12 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1984


AN tACHT UM BEOSTOC A ONNMHAIRÍTEAR (ÁRACHAS), 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Ceapachán chun an Bhoird agus comhaltas an Bhoird.

3.

Córam an Bhoird.

4.

An Bord a fhoirceannadh.

5.

Cuntas críochnaitheach.

6.

Comhairle a thabhairt don Aire maidir le hairgead a bheidh fágtha sa Chiste a dhiúscairt.

7.

An Bord a dhíscaoileadh.

8.

Teorainn a chur le héilimh a dhéanamh faoi na hAchta um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Árachas), 1940 go 1950.

9.

Gan aon orduithe eile a dhéanamh faoi alt 4 d'Acht 1943.

10.

Aisghairm.

11.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Árachas), 1950

1950, Uimh. 10

Na hAchta um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Árachas), 1940 go 1950

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1984


AN tACHT UM BEOSTOC A ONNMHAIRÍTEAR (ÁRACHAS), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÍSCAOILEADH AN BHOIRD UM EALLACH STUIC A hEASPORTÁLFAR (ÁRACHAS) AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN DÍSCAOILEADH SIN. [4 Iúil, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Árachas), 1950 .

Ceapachán chun an Bhoird agus comhaltas an Bhoird.

2. —(1) Amhail ón Acht seo a rith triúr comhalta ar a laghad nó naonúr comhalta ar a mhéad a bheidh ar an mBord.

(2) (a) Is é an tArd-Choiste a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird.

(b) Duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta den Bhord de bhun an fho-ailt seo, leanfaidh sé, mura bhfaighidh sé bás, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin, de bheith ina chomhalta den Bhord fad a leanfaidh an Bord ar marthain.

(3) D'ainneoin fho-alt (4) d'alt 6 d'Acht 1943, aon duine—

(a) a ceapadh, de bhun an ailt sin 6, chun bheith ina chomhalta den Bhord i Meitheamh, 1980, agus

(b) nár éirigh as an gcomhaltas sin nó nár tháinig faoi dhícháilíocht, roimh an Acht seo a rith,

measfar gur lean sé de bheith ina chomhalta, agus gur chomhalta é, den Bhord díreach roimh an Acht seo a rith.

(4) Duine a measadh, nó a mheastar leis an alt seo, bheith ina chomhalta den Bhord díreach roimh an Acht seo a rith, leanfaidh sé, mura bhfaighidh sé bás, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht, de bheith ina chomhalta den Bhord fad a leanfaidh an Bord ar marthain.

(5) Aon uair a scoirfidh duine de bheith ina chomhalta den Bhord, cibé acu de bharr bás a fháil, de bharr éirí as oifig nó de bharr teacht faoi dhícháilíocht, agus gur lú ná triúr líon chomhaltaí an Bhoird mar gheall ar an scor sin, déanfaidh an tArd-Choiste ceapachán, a luaithe is féidir, faoi fho-alt (2) den alt seo maidir leis an bhfolúntas.

(6) Scoirfidh alt 6 (4) d'Acht 1943, a mhéid a cheanglaíonn sé ar an Ard-Choiste comhaltaí den Bhord a cheapadh, d'éifeacht a bheith leis.

Córam an Bhoird.

3. —Amhail ar agus ón Acht seo a rith, forléireofar alt 9 (1) den Phríomh-Acht, agus beidh éifeacht leis, ionann is dá mba thagairt do bheirt an tagairt do thriúr atá ann.

An Bord a fhoirceannadh.

4. —(1) Déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, a ghnóthaí a fhoirceannadh.

(2) (a) Féadfaidh an Bord aon ní a dhéanamh nó a chur á dhéanamh is gá lena chur ar a chumas an oibleagáid a fhorchuirtear air le fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh.

(b) (i) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo agus d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, faoi réir fhomhír (ii) den mhír seo, féadfaidh an Bord, chun na críche dá dtagraítear sa mhír sin, deireadh a chur le ceapachán aon duine faoi alt 12 den Phríomh-Acht arb é atá ann, de thuras na huaire, rúnaí nó rúnaí cúnta an Bhoird nó oifigeach den Bhord.

(ii) Cuirfear deireadh le ceapachán dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír seo ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar idir an Bord agus an duine eile lena mbaineann, nó, cheal comhaontú den sórt sin, de réir mar a chinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh an Bord a leas in aon áitreabh a bheidh faighte nó tógtha ar léas aige de bhun alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 7 d'Acht 1943) a shannadh, a thabhairt suas ná a dhiúscairt thairis sin gan ceadú a fháil roimh ré ón Aire.

Cuntas críochnaitheach.

5. —(1) Maidir le tréimhse marthana an Bhoird tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1984, forléireofar alt 14 (1) den Phríomh-Acht mar ní a cheanglaíonn ar an mBord cuntas críochnaitheach a ullmhú, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, ina dtaispeánfar, maidir leis an tréimhse sin, gach íocaíocht, eisíocaíocht, infheistíocht, díolachán agus déileáil eile dá dtagraítear san alt sin 14 (1).

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 14 den Phríomh-Acht maidir leis an gcuntas a ullmhófar de réir an cheanglais i bhfo-alt (1) den alt seo agus chun críocha na feidhme sin measfar an cuntas sin a bheith ullmhaithe faoin alt sin 14.

Comhairle a thabhairt don Aire maidir le hairgead a bheidh fágtha sa Chiste a dhiúscairt.

6. —(1) Déanfaidh an tArd-Choiste, má iarrann an tAire air déanamh amlaidh, comhairle a thabhairt don Aire a luaithe is féidir faoin tslí inar cheart aon airgead a dhiúscairt a shuífear a bheith fágtha sa Chiste leis an gcuntas dá dtagraítear in alt 5 den Acht seo.

(2) (a) Má ghlacann an tAire le comhairle a thabharfaidh an tArd-Choiste dó faoin alt seo, ordóidh sé don Bhord an t-airgead dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhiúscairt de réir na comhairle sin.

(b) I gcás—

(i) nach nglacfaidh an tAire le comhairle a thabharfaidh an tArd-Choiste dó faoin alt seo, nó

(ii) nach n-iarrfaidh an tAire ar an Ard-Choiste comhairle den sórt sin a thabhairt,

déanfaidh an Bord an t-airgead dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhiúscairt i cibé slí a ordóidh an tAire.

(3) Déanfaidh an Bord de réir an ordaithe a thabharfaidh an tAire faoin alt seo agus ní fhorléireofar aon ní sna hAchta um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Árachas), 1940 go 1950, ná aon riail dlí mar ní a oibríonn chun cosc a chur leis an mBord déanamh de réir an ordaithe.

An Bord a dhíscaoileadh.

7. —I gcás inar deimhin leis an Aire go bhfuil a ghnóthaí foirceanta ag an mBord agus, de bhun alt 14 (3) den Phríomh-Acht, arna fheidhmiú le halt 5 (2) den Acht seo, ina mbeidh an cuntas críochnaitheach dá dtagraítear in alt 5 (1) den Acht seo faighte ag an Aire, agus, go háirithe, inar deimhin leis an Aire—

(a) nach bhfuil aon éileamh arna dhéanamh ar chúiteamh faoi na hAchta um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Árachas), 1940 go 1950, (lena n-áirítear aon achomharc faoi alt 5 d'Acht 1943 nó iarratas ar athscrúdú faoi alt 8 d'Acht 1950) gan ghlanadh, agus

(b) nach bhfuil aon imeachtaí ann a thionscain an Bord de bhun alt 16 d'Acht 1943 agus nár tarraingíodh siar, nár socraíodh nó nár cinneadh go críochnaitheach ar shlí eile,

déanfaidh sé, a luaithe is féidir, le hordú, an Bord a dhíscaoileadh.

Teorainn a chur le héilimh a dhéanamh faoi na hAchta um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Árachas), 1940 go 1950.

8. —Ní dhéanfar éileamh ar chúiteamh faoi na hAchta um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Árachas), 1940 go 1950, tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith.

Gan aon orduithe eile a dhéanamh faoi alt 4 d'Acht 1943.

9. —Ní dhéanfaidh an Bord aon ordú faoi alt 4 d'Acht 1943 tar éis an tAcht seo a rith.

Aisghairm.

10. —(1) Aisghairtear leis seo na hAchtanna seo a leanas:

(a) An Príomh-Acht,

(b) Acht 1943, agus

(c) Acht 1950.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a aisghairtear leis ailt 4 (3), 15, 16 agus 17 (1) den Phríomh-Acht agus ailt 6 (1), 6 (3), 6 (6), 12 agus 13 (1) d'Acht 1943, ar dháta an Achta seo a rith, agus

(b) a mhéid a aisghairtear leis aon fhoráil eile de na hAchta um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Árachas), 1940 go 1950, ar thosach feidhme an Ordaithe faoin Acht seo lena ndíscaoilfear an Bord.

(3) Aisghairfear an tAcht seo an lá díreach tar éis dháta thosach feidhme an ordaithe faoin Acht seo lena ndíscaoilfear an Bord.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Beostoc a Onnmhairítear (Árachas), 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Beostoc a Onnmhairítear (Árachas), 1940 go 1984, a ghairm de na hAchta um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Árachas), 1940 go 1950, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.