|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||||
| ||||||||||||||
Uimhir 23 de 1985 | ||||||||||||||
[EN] |
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1985 | |||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
Uimhir 23 de 1985 | ||||||||||||||
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1985 | ||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||
ACHT DÁ CHUMASÚ GUR CÚIG DHUINE DHÉAG AR A MHÉID AN LÍON GNÁTH-BHREITHIÚNA A BHEIDH, LE LINN TRÉIMHSE TEORANTA, SAN ARD-CHÚIRT AGUS DÁ CHUMASÚ GUR CÚIG DHUINE DHÉAG AR A MHÉID AN LÍON GNÁTH-BHREITHIÚNA A BHEIDH SA CHÚIRT CHUARDA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [26 Nollaig, 1985] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
An líon gnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt. |
1. —(1) Fad a bheidh an t-alt seo i bhfeidhm déanfar an tagairt in alt 1 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1981 , do cheithre dhuine dhéag a fhorléiriú mar thagairt do chúig dhuine dhéag. |
[EN] | (2) Scoirfidh an t-alt seo d'fheidhm a bheith leis an lá is túisce a tharlóidh folúntas i measc ghnáth-bhreithiúna na hArd-Chúirte tar éis an 2ú lá d'Aibreán, 1987. | |
[EN] |
Leasú ar Acht na gCúirteanna, 1977 . |
2. —Leasaítear leis seo Acht na gCúirteanna, 1977 — |
[EN] | (a) in alt 1, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 30 d'Acht na gCúirteanna, 1981 ): | |
[EN] | “(2) Cúig dhuine dhéag ar a mhéid an líon gnáthbhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) in alt 2— | |
[EN] | (i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach leis an alt sin 30) d'fho-alt (1): | |
[EN] | “(a) Beidh seisear breitheamh den Chúirt Chuarda buansannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach leis an alt sin 30) d'fho-alt (2): | |
[EN] | “(a) do Chuaird Bhaile Átha Cliath más rud é ar dháta an cheaptha gur lú ná seisear an líon breithiúna a bheidh buansannta don chuaird sin, nó”. | |
[EN] |
Iarmhartach. |
3. —Fad a bheidh alt 1 den Acht seo i bhfeidhm, déanfar mír (b) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1981 ) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 , a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, amhail is dá mba thagairt do shé dhuine dhéag gach tagairt inti do chúig dhuine dhéag. |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
4. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1985 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1985, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1983, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. |