|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) | Ar Aghaidh (Caibidil III Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTaighde agus Forbairt) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1986
[EN] | ||||
[EN] |
Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Fheirmeoireachta | |||
[EN] |
Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna. |
15. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1986” a chur in ionad “1985” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 )— | ||
[EN] | (a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus | |||
[EN] | (b) i ngach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), | |||
[EN] | agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 — | |||
[EN] | (a) trí “1986-87” a chur in ionad “1985-86” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) i bhfo-alt (3), agus | |||
[EN] | (b) trí “1986” a chur in ionad “1985” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), | |||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] | (3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta. | |||
[EN] |
Creidmheas i leith cánach feirme. |
16. —(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, más rud é, don bhliain 1986-87 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis, go mbeidh pearsa aonair inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim maidir le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht agus go ndlífidh sé ar dháta ar bith sa bhliain mheasúnachta sin, de réir fhorálacha alt 9 den Acht um Cháin Fheirme, 1985 , cáin fheirme a íoc i leith feirme inchánach, déanfar méid na cánach ioncaim is inmhuirearaithe amhlaidh a laghdú— | ||
[EN] | (a) i gcás feidhm a bheith ag mír (a) d'fho-alt (2) den alt sin 9, de mhéid na cánach feirme a bheidh íoctha aige sa bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha na míre sin, | |||
[EN] | (b) i gcás feidhm a bheith ag mír (b) den fho-alt sin (2)— | |||
[EN] | (i) má dhéanann gach duine a dhlíonn, i gcomhpháirt agus go leithleach, an cháin fheirme a íoc faoin mír sin a chuid ar leith den cháin fheirme a íoc, de mhéid na cánach feirme a bheidh íoctha amhlaidh aige sa bhliain mheasúnachta sin, | |||
[EN] | (ii) mura ndéanann gach duine a dhlíonn íocaíocht a dhéanamh amhlaidh a chuid ar leith den cháin fheirme sin a íoc, de cibé cion den cháin fheirme iomlán is iníoctha faoin mír sin a bhféadfaí le réasún a mheas gur cháin í a d'iompair sé sa bhliain mheasúnachta sin, agus | |||
[EN] | (c) i gcás feidhm a bheith ag mír (c) den fho-alt sin (2)— | |||
[EN] | (i) má dhéanann gach duine a dhlíonn, i gcomhpháirt agus go leithleach, an cháin fheirme a íoc faoin mír sin i leith cibé cuid den fheirm nach mbeidh cionroinnte faoi alt 3 (2) den Acht sin a chuid ar leith den cháin fheirme sin a íoc, de mhéid na cánach feirme sin a bheidh íoctha amhlaidh aige sa bhliain mheasúnachta sin, | |||
[EN] | (ii) mura ndéanann gach duine a dhlíonn amhlaidh an cháin fheirme sin a íoc a chuid ar leith den cháin fheirme sin a íoc, de cibé cion den cháin fheirme iomlán is iníoctha faoin mír sin i leith cibé cuid den fheirm nach mbeidh cionroinnte amhlaidh a bhféadfaí le réasún a mheas gur cháin í a d'iompair sé: | |||
[EN] | Ar choinníoll— | |||
[EN] | (a) nach mó méid an laghdaithe a thabharfar d'aon bhliain mheasúnachta faoin bhfo-alt seo ná— | |||
[EN] | (i) méid na cánach feirme is iníoctha ag an bpearsa aonair don bhliain fhéilire ar críoch di sa bhliain mheasúnachta, agus | |||
[EN] | (ii) an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht i ndáil leis an bpearsa aonair sin don bhliain mheasúnachta sin, agus | |||
[EN] | (b) le linn an t-ioncam ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta a bheith á chinneadh, nach ndéanfar aon suim a asbhaint i leith cánach feirme. | |||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás fearchéile is inmhuirearaithe i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá bhfolódh tagairtí do bhrabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht aon bhrabúis nó gnóchain den sórt sin de chuid a bhanchéile agus ionann is dá bhfolódh tagairtí do cháin fheirme a íocadh nó atá le híoc tagairtí do cháin fheirme a d'íoc a bhanchéile nó atá le híoc aici. | |||
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (1) déanfar an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta a chinneadh de réir an Tríú Sceideal. | |||
[EN] | (4) San alt seo tá le “cáin fheirme” agus “feirm inchánach” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 1 (1) den Acht um Cháin Fheirme, 1985 . |