An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil III Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

Caibidil II

Tobhach Ioncaim

Leasú ar alt 16 (tobhach ioncaim) den Acht Airgeadais, 1983 .

10. —Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1983

(a) i bhfo-alt (2):

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) ag na Rialacháin um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg, 1982 (I.R. Uimh. 84 de 1982), ag na Rialacháin um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg (Leasú), 1983 (I.R. Uimh. 52 de 1983) agus ag na Rialacháin um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg (Leasú), 1984 (I.R. Uimh. 75 de 1984) (dá ngairtear ‘na Rialacháin’ san fho-alt seo)”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (v):

“(v) in alt 1 (1) den Acht, cuirfear an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar ‘bliain ranníoca':

`ciallaíonn “bliain ranníoca” bliain mheasúnachta, de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim, arb í an bhliain 1983-84 nó an bhliain 198485 í,”',

agus

(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“Ar choinníoll nach ndlífidh pearsa aonair tobhach ioncaim a íoc—

(a) maidir le haon íocaíocht ar chuntas díolaíochtaí a dhéantar sa bhliain ranníoca (de réir bhrí an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 , arna mhodhnú leis an alt seo) 1984-85, más díolaíochtaí amháin a ioncam ináirithe an bhliain sin agus mura mó méid na híocaíochta ná méid is ionann agus £96, i gcás inar seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith nó méid comhréire, i gcás inar mó nó inar lú ná seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó

(b) maidir lena ioncam ináirithe don bhliain ranníoca (de réir bhrí an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 , arna mhodhnú leis an alt seo) 1984-85, mura díolaíochtaí amháin an t-ioncam sin agus mura mó méid an ioncaim sin ná £5,000 an bhliain sin.”.