1 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1984


ACHT NA dTITHE, 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Leasú ar alt 53 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 55 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 60 den Phríomh-Acht.

5.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Acht na dTithe, 1966

1966, Uimh. 21

Achtanna na dTithe, 1966 go 1979

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1984


ACHT NA dTITHE, 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE, 1966 GO 1979. [7 Feabhra, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na dTithe, 1966 .

Leasú ar alt 53 den Phríomh-Acht.

2. —An dualgas atá ar údarás tithíochta aird a bheith acu ar na nithe a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 53 den Phríomh-Acht nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu faoin bhfo-alt sin ar an éileamh is dóigh a bheidh san am le teacht ar thithíocht, measfar go bhfolaítear ann, agus go raibh folaithe ann riamh, cumhacht aird a bheith acu, a mhéid (más aon mhéid é) is iomchuí leis an údarás, ar an éileamh is dóigh a bheidh san am le teacht ar thithíocht ó dhaoine a chónaíonn lasmuigh de limistéar feidhme an údaráis.

Leasú ar alt 55 den Phríomh-Acht.

3. —An dualgas atá ar údarás tithíochta aird a bheith acu ar na cuspóirí a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 55 den Phríomh-Acht nuair a bheidh clár foirgníochta á ullmhú acu faoin alt sin measfar go bhfolaítear ann, agus go raibh folaithe ann riamh, cumhacht aird a bheith acu, a mhéid (más aon mhéid é) is iomchuí leis an údarás, ar an gcuspóir seo a leanas, is é sin le rá, cóiríocht tithíochta dhóthanach a sholáthar faoi chomhair riachtanas de dhroim an éilimh ar thithíocht ó dhaoine a chónaíonn lasmuigh de limistéar feidhme an údaráis, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin do riachtanais tithíochta limistéar feidhmiúcháin an údaráis a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

Leasú ar alt 60 den Phríomh-Acht.

4. —An dualgas atá ar údarás tithíochta aird a bheith acu ar na bunchuspóirí a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 60 den Phríomh-Acht nuair a bheidh scéim á déanamh nó á leasú acu faoin alt sin measfar go bhfolaítear ann, agus go raibh folaithe ann riamh, cumhacht aird a bheith acu, a mhéid (más aon mhéid é) is iomchuí leis an údarás, ar an mbunchuspóir seo a leanas, is é sin le rá, cóiríocht tithíochta dhóthanach, oiriúnach a sholáthar do dhaoine atá ag lorg cóiríocht den sórt sin, ar daoine iad a chónaíonn lasmuigh de limistéar feidhme an údaráis agus atá, i dtuairim an údaráis, i gcall cóiríochta den sórt sin agus nach bhfuil ar a gcumas sin a sholáthar as a n-acmhainn féin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

5. —(1) Féadfar Acht na dTithe, 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe, 1966 go 1984, a ghairm d'Achtanna na dTithe, 1966 go 1979, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.