An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

CUID III

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid III).

84. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Airgeadais, 1976 ;

ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Airgeadais, 1983 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 .

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

85. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “gnó”:

“ní fholaíonn ‘éadaí’ coisbheart;”,

agus

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach san fho-alt sin (1) i ndiaidh an mhínithe ar “feirmeoir cothrom-ráta”:

“folaíonn ‘coisbheart’ bróga, buatais, slipéir agus a leithéidí ach ní fholaíonn sé stocaí, fostocaí, gearrstocaí, stocaí rúitín nó airceadail dá samhail ná coisbheart gan bhoinn ná coisbheart arb éard é nó ar cuid de trealamh scátála nó snámha;”.

Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

86. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ), trí “nó ag bisiú” a chur isteach i ndiaidh “i gcúrsa”,

(b) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 )—

(i) i bhfomhír (c) (ii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 ) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “earraí inchánacha”, eadhon, “(nach earraí is inmhuirearaithe de réir ceachtar de na rátaí a shonraítear i míreanna (a) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 11 a tháirg nó a mhonaraigh sé go hiomlán nó go formhór as ábhair is inmhuirearaithe de réir an ráta a shonraítear i mír (b) den fho-alt sin)”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 ):

“(e) duine, seachas duine lena mbaineann mír (a), (b) nó (c), nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán i leith earraí agus seirbhísí inchánach arna soláthar aige thar £12,000 in aon tréimhse leanúnach dhá mhí dhéag:

Ar choinníoll más rud é, i gcás dhá dhuine nó níos mó a bhfeidhmíonn duine amháin díobh rialú ar dhuine amháin nó níos mó de na daoine eile, go soláthróidh dhá dhuine nó níos mó díobh sin earraí den aicme chéanna nó seirbhísí den ghné céanna, go ndéanfar, chun críocha fheidhmiú mhíreanna (c) agus (e) i ndáil le gach duine de na daoine sin a dúradh a rinne na soláthairtí sin, iomlán na comaoine i ndáil leis na soláthairtí sin a áireamh ionann is dá mba gach duine de na daoine sin is deireanaí a luaitear a rinne na soláthairtí go léir atá i gceist.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ):

“(3B) San alt seo ciallaíonn ‘rialú’, i ndáil le comhlacht corpraithe, cumhacht duine a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó trí chumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó in aon chomhlacht corpraithe eile, nó i ndáil leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile a rialálann an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, go seoltar gnóthaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite de réir thoil an duine sin, agus ciallaíonn sé, i ndáil le comhpháirtíocht, an ceart chun riar is mó ná leath de shócmhainní, nó is mó ná leath d'ioncam, na comhpháirtíochta a fháil.”.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

87. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 )—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (aa) (a cuireadh isteach le hAcht 1983):

“(aaa) 8 faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar earraí de chineál a shonraítear sa Seachtú Sceideal,”,

agus

(ii) trí “, (aaa)” a chur isteach i ndiaidh “(aa)” i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ),

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach le hAcht 1976), trí”, fo-alt (1) (aaa)” a chur isteach i ndiaidh “fo-alt (1) (aa)” i mír (e) (i), agus

(c) i bhfo-alt (8), trí “an Dara, an Tríú, an Séú nó an Seachtú Sceideal” a chur in ionad “an Dara, an Tríú nó an Séú Sceideal” i mír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ).

Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.

88. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (aa) (a cuireadh isteach le hAcht 1983) d'fho-alt (1):

“(aaa) ar earraí de chineál a shonraítear sa Seachtú Sceideal de réir an chéatadáin a shonraítear in alt 11 (1) (aaa) de luach na n-earraí, agus”.

Leasú ar alt 18 (taifid a iniúchadh agus a thabhairt chun siúil) den Phríomh-Acht.

89. —Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) Chun críocha an Achta seo agus rialachán, féadfaidh oifigeach údaraithe, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh nó áit a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go seoltar gnó ann nó go ndéantar aon ní i ndáil le gnó ann agus—

(i) féadfaidh sé a cheangal ar an duine a sheolann an gnó nó ar aon duine san áitreabh sin nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an gnó nó a bhfuil baint aige leis i seoladh an ghnó, aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a thabhairt ar aird a bhaineann leis an ngnó nó le haon ghnó eile a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go mb'fhéidir go bhfuil, nó go raibh, baint nó caidreamh trádála aige leis an ngnó sin,

(ii) féadfaidh sé, má tá cúis aige chun a chreidiúint nach bhfuil aon cheann de na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile a cheangail sé a thabhairt ar aird dó faoi fhorálacha an fho-ailt seo tugtha ar aird amhlaidh, cuardach a dhéan amh san áitreabh sin nó san áit sin le haghaidh na leabhar, na dtaifead, na gcuntas nó na ndoiciméad eile sin,

(iii) féadfaidh sé, i gcás aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a bheidh tugtha ar aird dó nó aimsithe aige, cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus iad a thabhairt chun siúil agus a choinneáil go ceann cibé tréimhse is réasúnach chun iad a scrúdú tuilleadh nó chun críocha aon imeachtaí chun pionós a ghnóthú i ndáil le cáin,

(iv) féadfaidh sé, má tá cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil earraí a bhaineann le soláthairtí nó allmhairí inchánach á gcoinneáil san áitreabh sin nó san áit sin agus nach bhfuil sonraí i dtaobh na n-earraí sin coimeádta agus coinnithe, mar a cheanglaítear leis an Acht seo nó le rialacháin, i leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile de chuid an ghnó nó de chuid aon ghnó eile ar a bhfuil a shamhail de cheangal sonraí i dtaobh na n-earraí sin a choimeád agus a choinneáil, an t-áitreabh sin nó an áit sin a chuardach le haghaidh na n-earraí sin agus, ar iad a aimsiú, iad a scrúdú agus sonraí ina dtaobh a thógáil,

(v) féadfaidh sé a cheangal ar an duine a sheolann an gnó, nó ar aon duine san áitreabh sin nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an gnó nó a bhfuil baint aige leis i seoladh an ghnó, gach cúnamh réasúnach a thabhairt don oifigeach údaraithe.

(b) Ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine a sheolann gairm, ná ar aon duine atá fostaithe ag aon duine a sheolann gairm, aon doiciméid a bhaineann le cliant a thabhairt ar aird d'oifigeach údaraithe, seachas cibé doiciméid a bheidh ábhartha do chúrsaí cánach an duine a sheolann an ghairm, agus, go háirithe, ní bheidh de cheangal air aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de ghné rúnda a bheidh tugtha do chliant a nochtadh.”,

agus

(b) trí fho-alt (2) a scriosadh.

Leasú ar alt 26 (pionóis i gcoitinne) den Phríomh-Acht.

90. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht, maidir le neamhchomhlíonadh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis—

(a) i bhfo-alt (1), trí “18 (2)” a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (3A), trí “fo-alt (3) d'alt 18 nó ceanglas oifigigh údaraithe faoin alt sin” a chur in ionad “alt 18 (3)”.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

91. —Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (v):

“(w) meándéanamh a chinneadh chun críocha mhír (xvii) den Dara Sceideal;”, agus

(b) trí “nó i ndáil leis an ní a shonraítear i bhfo-alt (1) (w)” a chur isteach i ndiaidh “d'alt 15” i bhfo-alt (2A).

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

92. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xvii):

“(xvii) earraí éadaí pearsanta do leanaí nach mó a méideanna ná méideanna na n-earraí sin is iomchuí do leanaí a bhfuil meándéanamh leanaí deich mbliana d'aois orthu (ach measfar chun críocha na míre seo gur leanbh deich mbliana d'aois leanbh a bhfuil deich mbliana nó deich mbliana agus codán de bhliain slánaithe aige) ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

(a) earraí éadaí atá déanta go hiomlán nó go páirteach as seithí fionnaidh ach amháin baill éadaí nach bhfuil orthu ach ciumhsóga de sheithí fionnaidh mura rud é gur mó na ciumhsóga sin ná an cúigiú cuid d'achar an ábhair sheachtraigh, agus

(b) earraí éadaí nach bhfuil tuairiscithe, lipéadaithe, marcáilte nó margaithe ar bhonn aoise nó méide;”,

agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (xviii):

“(xviii) tuáillí sláintíochta agus tampóin sláintíochta;

(xviiia) coisbheart;”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

93. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i gCuid I—

(i) trí “coincréit,” a scriosadh as mír (x) (b), agus

(ii) trí “, sa Séú nó sa Seachtú” a chur isteach i ndiaidh “sa Dara” i mír (xxviii),

agus

(b) i gCuid II, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (viii):

“(viii) fruiliú earraí a shonraítear i míreanna (xvii) agus (xviii) den Dara Sceideal agus i mír (i) den Seachtú Sceideal.”.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

94. —Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1983) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ii):

“(iia) coincréit atá réidh le doirteadh;”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iii):

“(iiia) taibhithe beo amharclainne nó ceoil, lena n-áirítear sorcais, a sheoladh nó daoine a ligean isteach chucu, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

(a) damhsaí lena mbaineann alt 11 (7), nó

(b) taibhithe a bhfuil saoráidí ar fáil i ndáil leo le go gcaithfidh daoine atá ag freastal ar an taibhiú bia nó deoch le linn an taibhithe go léir nó le linn coda de;”.

An Seachtú Sceideal a chur isteach sa Phríomh-Acht.

95. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1983):

“AN SEACHTÚ SCEIDEAL

Earraí is Inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (aaa)

(i) Earraí éadaí pearsanta agus ciarsúir theicstíleacha, seachas—

(a) earraí éadaí atá déanta go hiomlán nó go páirteach as seithí fionnaidh, ach amháin baill éadaí nach bhfuil orthu ach ciumhsóga de sheithí fionnaidh mura rud é gur mó na ciumhsóga sin ná an cúigiú cuid d'achar an ábhair sheachtraigh, agus

(b) earraí éadaí pearsanta de chineál a shonraítear i míreanna (xvii) agus (xviii) den Dara Sceideal;

(ii)  (a) faibricí, abhras, snáth agus leathar de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú éadaí, lena n-áirítear leaisticí, téip agus ábhair stuála san fhoirm a sholáthraítear le haghaidh monarú éadaí, agus

(b) abhras de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú faibricí éadaí.”.

Ráta cánach i ndáil le fruiliú gearrthéarma earraí áirithe.

96. —D'ainneoin fhorálacha alt 11 den Phríomh-Acht, is é an ráta cánach breisluacha is inmhuirearaithe ar na seirbhísí seo a leanas, 18 faoin gcéad den mhéid ar inmhuirearaithe cáin ina leith i ndáil leis na seirbhísí sin:

(a) an tseirbhís a shonraítear i mír (ii) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, agus

(b) an tseirbhís arb é atá inti puball, nó feithicil atá deartha agus déanta, nó oiriúnaithe, chun daoine a iompar de bhóthar, a fhruiliú do dhuine faoi chomhaontú den chineál a shonraítear sa mhír sin (ii).