20 1983


Uimhir 20 de 1983


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEATHNÚ NA TRÉIMHSE INA bhFÉADFAR IARR-ATAIS A DHÉANAMH FAOI CHUID III DEN ACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUN-CHÍOSANNA) (UIMH. 2), 1978 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN TÁILLÍ ÁIRITHE FAOIN gCUID SIN A MHÉADÚ. [29 Meitheamh, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Ré Chuid III den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 .

1. —Leasaítear leis seo alt 18 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 (a bhaineann leis an tréimhse ina bhféadfar iarratais a dhéanamh faoi Chuid III den Acht sin) trí “sé bliana” a chur in ionad “cúig bliana”.

Leasú ar alt 23 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 .

2. —I ndáil le haon iarratas faoi Chuid III den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 , a dhéanfar an 1ú lá de Lúnasa, 1983, nó dá éis, beidh éifeacht le halt 23 (1) (a bhaineann le táillí áirithe a bheidh le glacadh i gClárlann na Talún) den Acht sin ionann is dá gcuirfí “£15” in ionad “£5” i mír (a) agus “£36” in ionad “£12” i mír (b).

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1980, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1983, a ghairm díobh le chéile.

An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978

1978, Uimh. 16