An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Limistéir a bhaintear de Cheantar Sláinte Contae na Gaillimhe agus a chuirtear le Buirg na Gaillimhe de bhua alt 19 (1))

7 1985

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ATHEAGRÚ), 1985

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Rialacha a bhaineann le ceapacháin ag údaráis áitiúla chun coistí áirithe agus chun comhlachtaí eile

Alt 27.

CUID I

Rialacha maidir le Ceapacháin a Dhéanamh chun Coistí Talmhaíochta

1. Na daoine a mbeidh feidhm maidir lena gceapacháin ag Riail 2 (2) de Rialacha 1931 ceapfar iad sula gceapfar aon daoine eile mar chomhaltaí ar an gcoiste lena mbaineann.

2. I gcás ceanglais Riail 1 den Sceideal seo a bheith comhlíonta déanfar ina dhiaidh sin cibé ceapacháin (más ann) a bheidh riachtanach an tráth sin chun ceanglais Riail 4 de Rialacha 1931 a chomhlíonadh agus is trí vótáil tromlaigh a dhéanfar gach ceapachán den sórt sin.

3. I gcás ceanglais Rialacha 1 agus 2 den Sceideal seo a bheith comhlíonta déanfar ina dhiaidh sin na ceapacháin a bheidh le déanamh an tráth sin chun ceanglais Rialacha 1931 a chomhlíonadh agus is de réir na Rialacha atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal seo a dhéanfar amhlaidh gach ceapachán den sórt sin.

CUID II

Rialacha maidir le Ceapacháin a dhéanamh chun Coistí agus Comhlachtaí eile a luaitear in alt 27 (2) nó a shonrófar in ordú faoin alt sin.

4. Más rud é go mbeidh duine amháin, agus nach mbeidh ach duine amháin, le ceapadh ag údarás áitiúil chun coiste talmhaíochta, nó chun coiste nó comhlachta eile a luaitear in alt 27 (2) den Acht seo, nó a shonrófar in ordú faoin alt sin, ceapfar é, trí thromlach vótaí de chomhaltaí an údaráis áitiúil a bheidh i láthair ag an gcruinniú den údarás an tráth a shroichfear gnó déanta an cheapacháin.

5. Más rud é go mbeidh beirt nó níos mó le ceapadh ag údarás áitiúil chun coiste talmhaíochta nó chun coiste nó comhlachta eile a luaitear in alt 27 (2) den Acht seo, nó a shonrófar in ordú faoin alt sin, ceapfar iad de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) féadfaidh aon ghrúpa comhaltaí de chuid an údaráis áitiúil, ina mbeidh an líon comhaltaí is gá chun críocha na Rialacha seo, duine a ainmniú chun bheith ina chomhalta den choiste nó den chomhlacht eile agus ceapfar an duine amhlaidh ar an ainmniúchán sin gan aon vótáil; agus

(b) na comhaltaí den choiste nó den chomhlacht eile a bheidh fágtha lena gceapadh dá éis sin, ceapfar iad go leanúnach trí thromlach vótaí de chomhaltaí an údaráis áitiúil nach comhaltaí d'aon ghrúpa dá dtagraítear i mír (a).

6.  (a) Faoi réir mhír (b) den Riail seo, déanfar an líon comhaltaí de chuid údaráis áitiúil is gá chun grúpa a chruthú chun críocha na Rialacha seo, a fháil trí líon iomlán na gcomhaltaí sin a bheidh i láthair ag cruinniú an údaráis an tráth a shroichfear gnó déanta na gceapachán ábhartha lena mbaineann an Sceideal seo a roinnt ar an líon ceapachán a bheidh le déanamh amhlaidh, nó, i gcás nach slánuimhir an uimhir a gheofar amhlaidh, an chéad slánuimhir eile os cionn na huimhreach a gheofar amhlaidh.

 (b) Ní bheidh aon chomhalta de chuid údaráis áitiúil ina chomhalta de bhreis is aon ghrúpa amháin chun críocha na Rialacha seo.

7. Sa Sceideal seo ciallaíonn “Rialacha 1931” na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931 .