1 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1985


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.

2.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1979

Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1979

1979, Uimh. 32

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1985


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH, 1972 , IONAS GO nDÉANFAR SOCRÚ GUR CUID DE DHLÍ INMHEÁNACH AN STÁIT AN CONRADH LENA bhFORÁILTEAR GO SCOIRFIDH GACH CEANN DE NA CONARTHAÍ AG BUNÚ NA gCOMHPHOBAL EORPACH (DE RÉIR BHRÍ ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH, 1972 ) D'FHEIDHM A BHEITH ACU MAIDIR LEIS AN nGRAONLAINN AGUS LENA dTUGTAR ISTEACH COMHSHOCRAÍOCHTAÍ NUA AG RIALÚ CAIDRIMH IDIR NA TÍORTHA SIN AGUS AN GHRAONLAINN. [23 Eanáir, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

1. —Leasaítear leis seo Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha” in alt 1 (1), i ndiaidh mhír (k) (a cuireadh isteach le hAcht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1979 ):

“agus

(l) an Conradh lena leasaítear, maidir leis an nGraonlainn, na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach, a síníodh sa Bhruiséil an 12ú lá de Mhárta, 1984”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1985, a ghairm d'Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1979, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé dáta a cheapfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú.