19 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1985


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ) (UIMH. 2), 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.

2.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1985


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ) (UIMH. 2), 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH, 1972 , CHUN A FHORÁIL GUR CUID DE DHLÍ BAILE AN STÁIT AN CONRADH I dTAOBH AONTACHAS RÍOCHT NA SPÁINNE AGUS PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE LE COMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA AGUS LEIS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH AGUS CINNEADH CHOMHAIRLE NA gCOMHPHOBAL EORPACH MAIDIR LE hAONTACHAS RÍOCHT NA SPÁINNE AGUS PHO-BLACHT NA PORTAINGÉILE LEIS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO GHUAL AGUS CRUACH. [26 Samhain, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

1. —Leasaítear leis seo Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , trí na míreanna seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha” in alt 1 (1), i ndiaidh mhír (l) (a cuireadh isteach le hAcht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1985 ):

“agus

(m) an Conradh i dtaobh aontachas Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Ádamhach, a síníodh i Liospóin agus i Maidrid an 12ú lá de Mheitheamh, 1985, agus

(n) cinneadh an 11ú lá de Mheitheamh, 1985, ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach i dtaobh aontachas Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach,”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú) (Uimh. 2), 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua, Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1985, an tAcht seo.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé dáta a cheapfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú.