|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Cáin Bhreisluacha) | Ar Aghaidh (CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1986
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Dleachtanna Stampa | |
[EN] |
Tobhach ar bhainc. |
92. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a dó dhéag agus £10,000,000 a bhaint as an gcomhrann; | |
[EN] | ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1985, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ; | |
[EN] | ciallaíonn “suim iomchuí”, i ndáil le tuairisceán, suim a thaispeántar sa tuairisceán seachas suim a thaispeántar i leith airgead reatha coigríche; | |
[EN] | ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin, dar teideal “TUAIRISCEÁN MÍOSÚIL Ó NA BAINC CHEADÚNAITHE UILE: BRAINSÍ CÓNAITHEACHA” a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1985, an 20ú lá d'Fheabhra, 1985, an 31ú lá de Mhárta, 1985, an 17ú lá d'Aibreán, 1985, an 15ú lá de Bhealtaine, 1985, an 30ú lá de Mheitheamh, 1985, an 17ú lá d'Iúil, 1985, an 21ú lá de Lúnasa, 1985, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1985, an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, an 20ú lá de Shamhain, 1985, agus an 31ú lá de Nollaig, 1985; | |
[EN] | ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar maidir le Mír 302.2 i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint as comhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le taiscí Rialtais agus taiscí Neamh-Rialtais agus a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin. | |
[EN] | (2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 17ú lá de Mheán Fómhair, 1986, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin. | |
[EN] | (3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas: | |
[EN] | (a) 0.25 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £100,000,000, agus | |
[EN] | (b) 0.316 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £100,000,000: | |
[EN] | Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £100,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.25 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas. | |
[EN] | (5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh. | |
[EN] | (6) I gcás ina mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta rite an Achta seo go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin dlífidh sé mar phionós breise ón 17ú lá de Mheán Fómhair, 1986, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós. | |
[EN] | (7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh. | |
[EN] | (8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh. | |
[EN] |
Tobhach ar ioncam áirithe infheistíochta. |
93. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” méid iomlán an ioncaim, gan asbhaint ar bith a dhéanamh, a eascróidh chuig árachóir ó infheistíochtaí i rith na bliana 1986, agus, i gcás aon infheistíocht a dhíoltar an bhliain sin, folaíonn sé an méid ar mó praghas díola na hinfheistíochta ná an praghas ar a bhfuarthas an infheistíocht: | |
[EN] | Ar choinníoll nach ndéanfar, chun críocha an mhínithe seo, méid iomlán an ioncaim a eascróidh a laghdú d'aon mhéid a asbhaintear nó a choinnítear siar ón ioncam de bhun aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach agus folóidh sé, i gcás aon ioncam lena ngabhann teideal chun creidmheasa cánach, méid an chreidmheasa cánach sin; | |
[EN] | ciallaíonn “maoin eisiata” maoin a dhíorthaíonn ó na nithe seo a leanas nó is maoin in ionannas dóibh, eadhon— | |
[EN] | (a) gnó a sheolann an t-árachóir lasmuigh den Stát; | |
[EN] | (b) ciste pinsean de réir bhrí alt 50 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; | |
[EN] | (c) gnó árachais tionscail de réir bhrí na Rialachán; | |
[EN] | (d) gnó i ndáil le cumann ar comhar creidmheasa é chun críocha an Achta um Chomhar Creidmheasa, 1966 ; | |
[EN] | ciallaíonn “céadráiteas” ráiteas i scríbhinn ina dtaispeántar méid a measann an t-árachóir gur méid é is ionann agus 90 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe don árachóir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “árachóir” duine ar sealbhóir é ar údarú de réir bhrí na Rialachán nó ar sealbhóir é ar cheadúnas árachais a meastar, de réir na Rialachán sin, gur údarú é; | |
[EN] | folaíonn “infheistíochtaí” maoin de gach tuairisc seachas maoin eisiata; | |
[EN] | ciallaíonn “Rialacháin” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984); | |
[EN] | ciallaíonn “dara ráiteas” ráiteas i scríbhinn ina dtaispeántar méid is ionann agus an difear idir an méid a thaispeántar sa chéadráiteas agus an méid inmheasúnaithe don árachóir. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an t-árachóir an céadráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim an 1ú lá de Shamhain, 1986, nó roimhe, agus an dara ráiteas a sheachadadh orthu an 30ú lá de Mheitheamh, 1987, nó roimhe. | |
[EN] | (3) Ar gach céadráiteas agus ar gach dara ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 9 faoin gcéad den mhéid a thaispeántar i ngach ráiteas díobh. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an t-árachóir an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar chéadráiteas nó ar dhara ráiteas a sheachadfaidh árachóir de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas. | |
[EN] | (5) Tabharfaidh árachóir cibé sonraí agus cuntais do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le céadráiteas nó dara ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an árachóir a sheachadadh agus i ndáil leis an méid inmheasúnaithe i leith an árachóra. | |
[EN] | (6) I gcás ina mainneoidh árachóir— | |
[EN] | (a) céadráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fho-alt sin, | |
[EN] | (b) méid dleachta nach lú ná 85 faoin gcéad den dleacht is iníoctha maidir leis an méid inmheasúnaithe a íoc an tráth a sheachadfar an céadráiteas, | |
[EN] | (c) dara ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fho-alt sin, nó | |
[EN] | (d) an dleacht a íoc ar an dara ráiteas an tráth a sheachadfar an ráiteas sin, | |
[EN] | dlífidh an t-árachóir, amhail ó dháta na mainneachtana go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc mar phionós, i dteannta na dleachta, ar an dleacht neamhíoctha. | |
[EN] | (7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh. | |
[EN] | (8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim, agus is iníoctha ag aon duine, a ríomh. | |
[EN] |
Dleacht stampa ar ráitis áirithe úis. |
94. —(1) (a) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “cáin chorparáide” an cháin a mhuirearaítear leis na hAchtanna Cánach Corparáide; | |
[EN] | tá le “na hAchtanna Cánach Corparáide” an bhrí a thugtar dó le halt 155 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; | |
[EN] | ciallaíonn “ús iomchuí” aon ús nó dáileadh eile— | |
[EN] | (i) a fhaigheann cuideachta (dá ngairtear “an t-iasachtóir” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) atá laistigh de réim cánach corparáide, agus | |
[EN] | (ii) is iníoctha as sócmhainní cuideachta eile (dá ngairtear “an t-iasachtaí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a bhfuil cónaí uirthi sa Stát chun críocha cánach corparáide, i leith urrús de chuid an iasachtaí ar urrús é a thagann faoi réim fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus | |
[EN] | (iii) is dáileadh chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide; ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse dar tosach an 30ú lá d'Eanáir, 1986, agus dar críoch an 31ú lá d'Iúil, 1986, an tréimhse sé mhí dar críoch an 31ú lá d'Eanáir, 1987, nó aon tréimhse sé mhí dá éis sin dar críoch an 31ú lá d'Eanáir nó an 31ú lá d'Iúil. | |
[EN] | (b) Chun críocha an ailt seo, aon mhéid atá, i dtréimhse iomchuí, curtha chun dochair do chuntas iasachtaí le hiasachtóir i leith úis iomchuí déileálfar leis mar mhéid a bheidh faighte ag an iasachtóir sa tréimhse iomchuí sin. | |
[EN] | (2) Déanfaidh iasachtóir, laistigh de 30 lá ó dheireadh gach tréimhse iomchuí, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh méid an úis iomchuí le haghaidh an iasachtóra sin maidir leis an tréimhse iomchuí sin. | |
[EN] | (3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 12 faoin gcéad de mhéid an úis iomchuí a thaispeántar ann: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás inar lú méid an úis iomchuí a fuair iasachtóir i leith urrúis dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ná an méid a gheobhadh an t-iasachtóir sin dá mbéarfadh an t-urrús ús simplí de réir ráta 6 faoin gcéad sa bhliain i gcaitheamh na tréimhse ar ina leith ab iníoctha an t-ús iomchuí, gur méid is ionann agus 8 faoin gcéad den mhéid a fuarthas a bheidh sa dleacht stampa a mhuirearófar ar an ráiteas ar mhéid an úis iomchuí le haghaidh an urrúis sin. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an t-iasachtóir an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh iasachtóir de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas. | |
[EN] | (5) Tabharfaidh iasachtóir cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar iasachtóir a sheachadadh. | |
[EN] | (6) I gcás ina mainneoidh iasachtóir aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé aon dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc tráth a sheachadta, dlífidh an t-iasachtóir, in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí ó dheireadh na tréimhse iomchuí lena mbaineann an ráiteas go dtí an dáta a n-íocfar an dleacht, ús de réir 2.5 faoin gcéad a íoc uirthi, mar phionós, i dteannta na dleachta. | |
[EN] | (7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh. | |
[EN] | (8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim, agus is iníoctha ag an iasachtóir, a ríomh. | |
[EN] | (9) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 282) (Dleacht Stampa ar Ráitis Áirithe Úis), 1986 (I.R. Uimh. 27 de 1986 ). | |
[EN] |
Dleacht stampa ar litreacha tréigin. |
95. —(1) San alt seo— |
[EN] | folaíonn “scair” stoc; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta neamhluaite” cuideachta nach bhfuil aon cheann dá scaireanna, dá stoic ná dá bintiúir liostaithe ar liosta oifigiúil stocmhargaidh aitheanta nó nach ndéileáiltear iontu ar mhargadh urrús neamhliostaithe atá aitheanta ag stocmhargadh den sórt sin. | |
[EN] | (2) D'ainneoin fhorálacha alt 23 den Acht Airgeadais, 1964 , aon ionstraim a urscaoileann nó a thréigeann ceart faoi litir leithroinnte, nó faoi aon doiciméad eile ar chomhéifeacht le litir leithroinnte ar ceart é chun aon scair i gcuideachta neamhluaite, nó aon ionstraim arb é is éifeacht di ceart den sórt sin a urscaoileadh nó a thréigean, beidh dleacht stampa inmhuirearaithe uirthi ionann is dá mba é a bhí inti urscaoileadh nó tréigean maoine arb é atá inti stoic nó urrúis inmhargaidh faoi threoir an Cheannteidil “RELEASE or RENUNCI-ATION of any property, or of any right or interest in any property” sa Chéad Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1970 ) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, agus forléireofar an Sceideal sin dá réir sin. | |
[EN] | (3) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 278) (Dleacht Stampa ar Litreacha Tréigin), 1985 (I.R. Uimh. 152 de 1985). | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim arna forghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis. | |
[EN] |
Dleacht stampa ar ionstraimí áirithe. |
96. —(1) Más rud é, i ndáil le maoin a dhíol nó ina oirchill sin, go ndéanfaidh díoltóir— |
[EN] | (a) comhaontú chun léas a dheonú ar an maoin go ceann tréimhse is faide ná 35 bliana, nó | |
[EN] | (b) comhaontú (seachas conradh chun an mhaoin a dhíol) faoina ndeonaíonn an díoltóir aon chearta eile i ndáil leis an maoin, | |
[EN] | déanfar, maidir le haon tíolacas nó aistriú, faoi réir an chomhaontaithe, a dhéanfaidh an díoltóir ar an maoin, dleacht stampa a mhuirearú air mar thíolacas nó aistriú na maoine de dhroim díola ar chomaoin ar cóimhéid le luach na maoine agus cinnfear an luach gan féachaint don chomhaontú. | |
[EN] | (2) Aon dearbhú ar fhoras gníomhais faoi alt 65 (2) den Conveyancing Act, 1881, a deir go ndéanfar, ó dháta forghníomhaithe an ghníomhais agus dá éis, téarma atá ar marthain i dtalamh a mhéadú, déanfar, i gcás inar bunaíodh an téarma le hionstraim a forghníomhaíodh laistigh de 6 bliana ó dháta forghníomhaithe an ghníomhais, dleacht stampa a mhuirearú air mar thíolacas nó aistriú na talún sin de dhroim díola ar chomaoin ar cóimhéid le luach na talún agus cinnfear an luach sin gan féachaint don téarma sin ná d'aon chuid de. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag forálacha alt 50 den Acht Airgeadais, 1979 , maidir le gníomhas ar arb inmhuirearaithe dleacht stampa faoi fho-alt (2). | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim arna forghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis. | |
[EN] |
Dleacht stampa ar stoic agus urrúis inmhargaidh a thíolacadh agus a aistriú de dhroim díola. |
97. —(1) Scoirfidh alt 83 den Acht Airgeadais, 1974 , d'éifeacht a bheith leis agus, ina ionad sin, i gcás aon stoic nó urrúis inmhargaidh a thíolacadh nó a aistriú de dhroim díola, beidh cibé dleacht stampa inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe murach an t-alt sin a bheith achtaithe. |
[EN] | (2) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 276) (Dleachtanna Stampa ar Stoic agus Urrúis Inmhargaidh a Thíolacadh agus a Aistriú de dhroim Díola), 1985 (I.R. Uimh. 146 de 1985). | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim arna forghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis. | |
[EN] |
Dleacht stampa ar ionstraimí áirithe a aisíoc. |
98. —(1) San alt seo— |
[EN] | (a) ciallaíonn “an Chéad Sceideal” an Chéad Sceideal, arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis sin, a ghabhann leis an Stamp Act, 1891; | |
[EN] | (b) tá leis na téarmaí “scéim cheadaithe”, “rannpháirtí”, “an dáta scaoilte” agus “scaireanna” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 50 den Acht Airgeadais, 1982 . | |
[EN] | (2) Más rud é, i ndáil le hionstraim, go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go dtugann an ionstraim éifeacht, ar an dáta scaoilte nó dá éis, d'aistriú scaireanna ag duine, nó thar ceann duine, atá, nó a tháinig chun bheith, i dteideal na scaireanna sin a fháil mar rannpháirtí i scéim cheadaithe, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé méid den dleacht stampa a bheidh íoctha, faoi threoir an Cheannteidil “CONVEYANCE OR TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal, ar an ionstraim i leith na scaireanna sin. | |
[EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891. |
99. —(1) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis sin) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, tríd an gCeannteideal |
[EN] | “SURRENDER of any property, or of any right or interest in any property— | |
[EN] | Upon a sale. See CONVEYANCE ON SALE. | |
[EN] | By way of security. See MORTGAGE, etc. | |
[EN] | In any other case.................................................................£5” | |
[EN] | a chur in ionad an Cheannteidil | |
[EN] | “SURRENDER, not being an instrument chargeable with duty as a conveyance on sale or a mortgage......................................£5”. | |
[EN] | (2) Aon ionstraim a fhianaíonn nó a admhaíonn— | |
[EN] | (a) géilleadh, ó bhéal nó ar shlí eile, ar leas léasach i maoin dhochorraithe, nó | |
[EN] | (b) cumasc leasa den sórt sin in uasleas, | |
[EN] | muirearófar an dleacht stampa chéanna uirthi a mhuirearófaí uirthi dá mba é a bhí inti géilleadh ar an leas léasach sin. | |
[EN] | (3) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 277) (Dleacht Stampa ar Ionstraimí Áirithe), 1985 (I.R. Uimh. 151 de 1985). | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim arna forghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis. | |
[EN] |
Leasú ar alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 . |
100. —Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “agus dleachtanna stampa” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúité eile”. |
[EN] |
Leasú ar alt 93 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1982 . |
101. —(1) Leasaítear leis seo alt 93 den Acht Airgeadais, 1982 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5): |
[EN] | “(5) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a fhorghníomhófar tar éis dháta an Achta seo a rith agus roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1986.”. | |
[EN] | (2) Déantar leis seo an t-alt sin 93 a leasú tuilleadh— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (4) (a), trí “30 bliain” a chur in ionad “35 bliana”, agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (4) (b) (i) (I), trí “150 uair an chloig” a chur in ionad “100 uair a chloig”, agus | |
[EN] | beidh éifeacht leis an alt sin 93, arna leasú le míreanna (a) agus (b), maidir le haon ionstraim a fhorghníomhófar tar éis an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1986, agus laistigh d'imeacht bliana ón dáta sin. |