14 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1984


AN tACHT UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú agus forléiriú.

2.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

4.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960

1960, Uimh. 32

An tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1982

1982, Uimh. 13

Na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1983

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1984


AN tACHT UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA, 1960 GO 1983.

[10 Iúil, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú agus forléiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1982 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 .

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorálann gur £50,000,000 scairchaipiteal na Cuideachta) trí “£120,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1982), agus tá alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

2.—D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, is é scairchaipiteal na Cuideachta £120,000,000 arna roinnt ina scaireanna punt an ceann agus beidh cumhacht ag an gCuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, siarainn, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht (a chuireann £50,000,000 de theorainn leis na scaireanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a thógáil sa Chuideachta) trí “£120,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1982), agus tá alt 3 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £120,000,000 lena n-áirítear aon suim a caitheadh roimh dháta an Achta seo a rith le ceannach den sórt sin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1984, a ghairm de na hAchtanna um Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1983, agus den Acht seo le chéile.