|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) | Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1985
[EN] | ||
[EN] |
CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil | |
[EN] |
Léiriú (Cuid V). |
58. —Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 . |
[EN] |
Díolúine do chéilí. |
59. —(1) D'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta, beidh oidhreacht arna glacadh ag comharba, is céile don diúscróir ar dháta na hoidhreachta, díolmhaithe ó cháin agus ní chuirfear i gcuntas í le linn cáin a bheith á ríomh. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le hoidhreacht a ghlacfar an 30ú lá d'Eanáir, 1985, nó dá éis. | |
[EN] |
Faoiseamh i leith polasaithe árachais áirithe. |
60. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “polasaí árachais cáilitheach” polasaí árachais— | |
[EN] | (a) atá i bhfoirm atá ceadaithe ag na Coimisinéirí chun críocha an ailt seo; | |
[EN] | (b) a n-íocann an t-árachaí préimheanna bliantúla ina leith i rith a shaoil; agus | |
[EN] | (c) a chuirtear i gcrích go sainráite faoin alt seo chun cáin iomchuí a íoc; | |
[EN] | ciallaíonn “cáin iomchuí” cáin oidhreachta is iníoctha maidir le hoidhreacht (ach gan leas i bpolasaí árachais cáilitheach a áireamh le linn an cháin sin a bheith á ríomh) is oidhreacht arna glacadh faoi dhiúscairt a dhéanfaidh an t-árachaí, i gcás ina nglacfar an oidhreacht ar dháta báis an árachaí nó dá éis agus tráth nach déanaí ná bliain amháin i ndiaidh an bháis sin. | |
[EN] | (2) (a) Aon leas i bpolasaí árachais cáilitheach atá ar áireamh in oidhreacht a ghlacfar faoi dhiúscairt a dhéanfaidh an t-árachaí beidh sé, sa mhéid go gcuirtear chun feidhme na fáltais uaidh le linn cáin iomchuí a bheith á híoc, díolmhaithe ó cháin i ndáil leis an oidhreacht sin agus ní chuirfear i gcuntas é le linn cáin a bheith á ríomh. | |
[EN] | (b) Aon leas i bpolasaí árachais cáilitheach atá ar áireamh in oidhreacht a ghlacfar faoi dhiúscairt a dhéanfaidh an t-árachaí measfar, sa mhéid nach gcuirtear chun feidhme na fáltais uaidh le linn cáin iomchuí a bheith á híoc, agus d'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta, go nglactar é ar lá díreach i ndiaidh— | |
[EN] | (i) dáta báis an árachaí; nó | |
[EN] | (ii) an dáta is déanaí (más ann) ar a nglactar oidhreacht arb iníoctha an cháin iomchuí sin maidir léi, | |
[EN] | cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (5)— | |
[EN] | “(b) asbhaint a thabhairt i leith préimheanna nó íocaíochtaí is iníoctha i gcaitheamh tréimhse an iarchurtha i leith polasaí árachais iarchurtha; nó | |
[EN] | (c) asbhaint a thabhairt maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis i leith préimheanna is iníoctha i leith polasaí árachais cháilithigh de réir bhrí alt 60 den Acht Airgeadais, 1985 :”. | |
[EN] |
Faoiseamh ó chomhiomlánú dúbailte. |
61. —(1) Ní dhéanfar maoin a bhfuil cáin inmhuirearaithe ina leith níos mó ná uair amháin maidir leis an teagmhas céanna a áireamh níos mó ná uair amháin i ndáil leis an teagmhas sin in aon chomhiomlán dá dtagraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht le mír 7 de Chuid I den Dara Sceideal sin le linn an cháin a bheith á fionnadh is iníoctha maidir le maoin is inmhuirearaithe i leith cánach mar mhaoin a glacadh níos mó ná uair amháin an lá céanna. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis. | |
[EN] | (4) D'ainneoin fhorálacha alt 46 den Phríomh-Acht, ní bheidh ús iníoctha ar aon aisíoc cánach de bhua an ailt seo más ar dháta roimh dháta an Achta seo a rith a íocadh an cháin sin. | |
[EN] |
Liúntas i leith cánach is luaithe maidir leis an teagmhas céanna. |
62. —(1) Beidh éifeacht leis an bPríomh-Acht, agus measfar go raibh éifeacht leis riamh, ionann is dá gcuirfí an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 34 den Acht sin: |
[EN] | “34A.—I gcás ina muirearaítear cáin níos mó ná uair amháin i leith na maoine céanna maidir leis an teagmhas céanna, ní dhéanfar an ghlancháin is iníoctha agus is luaithe i dtosaíocht a asbhaint le linn an luach inchánach a bheith á fhionnadh chun críocha na cánach is déanaí i dtosaíocht, ach déanfar í a asbhaint as an gcáin is déanaí i dtosaíocht mar chreidmheas i gcoinne an chéanna. anuas go dtí glanmhéid an chéanna.”. | |
[EN] | (2) D'ainneoin fhorálacha alt 46 den Phríomh-Acht, ní bheidh ús iníoctha ar aon aisíoc cánach de bhua an ailt seo más ar dháta roimh dháta an Achta seo a rith a íocadh an cháin sin. | |
[EN] |
Liúntas i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir leis an teagmhas céanna. |
63. —(1) I gcás ina muirearaítear cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta i leith maoine maidir le teagmhas a tharlaíonn an 30ú lá d'Eanáir, 1985, nó dá éis, agus gur diúscairt sócmhainne (arb í an mhaoin chéanna nó aon chuid den mhaoin chéanna í) an teagmhas céanna chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, ní dhéanfar an cháin ghnóchan caipitiúil, más ann, is inmhuirearaithe ar an diúscairt a asbhaint le linn an luach inchánach a bheith á fhionnadh chun críocha na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta ach, sa mhéid gur íocadh í, asbhainfear í as an nglancháin bhronntanais nó as an nglancháin oidhreachta mar chreidmheas i gcoinne an chéanna, anuas go dtí glanmhéid an chéanna. |
[EN] | (2) Chun críocha aon ríomha ar mhéid na cánach gnóchan caipitiúil a bheidh le hasbhaint faoin alt seo, déanfar aon chionroinntí is gá ar aon fhaoisimh nó caiteachas agus is é an modh cionroinnte a ghlacfar cibé modh is dóigh leis na Coimisinéirí, nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach. | |
[EN] |
Leasú ar alt 106 (fáltais ag iontaobhais lánroghnacha) den Acht Airgeadais, 1984 . |
64. —Beidh éifeacht le halt 106 (1) den Acht Airgeadais, 1984 , agus measfar go raibh éifeacht leis riamh, ionann is dá scriosfaí “ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc iontaobhaithe an iontaobhais”. |
[EN] |
Leasú ar alt 108 (díolúintí) den Acht Airgeadais. 1984. |
65. —Beidh éifeacht le halt 108 den Acht Airgeadais, 1984 , agus measfar go raibh éifeacht leis riamh. ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas leis: |
[EN] | “(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 106— | |
[EN] | (a) i ndáil le hiontaobhas lánroghnach maidir leis an maoin atá, nó a thiocfaidh chun bheith, faoi réir an iontaobhais, ar maoin í atá, tráth foirceanta an iontaobhais, ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht arna ghlacadh ag an Stát; nó | |
[EN] | (b) maidir le hoidhreacht a mheasfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, trí chomhéifeacht alt 31 den Phríomh-Acht agus alt 106, a bheith glactha ag iontaobhas lánroghnach.”. |