15 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1984


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (LEASÚ), 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Ré Chuid III d'Acht (Uimh. 2) 1978.

3.

Leasú ar alt 23 d'Acht (Uimh. 2) 1978.

4.

Leasú ar alt 26 d'Acht (Uimh. 2) 1978.

5.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978

1978, Uimh. 16

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Leasú), 1983

1983, Uimh. 20

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1984


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (LEASÚ), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEATHNÚ NA TRÉIMHSE INA bhFÉADFAR IAR-RATAIS A DHÉANAMH FAOI CHUID III DEN ACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOS-ANNA) (UIMH. 2), 1978 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN TÁILLÍ ÁIRITHE FAOIN ACHT SIN A MHÉADÚ.

[10 Iúil, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht (Uimh. 2) 1978” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 ;

ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Leasú), 1983 .

Ré Chuid III d'Acht (Uimh. 2) 1978.

2. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht (Uimh. 2) 1978, arna leasú le halt 1 d'Acht 1983, trí “naoi mbliana” a chur in ionad “sé bliana”.

Leasú ar alt 23 d'Acht (Uimh. 2) 1978.

3. —(1) I ndáil le haon iarratas faoi Chuid III d'Acht (Uimh.2) 1978 a dhéanfar an 1ú lá de Lúnasa, 1984, nó dá éis, beidh éifeacht le halt 23 (1) den Acht sin, arna leasú le halt 2 d'Acht 1983, ionann is dá gcuirfí “£26” in ionad “£15” i mír (a) agus “£63” in ionad “£36” i mír (b).

(2) Scoirfidh na nithe seo a leanas d'éifeacht a bheith leo an lú lá de Lúnasa, 1984, agus dá éis—

(a) in alt 23 (2) d'Acht (Uimh. 2) 1978, na focail “seachas na táillí a luaitear i bhfo-alt (1)”, agus

(b) in alt 23 (3) den Acht sin, na focail “Cé is moite de na táillí atá socraithe i leith na gcásanna a luaitear i bhfo-alt (1)”.

Leasú ar alt 26 d'Acht (Uimh. 2) 1978.

4. —(1) I gcás iarratas a dhéanfar an 1ú lá de Lúnasa, 1984, nó dá éis, ar ordú aistriúcháin de bhun alt 26 d'Acht (Uimh. 2) 1978, £20 an táille a thógfaidh údarás tithíochta as an ordú a eisiúint, ach sin faoi réir fho-alt (2), agus scoirfidh alt 26 (8) d'éifeacht a bheith leis in aon chás den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire Comhshaoil, le toiliú an Aire Airgeadais, an táille a thógfar ó am go ham as ordú aistriúcháin a eisiúint de bhun alt 26 d'Acht (Uimh. 2) 1978 a shocrú le hordú.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Leasú), 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1984, an tAcht seo agus forléireofar na hAchtanna sin agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.