chreidmheasanna cánach, etc.

28. —(1) Ní bheidh éifeacht le halt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1978 , i ndáil le dáiltí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis.

(2) Beidh éifeacht le halt 45 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le dáiltí a gheofar an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ionann is dá mba rud é nár achtaíodh alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1978 .

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, agus a mbeidh feidhm ag alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis.

(b) Ní bheidh feidhm ag alt 28 (7) den Acht Airgeadais, 1978 , maidir le dáileadh lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Déanfar an tagairt do chreidmheasanna cánach áirithe sa mhíniú ar B i bhfo-alt (2) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí lena mbaineann an t-alt sin 64 agus—

(i) a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an fo-alt seo,

agus

(ii) a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983,

mar thagairt do dhaichead a naoi de thríocha naoithe de na creidmheasanna cánach sin.

Feidhm alt 23 (asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe chíosa a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981 .

29. —(1) Leasaítear leis seo alt 23 (dá ngairtear “an príomh-alt” ina dhiaidh seo san alt seo agus in alt 30) den Acht Airgeadais, 1981 , trí “1987” a chur in ionad “1984” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (1) (a), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 29ú lá d'Eanáir, 1981, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987;

(2) Chun críocha faoisimh faoin bpríomh-alt i leith caiteachas lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht leis an míniú ar “áitreabh cáilitheach” i bhfo-alt (1) (a) den phríomh-alt ionann is dá mba thagairt do 90 méadar cearnach an tagairt ann do 75 mhéadar chearnacha:

Ar choinníoll nach áitreabh cáilitheach de bhua an fho-ailt seo teach (is árasán nó teaghasán den chineál a luaitear sa mhíniú) ar mó ná 75 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán mura mbeidh trí sheomra codlata nó níos mó ann; agus, chun críocha an choinníll seo, ciallaíonn “seomra codlata” seomra a mbeidh deimhnithe ag an Aire Comhshaoil ina leith—

(a) go bhfuil sé deartha agus foirgnithe lena úsáid mar sheomra codlata, agus

(b) go bhfuil sé oiriúnach lena úsáid amhlaidh.

(3) Más rud é, de bhua fho-alt (2) den phríomh-alt, go mbeidh aon chaiteachas lena mbaineann an t-alt seo le cur i gcuntas d'aon tréimhse inmhuirearaithe le linn easnamh i leith aon chíosa ó áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh faoi alt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ansin, d'ainneoin an fho-ailt sin (2), ní chuirfear i gcuntas amhlaidh ach an méid sin den chaiteachas sin nach mó ná méid an chíosa sin agus beidh feidhm ag fo-alt (4) maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin i ndáil le haon anbharr atá ag an gcaiteachas sin ar mhéid an chíosa sin (dá ngairtear “anbharr caiteachais” ina dhiaidh seo san alt seo).

(4) Más rud é, maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (3), go mbeidh méid éigin d'anbharr caiteachais ann, áireofar an méid sin, chun críocha fho-alt (2) den phríomh-alt agus fho-alt (3) den alt seo (lena n-áirítear aon fheidhmiú breise ar an bhfo-alt seo) ionann is dá mba chaiteachas lena mbaineann an t-alt seo é a bheidh, de bhua an fho-ailt sin (2), le cur i gcuntas don chéad tréimhse inmhuirearaithe eile ina dhiaidh sin le linn barrachas nó easnamh i ndáil le haon chíos ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh faoi alt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(5) Más rud é, faoin gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2) den phríomh-alt, go mbeidh aon laghdú le déanamh ar chaiteachas atá le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ach gur tabhaíodh cuid de an 31ú lá de Mhárta, 1984, nó aon lá roimhe, agus cuid de tar éis an dáta sin, déanfar méid an laghdaithe sin a chionroinnt ar an gcuid sin den tréimhse cháilitheach a bhí ann ar an dáta sin nó aon lá roimhe agus ar an gcuid sin den tréimhse cháilitheach a bhí ann tar éis an dáta sin de réir na méideanna faoi seach den chaiteachas a áirítear mar chaiteachas a tabhaíodh sna codanna sin.

(6) Más rud é, faoi fho-alt (6) nó (7) den phríomh-alt, nó faoi cheachtar de na fo-ailt sin arna chur chun feidhme le halt 24 den Acht Airgeadais, 1981 , go n-áirítear duine mar dhuine a thabhaigh caiteachas (dá ngairtear “an chéad chaiteachas a luaitear” ina dhiaidh seo san fho-alt seo) sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú tí agus go bhfuil méid éigin den chaiteachas a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú nó ag athchóiriú an tí sin le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ach gur tabhaíodh cuid de an 31ú lá de Mhárta, 1984, nó aon lá roimhe, agus cuid de tar éis an dáta sin, áireofar an chéad chaiteachas a luaitear mar chaiteachas a tabhaíodh go páirteach ar an dáta sin nó aon lá roimhe agus go páirteach tar éis an dáta sin sna comhréireanna céanna ina raibh méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír sa tréimhse cháilitheach le háireamh amhlaidh.

(7) (a) San alt seo—

ciallaíonn “tréimhse inmhuirearaithe”—

(i) i gcás ina bhfuil cáin ioncaim inmhuirearaithe ar aon chíos, bliain mheasúnachta, agus

(ii) i gcás ina bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar aon chíos, tréimhse chuntasaíochta;

ciallaíonn “caiteachas lena mbaineann an t-alt seo” caiteachas a thabhófar sa tréimhse (dá ngairtear “an chéad tréimhse a luaitear” ina dhiaidh seo sa mhíniú seo) dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1984, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987, ag foirgniú áitreabh cáilitheach; agus d'fhonn a chinneadh ar tabhaíodh agus cá mhéad a tabhaíodh an caiteachas sin amhlaidh sa chéad tréimhse a luaitear, beidh éifeacht le fo-alt (1) (b) den phríomh-alt ionann is dá mba thagairtí don chéad tréimhse a luaitear na tagairtí i bhfomhír (i) den fho-alt sin don tréimhse cháilitheach agus sin fara aon mhodhnuithe eile is gá.

(b) Déanfar an t-alt seo agus alt 30 a fhorléiriú le chéile leis an bpríomh-alt.

Feidhm alt 24 (forálacha d'fhorlíonadh alt 23) den Acht Airgeadais, 1981 .

30. —(1) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 29, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le caiteachas lena mbaineann an t-alt seo mar atá feidhm acu maidir le caiteachas lena mbaineann an t-alt sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “caiteachas lena mbaineann an t-alt seo” caiteachas a thabhófar sa tréimhse (dá ngairtear “an chéad tréimhse a luaitear” ina dhiaidh seo sa mhíniú seo) dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1984, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1987, chun dhá theach nó níos mó a dhéanamh d'fhoirgneamh nach raibh á úsáid mar theaghais, nó a bhí á úsáid mar theaghais aonair, roimh an athchóiriú; agus d'fhonn a chinneadh ar tabhaíodh agus cá mhéad a tabhaíodh an caiteachas sin amhlaidh sa chéad tréimhse a luaitear, beidh éifeacht le fo-alt (1) (b) den phríomh-alt ionann is dá mba thagairtí don chéad tréimhse a luaitear na tagairtí i bhfomhír (1) den fho-alt sin don tréimhse cháilitheach agus sin fara aon mhodhnuithe eile is gá.