Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

26 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 1984


AN tACHT LEITHREASA, 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

£56,355 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1980, agus £221,447 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1981.

2.

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair do 1984, eadhon, £6,155,662,620, a leithreasú.

3.

Blianachtaí infhoirceanta a eisítear faoi na hAchtanna Caipitil Teileachumarsáide, 1924 go 1981, a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste.

4.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965

1965, Uimh. 26

Public Accounts and Charges Act, 1891

1891, c. 24

Na hAchtanna Caipitil Teileachumarsáide, 1924 go 1981

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 1984


AN tACHT LEITHREASA, 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSÍ NA mBLIANTA DAR CHRÍOCH AN 31ú LÁ DE NOLLAIG, 1980 AGUS AN 31ú LÁ DE NOLLAIG, 1981, AGUS DO LEITHREASÚ SUIM-EANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 CHUN NA SEIR-BHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCHA CUÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE I nDÁIL LE hIAS-ACHTAÍ ÁIRITHE. [26 Nollaig, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: —

£56,355 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1980, agus £221,447 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1981.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim caoga is sé mhíle, trí chéad caoga is cúig phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1980, agus suim dhá chéad fiche is aon mhíle, ceithre chéad daichead is seacht bpunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1981.

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair do 1984, eadhon, £6,155,662,620, a leithreasú.

2. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim sé mhile, céad caoga is cúig mhilliún, sé chéad seasca is dhá mhíle, sé chéad is fiche punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1984, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach i gcolún (4) den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim ceithre chéad seasca is trí mhilliún, aon chéad is ocht míle, sé chéad punt, a úsáid as aon airgead a ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891 a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

Blianachtaí infhoirceanta a eisítear faoi na hAchtanna Caipitil Teileachumarsáide, 1924 go 1981, a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste.

3. —Déanfar aon airgead a bheidh dlite maidir le príomhshuim nó ús, ar scór blianachta infhoirceanta arna bunú ag an Aire Airgeadais faoi aon fhoráil de na hAchtanna Caipitil Teileachumarsáide a mhuirearú, ón 1 Eanáir, 1984, ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1984 , a ghairm den Acht seo.