27 1983


Uimhir 27 de 1983


AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hIAS-CAIREACHT MHARA AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA IAS-CAIGH, 1959 GO 1980, AGUS DO DHÉANAMH SOC-RUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE CLÁRÚ FAOIN ACHT LOINGIS THRÁCHTÁLA, 1955 , AGUS MAIDIR LE TAIF-EADADH SA CHLÁR BÁD IASCAIREACHTA FAOI CHUID IV DEN MERCHANT SHIPPING ACT, 1894. [19 Iúil, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1894” an Merchant Shipping Act, 1894;

ciallaíonn “Acht 1955” an tAcht Loingis Thráchtála, 1955 ;

ciallaíonn “Acht 1972” Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ;

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Iascaigh (Leasú), 1978 ;

tá le “na Comhphobail Eorpacha” an bhrí a shanntar dó le halt 1 d'Acht 1972;

tá le “náisiúnach de Bhallstát” an bhrí atá leis sna conarthaí;

ciallaíonn “na conarthaí” na conarthaí, an coinbhinsiún agus na cinntí a luaitear in alt 1 (1) d'Acht 1972, arna leasú le halt 1 d'Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1977 , agus le halt 1 d'Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1979 .

Srian le hiascaireacht ag báid iascaireachta mara áirithe.

2. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 222A (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1978):

“222B. (1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon bhád iascaireachta mara—

(a) is bád iascaireachta de réir bhrí Chuid IV d'Acht 1894 agus is bád—

(i) atá taifeadta sa chlár bád iascaireachta, nó

(ii) a gceanglaítear le halt 373, arna leasú le hAcht 1983, d'Acht 1894 í a thaifeadadh amhlaidh, nó

(iii) murach Acht 1983 a rith, a gceanglófaí leis an alt sin 373 í a thaifeadadh amhlaidh,

(b) is long—

(i) atá cláraithe faoi Acht 1955, nó

(ii) a gceanglaítear le halt 18, arna leasú le hAcht 1983, d'Acht 1955, í a chlárú amhlaidh, nó

(iii) murach alt 8 (1) d'Acht 1983, a gceanglófaí í a chlárú nó a d'fhéadfaí a chlárú amhlaidh, nó

(iv) a fhéadfar a chlárú amhlaidh.

(2) Faoi réir fho-alt (4) (b) den alt seo, ní úsáidfear bád iascaireachta mara lena mbaineann an t-alt seo le haghaidh iascaireachta mara (cibé acu laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit nó nach ea) ná ní dhéanfaidh duine ar bord báid den sórt sin iasc mara a iascaireacht ná féachaint lena n-iascaireacht amhlaidh, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais arna thabhairt ag an Aire chun críocha an ailt seo agus i ndáil leis an mbád.

(3) (a) Féadfaidh an tAire ceadúnais a thabhairt chun críocha an ailt seo.

(b) Maidir le hiarratas ar cheadúnas chun críocha an ailt seo ní mór dó a bheith i cibé foirm, agus cibé sonraí a bheith ann a cheanglóidh an tAire le réasún agus is é úinéir an bháid a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith nó duine éigin thar a cheann a dhéanfaidh an t-iarratas chun an Aire.

(c) I gcás ina ndéanfar iarratas ar cheadúnas chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire, faoi réir fho-alt (4) (a) den alt seo, an t-iarratas a cheadú nó a éimiú.

(4) (a) Ní thabharfaidh an tAire ceadúnas chun críocha an ailt seo mura mbeidh an bád iascaireachta mara a bhfuil an ceadúnas á thabhairt ina leith ar úinéireacht go hiomlán ag saoránach d'Éirinn nó comhlacht corpraithe a bunaíodh faoi réim agus atá faoi réir dhlí an Stáit agus a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige sa Stát.

(b) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil go mbeidh báid iascaireachta mara is d'aicme nó de chineál a shonraítear sna rialacháin díolmhaithe ó fhorálacha fho-alt (2) den alt seo, agus i gcás ina mbeidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire forléireofar fo-alt (2) den alt seo agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí na rialachán.

(5) (a) Féadfaidh an tAire cibé téarmaí (lena n-áirítear téarmaí ina sonrófar an tréimhse a mbeidh feidhm ag an gceadúnas lena linn nó teagmhas nó toisc eile a bhfuil sé ceaptha don cheadúnas a theacht i bhfeidhm ar é nó í do tharlú) agus coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha a bhí ann roimh theacht i ngníomh don cheadúnas) is dóigh leis is cuí a chur ag gabháil le ceadúnas a thabharfar chun críocha an ailt seo agus féadfaidh sé freisin coinníollacha breise a chur ag gabháil leis na coinníollacha a ghabhann le ceadúnas den sórt sin cheana féin nó na coinníollacha sin a athrú nó aon choinníoll den sórt sin a fhágáil ar lár.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh coinníoll a ghabhann le ceadúnas a thabharfar chun críocha an ailt seo—

(i) srian a chur le hiascaireacht mara ag an mbád lena mbaineann an ceadúnas ar mhodh a bheidh sonraithe sa choinníoll,

(ii) a cheangal, fad a bheidh an ceadúnas i bhfeidhm, gur de náisiúntacht a bheidh sonraithe sa choinníoll na comhaltaí d'fhoireann an bháid sin, nó cibé comhréir de na comhaltaí sin a bheidh sonraithe sa choinníoll,

(iii) teagmhas nó toisc eile a shonrú a scoirfidh an ceadúnas de bheith i bhfeidhm ar é nó í do tharlú.

(c) I gcás inar deimhin leis an Aire go ndearna duine iascaireacht de shárú ar choinníoll a ghabhann le ceadúnas a tugadh chun críocha an ailt seo nó gur fhéach duine le hiascaireacht amhlaidh, féadfaidh sé, más cuí leis, an ceadúnas a chúlghairm.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3) (c) den alt seo, i gcás ina bhfaighidh an tAire iarratas ar cheadúnas chun críocha an ailt seo agus—

(a) go mbainfidh an t-iarratas le bád iascaireachta mara atá ar úinéireacht ag comhlacht corpraithe agus nach deimhin leis an Aire go bhfuil an comhlacht corpraithe faoi urlámhas, nó ar úinéireacht thairbhiúil nó faoi urlámhas agus faoi úinéireacht thairbhiúil ag duine nó ag daoine, ar duine aonair cáilithe nó comhlacht cáilithe an duine sin, nó na daoine sin nó, de réir mar is iomchuí, gach duine de na daoine sin, nó

(b) gur deimhin leis an Aire gur úsáid an t-iarratasóir bád iascaireachta mara roimhe seo nó gur fhéach sé lena húsáid le haghaidh iascaireachta mara de shárú ar fho-alt (2) den alt seo nó go ndearna sé iasc mara a iascaireacht nó gur fhéach sé lena n-iascaireacht contrártha d'fho-alt (2) den alt seo,

féadfaidh sé an t-iarratas a éimiú.

(7) (a) Duine a úsáidfidh bád iascaireachta mara, nó a fhéachfaidh lena húsáid, de shárú ar fho-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Duine a dhéanfaidh, fad a bheidh sé ar bord báid iascaireachta mara, iasc mara a iascaireacht, nó a fhéachfaidh lena n-iascaireacht amhlaidh de shárú ar fho-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(8) San alt seo—

ciallaíonn ‘Acht 1983’ an tAcht Iascaigh (Leasú), 1983 ;

ciallaíonn ‘comhlacht cáilithe’ comhlacht corpraithe a bhfuil na scaireanna go léir ann ar úinéireacht thairbhiúil, nó a bhfuil an comhlacht faoi urlámhas, thairis sin, ag duine aonair amháin nó ag breis is duine aonair amháin, ar duine aonair cáilithe an duine sin nó, de réir mar is iomchuí, gach duine de na daoine sin;

ciallaíonn ‘duine aonair cáilithe’ duine aonair is náisiúnach de Bhallstát.”.

Rialacháin a cheanglaíonn ar bháid iascaireachta mara coinníollacha áirithe a chomhlíonadh.

3. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach tar éis alt 222B (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht seo):

“222C. (1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, le rialacháin, coinníollacha a shonrú a bheidh le comhlíonadh ag báid iascaireachta mara lena mbaineann na rialacháin—

(a) i ndáil le hiasc mara a iascaireacht laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit, nó

(b) i ndáil le hiasc ó na báid sin a chur i dtír sa Stát, nó

(c) i ndáil le hiasc a thrasloingsiú chuig na báid iascaireachta mara sin, nó uathu, cibé acu i gcalafort nó in áit eile, laistigh de na teorainneacha sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh coinníollacha a shonrófar i rialacháin faoin alt seo—

(a) a cheangal nach ndéanfar bád iascaireachta mara lena mbaineann an coinníoll a úsáid chun iasc mara a iascaireacht, chun iasc a chur i dtír ná chun iasc a thrasloingsiú mura mbeidh náisiúntacht chomhaltaí fhoireann an bháid sin, nó aon chomhréir de na comhaltaí sin a bheidh sonraithe sa choinníoll, de réir na gceanglas a bheidh sonraithe amhlaidh chuige sin,

(b) feidhm a bheith acu—

(i) i ndáil le hiasc mara a iascaireacht go ginearálta, nó iasc d'aicme nó de chineál áirithe a bheidh sonraithe amhlaidh a iascaireacht,

(ii) i ndáil le hiasc a chur i dtír go ginearálta nó iasc den aicme nó den chineál áirithe sin a chur i dtír,

(iii) i ndáil le hiasc a thrasloingsiú go ginearálta nó iasc den aicme nó den chineál áirithe sin a thrasloingsiú,

(c) feidhm a bheith acu maidir le báid iascaireachta mara go ginearálta nó le báid iascaireachta mara a bheidh cláraithe i dtír nó i gcríoch áirithe (lena n-áirítear an Stát) a shonraítear sna rialacháin, nó in aon cheann de dhá cheann nó níos mó de na tíortha nó na críocha sin a shonraítear amhlaidh nó maidir le báid iascaireachta mara is d'aon aicme nó cineál eile den sórt sin.

(3) Duine a bheidh ar bord báid iascaireachta mara nach gcomhlíonann coinníollacha a bheidh sonraithe i rialacháin faoin alt seo agus a bhfuil feidhm acu maidir léi, ní dhéanfaidh sé aon iasc a iascaireacht, a chur i dtír ná a thrasloingsiú de shárú ar aon choinníoll den sórt sin, ná ní fhéachfaidh sé le hiasc a iascaireacht, nó a chur i dtír nó a thrasloingsiú amhlaidh.

(4) Duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(5) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fineáil nach mó ná £200,000 a chur air, agus, mar iarmhairt reachtúil ar an gciontú, dlífear forghéilleadh a dhéanamh ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion:

(a) aon iasc,

(b) aon ghléas iascaireachta.”.

Stoic éisc a chaomhnú agus iascaigh a shaothrú go réasúnach.

4. —(1) Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 223A (a cuireadh isteach le halt 9 d'Acht 1978):

“(1) Féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis, le hordú, ceachtar de na bearta seo a leanas, nó iad araon, a fhorordú agus a ghlacadh, eadhon, bearta do chaomhnú stoc éisc agus bearta do dhéanamh saothrú réasúnach ar iascaigh.

(1A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh ordú faoin alt seo—

(a) a bheith bainteach—

(i) go ginearálta le hiascaireacht mhara nó le hiascaireacht mhara is d'aicme nó de chineál sonraithe,

(ii) go ginearálta le hiascaireacht, seachas iascaireacht mhara, nó le cibé iascaireacht is d'aicme nó de chineál den sórt sin,

(iii) go ginearálta le hiascaigh, seachas iascaigh mhara, nó le cibé iascaigh is d'aicme nó de chineál den sórt sin,

(iv) go ginearálta le báid iascaireachta (lena n-áirítear báid iascaireachta mara) nó le báid iascaireachta mara is d'aicme nó de chineál den sórt sin,

(v) le báid, seachas báid iascaireachta, is d'aicme nó de chineál den sórt sin,

(b) chun go mbeidh lán-éifeacht le hordú, aon chumhacht nó gach cumhacht de na cumhachtaí seo a leanas a leathnú—

(i) na cumhachtaí a thugtar leis an Acht seo d'oifigeach cosanta iascaigh mhara chun críocha an Achta seo,

(ii) na cumhachtaí a thugtar amhlaidh do dhuine údaraithe de réir bhrí Chuid XVIII den Acht seo,

(iii) na cumhachtaí a thugtar amhlaidh d'oifigigh údaraithe de réir bhrí alt 301 den Acht seo,

(c) cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is cuí leis an Aire a bheith ann,

agus i gcás forálacha a bheith ar áireamh in ordú den sórt sin de bhua mhír (b) den fho-alt seo, forléireofar an tAcht seo agus beidh éifeacht leis de réir théarmaí an ordaithe.”.

(2) Aon ordú faoi fho-alt (1) d'alt 223A (a cuireadh isteach le halt 9 d'Acht 1978) den Phríomh-Acht agus nach mbeidh, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, éagtha ná cúlghairthe, measfar gur faoin gcéad fho-alt de na fo-ailt a chuirtear isteach san alt sin 223A le fo-alt (1) den alt seo a rinneadh é agus féadfar é a chúlghairm nó a leasú amhail is dá mba go ndearnadh é amhlaidh.

Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt do nithe áirithe a bhaineann leis na Comhphobail Eorpacha.

5. —Leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 224A (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1978):

“224B. (1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 3 (1) d'Acht 1972, féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh le héifeacht a thabhairt laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit d'aon fhoráil de na conarthaí nó d'aon ionstraim lenar ghlac institiúid de chuid na gComhphobal Eorpach is foráil a údaraíonn d'aon Bhallstát, nó do gach Ballstát, de na Comhphobail Eorpacha srian a chur le hiascaireacht in uiscí, nó i gcuid d'uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse an Bhallstáit nó na mBallstát sin, nó d'eile an iascaireacht sin a rialáil ar shlí a bheidh sonraithe san fhoráil.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo má dhealraíonn sé don Aire na forálacha sin a bheith riachtanach chun críocha na rialachán (lena n-áirítear forálacha d'aisghairm, do leasú nó d'fheidhmiú, fara modhnú nó gan mhodhnú, dlí eile, ar leith ón Acht seo).

(3) Aon duine a dhéanfaidh iascaireacht nó a fhéachfaidh le hiascaireacht a dhéanamh de shárú ar rialacháin faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 a chur air, agus, mar iarmhairt reachtúil ar an gciontú, dlífear forghéilleadh a dhéanamh ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion:

(a) aon iasc,

(b) aon ghléas iascaireachta.”.

Leasú ar Tháblaí I agus II a ghabhann le halt 2 d'Acht 1978.

6. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1978—

(a) tríd an iontráil seo a leanas a chur le Tábla I a ghabhann leis an alt sin:

7.

Alt 222B den Phríomh-Acht (srian le hiascaireacht ag báid iascaireachta mara áirithe).

Fíneáil nach mó ná £10,000

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 222B, ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion sin:

(a) aon iasc,

(b) aon ghléas iascaireachta.

”; agus

(b) tríd an iontráil seo a leanas a chur le Tábla II a ghabhann leis an alt sin:

7.

Alt 222B den Phríomh-Acht (srian le hiascaireacht ag báid iascaireachta mara áirithe).

Fíneáil nach mó ná £500

Forghéilleadh, mar iarmhairt reachtúil ar chiontú sa chion faoin alt sin 222B, ar a bhfaighfear díobh seo a leanas ar an mbád lena mbaineann an cion sin:

(a) aon iasc a tógadh go neamhdhleathach,

(b) aon ghléas iascaireachta a úsáideadh ag déanamh an chiona sin nó lena mbaineann an cion sin.

Báid a úsáideadh ag déanamh cionta áirithe a fhorghéilleadh.

7. —Leasaítear leis seo Acht 1978 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“4. I gcás, maidir le duine a chiontú ar díotáil i gcion faoi aon cheann de na hailt seo a leanas den Phríomh-Acht, is é sin le rá, ailt 221, 222, 222A, 222B, 222C, 223, 223A, 224B, 226 agus 227, gurb amhlaidh don chiontú—

(a) gur dara ciontú nó ciontú dá éis sin ar díotáil é i gcion faoi aon alt de na hailt sin a rinneadh ar bord na loinge céanna, cibé acu is é nó nach é an duine céanna, gach ócáid, an duine a ciontaíodh, agus

(b) go raibh an long, tráth déanta an chiona, ar úinéireacht nó ar páirt-úinéireacht ag duine a raibh an long ar úinéireacht nó ar páirt-úinéireacht aige tráth déanta an chiona roimhe sin, nó, de réir mar is cuí, tráth déanta aon cheann de na cionta roimhe sin,

féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, i dteannta aon fhíneálacha agus forghéilltí eile a bheidh dlite den duine sin, a ordú an bád a fhorghéilleadh.”.

Srian le longa áirithe a chlárú faoi Acht 1955 agus lena dtaifeadadh sa chlár bád iascaireachta.

8. —(1)  (a)  Ní bheidh feidhm ag alt 18 (1) d'Acht 1955, maidir le long lena mbaineann an t-alt seo ach amháin sa chás go bhfuil an long faoi réir ag ceadúnas a tugadh chun críocha alt 222B den Phríomh-Acht agus ar ceadúnas é atá i bhfeidhm de thuras na huaire nó, mura bhfuil sé i bhfeidhm amhlaidh, go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an tráth a chlárófar an long faoi Acht 1955.

(b)  Tar éis an tAcht seo a rith, ní dhéanfar long lena mbaineann an t-alt seo a chlárú faoi Acht 1955 mura mbeidh, tráth an chláraithe, ceadúnas tugtha i leith na loinge chun críocha alt 222B den Phríomh-Acht agus ar ceadúnas é atá i bhfeidhm de thuras na huaire, nó, mura bhfuil sé i bhfeidhm amhlaidh, go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an tráth a chlárófar an long amhlaidh.

(c)  Tar éis an tAcht seo a rith ní dhéanfar long is bád iascaireachta de réir bhrí Chuid IV d'Acht 1894 a thaifeadadh sa chlár bád iascaireachta mura mbeidh, tráth an taifeadta, ceadúnas chun críocha alt 222B den Phríomh-Acht tugtha i ndáil leis an mbád agus ar ceadúnas é atá i bhfeidhm de thuras na huaire nó, mura bhfuil sé i bhfeidhm amhlaidh, go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an tráth a chlárófar an bád amhlaidh.

(2) Má chúlghaireann an tAire ceadúnas a tugadh chun críocha alt 222B den Phríomh-Acht nó má scoireann an ceadúnas ar dhóigh eile de bheith i bhfeidhm, féadfaidh an tAire Iompair, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, más cuí leis, ordú i scríbhinn a thabhairt i ndáil leis an long lena mbaineann an ceadúnas, agus i gcás ina dtabharfaidh an tAire Iompair ordú faoin alt seo—

(a) má bhíonn an long lena mbaineann an t-ordú cláraithe de thuras na huaire faoi Acht 1955, scoirfidh sí air sin de bheith cláraithe amhlaidh,

(b) má bhíonn an long sin taifeadta de thuras na huaire faoi alt 373 d'Acht 1894 sa chlár bád iascaireachta, scoirfidh sí air sin de bheith taifeadta amhlaidh.

(3) An fad a bheidh long a mbeadh, murach fo-alt (1) den alt seo, de cheangal uirthi clárú faoi Acht 1955, gan clárú amhlaidh, beidh feidhm i ndáil léi ag fo-alt (3) d'alt 18 den Acht sin amhail is dá mbeadh de cheangal uirthi le fo-alt (1) den alt sin 18 clárú amhlaidh.

(4) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon long is bád iascaireachta mara de réir bhrí Chaibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 19 d'Acht 1955.

9. —Féadfaidh ordú faoi alt 19 d'Acht 1955 a fhoráil, nach mbeidh saoránaigh, géilliúnaigh nó náisiúnaigh nó comhlachtaí corpraithe a bunaíodh faoi réim agus atá faoi réir dhlíthe stáit a bheidh sonraithe san ordú (is stát a ndearbhaítear faoin alt sin 19 gur stát comharaíochta é)—

(a) cáilithe ach amháin chun long chláraithe de réir bhrí Acht 1955 (nó scair sa long sin), is long d'aicme nó de chineál áirithe a bheidh sonraithe san ordú, a bheith ar úinéireacht acu,

(b) cáilithe chun long chláraithe den sórt sin (nó scair inti), is long d'aicme nó de chineál a bheidh sonraithe amhlaidh, a bheith ar úinéireacht acu,

agus i gcás aon fhoráil a áirítear de bhua an ailt seo a bheith in ordú faoin alt sin 19 ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire, forléireofar fo-alt (2) den alt sin 19 agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí an ordaithe.

Forléiriú etc. ar Acht 1955 agus alt 373 (2) d'Acht 1894.

10. —(1) Déanfar Acht 1955 a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis faoi réir fho-ailt (1) agus (2) d'alt 8 den Acht seo.

(2) Déanfar alt 373 (2) d'Acht 1894 a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis faoi réir fho-ailt (1) agus (2) d'alt 8 den Acht seo.

Aisghairm.

11. —Aisghairtear leis seo ailt 9, 10, 11 agus 12 den Acht Iascaigh Mhara, 1952 .

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

12. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, agus den Acht seo, le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.

(4) Féadfar na hAchtanna Loingis Thráchtála, 1955 go 1983, a ghairm den Acht Loingis Thráchtála, 1955 , agus d'alt 8, a mhéid a leasaíonn sé Acht 1955, agus d'ailt 9 agus 10 (1) den Acht seo, le chéile.

(5) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1983” alt 8, a mhéid a leasaíonn sé Acht 1894, agus alt 10 (2) den Acht seo agus, gan dochar do ghinearáltacht na forála seo, déanfar tagairtí sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1981, do na hAchtanna Loingis Cheannaíochta a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairt don alt sin 8, a mhéid a leasaíonn sé Acht 1894 amhlaidh, agus d'alt 10 (2).


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1978

1978, Uimh. 18

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959

1959, Uimh. 14

An tAcht Loingis Thráchtála, 1955

1955, Uimh. 29

Merchant Shipping Act, 1894

1894, c. 60

Na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1981

An tAcht Iascaigh Mhara, 1952

1952, Uimh. 7