An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II An Chomhairle Fiaclóireachta) Ar Aghaidh (CUID IV Oideachas agus Oiliúint)

9 1985

ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1985

CUID III

Clárú

An clár a bhunú.

26. —(1) Ullmhóidh agus bunóidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis bhunú na Comhairle, clár d'fhiaclóirí (dá ngairtear “an clár” san Acht seo) ar a dtabharfar Clár na bhFiaclóirí.

(2) Is i cibé foirm a shonróidh an Chomhairle a bheidh an clár agus taispeánfaidh an clár cé acu lán-chláraithe nó cláraithe go díomuan do gach duine a bhfuil a ainm taifeadta ann.

(3) Gach duine a dtaifeadtar a ainm sa chlár, déanfaidh an Chomhairle a luaithe is féidir tar éis a chlárú a bheith críochnaithe, deimhniú á rá go bhfuil a ainm taifeadta sa chlár agus cé acu an lán-chlárú nó clárú díomuan atá ann, a sheoladh chuige.

(4) Gach duine a dtaifeadtar a ainm sa chlár, cuirfidh sé faoi deara a luaithe is féidir tar éis dó an deimhniú a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a fháil, an deimhniú sin a chur ar taispeáint san áit a gcleachtann sé an fhiaclóireacht gach uile thráth fad a leanfaidh a chlárú agus ní aon tráth eile.

(5) D'ainneoin na haisghairme ar Acht na bhFiaclóirí, 1928 , a dhéantar leis an Acht seo, déanfaidh an Chomhairle an clár d'fhiaclóirí a d'ullmhaigh agus a chothabáil Bord na bhFiaclóirí faoi alt 23 den Acht sin, a chothabháil agus a choimeád go dtí go n-ullmhóidh agus go mbunóidh an Chomhairle an clár de bhun fho-alt (1) den alt seo agus go dtí sin measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an clár d'fhiaclóirí a dúradh an clár.

(6) Deimhniú a eiseoidh an Cláraitheoir á rá go bhfuil ainm an duine lena mbaineann an deimhniú taifeadta sa chlár, beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn a shínigh an deimhniú ná gurbh é an duine sin an duine cuí lena shíniú amhlaidh, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú, go dtí go suífear a mhalairt.

(7) Coimeádfar an clár in oifigí na Comhairle agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh le linn uaireanta an chloig oifige.

Daoine a bheidh i dteideal a gcláraithe sa chlár.

27. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, déanfar gach duine a mbeidh a ainm, ar dháta an chláir a bhunú, taifeadta sa chlár d'fhiaclóirí a bhí á chothabháil ag Bord na bhFiaclóirí faoi alt 23 d'Acht na bhFiaclóirí, 1928 , a chlárú sa chlár.

(2) Faoi réir fhorálacha ailt 28 agus 65 den Acht seo, aon duine—

(a) a bhí, díreach sular bunaíodh an clár, i dteideal a chláraithe de réir Acht na bhFiaclóirí, 1928 , agus nach raibh cláraithe amhlaidh, nó

(b) a ndéanfar, tar éis an clár a bhunú, aon cheann de na buncháilíochtaí san fhiaclóireacht atá sonraithe sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dhámhachtain dó. nó

(c) is náisiúnach de Bhallstát agus a mbeidh cáilíocht san fhiaclóireacht dáfa dó i mBallstát ar cáilíocht í a bhfuil sé d'oibleagáid ar an Stát aitheantas a thabhairt di de bhun fhorálacha aon Treorach lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach, nó

(d) a dheimhneoidh don Chomhairle go ndeachaigh sé faoi cibé cúrsaí oiliúna agus gur ghnóthaigh sé cibé scrúduithe a bheidh sonraithe chun críocha an ailt seo i rialacha a bheidh déanta ag an gComhairle, déanfar, ar é do dhéanamh iarratais san fhoirm agus sa tslí a bheidh cinnte ag an gComhairle agus ar an táille iomchuí a íoc, é a chlárú sa chlár.

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an gComhairle diúltú ainm aon duine a chlárú, is duine a bheidh, thairis sin, i dteideal a chláraithe, ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na fiaclóireachta.

(4) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach, leis an bpost réamhíoctha, chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(5) Féadfaidh duine lena mbaineann cinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(a) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle an cinneadh a dhéanamh, nó

(b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine a rinne an t-iarratas a chlárú, nó

(c) an cinneadh a chealú agus—

(i) a ordú don Chomhairle cinneadh nua a dhéanamh, nó

(ii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Chomhairle.

Clárú díomuan.

28. —(1) I gcás gur deimhin leis an gComhairle—

(a) go bhfuil duine, nach bhfuil thairis sin i dteideal a chláraithe, sa Stát, nó go bhfuil beartaithe aige bheith sa Stát, go díomuan chun a fhostaithe i gcleachtadh na fiaclóireachta i bhforas nó i gclinic atá ceadaithe ag an gComhairle chun críocha an ailt seo, agus

(b) go bhfuil ag an duine sin céim, dioplóma nó cáilíocht eile a thugann, i dtuairim na Comhairle, leor-ráthaíocht go bhfuil aige an t-eolas agus an oilteacht is gá chun an fhiaclóireacht a chleachtadh go héifeachtúil agus gur ghnóthaigh sé scrúdú iomchuí chun an chéim, an dioplóma nó an cháilíocht eile sin de réir mar a bheidh, a fháil

féadfaidh an Chomhairle, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, agus ar an duine sin do dhéanamh iarratais san fhoirm agus sa tslí a bheidh cinnte ag an gComhairle agus ar an táille iomchuí a íoc, an duine sin a chlárú go díomuan sa chlár go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an Chomhairle.

(2) Féadfaidh an Chomhairle tréimhse a bheidh cinnte faoi fho-alt (1) den alt seo a fhadú go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí breise a chinnfidh an Chomhairle, ar choinníoll nach faide ná cúig bliana comhiomlán na dtréimhsí sin.

An Clár de Shaineolaithe Fiaclóireachta.

29. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, clár ar a dtabharfar an Clár de Shaineolaithe Fiaclóireachta a ullmhú agus a bhunú ina mbeidh rannán maidir le gach speisialtacht fiaclóireachta dá dtabharfaidh an Chomhairle aitheantas ó am go ham faoi alt 37 den Act seo.

(2) Déanfar an Clár de Shaineolaithe Fiaclóireachta a choimeád in oifigí na Comhairle agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh le linn uaireanta an chloig oifige.

Daoine a bheidh i dteideal a gcláraithe sa Chlár de Shaineolaithe Fiaclóireachta.

30. —(1) Aon uair a bhunóidh an Chomhairle clár de bhun alt 29 den Acht seo, beidh na daoine seo a leanas, a chomhlíonann na coinníollacha atá sonraithe i bhfo-alt (2) den alt seo i dteideal a gcláraithe, faoi réir fhorálacha an Achta seo, sa Chlár de Shaineolaithe Fiaclóireachta, is é sin le rá—

(a) gach fiaclóir cláraithe a raibh, i dtuairim na Comhairle, a shainoiliúint i speisialtacht dá dtugann an Chomhairle aitheantas faoi alt 37 (1) den Acht seo críochnaithe aige sular bunaíodh an clár sin,

(b) gach fiaclóir cláraithe a ndéanfaidh comhlacht dá mbeidh aitheantas tugtha, faoi alt 37 (3) den Acht seo, ag an gComhairle fianaise ar shainoiliúint a bheith críochnaithe go sásúil aige a thabhairt dó tar éis an clár sin a bhunú,

(c) gach náisiúnach de Bhallstát a mbeidh cáilíocht i speisialtacht fiaclóireachta dá dtugann an Chomhairle aitheantas dáfa dó i mBallstát, ar cáilíocht í a bhfuil sé d'oibleagáid ar an Stát aitheantas a thabhairt di de bhun fhorálacha aon Treorach lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach,

(d) aon duine a dheimhneoidh don Chomhairle go bhfuil clár oiliúna sa tsainfhiaclóireacht críochnaithe aige de chaighdeán a mheasfaidh an Chomhairle a bheith leordhóthanach.

(2) Sula gclárófar aon duine sa Chlár de Shaineolaithe Fiaclóireachta—

(a) beidh sé lán-chláraithe sa chlár,

(b) iarrfaidh sé go gclárófar é sa Chlár de Shaineolaithe Fiaclóireachta san fhoirm agus sa tslí a bheidh cinnte ag an gComhairle, agus

(c) íocfaidh sé an táille iomchuí i ndáil le gach clárú den sórt sin.

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an gComhairle diúltú ainm aon duine a chlárú, is duine a beidh, thairis sin, i dteideal a chláraithe, ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na fiaclóireachta.

(4) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach, leis an bpost réamhíoctha, chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(5) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(a) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle an cinneadh a dhéanamh nó

(b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine a rinne an t-iarratas a chlárú, nó

(c) an cinneadh a chealú agus—

(i) a ordú don Chomhairle cinneadh nua a dhéanamh, nó

(ii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Chomhairle.

Cáilíochtaí breise a chlárú.

31. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh aon duine atá cláraithe sa chlár, tráth ar bith tar éis a chéad-chláraithe, iarratas a dhéanamh, sa tslí agus san fhoirm a bheidh cinnte ag an gComhairle, go ndéanfar cáilíocht bhreise a thaifeadadh sa chlár i dteannta na gcáilíochtaí dá chuid a bheidh taifeadta ann cheana féin.

(2) Cinnfidh an Chomhairle na cáilíochtaí, nach cáilíochtaí is gá le haghaidh clárú a fhéadfar, ar iarratas ó dhuine atá cláraithe sa chlár sa tslí atá cinnte ag an gComhairle agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha, a thaifeadadh sa chlár mar cháilíochtaí breise.

(3) Aon uair a chinnfidh an Chomhairle, ar iarratas ó aon fhiaclóir cláraithe, aon cháilíochtaí breise i leith an fhiaclóra sin a thaifeadadh sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis an clárú a bheith críochnaithe, deimhniú a sheoladh chuig an bhfiaclóir sin á rá go bhfuil na cáilíochtaí breise sin taifeadta sa chlár.

Iarratas ó fhiaclóir cláraithe go mbainfear a ainm den chlár.

32. —(1) Féadfaidh aon fhiaclóir cláraithe iarratas a dhéanamh chun na Comhairle go mbainfear a ainm d'aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle agus ina mbeidh a ainm cláraithe agus, ar an iarratas sin a fháil agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha, féadfaidh an Chomhairle ainm an fhiaclóra chláraithe a bhaint d'aon chlár den sórt sin.

(2) Duine ar bith ar baineadh a ainm faoi fho-alt (1) den alt seo d'aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun na Comhairle go gcuirfear a ainm ar ais sa chlár sin, agus, faoi réir fhorálacha an Achta seo agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha, féadfaidh an Chomhairle ainm an duine sin a chur ar ais in aon chlár ar baineadh de amhlaidh é.

(3) In aon chás ina ndéanfaidh fiaclóir cláraithe iarratas chun na Comhairle faoin alt seo go mbainfear a ainm d'aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle agus—

(a) go mbeidh iarratas déanta faoi alt 38 den Acht seo go ndéanfaí fiosrú i dtaobh fheidhmiúlacht an fhiaclóra chláraithe sin an fhiaclóireacht a chleachtadh, nó

(b) gur ciontaíodh an fiaclóir cláraithe sin sa Stát i gcion ab intriailte ar díotáil nó gur ciontaíodh é lasmuigh den Stát i gcion ba ghníomhartha nó neamhghníomhartha ar chion iad ab intriailte ar díotáil dá mba sa Stát a dhéanfaí iad,

ní bhreithneoidh an Chomhairle an t-iarratas ón bhfiaclóir cláraithe sin go mbainfear a ainm den chlár amhlaidh go dtí go gcinnfidh an Chomhairle ar cheart nó nár cheart ainm an fhiaclóra chláraithe sin a scriosadh as aon chlár den sórt sin faoi fhorálacha an Achta seo.

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an gComhairle diúltú ainm aon duine a chur ar ais, is duine a bheidh, thairis sin, i dteideal a bheith cláraithe, ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na fiaclóireachta.

(5) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach, leis an bpost réamhíoctha, chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(6) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoi fho-alt (4) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(a) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle an cinneadh a dhéanamh, nó

(b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine a rinne an t-iarratas a chlárú, nó

(c) an cinneadh a chealú agus—

(i) a ordú don Chomhairle cinneadh nua a dhéanamh, nó

(ii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Chomhairle.

Cláir a cheartú.

33. —(1) D'fhonn aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle a choimeád ceart, déanfaidh an Chomhairle ó am go ham de réir mar is gá sa chás gach dearmad focal nó cléireachais sa chlár sin a cheartú, gach taifead ann a tugadh chun críche trí chalaois nó mífhaisnéis a bhaint de, gach athrú a thiocfaidh ar a n-iúl ar sheoltaí na ndaoine a bheidh cláraithe in aon chlár a thaifeadadh ann, agus ainmneacha na ndaoine ar fad ar cuireadh i bhfios don Chomhairle nó ar tháinig sé ar iúl na Comhairle go bhfuil siad tar éis bháis a bhaint d'aon chlár den sórt sin.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an Chomhairle aon bheart faoi fho-alt (1) den alt seo d'fhonn aon chlár a bheidh á chothabháil aici a choimeád ceart, déanfaidh an Chomhairle láithreach an beart atá déanta agus na cúiseanna leis a chur in iúl don duine lena mbainfidh, nó dá neasghaol, de réir mar a bheidh.