|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Méaduithe agus Leasuithe Ilghnéitheacha) | Ar Aghaidh (CUID IV Coistí Pinsin Áitiúla do Scor, etc. agus Forálacha Iarmhartacha) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1984
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh | |
[EN] |
Cuid IVA a chur isteach sa Phríomh-Acht. |
13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid IV: |
[EN] | “CUID IVA | |
[EN] | Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh | |
[EN] | Léiriú. |
232A.—Sa Chuid seo— |
[EN] | ciallaíonn “leanbh” duine atá, de bhua alt 223 (1) (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983 ) ina leanbh cáilithe chun críocha Chuid IV; | |
[EN] | ciallaíonn “teaghlach”— | |
[EN] | (a) duine atá ag gabháil d'fhostaíocht chúititheach lánaimsire mar fhostaí, agus | |
[EN] | (b) más duine pósta an duine sin a chónaíonn lena chéile nó a chothabhálann an céile sin go hiomlán nó go formhór, an céile sin, agus | |
[EN] | (c) leanbh nó leanaí a bhfuil ceachtar acu sin roimhe seo cáilithe faoi alt 224 chun liúntas leanaí a fháil ina leith; | |
[EN] | déanfar “forlíonadh ar ioncam teaghlaigh” a fhorléiriú de réir alt 232B; | |
[EN] | ciallaíonn “ioncam seachtainiúil teaghlaigh”, faoi réir rialacháin faoi alt 232F, an méid ioncaim a fhaigheann teaghlach in aon seachtain amháin lúide aon ioncam de chuid duine ar leanbh é i leith an teaghlaigh sin. | |
[EN] | Teideal chun forlíonadh ar ioncam teaghlaigh. |
232B.—Faoi réir na Coda seo, beidh liúntas (dá ngairtear “forlíonadh ar ioncam teaghlaigh” sa Chuid seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná— |
[EN] | (a) i gcás teaghlach nach bhfuil ach aon leanbh amháin ar áireamh ann, £95, nó | |
[EN] | (b) i gcás teaghlach a bhfuil níos mó ná aon leanbh amháin ar áireamh ann, £95 arna mhéadú de £15 in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí an cúigiú leanbh agus an cúigiú leanbh a áireamh. | |
[EN] | An ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh. |
232C.—(1) Faoi réir na Coda seo, is é a bheidh sa ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncaim teaghlaigh, 25 faoin gcéad den mhéid ar lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná an méid is iomchuí sa chás ar leith faoi alt 232B. |
[EN] | (2) Ní bheidh an ráta seachtainiúil arna ríomh de bhun fho-alt (1) níos mó i gcás ar bith ná na méideanna seo a leanas: | |
[EN] | (a) i gcás teaghlach nach bhfuil ach aon leanbh amháin ar áireamh ann, £8, agus | |
[EN] | (b) i gcás teaghlach a bhfuil níos mó ná aon leanbh amháin ar áireamh ann, £8 arna mhéadú de £1.75 in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí an cúigiú leanbh agus an cúigiú leanbh á áireamh. | |
[EN] | (3) Ní bheidh forlíonadh ar ioncam teaghlaigh iníoctha más lú ná £1 an ráta seachtainiúil arna ríomh de bhun fho-alt (1). | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, áireofar mar £1 aon chodán de £1 d'ioncam seachtainiúil teaghlaigh os cionn 50p agus ní thabharfar aird ar aon chodán eile de £1. | |
[EN] | An tréimhse chun forlíonadh ar ioncam teaghlaigh a íoc. |
232D.—(1) Beidh forlíonadh ar ioncam teaghlaigh iníoctha ar feadh tréimhse 52 sheachtain (nó cibé tréimhse eile a fhorordófar) dar tosach an dáta a mbeidh sé infhaighte de réir rialachán agus, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, ní dhéanfaidh aon athrú ar dhálaí i gcaitheamh na tréimhse sin difear don ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh a bheidh iníoctha. |
[EN] | (2) Má bhíonn forlíonadh ar ioncam teaghlaigh iníoctha i leith teaghlaigh ar leith ar feadh aon treimhse, ní ghlacfar mar chomhalta d'aon teaghlach eile i gcaitheamh na tréimhse sin le haon duine a bhí ar áireamh sa teaghlach sin ag tús na tréimhse sin. | |
[EN] | An duine lenar iníoctha forlíonadh ar ioncam teaghlaigh. |
232E.—Beidh forlíonadh ar ioncam teaghlaigh iníoctha leis an gcomhalta den teaghlach (seachas leanbh) atá ag gabháil d'fhostaíocht chúititheach lánaimsire mar fhostaí nó i gcás dhá chomhalta den teaghlach a bheith ag gabháil d'fhostaíocht amhlaidh, leis an gcomhalta arb é a ioncam seachtainiúil, arna ríomh chun críocha forlíonadh ar ioncam teaghlaigh, an chuid is mó den ioncam seachtainiúil teaghlaigh arna ríomh amhlaidh. |
[EN] | Rialacháin. |
232F.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) foráil a dhéanamh maidir leis an modh chun ioncam seachtainiúil teaghlaigh a ríomh nó a mheas; | |
[EN] | (b) foráil a dhéanamh maidir le neamhaird a thabhairt go hiomlán nó go páirteach ar aon mhéid d'ioncam seachtainiúil teaghlaigh ó aon fhoinse a shonraítear sna rialacháin le linn an t-ioncam sin a bheith á ríomh nó á mheas; | |
[EN] | (c) na cúinsí a chinneadh ina measfar duine a bheith ag gabháil d'fhostaíocht chúititheach lánaimsire mar fhostaí; | |
[EN] | (d) a cheangal ar fhostóirí cibé faisnéis a chur ar fáil a cheanglóidh an tAire chun éileamh ar fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh a chinneadh; | |
[EN] | (e) aon fhorálacha de Chodanna I, II, VII agus VIII nó aon fhorálacha arna ndéanamh fúthu a chur i bhfeidhm (fara modhnú nó gan mhodhnú) nó forálacha a dhéanamh a bheidh ar comhréir (fara modhnú nó gan mhodhnú) le haon fhorálacha acu sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire le rialacháin— | |
[EN] | (a) na méideanna a shonraítear in alt 232B, | |
[EN] | (b) an ráta céatadáin a shonraítear in alt 232C (1), agus | |
[EN] | (c) na rátaí seachtainiúla a shonraítear in alt 232C (2), | |
[EN] | a athrú ach ní laghdóidh aon athrú den sórt sin na méideanna, an ráta céatadáin ná na rátaí seachtainiúla ab infheidhme díreach roimh thosach feidhme na rialachán sin.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht (rialacháin). |
14. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht trí “130 (4),” a chur isteach i ndiaidh “108 (4) (6),” agus trí “232F (2) (a) (b) (c), (3),” a chur isteach i ndiaidh “210 (3),” i bhfo-alt (4) (a). |
[EN] |
Leasú ar alt 130 den Phríomh-Acht (forálacha forluiteacha). |
15. —Leasaítear leis seo alt 130 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): |
[EN] | “(4) Déanfaidh an tAire rialacháin i leith cásanna ina mbeidh forlíonadh ar ioncam teaghlaigh iníoctha le duine chomh maith le sochar dífhostaíochta, sochar míchumais, cúnamh dífhostaíochta nó pinsean scoir ar rialacháin iad ina mbeidh foráil i dtaobh coigeartú a dhéanamh, tar éis cibé tréimhse a bheidh sonraithe sna rialacháin, ar an bhforlíonadh sin (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán).”. | |
[EN] |
Alt 146 den Phríomh-Acht, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (acmhainn a ríomh) a leasú tuilleadh. |
16. —(1) Leasaítear leis seo alt 146 den Phríomh-Acht trí “, mar liúntas leanaí nó mar fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh,” a chur in ionad “nó mar liúntas leanaí,” i bhfo-alt (1) (b) (v). |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo Riail 1 (4) de na Rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (b): | |
[EN] | “(b) aon suimeanna a fhaightear mar phinsean, liúntas, cúnamh, sochar nó forlíonadh faoi Chuid II, III, IV nó IVA,”. | |
[EN] |
Tosach feidhme na Coda seo. |
17. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. |