|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
Uimhir 16 de 1984 | ||||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE (LEASÚ), 1984 | |||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
Uimhir 16 de 1984 | ||||||||||||||||||
AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE (LEASÚ), 1984 | ||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH PIONÓIS MHÉADAITHE I LEITH CIONTA ÁIRITHE FAOI NA hACHTANNA UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961 GO 1978, AGUS LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE TRÁCHT AR BHÓITHRE. [18 Iúil, 1984] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Pionóis áirithe faoi alt 102 den Phríomh-Acht a mhéadú. |
2. —Leasaítear leis seo alt 102 den Phríomh-Acht ina bhfuil socrú le haghaidh pionóis mar gheall ar chionta áirithe faoin Acht sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí “£150” a chur in ionad “fiche punt” i mír (a), agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) trí “£350” a chur in ionad “caoga punt” i míreanna (b) agus (c). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Pionóis áirithe eile faoin bPríomh-Acht a mhéadú, etc. |
3. —(1) Duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós in alt den Phríomh-Acht atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag uimhir thagartha áirithe dlífear, in ionad an phionóis airgid a fhoráiltear amhlaidh, an pionós atá sonraithe i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar na hailt atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin, agus beidh éifeacht leo, dá réir sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 12 den Phríomh-Acht: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(4) (a) Má sháraíonn duine fo-alt (3) den alt seo beidh sé féin agus, murab é féin úinéir na feithicle nó an chónaisc feithiclí, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.” | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) d'alt 16 den Phríomh-Acht: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(5) Aon duine a sháróidh ceanglas faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(3A) Tréimhse nach giorra ná bliain a bheidh sa tréimhse dícháiliúcháin a shonrófar in ordú dícháiliúcháin iarmartach i gcás an duine lena mbainfidh an t-ordú a chiontú i gcion faoi alt 56 den Acht seo.”, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(4) Tréimhse nach giorra ná sé mhí a bheidh sa tréimhse dícháiliúcháin a shonrófar in ordú dícháiliú cháin iarmartach i gcás nach dtagann faoi réim fho-alt (3) nó (3A) den alt seo.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 48 den Phríomh-Acht: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná £150 a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 51 (a cuireadh isteach le halt 48 d'Acht 1968) den Phríomh-Acht: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) más le feithicil ainmhí-tharraingthe a bhainfidh an cion, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £150 a chur air más é an chéad chion aige é nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) más le rothar cos a bhainfidh an cion, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £350, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 112 den Phríomh-Acht: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £2,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) Leasaítear leis seo alt 113 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí “in áit phoiblí” a scriosadh i bhfo-alt (1), agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Pionóis áirithe faoi Acht 1968 a mhéadú, etc. |
4. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 11 nó 12 d'Acht 1968, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1968: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1) Baineann an t-alt seo le gach duine a bhfuil ar úinéireacht aige nó a oibríonn líon nach lú ná an líon forordaithe d'fheithiclí inneallghluaiste (is feithiclí ar mó ná 2,000 cileagram a meáchan neamhualaithe agus a úsáidtear in áiteanna poiblí) agus atá sonraithe chun críocha an ailt seo i rialacháin arna ndéanamh faoi.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1968: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1) Más rud é— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go ndéanfar feithicil ar mó ná 17,000 cileagram a meáchan ualaithe (de réir bhrí na rialachán iomchuí), nó cónasc feithiclí ar cuid de an fheithicil sin, a úsáid ar bhóthar poiblí, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go gciontófar an t-úinéir i gcion faoi alt 12 den Phríomh-Acht maidir leis an úsáid sin, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) nár lú ná 1,000 cileagram an breis-mheáchan i gcaitheamh na húsáide sin, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | déanfaidh an chúirt a rinne an ciontú amhlaidh pionós arna shocrú de réir an Tábla a ghabhann leis an alt seo, i dteannta aon phionóis a fhéadfar a fhorchur faoi alt 12 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1984 ), a fhorchur ar an úinéir a chiontófar amhlaidh.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Déantar leis seo an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann le halt 15 d'Acht 1968: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) d'alt 18 d'Acht 1968: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(7) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo a ndeirtear gur pian-rialachán é beidh sé ciontach i gcion agus, i gcás ina sárófar rialachán ag toirmeasc nó ag srianadh teagasc ar luaíocht a thabhairt ag duine seachas teagascóir tiomána ceadúnaithe nó ag toirmeasc duine den sórt sin a fhostú le teagasc a thabhairt ar luaíocht, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 23 d'Acht 1968: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Pionóis áirithe faoi Acht 1978 a mhéadú. |
5. —Duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós in alt d'Acht 1978 atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag uimhir thagartha áirithe dlífear, in ionad an phionós airgid a fhoráiltear amhlaidh, an pionós atá sonraithe i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar na hailt atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin, agus beidh éifeacht leo, dá réir sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cionta lena mbaineann ailt 2 go 5. |
6. —Beidh éifeacht le hailt 2 go 5 den Acht seo i ndáil le cionta a dhéanfar tar éis thosach feidhme an Achta seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
7. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1984 , a ghairm den Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1978, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984, a ghairm díobh le chéile. |