An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IX Leasú ar Fhorálacha i ndáil le Laghdú ar Stocluachanna seachas i dTrádáil na Feirmeoireachta) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

Caibidil X

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leathnú ar alt 19 (urrúis rialtais agus urrúis eile) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

66. —Beidh feidhm le halt 19 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , i ndáil le hurrúis arna n-eisiúint—

(a) sa Stát, le ceadú an Aire Airgeadais, ag an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó ag an mBanc Eorpach Infheistíochta mar atá feidhm leis i ndáil leis na cineálacha urrúis a shonraítear i mír (a) den alt sin, agus

(b) ag an bPost nó ag Bord Telecom Éireann agus arna ráthú ag an Aire Airgeadais mar atá feidhm leis i ndáil leis na cineálacha urrúis a shonraítear i mír (d) den alt sin.

Leasú ar alt 25 (áit chónaí phríobháideach) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

67. —Leasaítear leis seo alt 25 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10):

“(10A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘bundáta', i ndáil le sócmhainn a dhiúscróidh pearsa aonair, an dáta a fuair sé an tsócmhainn nó, má bhí an tsócmhainn á sealbhú aige ar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, an dáta sin;

ciallaíonn ‘bunluach', i ndáil le sócmhainn a dhiúscróidh pearsa aonair, méid nó luach na comaoine, in airgead nó i luach airgid, a thug sé féin nó a tugadh thar a cheann go hiomlán agus go heisiatach chun an tsócmhainn a fháil cé is moite de na costais theagmhasacha a bhain dó á fáil nó, má bhí an tsócmhainn á sealbhú aige ar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, margadhluach na sócmhainne ar an dáta sin;

tá le ‘luach úsáide reatha’ agus ‘talamh forbraíochta’ na bríonna céanna atá leo in alt 36 den Acht Airgeadais, 1982 .

(b) I gcás—

(i) ina bhfaibhreoidh gnóchan chuig pearsa aonair as sócmhainn, nó leas i sócmhainn, ar talamh forbraíochta í a dhiúscairt, agus

(ii) ar leith ón bhfo-alt seo, go dtabharfaí faoiseamh faoin alt seo i leith diúscairt na sócmhainne sin (is sócmhainn lena mbaineann fo-alt (1) nó (9A)), agus

(iii) gur ar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, a rinneadh an diúscairt,

ansin, faoi réir mhír (c), ní thabharfar an faoiseamh sin a dúradh i leith an ghnóchain (nó, más iomchuí, i leith coda den ghnóchan) ach amháin a mhéid (más aon mhéid é) a thabharfaí an faoiseamh sin dá ndéanfaí, le linn an gnóchan inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as an diúscairt (d'ainneoin gur dhiúscairt ar thalamh forbraíochta an diúscairt) a bheith á ríomh, na nithe seo a leanas a eisiamh ón ríomh, eadhon—

(I) an méid (más ann) ar mó bunluach na sócmhainne ná luach úsáide reatha na sócmhainne ar an mbundáta,

(II) an méid ar mó an chomaoin i leith diúscairt na sócmhainne ná luach úsáide reatha na sócmhainne ar dháta na diúscartha,

(III) mura raibh an tsócmhainn á sealbhú aige ar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cibé comhréir (más ann) de na costais theagmhasacha a bhain don phearsa aonair ag fáil na sócmhainne ab inchurtha i leith an mhéid (más ann) dá dtagraítear i bhfomhír (I), agus

(IV) cibé comhréir de na costais theagmhasacha a bhain don phearsa aonair ag diúscairt na sócmhainne ab inchurtha i leith an mhéid dá dtagraítear i bhfomhír (II).

(c) Ní bheidh feidhm le mír (b) maidir le diúscairt a dhéanfaidh pearsa aonair in aon bhliain mheasúnachta mura mó ná £15,000 an chomaoin iomlán i leith na ndiúscairtí go léir a dhéanfaidh an phearsa aonair sin sa bhliain sin agus a mbeadh feidhm leis an mír sin ina leith murach sin.”.