6 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1984


AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO THIONÓL NA hEORPA, 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Cáilíocht iarrthóirí, etc.

3.

Iarrthóirí ionaid.

4.

An liosta iarrthóirí ionaid.

5.

Liosta iarrthóirí ionaid a sheachadadh agus a tharraingt siar, etc.

6.

Corrfholúntais.

7.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

8.

Aisghairm.

9.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1984


AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO THIONÓL NA hEORPA, 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hION-ADAITHE A THOGHADH DO THIONÓL NA gCOMH-PHOBAL EORPACH. [17 Aibreán, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “iarrthóir neamh-pháirtí” iarrthóir nach iarrthóir do pháirtí polaitíochta cláraithe;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 ;

ciallaíonn “páirtí polaitíochta cláraithe” páirtí a bheidh, de bhun alt 8 den Phríomh-Acht, cláraithe de thuras na huaire i gClár na bPáirtithe Polaitíochta mar pháirtí atá eagraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán Tionóil;

ciallaíonn “iarrthóir ionaid” iarrthóir ionaid chun críocha an Achta seo;

tá le “liosta iarrthóirí ionaid” an bhrí a shanntar dó le halt 3 (3) (d).

Cáilíocht iarrthóirí, etc.

2. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“7.—(1) Duine nach bhfuil cáilithe le bheith ina chomhalta de Dháil Éireann nó duine ag a bhfuil oifig an Ard-Aighne, ní bheidh sé cáilithe lena thoghadh faoin Acht seo chun bheith ina ionadaí sa Tionól.

(2) Duine a thoghfar faoin Acht seo chun bheith ina ionadaí sa Tionól nó a mheasfar de bhun alt 6 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 , a bheith tofa amhlaidh agus ag a mbeidh, tráth a thofa nó an tráth a chéadmheasfar amhlaidh é, ceann de na hoifigí seo a leanas—

(a) oifig Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann nó oifig Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann,

(b) oifig Aire Stáit,

scoirfidh sé den oifig sin a bheith aige ar a thoghadh amhlaidh, nó, i gcás go measfar amhlaidh é, ar an lá a chéadmheasfar amhlaidh é.

(3) Más rud é le linn duine a bheith ina ionadaí sa Tionól—

(a) go dtiocfaidh sé faoi aon dícháilíochtaí dá bhfuil infheidhme maidir le comhaltas i nDáil Éireann, nó

(b) go dtiocfaidh sé chun oifig de na hoifigí a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo a bheith aige,

scoirfidh sé as a aithle sin de bheith ina ionadaí sa Tionól.”.

Iarrthóirí ionaid.

3. —(1) I dtoghchán Tionóil, féadfaidh—

(a) páirtí polaitíochta cláraithe, agus

(b) duine is iarrthóir neamh-pháirtí i ndáil leis an toghchán,

faoi réir agus de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, duine amháin nó níos mó ná duine amháin a ainmniú, le tóiliú uaidh nó uathu, le bheith ina n-iarrthóirí ionaid i ndáil leis an toghchán.

(2) Faoi réir mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo, beidh duine is iarrthóir i dtoghchán Tionóil inainmnithe mar iarrthóir ionaid.

(3) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hiarrthóirí ionaid a ainmniú i dtoghchán Tionóil—

(a) is é an líon uasta iarrthóirí ionaid a ainmneofar amhlaidh—

(i) i gcás iarrthóirí ionaid a ainmneoidh páirtí polaitíochta cláraithe amhlaidh, ceathrar de bhreis ar an líon iarrthóirí don pháirtí sin a bheidh ainmnithe go bailí an tráth is déanaí chun iarrthóireacht a tharraingt siar faoi Riail 12 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, agus

(ii) i gcás iarrthóirí ionaid a ainmneoidh iarrthóir neamhpháirtí amhlaidh, triúr,

(b) ní ainmneofar duine mar iarrthóir ionaid mura mbeidh sé cáilithe lena thoghadh faoin bPríomh-Acht don Tionól,

(c) ní fhéadfar duine a ainmniú amhlaidh maidir le níos mó ná toghlach amháin,

(d) déanfar na hiarrthóirí ionaid a ainmneofar amhlaidh maidir le toghlach faoi leith a ainmniú trí ainm gach duine díobh a thaifeadadh ar liosta (dá ngairtear an “liosta iarrthóirí ionaid” in áiteanna eile san Acht seo) agus le linn iarrthóirí ionaid a ainmniú maidir le toghlach faoi leith déanfaidh an páirtí polaitíochta cláraithe nó, de réir mar is iomchuí, an t-iarrthóir neamh-pháirtí lena mbaineann, liosta amháin den sórt sin a úsáid, faoi réir alt 5 (4) (a) den Acht seo.

An liosta iarrthóirí ionaid.

4. —(1) Beidh liosta iarrthóirí ionaid san fhoirm fhorordaithe agus beidh sé sínithe—

(a) i gcás gur ainmneacha iarrthóra nó iarrthóirí ionaid, arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag páirtí polaitíochta cláraithe faoi leith, a bheidh ar an liosta, ag an oifigeach nó más iomchuí, na hoifigigh don pháirtí sin a bhfuil a ainm nó a n-ainmneacha taifeadta i gClár na bPáirtithe Polaitíochta de bhun alt 13 (3) (c) den Acht Toghcháin, 1963 , nó de bhun an ailt sin arna chur chun feidhme le halt 8 (4) den Phríomh-Acht,

(b) i gcás gur ainmneacha iarrthóra nó iarrthóirí ionaid, arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag duine is iarrthóir neamhpháirtí sa toghchán, a bheidh ar an liosta, ag an duine sin.

(2) Maidir le liosta iarrthóirí ionaid cuirfear sloinne aon duine a bheidh ainmnithe trína thaifeadadh ann chun tosaigh ar a ainm nó ar a ainmneacha eile agus beidh a sheoladh ar an liosta freisin.

(3) I gcás go n-ainmneoidh páirtí polaitíochta cláraithe nó iarrthóir neamh-pháirtí i dtoghchán Tionóil níos mó ná iarrthóir ionaid amháin, is san ord a chinnfidh an páirtí sin nó, de réir mar is iomchuí, an t-iarrthóir neamh-pháirtí sin a bheidh ainmneacha na n-iarrthóirí ionaid sin ar an liosta iarrthóirí ionaid iomchuí agus nuair a bheidh aon fhoráil de na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 agus 1984 á gcur i bhfeidhm, maidir leis an liosta, déanfar na hainmneacha ar an liosta a liostú nó a thabhairt san ord ina mbeidh siad cinnte amhlaidh nó, de réir mar is iomchuí, tabharfar aird ar an ord sin.

(4) De réir mar is iomchuí, beidh ar bharr liosta iarrthóirí ionaid—

(a) i gcás gur oifigeach nó oifigigh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo a shíneoidh an liosta, an t-ainm agus (más mian leis an oifigeach nó na hoifigigh ag a mbeidh an liosta sínithe amhlaidh) na túslitreacha nó an giorrúchán eile (más ann) lena n-aithnítear an páirtí i gceist, nó

(b) i gcás gur iarrthóir neamh-pháirtí sa toghchán a shíneoidh an liosta, ainm an iarrthóra sin (agus an sloinne i dtosach).

(5) Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar liosta iarrthóirí ionaid, más cuí leis an Aire é—

(a) nóta i dtaobh na gcáilíochtaí, na ndícháilíochtaí agus na n-éagumas maidir le duine a thoghadh don Tionól agus lena bheith ina chomhalta den Tionól,

(b) foirm dhearbhaithe, a bheidh le síniú—

(i) i gcás gur oifigeach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo a shíneoidh an liosta, ag an oifigeach nó, más iomchuí, na hoifigigh a shíneoidh an liosta,

(ii) i gcás gur duine is iarrthóir neamh-pháirtí sa toghchán iomchuí a shíneoidh an liosta, ag an duine sin,

á rá gur léigh sé na nótaí agus, maidir leis na hiarrthóirí ionaid a bheidh ainmnithe trí thaifead ar an liosta sin, go gcreideann sé go bhfuil gach duine díobh inainmnithe faoin Acht seo mar iarrthóir ionaid agus nach bhfuil aon duine díobh ainmnithe go bailí mar iarrthóir ionaid maidir le haon toghlach eile.

(6) (a) Nuair a thíolacfar liosta iarrthóirí ionaid don cheann comhairimh, sannfaidh sé litir amháin nó níos mó don liosta d'fhonn é a aithint agus nuair a bheidh an litir nó na litreacha sin sannta amhlaidh, féadfar tagairt a dhéanamh ar aon pháipéar ballóide, fógra nó doiciméad eile don liosta iarrthóirí ionaid lena mbaineann sé nó siad (mura rud é go dtarraingeofar siar é, go measfar faoin Acht seo é a bheith tarraingthe siar nó go rialóidh an ceann comhairimh go bhfuil sé neamhbhailí) faoi threoir na litreach nó na litreacha sin.

(b) Ní foras ar a bhféadfar toghchán Tionóil a thabhairt faoi cheist sannadh ag an gceann comhairimh faoin bhfo-alt seo.

Liosta iarrthóirí ionaid a sheachadadh agus a tharraingt siar, etc.

5. —(1) I dtoghchán Tionóil déanfaidh an ceann comhairimh, le linn na ngnáth-uaireanta oifige agus ag cibé áit nó áiteanna a bheidh ainmnithe san Fhógra Toghcháin, ar gach dálach le linn na tréimhse a thosóidh le foilsiú an fhógra sin agus a chríochnóidh ar 12 a chlog meán lae ar an dáta is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh, foirmeacha a chur ar fáil lena n-úsáid mar liostaí iarrthóirí ionaid agus soláthróidh sé foirm nó foirmeacha den sórt sin in aisce d'aon duine a iarrfaidh sin ach ní bheidh sé d'oibleagáid i dtoghchán den sórt sin foirm arna soláthar ag an gceann comhairimh de bhun an ailt seo a úsáid: Ar choinníoll gur san fhoirm fhorordaithe faoi alt 4 den Acht seo nó i bhfoirm sa chéill chéanna a bheidh an doiciméad a úsáidfear amhlaidh mar liosta iarrthóirí ionaid.

(2) Seachadfar gach liosta iarrthóirí ionaid don cheann comhairimh laistigh de na huaireanta a shonraítear i Riail 7 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus is é an duine a dhéanfaidh an seachadadh—

(a) i gcás gur oifigeach dá dtagraítear in alt 4 (1) (a) den Acht seo a shíneoidh an liosta, an t-oifigeach nó, más iomchuí, aon duine de na hoifigigh a shínigh an liosta nó aon duine atá, maidir leis an toghchán Tionóil lena mbaineann, ina iarrthóir don pháirtí lena mbaineann an liosta,

(b) i gcás gur duine is iarrthóir neamh-pháirtí i dtoghchán den sórt sin a shíneoidh an liosta, an duine sin nó a mholtóir.

(3) (a) I gcás gurb é tuairim an chinn comhairimh nach bhfuil liosta iarrthóirí ionaid déanta amach nó sínithe i gceart, rialóidh sé go bhfuil sé neamhbhailí mura leasófar chun a shástachta é.

(b) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh faoin bhfo-alt seo.

(c) A luaithe is féidir tar éis dó liosta iarrthóirí ionaid a ghlacadh i dtoghchán Tionóil, is liosta nach rialóidh sé go bhfuil sé neamhbhailí, déanfaidh an ceann comhairimh na nithe seo a leanas—

(i) cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar fógra ina dtagrófar don liosta, agus ina luafar ainmneacha agus seoltaí na n-iarrthóirí ionaid atá ainmnithe trí thaifead ar an liosta agus iad san ord ina bhfuil siad ar an liosta, a thaispeáint lasmuigh den áit ina mbeidh sé ag glacadh ainmniúchán,

(ii) tabharfaidh sé, leis an bpost nó ar shlí eile, fógra i scríbhinn i dtaobh glacadh den sórt sin don duine nó do na daoine a shínigh an liosta agus do gach iarrthóir ionaid atá ainmnithe trí thaifead ar an liosta agus déanfaidh fógra arna thabhairt de bhun na fomhíre seo d'iarrthóir ionaid tagairt don liosta iarrthóirí ionaid iomchuí agus beidh san fhógra sin ainmneacha na n-iarrthóirí ionaid atá ainmnithe trí thaifead, agus iad san ord ina bhfuil siad, ar an liosta.

(d) A luaithe is féidir tar éis an trátha a shonraítear i Riail 12 (1) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar an tráth is déanaí chun iarrthóireacht a tharraingt siar, scrúdóidh an ceann comhairimh na liostaí iarrthóirí ionaid (más ann), agus

(i) i gcás gur mó an líon iarrthóirí ionaid atá in aon liosta den sórt sin ná an líon uasta a cheadaítear le halt 3 (3) (a) den Acht seo, scriosfaidh an ceann comhairimh den liosta an líon ainmneacha is ionann agus an barrachas, ag tosú leis an ainm atá ag bun an liosta agus, más gá, uaidh sin aníos an liosta sin,

(ii) i gcás go scriosfaidh an ceann comhairimh ainm de liosta iarrthóirí ionaid déanfaidh sé, a luaithe is féidir, fógra i scríbhinn faoin scriosadh a thabhairt, leis an bpost nó ar shlí eile, don duine ar scriosadh a ainm agus don duine nó, más iomchuí, do gach duine de na daoine, a shínigh an liosta.

(4) (b) Féadfar liosta iarrthóirí ionaid a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe—

(i) i gcás gur liosta iarrthóirí ionaid dá dtagraítear in alt 4 (1) (a) den Acht seo an liosta, ag an duine nó, más iomchuí, ag na daoine a bheidh, de thuras na huaire, ina oifigeach nó ina n-oifigigh dá dtagraítear san alt sin, nó

(ii) i gcás gur liosta iarrthóirí ionaid dá dtagraítear in alt 4(1) (b) den Acht seo an liosta, ag an iarrthóir neamhpháirtí a shínigh é,

agus a sheachadfar ar an gceann comhairimh tráth nach déanaí ná 12 a chlog meán lae ar an dáta is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh.

(b) Féadfar fógra dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo a sheachadadh ar an gceann comhairimh trína thabhairt dó—

(i) i gcás go mbaineann an fógra le liosta iarrthóirí ionaid dá dtagraítear in alt 4 (1) (a) den Acht seo,

(I) ag an oifigeach nó, más iomchuí, ag aon oifigeach de na hoifigigh a shínigh é, nó

(II) ag aon duine is iarrthóir, maidir leis an toghchán Tionóil lena mbaineann, don pháirtí lena mbaineann an liosta,

(ii) i gcás go mbaineann an fógra le liosta iarrthóirí ionaid dá dtagraítear in alt 4 (1) (b) den Acht seo, ag an iarrthóir neamh-pháirtí a shínigh an liosta nó ag a mholtóir.

(c) Déanfaidh an ceann comhairimh, a luaithe a sheachadfar fógra dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo air, fógra poiblí a thabhairt faoin tarraingt siar lena mbaineann.

(5) Más rud é go dtíolacfar liosta iarrthóirí ionaid i dtogchán Tionóil agus,

(a) i gcás an liosta sin a thíolacadh ag páirtí polaitíochta cláraithe, nach mbeidh iarrthóir ar bith de chuid an pháirtí sin ainmnithe an tráth is déanaí chun iarrthóireacht a tharraingt siar faoi Riail 12 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, nó

(b) i gcás an liosta sin a thíolacadh ag iarrthóir neamh-pháirtí agus go mbeidh iarrthóireacht an iarrthóra sin tarraingthe siar nó go measfar de bhun alt 10 den Phríomh-Acht nó riail 20 den Chéad Sceideal sin a dúradh, í a bheith tarraingthe siar,

measfar an liosta iarrthóirí ionaid a bheith tarraingthe siar.

(6) Ní foras ar a bhféadfar toghchán Tionóil a thabhairt faoi cheist aon ní a dhéanfaidh ceann comhairimh le linn dó an chumhacht a thugtar dó le fo-alt (3) (d) (i) den alt seo a fheidhmiú.

Corrfholúntais.

6. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15:

“15.—(1) Nuair a tharlóidh corrfholúntas i measc na ndaoine a bheidh ina n-ionadaithe sa Tionól de bhua na nAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 agus 1984, líonfar an folúntas de réir na bhfo-alt seo a leanas den alt seo.

(2) (a) I gcás an t-ionadaí iomchuí a toghadh faoin Acht seo sa toghchán Tionóil deiridh roimhe sin a bheith ina iarrthóir sa toghchán sin do pháirtí polaitíochta cláraithe a thíolaic, maidir leis an toghchán sin, liosta iarrthóirí ionaid (nach liosta a tarraingíodh siar nó ar rialaigh an ceann comhairimh go raibh sé neamhbhailí)—

(i) measfar, de bhua an ailt seo (de réir fho-alt (5) den alt seo), an duine (más ann) a bhfuil a ainm, ag féachaint d'fho-alt (3) den alt seo, sa chéad áit nó, más iomchuí, ina aonar, ar an liosta sin a bheith tofa faoin Acht seo don Tionól chun an folúntas a líonadh,

(ii) a luaithe is féidir tar éis don chorrfholúntas tarlú iarrfaidh Cléireach Dháil Éireann i litir ar an oifigeach nó ar na hoifigigh don pháirtí polaitíochta cláraithe a bhfuil a ainm nó a n-ainmneacha taifeadta i gClár na bPáirtithe Polaitíochta de bhun alt 13 (3) (c) den Acht Toghcháin, 1963 , nó de bhun an ailt sin arna chur chun feidhme le halt 8 (4) den Acht seo, a fháil amach cé hé an duine (más ann) a bhfuil a ainm, ag féachaint don fho-alt sin (3), sa chéad áit nó, más iomchuí, ina aonar ar an liosta sin agus scéala a thabhairt dó i scríbhinn i dtaobh cé hé an duine sin.

(b) I gcás an t-ionadaí iomchuí a toghadh faoin Acht seo sa toghchán sin a bheith, sa toghchán sin, ina iarrthóir neamh-pháirtí a thíolaic liosta iarrthóirí ionaid (nach liosta a tarraingíodh siar nó ar rialaigh an ceann comhairimh go raibh sé neamhbhailí),

(i) measfar, de bhua an ailt seo (de réir fho-alt (5) den alt seo), an duine (más ann) a bhfuil a ainm, ag féachaint d'fho-alt (3) den alt seo, sa chéad áit, nó, más iomchuí, ina aonar, ar an liosta sin a bheith tofa faoin Acht seo chun an folúntas a líonadh,

(ii) a luaithe is féidir tar éis don chorrfholúntas tarlú iarrfaidh Cléireach Dháil Éireann i litir ar an gceann comhairimh don toghlach lena mbaineann a fháil amach, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé duine a bhfuil a ainm ar an liosta iarrthóirí ionaid iomchuí nó, más iomchuí, le cibé líon is gá, i dtuairim an chinn comhairimh, de na daoine a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta sin, cé hé an duine (más ann) a bhfuil a ainm, ag féachaint don fho-alt sin (3), sa chéad áit nó, más iomchuí, ina aonar ar an liosta sin agus scéala a thabhairt dó i scríbhinn i dtaobh cé hé an duine sin.

(c) Más rud é—

(i) nárbh iarrthóir a thuairiscítear i mír (a) nó (b) den fho-alt seo an t-ionadaí iomchuí a toghadh amhlaidh don Tionól sa toghchán sin, nó

(ii) ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo, maidir leis an bhfolúntas, nach mbeidh aon ainm sa chéad áit nó ina aonar ar an liosta iarrthóirí ionaid iomchuí, nó

(iii) nach mbeidh ceanglas a rinne Cléireach Dháil Éireann comhlíonta ar an tréimhse tríocha lá, dar tosach dáta an cheanglais, a bheith caite,

féadfaidh Dáil Éireann duine a roghnú a bhfuil a ainm ar aon liosta iarrthóirí ionaid (is liosta ar tugadh fógra poiblí ina thaobh de bhun Riail 21 (arna leasú le halt 7 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo), nó, más iomchuí, ar an aon liosta amháin den sórt sin, a tíolacadh ag an toghchán Tionóil deiridh roimhe sin, agus i gcás go ndéanfaidh Dáil Éireann roghnú faoin mír seo déanfaidh sí an duine arna roghnú amhlaidh a shonrú le rún.

(3) Nuair a bheifear ag fáil amach chun críocha an ailt seo an bhfuil ainm sa chéad áit nó ina aonar ar liosta iarrthóirí ionaid nó nuair a bheidh roghnú á dhéanamh faoin alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) tabharfar neamhaird ar ainm aon duine—

(i) arb amhlaidh de thuras na huaire maidir leis—

(I) gur ionadaí sa Tionól é, nó

(II) nach bhfuil sé cáilithe lena thoghadh faoin Acht seo don Tionól, nó

(III) gur duine é nach bhfuil i dteideal gabháil le hoifig mar ionadaí sa Tionól de bhua aon fhorála a leagadh síos faoi aon cheann nó gach ceann de na conarthaí, nó

(ii) nach bhfuil sásta glacadh le hoifig mar ionadaí den sórt sin;

(b) nuair a bheidh an méid sin á fháil amach, i gcás an t-ionadaí iomchuí a toghadh faoin Acht seo don Tionól sa toghchán Tionóil deiridh roimhe sin a bheith ina iarrthóir sa toghchán sin do pháirtí polaitíochta cláraithe, tabharfar neamhaird ar ainm aon duine nach comhalta de thuras na huaire den pháirtí sin.

(4) Más rud é, de bhun ceanglais a rinneadh faoin Acht seo, go bhfaighidh Cléireach Dháil Éireann scéala, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir—

(a) cóip den scéala a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(b) fógra i dtaobh an scéala a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(5) (a) I gcás go leagfar cóip de scéala de bhun an ailt seo, measfar, ar an tréimhse seacht lá dar tosach an lá a dhéantar an fógra i dtaobh an scéala a fhoilsiú de bhun fho-alt (4) den alt seo a bheith caite, an duine atá ainmnithe sa scéala lena mbaineann a bheith tofa air sin faoin Acht seo don Tionól.

(b) I gcás go rithfidh Dáil Éireann rún de bhun fho-alt (2) (c) den alt seo, measfar air sin an duine a bheidh sonraithe sa rún a bheith tofa faoin Acht seo.

(6) A luaithe is féidir tar éis go measfar duine, de bhua an ailt seo, a bheith tofa faoin Acht seo don Tionól, tabharfaidh Cléireach Dháil Éireann scéala don Tionól i dtaobh ainm agus seoladh an duine mar aon leis an dáta a ghlac a thoghadh éifeacht.

(7) Duine lena mbaineann mír (a) nó (b) d'fho-alt (5) den alt seo, mura dtarlóidh roimhe sin é a éag, nó a éirí as oifig nó a theacht faoi dhícháilíocht lena thoghadh faoin Acht seo don Tionól nó é a chur as oifig nó é a scor ar dhóigh eile de bheith ina ionadaí sa Tionól, sealbhóidh sé oifig mar ionadaí den sórt sin ar feadh a mbeidh gan chaitheamh den téarma a bheadh an t-ionadaí a bhfuil sé ag gabháil a ionaid i seilbh oifige dá mba nár scoir sé de bheith i seilbh oifige.

(8) Má bhíonn agus fad a bheidh oifig Chléireach Dháil Éireann folamh nó sealbhóir na hoifige sin gan bheith i gcumas a dhualgais a chomhlíonadh, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, is é a fheidhmeoidh na feidhmeanna a shanntar dó leis an alt seo Leas-Chléireach Dháil Éireann.

(9) San alt seo ciallaíonn “corrfholúntas”,

(a) folúntas a tharlóidh toisc nach bhfuil duine, cé gur toghadh é nó gur measadh é a bheith tofa don Tionól faoi na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 agus 1984, i dteideal gabháil le hoifig mar ionadaí sa Tionól de bhua aon fhorála a leagadh síos faoi aon cheann nó gach ceann de na conarthaí, nó

(b) folúntas a tharlóidh toisc duine a scor de bheith ina ionadaí sa Tionól ar dhóigh seachas trí imeacht aimsire nó de dhroim ordú a dhéanamh ag an Ard-Chúirt faoi alt 17 den Acht seo.”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) trí na focail “ocht n-uaire an chloig is daichead roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh faoi Riail 7” a chur in ionad na bhfocal “dhá uair a chloig is seachtó roimh an am is déanaí chun iarrthóireacht a tharraingt siar faoi Riail 12” i mír (1) agus mír (2) de Riail 20;

(b) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (a), (b) agus (c) de Riail 20 (4):

“(a) ní chuirfidh a bhás ó bhail a ainmniú ná aon rogha a taifeadadh dó, agus

(b) má thoghtar é—

(i) ní bheidh a thoghadh ó bhail mar gheall ar a bhás agus measfar gur toghadh é ina chomhalta den Tionól de bhua an Achta seo agus gur éirigh sé as a oifig díreach tar éis dó teacht chun bheith ina ionadaí den sórt sin, agus

(ii) beidh feidhm ag alt 15 den Acht seo maidir leis an bhfolúntas dá dhroim sin sa Tionól.”;

(c) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c) de Riail 21:

“(b) i dtaobh ainmneacha agus tuairiscí na n-iarrthóirí atá arna n-ainmniú amhail mar atá taifeadta ina bpáipéir ainmniúcháin agus na moltóirí, más ann dóibh,

(c) i dtaobh aon liosta iarrthóirí ionaid a tíolacadh go cuí sa toghchán (is liosta den sórt sin nár tarraingíodh siar, nár measadh faoin Acht seo a bheith tarraingthe siar ná nár rialaigh an ceann comhairimh go raibh sé neamhbhailí) agus i dtaobh ainm an pháirtí polaitíochta chláraithe nó an iarrthóra neamh-pháirtí a thíolaic an liosta sin mar aon le hainm agus seoladh, nó ainmneacha agus seoltaí, aon duine nó daoine a bheidh ainmnithe trí thaifead ann chun bheith mar iarrthóirí amhail mar atá taifeadta ar an liosta sin agus, i gcás níos mó ná duine amháin a bheith ann, san ord céanna ina bhfuil siad ar an liosta sin, agus

(d) i dtaobh an oird ina gcuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar na páipéir bhallóide.”;

(d) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (b) de Riail 22 (2):

“(bb) i gcás go mbeidh liosta iarrthóirí ionaid sínithe ag iarrthóir neamh-pháirtí de bhun alt 4 (1) (b) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 , agus nach dtarraingeofar siar é ná nach rialóidh an ceann comhairimh go bhfuil sé neamhbhailí, folóidh an taifead i ndáil leis an iarrthóir sin tagairt (is tagairt dá dtagraítear in alt 4 (6) (a) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) don liosta sin,”;

(e) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (c) de Riail 22 (2):

“(cc) i gcás go mbeidh liosta iarrthóirí ionaid sínithe ag oifigeach do pháirtí polaitíochta den sórt sin de bhun alt 4 (1) (a) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 , agus nach dtarraingeofar siar é ná nach rialóidh an ceann comhairimh go bhfuil sé neamhbhailí, folóidh an taifead i ndáil le haon iarrthóir don pháirtí sin tagairt (is tagairt dá dtagraítear in alt 4 (6) (a) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) don liosta sin,”;

(f) tríd an Riail seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 51:

“Na cuntais pháipéar ballóide a fhíorú

51A. (1) Ceithre lá ar a laghad roimh an lá vótaíochta, tabharfaidh an ceann comhairimh áitiúil fógra i scríbhinn do gach iarrthóir i dtaobh an lae, an ama agus na háite a n-osclóidh sé na boscaí ballóide de bhun na Rialach seo agus i dtaobh an líon gníomhairí a fhéadfaidh gach iarrthóir a cheapadh le bheith i láthair le linn oscailt na mboscaí. Tabharfaidh sé do na gníomhairí sin saoráidí réasúnacha chun bheith ag faire ar na himeachtaí agus gach faisnéis ina dtaobh sin is féidir leis a thabhairt dóibh i gcomhréir le stiúradh ordúil na n-imeachtaí agus le comhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) Is é an lá a bheidh sonraithe i bhfógra faoin Riail seo lá nach déanaí ná an lá a bheidh sonraithe san ordú iomchuí faoi alt 6 (2) den Acht seo.

(3) Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil, ar an lá a bheidh sonraithe san fhógra faoi mhír (1) den Riail seo agus ag an am a bheidh sonraithe amhlaidh, na nithe seo a leanas—

(a) osclóidh sé gach bosca ballóide agus comhairfidh sé an líon páipéar ballóide a bheidh ann agus cuirfidh sé an líon iomlán páipéar a fhionnfar i gcomórtas leis an líon a thaispeántar sa chuntas páipéar ballóide iomchuí,

(b) ullmhóidh sé ráiteas a léireoidh toradh an chomórtais faoi fhomhír (a) den mhír seo i gcás na mboscaí ballóide go léir don chontae nó don chontaebhuirg arb é is ceann comhairimh áitiúil dó,

(c) osclóidh sé an bosca ballóide inar cuireadh na páipéir phostbhallóide de bhun cheanglais Riail 50 den Sceideal seo agus comhairfidh sé agus taifeadfaidh sé líon na bpáipéar ballóide sin,

(d) déanfaidh sé suas i bpaicéid ar leith na páipéir bhallóide a fuarthas i ngach bosca ballóide (lena n-áirítear páipéir phostbhallóide), formhuineoidh sé ar chúl gach paicéid den sórt sin an líon páipéar ballóide atá ann agus sonraí i dtaobh an stáisiúin vótaíochta lena mbaineann siad (nó, más iomchuí, gur páipéir phostbhallóide iad) agus cuirfidh sé na paicéid i mboscaí agus séalóidh sé na boscaí agus formhuineoidh sé ar gach bosca díobh líon na bpaicéad atá ann agus ainm an chontae nó na contaebhuirge arb é is ceann comhairimh áitiúil dó, agus

(e) déanfaidh sé gach bosca den sórt sin a sheachadadh láithreach ar an gceann comhairimh don toghlach mar aon—

(i) leis an ráiteas dá dtagraitear i bhfomhír (b) den mhír seo, agus

(ii) le ráiteas i dtaobh an líon páipéar postbhallóide a taifeadadh faoi fhomhír (c) den mhír seo.

(4) Le linn líon na bpáipéar ballóide a chomhaireamh agus a thaifeadadh de bhun na Rialach seo, cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil faoi deara na páipéir sin a choimeád aghaidh in airde agus cibé réamhchúraimí is cuí a ghlacadh chun nach bhféadfaidh aon duine na huimhreacha a bheidh clóite ar chúl na bpáipéar sin a fheiceáil.

(5) Féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil, a chúntóirí agus a chléirigh, comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas agus gníomhairí na n-iarrthóirí a bheidh ceaptha go cuí chuige seo, agus ní fhéadfaidh aon duine eile ach amháin le cead ón gceann comhairimh sin, bheith i láthair ag imeachtaí a bheidh sé ag stiúradh de bhun na Rialach seo.”;

(g) trí na focail “a ndéileálfar leis ina dhiaidh sin de réir Riail 51A den Sceideal seo” a chur in ionad na bhfocal “a bheidh le seachadadh ina dhiaidh sin ag an gceann comhairimh áitiúil agus déileálfaidh seisean leis mar bhosca ballóide le haghaidh comhaireamh na vótaí sa toghchán” i mír (4) de Riail 49;

(h) trí na focail “d'aon liosta iarrthóirí ionaid ar tugadh fógra poiblí ina thaobh de bhun Riail 21, arna leasú le halt 7 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ,” a chur in ionad na bhfocal “den ráiteas dá dtagraítear i Riail 54 (2)” i mír (3) de Riail 68;

(i) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (c) agus (d) de Riail 69 (1):

“(c) na ráitis a ullmhaíodh de réir Riail 51A (3) den Sceideal seo, agus

(d) páipéir ainmniúcháin na n-iarrthóirí, idir bhailí agus neamhbhailí, aon deimhnithe cleamhnachta polaitíochta agus aon liostaí iarrthóirí ionaid, idir bhailí agus neamhbhailí,”;

(j) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i Riail 69 (2) i ndiaidh fhomhír (a):

“(aa) na cuntais pháipéar ballóide,”;

(k) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (1) de Riail 79:

“(1) Ní dhéanfaidh duine—

(a) duine eile a ainmniú lena thoghadh faoin Acht seo chun bheith ina ionadaí sa Tionól, ná

(b) iarrthóireacht duine eile sa toghchán sin a tharraingt siar, ná

(c) duine a ainmniú mar iarrthóir ionaid faoin Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ;

gan toiliú ón duine sin.”; agus

(l) tríd an Riail seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 81:

“Dearbhú bréagach ar liosta iarrthóirí ionaid.

81A. (1) Má dhéanann duine a shíníonn liosta iarrthóirí ionaid dearbhú ar an liosta sin gur léigh sé na nótaí ar chúl an liosta agus go gcreideann sé go bhfuil gach duine a bhfuil a ainm ar an liosta mar iarrthóir ionaid,

(a) inainmnithe faoin Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 , mar iarrthóir ionaid, agus

(b) nach bhfuil aon duine de na daoine sin ainmnithe go bailí mar iarrthóir ionaid maidir le haon toghlach eile,

ansin más rud é, maidir le haon duine a bhfuil a ainm ar an liosta amhlaidh,

(c) nach bhfuil sé inainmnithe amhlaidh, nó

(d) go bhfuil sé ainmnithe go bailí maidir le toghlach ar bith eile,

beidh an duine a rinne an dearbhú ciontach i gcion.

(2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi mhír (1) den Riail seo, is cosaint mhaith don chosantóir a shuíomh go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh an duine iomchuí nó, más iomchuí, duine iomchuí inainmnithe faoin Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 , mar iarrthóir ionaid nó nach raibh sé ainmnithe go bailí mar iarrthóir ionaid maidir le haon toghlach eile.”,

agus tá míreanna (1) agus (2) den Riail sin 20, mír (4) den Riail sin 49, agus mír (3) den Riail sin 68, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1, 2 agus 3, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1.

(1) Más rud é, tráth nach déanaí ná ocht n-uaire an chloig is daichead roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh faoi Riail 7 den Sceideal seo, gur deimhin leis an gceann comhairimh go bhfuil iarrthóir atá arna ainmniú tar éis bás a fháil, tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí láithreach dá réir sin agus measfar iarrthóireacht an iarrthóra a bheith tarraingthe siar.

(2) Más rud é, tráth ar bith sa tréimhse a thosóidh ocht n-uaire an chloig is daichead roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh faoi Riail 7 den Sceideal seo agus a chríochnóidh ar thosach na vótaíochta gur deimhin leis an gceann comhairimh go bhfuil iarrthóir atá arna ainmniú don toghchán tar éis bás a fháil, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas i ndáil leis an toghchán Tionóil—

(a) cuirfidh an ceann comhairimh scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire agus chuig an bpríomh-cheann comhairimh agus san am céanna, má bhíonn fógra tugtha faoin vótaíocht, cuirfidh sé an vótaíocht ar ceal,

(b) tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí go bhfuil gach gníomh a rinneadh i ndáil leis an toghchán (ach amháin ainmniú na n-iarrthóirí atá fágtha) ar neamhní agus go ndéanfar toghchán úr,

(c) tosófar athuair ar na himeachtaí uile don togh chán, ach ní gá ainmniú úr i leith aon iarrthóra a bhí arna ainmniú an tráth a cuireadh an scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire,

(d) sa toghchán úr, is é an t-am is luaithe chun ainmniúcháin a ghlacadh 10 a.m. an lá (gan aon lá eisiata a áireamh) díreach tar éis dáta an fhógra phoiblí dá dtagraítear i bhfomhír (b) den mhír seo agus is é an t-am is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh 12 a chlog, meán lae, an tríú lá (gan aon lá eisiata a áireamh) díreach tar éis an dáta sin,

(e) socróidh an tAire an lá vótaíochta sa toghchán úr,

(f) ní bheidh feidhm ag Riail 3 den Sceideal seo i ndáil leis an toghchán úr agus déanfar tagairtí do Chlár na bPáirtithe Polaitíochta i Riail 4 den Sceideal seo a fhorléiriú, i ndáil leis an toghchán úr, mar thagairtí don chóip den Chlár a cuireadh chuig an gceann comhairimh i ndáil leis an toghchán a cuireadh ar ceal.

2.

(4) Déanfar bosca ballóide ar leith (a ndéileálfar leis ina dhiaidh sin de réir Riail 51A den Sceideal seo) a chur ar fáil agus taispeánfar é agus é oscailte agus folamh do ghníomhairí na n-iarrthóirí a bheidh i láthair agus glasálfaidh agus séalóidh an ceann comhairimh áitiúil é.

3.

(3) Tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí faoi ainmneacha agus tuairiscí na n-iarrthóirí a toghadh agus freisin, i gcás toghcháin iomaidh, faoi líon iomlán na vótaí a tugadh do gach iarrthóir, cibé acu a toghadh é nó nár toghadh, faoi aon aistriú vótaí agus faoi líon iomlán na vótaí a bhí creidiúnaithe do gach iarrthóir ag deireadh an chomhairimh ina ndearnadh an t-aistriú. Cuirfidh sé cóip den fhógra sin chuig an Aire, chuig an bpríomhcheann comhairimh agus chuig gach duine a toghadh. Cuirfidh sé cóip d'aon liosta iarrthóirí ionaid ar tugadh fógra poiblí ina thaobh de bhun Riail 21, arna leasú le halt 7 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 , den Sceideal seo chuig an Aire freisin.

Aisghairm.

8. —Aisghairtear leis seo Rialacha 46 (4) agus 54 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 agus 1984, a ghairm den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.