An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil V Luathcháin Chorparáide)

10 1985

AN tACHT AIRGEADAIS, 1985

Caibidil IV

Cáin Chorparáide

Am le cáin chorparáide a íoc.

23. —(1) Faoi réir fho-alt (2), leasaítear leis seo alt 6 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 28ú lá d'Fheabhra, 1985, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Déanfar cáin chorparáide a measúnaíodh in aghaidh tréimhse cuntasaíochta a íoc laistigh de shé mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nó, más déanaí é, laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh.”.

(2) Dá mba rud é, murach fo-alt (1), go mbeadh an cháin chorparáide a measúnaíodh in aghaidh tréimhse cuntasaíochta dar críoch an 28ú lá d'Fheabhra, 1985, nó dá éis, agus roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1987, iníoctha ina dhá thráthchuid agus go mbeadh an dara tráthchuid den sórt sin iníoctha, dá mba ar an lá díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta a dhéanfaí an mheasúnacht, laistigh de cibé eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta is faide ná—

(a) naoi mí, más roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1986, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, nó

(b) dhá mhí dhéag, más ar an dáta sin nó dá éis do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta,

ansin, maidir le tréimhse chuntasaíochta den sórt sin, ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) agus beidh éifeacht le mír (b) d'alt 6 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá ndéanfaí, i bhfomhír (ii) (arna leasú le halt 27 den Acht Airgeadais, 1982 ), na nithe seo a leanas a chur in ionad “de shé mhí”, eadhon—

(i) “de naoi mí”, más roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1986, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, agus

(ii) “de dhá mhí dhéag”, más ar an dáta sin nó dá éis do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

Ioncam áirithe de chuid na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe c.p.t. a bheith díolmhaithe.

24. —D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, beidh an t-ioncam seo a leanas díolmhaithe ó cháin chorparáide—

(a) ioncam a eascraíonn chuig an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe c.p.t. in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon tráth i ndiaidh an 8ú lá d'Fheabhra, 1982, ó iasachtaí a thabhairt agus airleacain a dhéanamh faoi alt 5 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 , agus

(b) ioncam ar arbh inmhuirearaithe cáin chorparáide, murach an t-alt seo, faoi Chás I de Sceideal D.