|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTaighde agus Forbairt) | Ar Aghaidh (Caibidil V Athnuachan Uirbeach: Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1986
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV Íocaíochtaí Úis ag Glacadóirí Taisce Áirithe | |
[EN] |
Léiriú (Caibidil IV). |
31. —(1) Sa Chaibidil seo— |
[EN] | déanfar “méid ar cuntas cánach cuí” a fhorléiriú de réir alt 33 (4); | |
[EN] | ciallaíonn “cáin chuí”, i ndáil le híocaíocht úis iomchuí, suim in ionannas cánach ioncaim ar mhéid na híocaíochta sin de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta; | |
[EN] | ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann de réir bhrí na nAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983; | |
[EN] | ciallaíonn “taisce” suim airgid a íocfar le glacadóir taisce iomchuí ar théarmaí faoina n-aisíocfar é i dteannta nó d'éagmais úis agus sin ar éileamh nó ag tráth agus in imthosca ar a gcomhaontófar idir, nó thar ceann, an duine a dhéanfaidh an íocaíocht agus an duine lena ndéanfar í; | |
[EN] | ciallaíonn “ús” aon ús airgid, cibé acu bliantúil nó eile, lena n-áirítear aon mhéid, cibé acu atá nó nach bhfuil sé tuairiscthe mar ús, arna íoc i gcomaoin taisce a dhéanamh agus, maidir le cumann foirgníochta, folaíonn sé aon díbhinn nó dáileadh eile i leith scaireanna sa chumann: | |
[EN] | Ar choinníoll nach n-áireofar mar ús chun críocha na Caibidle seo aon mhéid arb é atá ann aon bhreis a bheidh ag an méid a gheofar trí fhuascailt aon sealbháin de Bhannaí Bónais C.C.T. — An Chéad Sraith, arna n-eisiúint ag Corparáid an Chairde Talmhaíochta, c.p.t., ar an méid a íocadh i leith an tsealbháin; | |
[EN] | ciallaíonn “taisce iomchuí” taisce a shealbhaíonn glacadóir taisce iomchuí seachas taisce— | |
[EN] | (a) a dhéantar acu seo a leanas agus a bhfuil an t-ús air ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcéanna— | |
[EN] | (i) glacadóir taisce iomchuí, | |
[EN] | (ii) Banc Ceannais na hÉireann, nó | |
[EN] | (iii) Corparáid Árachais na hÉireann, c.p.t., | |
[EN] | (b) is fiach ar urrús a eisíonn an glacadóir taisce iomchuí agus a bheidh liostaithe ar stocmhargadh, | |
[EN] | (c) atá, i gcás glacadóir taisce iomchuí a bhfuil cónaí air sa Stát chun críocha cánach corparáide, á shealbhú ag brainse den ghlacadóir taisce iomchuí atá suite lasmuigh den Stát, | |
[EN] | (d) atá, i gcás glacadóir taisce iomchuí nach bhfuil cónaí air sa Stát chun críocha cánach corparáide, á shealbhú in áit seachas ag brainse den ghlacadóir taisce iomchuí atá suite sa Stát, | |
[EN] | (e) is taisce atá ainmnithe in airgeadra coigríche, | |
[EN] | (f) arb amhlaidh atá ina leith— | |
[EN] | (i) nach mbeidh teideal tairbhiúil ag aon duine a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát chuig aon ús ina leith, agus | |
[EN] | (ii) go mbeidh dearbhú den chineál a luaitear in alt 37 déanta ina leith chuig an nglacadóir taisce iomchuí, nó | |
[EN] | (g) (i) a mbeidh an t-ús air díolmhaithe— | |
[EN] | (I) ó cháin ioncaim faoi Sceideal D de bhua mhír (b) d'alt 333 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó | |
[EN] | (II) ó cháin chorparáide de bhua na díolúine a thugtar leis an mír sin (b) den alt sin 333 (1) amhail mar atá éifeacht léi chun críocha cánach corparáide faoi alt 11 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , | |
[EN] | de réir mar a bheidh, agus | |
[EN] | (ii) a mbeidh dearbhú den chineál a luaitear in alt 38 déanta ina leith chuig an nglacadóir taisce iomchuí; | |
[EN] | ciallaíonn “glacadóir taisce iomchuí” aon duine de na daoine seo a leanas, is é sin le rá: | |
[EN] | (a) duine is sealbhóir ar cheadúnas arna dheonú faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , | |
[EN] | (b) cumann foirgníochta, | |
[EN] | (c) banc taisce iontaobhais de réir bhrí na nAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979, | |
[EN] | (d) Corparáid an Chairde Talmhaíochta, c.p.t., | |
[EN] | (e) Corparáid an Chairde Tionscail, c.p.t., agus | |
[EN] | (f) Banc Taisce an Phoist; | |
[EN] | ciallaíonn “ús iomchuí” ús arna íoc an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, i leith taisce iomchuí; | |
[EN] | ciallaíonn “tuairisceán” tuairisceán faoi alt 33 (2). | |
[EN] | (2) Chun críocha na Caibidle seo— | |
[EN] | (a) aon mhéid a chreidiúnófar mar ús i leith taisce iomchuí déileálfar leis mar íocaíocht úis, agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo d'ús iomchuí a íoc a fhorléiriú dá réir sin, | |
[EN] | (b) aon tagairt sa Chaibidil seo do mhéid d'íocaíocht úis iomchuí forléireofar í mar thagairt don mhéid arbh é méid na híocaíochta sin é mura mbeadh aon cháin chuí le hasbhaint uaidh, agus | |
[EN] | (c) is ag brainse de ghlacadóir taisce iomchuí atá taisce á shealbhú má tá sé taifeadta mar dhliteanas de chuid an bhrainse sin i leabhair an bhrainse sin. | |
[EN] |
Cáin a asbhaint ó ús iomchuí. |
32. —(1) I gcás ina ndéanfaidh glacadóir taisce iomchuí íocaíocht úis iomchuí asbhainfidh sé ó mhéid na híocaíochta an cháin chuí i ndáil leis an íocaíocht; agus déanfaidh an duine lena ndéanfar an íocaíocht sin an asbhaint sin a lamháil ar iarmhar na híocaíochta a fháil; agus beidh an glacadóir taisce iomchuí saortha agus urscaoilte i leith an oiread sin airgid arb ionannas dó an asbhaint amhail is dá mba gur íocadh an méid sin airgid iarbhír leis an duine. |
[EN] | (2) Déileálfaidh glacadóir taisce iomchuí le gach taisce a dhéanfar leis mar thaisce iomchuí mura deimhin leis nach taisce iomchuí é; ach i gcás ina ndeimhneoidh sé dó féin nach taisce iomchuí taisce beidh sé i dteideal déileáil amhlaidh fós leis an taisce go dtí go mbeidh faisnéis aige a bhféadfar glacadh léi, le réasún, mar fhaisnéis a léiríonn gur taisce iomchuí an taisce nó go bhféadfadh sé bheith ina thaisce iomchuí. | |
[EN] | (3) Aon íocaíocht úis iomchuí a thagann faoi réim fho-alt (1) déileálfar léi mar íocaíocht nach dtagann faoi réim alt 31 den Acht Airgeadais, 1974 . | |
[EN] |
Tuairisceáin agus bailiú cánach cuí. |
33. —(1) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, beidh éifeacht leis an alt seo chun rialáil a dhéanamh ar an tráth agus ar an modh a dtabharfar cuntas ar cháin chuí i ndáil le híocaíocht úis iomchuí agus ar thráth íoctha agus ar mhodh íoctha na cánach sin. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (5), ní mór do ghlacadóir taisce iomchuí, maidir leis an mbliain 1986-87 agus gach bliain mheasúnachta dá éis, tuairisceán a thabhairt don Ard-Bhailitheoir, laistigh de 15 lá ó dheireadh na bliana measúnachta, i dtaobh an úis iomchuí a d'íoc sé an bhliain sin agus ar an gcáin chuí i ndáil le híoc an úis sin. | |
[EN] | (3) An cháin chuí i ndáil le híocaíocht úis iomchuí a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán, beidh sí dlite an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt agus íocfaidh an glacadóir taisce iomchuí leis an Ard-Bhailitheoir í, agus beidh an cháin chuí a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí gan measúnacht a bheith déanta; ach féadfar cáin chuí a bheidh tagtha chun bheith dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an nglacadóir taisce iomchuí (bíodh nó ná bíodh sí íoctha tráth na measúnachta a dhéanamh) mura mbeidh an cháin sin, nó aon chuid di, íoctha ar an dáta dlite nó roimhe. | |
[EN] | (4) D'ainneoin fho-alt (3), ní mór do ghlacadóir taisce iomchuí, maidir le gach bliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1986-87 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í), méid ar cuntas cánach cuí a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh de 15 lá ón 5ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta sin ar méid é nach lú ná méid na cánach cuí a bheadh dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin de réir an fho-ailt sin (3) dá mba go raibh méid iomlán an úis iomchuí a d'fhaibhrigh (agus déileálfar le hús, chun na críche sin, mura ndéileáiltear leis amhlaidh thairis sin, mar ús a fhaibhríonn ó lá go lá) sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta sin ar na taiscí iomchuí go léir a bhí á sealbhú ag an nglacadóir taisce iomchuí sa tréimhse sin (ach nach raibh níos mó ná sin) íoctha aige sa bhliain mheasúnachta sin; agus aon mhéid ar cuntas cánach cuí a bheidh íoctha amhlaidh ag an nglacadóir taisce iomchuí do bhliain mheasúnachta, déileálfar leis, a mhéid is féidir, mar íocaíocht ar cuntas aon chánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin faoin bhfo-alt sin (3): | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás inar mó an méid ar cuntas cánach cuí a íocfaidh glacadóir taisce iomchuí do bhliain mheasúnachta faoin bhfo-alt seo ná méid na cánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin faoin bhfo-alt sin (3), go déanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh aon mhéid a bheidh dlite agus iníoctha faoin bhfo-alt seo nó faoin bhfo-alt sin (3) ag an nglacadóir taisce iomchuí d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin (ach déanfar an fritháireamh sin, a mhéid is féidir, in aghaidh méid a bheidh dlite agus iníoctha amhlaidh ar dháta níos luaithe seachas ar dháta níos déanaí). | |
[EN] | (5) (a) Aon mhéid ar cuntas cánach cuí a bheidh iníoctha ag glacadóir taisce iomchuí faoi fho-alt (4) beidh sé iníoctha amhlaidh gan measúnacht a bheith déanta, | |
[EN] | (b) na forálacha uile den Chaibidil seo a bhaineann le bailiú agus gnóthú cánach cuí beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le bailiú agus gnóthú aon mhéid ar cuntas cánach cuí, agus | |
[EN] | (c) beidh i dtuairisceán a cheanglaítear ar ghlacadóir taisce iomchuí a thabhairt do bhliain mheasúnachta ráiteas faoi mhéid an úis a mbeidh méid ar cuntas cánach cuí dlite agus iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí ina leith don bhliain mheasúnachta sin agus faoin méid ar cuntas cánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha amhlaidh; agus ceanglófar ar ghlacadóir taisce iomchuí tuairisceán a thabhairt amhlaidh do bhliain mheasúnachta d'ainneoin nár íoc sé aon ús iomchuí sa bhliain mheasúnachta sin. | |
[EN] | (6) Más dealraitheach don chigire go bhfuil aon mhéid cánach cuí i ndáil le híocaíocht úis iomchuí ba chóir a áireamh, agus nár áiríodh, i dtuairisceán, nó má bhíonn an cigire mí-shásta faoi aon tuairisceán, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an nglacadóir taisce iomchuí go feadh a bhreithiúnais; agus aon mhéid cánach cuí i ndáil le híocaíocht úis iomchuí a bheidh dlite faoi mheasúnacht a rinneadh de bhua an fho-ailt seo, déileálfar leis chun críocha úis ar cháin neamhíoctha mar cháin ab iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba gur tugadh tuairisceán ceart. | |
[EN] | (7) I gcás ina mbeidh aon ítim curtha isteach go mícheart i dtuairisceán mar íocaíocht úis iomchuí, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis is gá chun a áirithiú gur mar a chéile, a mhéid is féidir é, do na dliteanais cánach (lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha) a bheidh dá thoradh sin ar an nglacadóir taisce iomchuí nó ar aon duine eile, agus na dliteanais a bheadh orthu mura mbeadh an ítim curtha isteach amhlaidh. | |
[EN] | (8) (a) Beidh aon cháin chuí a mheasúnófar ar ghlacadóir taisce iomchuí faoin gCaibidil seo dlite laistigh de mhí tar éis an fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh an cháin sin nó aon mhéid a ndéileálfar leis mar mhéid ar cuntas na cánach sin dlite níos luaithe ná sin faoi fho-alt (3) nó (4)) faoi réir aon achomhairc i gcoinne na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta ar a mbeidh aon mhéid dlite faoin bhfo-alt sin (3) nó (4), agus | |
[EN] | (b) tar éis achomharc i gcoinne measúnachta faoin gCaibidil seo a chinneadh aisíocfar aon cháin chuí a ró-íocadh. | |
[EN] | (9) (a) Na forálacha uile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann— | |
[EN] | (i) le measúnachtaí cánach ioncaim, | |
[EN] | (ii) le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil), agus | |
[EN] | (iii) le cáin ioncaim a bhailiú agus a ghnóthú, | |
[EN] | beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhme iad, maidir le cáin chuí a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú; | |
[EN] | (b) aon mhéid cánach cuí nó méid ar cuntas cánach cuí is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a bheith déanta béarfaidh sé ús de réir ráta 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí ón dáta a dtiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é; | |
[EN] | (c) beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (3) go (5) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le hús is iníoctha faoi mhír (b) mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 550; | |
[EN] | (d) le linn alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith á fheidhmiú ar aon cháin chuí a mhuirearófar le haon mheasúnacht a dhéanfar de réir na Caibidle seo, beidh éifeacht leis ach an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus fo-ailt (2) agus (2A) a fhágáil ar lár; agus | |
[EN] | (e) d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná ag alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le haon cháin chuí a mhuirearófar le measúnacht a dhéanfar de réir na Caibidle seo. | |
[EN] | (10) Is i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh gach tuairisceán agus beidh dearbhú ann á rá gur tuairisceán ceart iomlán an tuairisceán. | |
[EN] |
Leasú ar alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
34. —Maidir leis an mbliain 1986-87 agus aon bhliain mheasúnachta dá éis— |
[EN] | (a) scoirfidh fo-ailt (1) go (3) agus (6) d'alt 31 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , d'éifeacht a bheith leo, agus | |
[EN] | (b) beidh éifeacht le fo-ailt (4) agus (9) den alt sin ionann is dá bhfágfaí ar lár na tagairtí sna fo-ailt sin do chomh-shocraíochtaí faoin alt sin a bheith i bhfeidhm nó a bheith á ndéanamh ag cumann foirgníochta. | |
[EN] |
Cánachas ar ús iomchuí, etc. |
35. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach— |
[EN] | (a) ní dhéanfar aon chuid d'aon ús a íocfaidh cumann foirgníochta an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, i leith aon scaireanna sa chumann a áireamh, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, mar dháileadh de chuid an chumainn nó mar ioncam infheistíochta frainceáilte de chuid aon chuideachta a chónaíonn sa Stát, | |
[EN] | (b) ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt in alt 39, ní dhéanfar aon aisíoc cánach cuí i leith aon úis iomchuí le haon duine a gheobhaidh an íocaíocht den ús iomchuí nó a bheidh i dteideal í a fháil ar duine é nach cuideachta atá laistigh de réim cánach corparáide maidir leis an íocaíocht, | |
[EN] | (c) déanfar méid aon íocaíochta úis iomchuí a áireamh mar ioncam ar arb inmhuirearaithe cáin faoi Chás IV de Sceideal D agus ní faoi aon Chás nó Sceideal eile agus cuirfear i gcuntas é le linn ioncam iomlán an duine a bheidh i dteideal an méid sin a fháil a bheith á ríomh, ach, faoi réir mhír (d), ní dhéanfar aon mheasúnacht cánach ioncaim maidir le haon ús iomchuí ar an duine a gheobhaidh an íocaíocht den ús iomchuí nó a bheidh i dteideal í a fháil, | |
[EN] | (d) ní choiscfidh mír (c) measúnacht a dhéanamh i leith cánach ioncaim de réir na n-ard-rátaí nó i leith formhuirir faoi alt 13 den Acht Airgeadais, 1976 , ar aon ús iomchuí a mbeidh cáin chuí inasbhainte ina leith, agus | |
[EN] | (e) beidh éifeacht le halt 4 den Acht Airgeadais, 1974 , ionann is dá mbeadh tagairt do cháin chuí is inasbhainte de bhua na Caibidle seo ar áireamh i mír (a) den alt sin. | |
[EN] | (2) I gcás nach taisce ús-chánaithe de réir bhrí fho-alt (4) taisce is bunadh ioncaim d'aon duine (dá ngairtear “an t-iasachtóir” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim maidir le haon ús is iníoctha ar an taisce ach go ndéanfar taisce den sórt sin de tráth ar bith, ansin, d'ainneoin alt 75 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm ag alt 77 (3) den Acht sin ionann is dá mba é a bhí sa taisce bunadh ioncaim a ordaítear a ríomh ar leithligh faoi fho-alt (2) den alt sin 75 agus ionann is dá mba é a bhí sa taisce bunadh ioncaim ar scoir an t-iasachtóir dá shealbhú díreach sula ndearnadh taisce ús-chánaithe den sórt sin de: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás taisce a ndéantar taisce ús-chánaithe de an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nach mbeidh feidhm ag an alt sin 77 (3) chun a cheangal go ndéanfar aon choigeartú ar ioncam iomlán iasachtóra sa mhéid go mbeidh aon ús a íocadh i leith na taisce sin d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1985-86 ar áireamh san ioncam sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina scoirfidh taisce is bunadh ioncaim d'iasachtóir de bheith ina taisce ús-chánaithe de réir bhrí fho-alt (4) ansin, d'ainneoin alt 75 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 77 den Acht sin, maidir leis an mbliain mheasúnachta ina scoirfidh sí amhlaidh agus leis an gcéad bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ionann is dá mba é a bhí sa taisce bunadh ioncaim a ordaítear a ríomh ar leithligh faoi fho-alt (2) den alt sin 75 agus ionann is dá mba é a bhí sa taisce bunadh nua ioncaim arna fháil ag an iasachtóir díreach tar éis don taisce sin scor de bheith ina taisce úschánaithe den sórt sin. | |
[EN] | (4) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3), is taisce ús-chánaithe taisce tráth ar bith más amhlaidh atá maidir léi, dá ndéanfadh an glacadóir taisce iomchuí a shealbhaíonn í íocaíocht úis ina leith an tráth sin, go mbeadh de cheangal ar an nglacadóir taisce iomchuí sin an cháin chuí a asbhaint ón íocaíocht. | |
[EN] | (5) Ní bheidh éifeacht le halt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon ús iomchuí. | |
[EN] |
Ráiteas arna thabhairt ag glacadóir taisce iomchuí. |
36. —Ní mór do ghlacadóir taisce iomchuí, ar aon duine a bheidh i dteideal aon úis iomchuí ar thaisce iomchuí a bheidh á shealbhú ag an nglacadóir taisce iomhcuí á iarraidh air déanamh amhlaidh, ráiteas a thabhairt don duine sin maidir le haon íocaíocht den ús iomchuí sin, ar ráiteas é a thaispeánfaidh— |
[EN] | (a) méid na híocaíochta sin, | |
[EN] | (b) méid na cánach cuí a asbhaineadh uaidh, | |
[EN] | (c) glanmhéid na híocaíochta, agus | |
[EN] | (d) dáta na híocaíochta. | |
[EN] |
Dearbhuithe i ndáil le taiscí de chuid neamhchónaitheoirí. |
37. —(1) Maidir leis an dearbhú dá dtagraítear i mír (f) (ii) den mhíniú ar “taisce iomchuí” in alt 31 (1), is dearbhú i scríbhinn chuig glacadóir taisce iomchuí é— |
[EN] | (a) ó dhuine (dá ngairtear “an dearbhóir” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a mbeidh aon ús ar an taisce a bhfuil an dearbhú á dhéanamh ina leith iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí leis, agus é sínithe ag an dearbhóir, | |
[EN] | (b) a dhéanfar i cibé foirm a bheidh forordaithe nó údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, | |
[EN] | (c) a dhearbhóidh gurb amhlaidh, an tráth a dhéantar an dearbhú, nach bhfuil gnáthchónaí sa Stát ar an duine a mbeidh teideal tairbhiúil aige chuig an ús i ndáil leis an taisce sin nó, de réir mar a bheidh, ar na daoine go léir a mbeidh teideal acu amhlaidh, | |
[EN] | (d) ina mbeidh, maidir leis an duine nó, de réir mar a bheidh, gach duine de na daoine, a luaitear i mír (c)— | |
[EN] | (i) ainm an duine, | |
[EN] | (ii) seoladh a phríomháite cónaithe, agus | |
[EN] | (iii) ainm na tíre ina bhfuil gnáthchónaí air an tráth a dhéantar an dearbhú, | |
[EN] | (e) ina mbeidh geallúint ón dearbhóir go ndéanfaidh sé, má thagann an duine, nó, de réir mar a bheidh, aon duine de na daoine dá dtagraítear i mír (c) chun bheith ina ghnáthchónaí sa Stát, é sin a chur in iúl don ghlacadóir taisce iomchuí, agus | |
[EN] | (f) ina mbeidh cibé faisnéis eile a bheidh ag teastáil le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Caibidle seo: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (i) faoi réir fho-ailt (3) agus (4), más rud é i ndáil le taisce, gur seirbheáladh fógra, an 29ú lá d'Eanáir, 1986, nó roimhe, ar ghlacadóir taisce iomchuí faoi alt 175 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , go measfar chun críocha na Caibidle seo, ar leith ó fho-alt (2), gur dearbhú den chineál a luaitear san alt seo maidir leis an taisce sin an fógra gach uile thráth roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987, agus | |
[EN] | (ii) go measfar chun críocha uile na Caibidle seo gur dearbhú den chineál a luaitear san alt seo dearbhú a rinneadh, roimh dháta an Achta seo a rith, i bhfoirm a bhí údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír (22) de Rún Airgeadais Uimh. 12 a rith Dáil Éireann an 30ú lá d'Eanáir, 1986. | |
[EN] | (2) (a) Déanfaidh glacadóir taisce iomchuí na dearbhuithe uile den chineál a luaitear san alt seo a bheidh déanta i leith taiscí arna sealbhú ag an nglacadóir taisce iomchuí— | |
[EN] | (i) a choinneáil agus a choimeád ar feadh cibé tréimhse díobh seo a leanas is faide, is é sin le rá— | |
[EN] | (I) tréimhse sé bliana, agus | |
[EN] | (II) tréimhse ar críoch di, i ndáil leis an taisce ar ina leith a rinneadh an dearbhú, tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis an dáta ar a n-aisíoctar an taisce nó, de réir mar a bheidh, an dáta a ndéantar taisce iomchuí de, agus | |
[EN] | (ii) a chur ar fáil do chigire, ar é sin a bheith ceangailte air le fógra i scríbhinn a bheidh tugtha ag an gcigire dó, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an cigire aon dearbhuithe a bheidh curtha ar fáil dó faoi mhír (a) a scrúdú nó sleachta a thógáil astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh. | |
[EN] | (3) Más rud é, ar lá (dá ngairtear “an lá iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) i ndiaidh an 29ú lá d'Eanáir, 1986, go laghdófar méid taisce go dtí méid is lú ná trí cheathrú de mhéid na taisce mar a bhí an 29ú lá d'Eanáir, 1986, ní bheidh, maidir le mír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1), dá mba rud é go mbeadh éifeacht léi ar leith ón bhfo-alt seo maidir leis an taisce, éifeacht léi amhlaidh tráth ar bith ar an lá iomchuí nó dá éis. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndearnadh fógra (dá ngairtear “an fógra iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) den chineál a luaitear i mír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) a sheirbheáil ar ghlacadóir taisce iomchuí an 29ú lá d'Eanáir, 1986, nó roimhe, i ndáil le taisce, agus go dtarlóidh, tráth ar bith tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1986, ach sula mbeidh dearbhú den chineál a luaitear san alt seo déanta maidir leis an taisce, go scoirfidh an taisce de bheith á shealbhú ag an nglacadóir taisce iomchuí, ansin déanfaidh an duine arbh iníoctha aon ús ar an taisce leis tráth ar bith tar éis an 29ú lá d'Eanáir, 1986, dearbhú den chineál a luaitear san alt seo, maidir leis an taisce sin, leis an nglacadóir taisce iomchuí (nó, i gcás níos mó ná duine amháin den chineál sin a bheith ann, féadfaidh aon duine de na daoine sin an dearbhú a dhéanamh): | |
[EN] | Ar choinníoll, mura ndéanfar dearbhú amhlaidh maidir leis an taisce, go measfar, chun críocha fho-alt (2), gur dearbhú den chineál a luaitear san alt seo maidir leis an taisce an fógra iomchuí. | |
[EN] |
Dearbhuithe i ndáil le taiscí de chuid carthanas. |
38. —(1) Maidir leis an dearbhú dá dtagraítear i mír (g) (ii) den mhíniú ar “taisce iomchuí” in alt 31 (1), is dearbhú i scríbhinn chuig glacadóir taisce iomchuí é— |
[EN] | (a) ó dhuine (dá ngairtear “an dearbhóir” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a mbeidh aon ús ar an taisce a bhfuil an dearbhú á dhéanamh ina leith iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí leis, agus é sínithe ag an dearbhóir, | |
[EN] | (b) a dhéanfar i cibé foirm a bheidh forordaithe nó údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, | |
[EN] | (c) a dhearbhóidh gurb amhlaidh, an tráth a dhéantar an dearbhú, maidir leis an ús ar an taisce a bhfuil an dearbhú á dhéanamh ina leith— | |
[EN] | (i) (I) gur cuid é d'ioncam comhlachta daoine nó iontaobhais a ndéileálann na Coimisinéirí Ioncaim leis mar chomhlacht nó iontaobhas a bunaíodh chun críocha carthanúla amháin, nó | |
[EN] | (II) gurb infheidhme é, de réir na Rialacha nó na Rialachán a bunaíodh le reacht, le cairt, le foraithne, le gníomhas iontaobhais nó le huacht, chun críocha carthanúla amháin agus go ndéileálann na Coimisinéirí Ioncaim amhlaidh leis, agus | |
[EN] | (ii) gur chun críocha carthanúla amháin a chuirfear chun feidhme é, | |
[EN] | (d) ina mbeidh ainm agus seoladh an duine nó, de réir mar a bheidh, gach duine de na daoine a bheidh, maidir leis an ús i ndáil leis an taisce, i dteideal díolúine— | |
[EN] | (i) ó cháin ioncaim faoi Sceideal D de bhua mhír (b) d'alt 333 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó | |
[EN] | (ii) de réir mar a bheidh, ó cháin chorparáide de bhua na díolúine a thugtar leis an mír sin (b) den alt sin 333 (1) mar atá éifeacht léi chun críocha cánach corparáide faoi alt 11 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , | |
[EN] | (e) ina mbeidh geallúint ón dearbhóir go ndéanfaidh sé, má scoireann an duine, nó, de réir mar a bheidh, aon duine de na daoine dá dtagraítear i mír (d) de bheith díolmhaithe amhlaidh maidir leis an ús sin, é sin a chur in iúl don ghlacadóir taisce iomchuí, agus | |
[EN] | (f) ina mbeidh cibé faisnéis eile a bheidh ag teastáil le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Caibidle seo. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht le fo-alt (2) d'alt 37 maidir le dearbhuithe den chineál a luaitear san alt seo mar atá éifeacht leis maidir le dearbhuithe den chineál a luaitear san alt sin. | |
[EN] |
Cáin chuí a aisíoc i gcásanna áirithe. |
39. —(1) D'ainneoin alt 35 (1) (b), tabharfar aisíoc cánach cuí maidir le haon ús iomchuí do dhuine a bheidh, maidir leis an ús sin, i dteideal díolúine— |
[EN] | (a) ó cháin ioncaim faoi Sceideal D de bhua mhír (b) d'alt 333 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó | |
[EN] | (b) de réir mar a bheidh, ó cháin chorparáide de bhua na díolúine a thugtar leis an mír sin (b) den alt sin 333 (1) mar atá éifeacht léi chun críocha cánach corparáide faoi alt 11 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | |
[EN] | (2) Más rud é, sa bhliain 1986-87 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis (dá ngairtear “an bhliain iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo), go mbeidh aon ús iomchuí ar áireamh in ioncam iomlán duine iomchuí agus, ar leith ó alt 35 (1) (b), go mbeadh an duine iomchuí i dteideal go n-aisíocfaí leis an cháin chuí iomlán, nó aon chuid di, a asbhaineadh ón ús iomchuí, ansin, d'ainneoin alt 35 (1) (b), féadfar an t-aisíoc a mbeadh an duine iomchuí ina theideal amhlaidh a thabhairt dó ar é do dhéanamh éilimh chuige sin chuig an gcigire tráth nach luaithe ná deireadh na bliana iomchuí. | |
[EN] | (3) I bhfo-alt (2), ciallaíonn “duine iomchuí” pearsa aonair a chruthaíonn chun sástachta an chigire nó, ar achomharc, a chruthaíonn do na Coimisinéirí Achomhairc— | |
[EN] | (a) go raibh sé féin nó a chéile, tráth éigin i gcaitheamh na bliana iomchuí, cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn, nó | |
[EN] | (b) go raibh sé féin nó a chéile ar feadh na bliana iomchuí, nó gur tháinig sé nó sí chun bheith, amhail ar agus ó thráth éigin i gcaitheamh na bliana iomchuí, buanéagumasaithe, mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, ar é féin nó í féin a chothabháil. | |
[EN] |
Pionóis. |
40. —(1) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 — |
[EN] | (a) trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , alt 33 (2)” a chur isteach i gcolún 2, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , alt 32 (1)” a chur isteach i gcolún 3. | |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 94 (2) den Acht Airgeadais, 1983 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d): | |
[EN] | “(dd) (i) go mainneoidh sé aon asbhaint a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh le halt 32 (1) den Acht Airgeadais, 1986 , | |
[EN] | (ii) go mainneoidh sé, tar éis dó an asbhaint a dhéanamh, an tsuim a asbhaineadh a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe chuige sin in alt 33 (3) den Acht sin, nó | |
[EN] | (iii) go mainneoidh sé méid ar cuntas cánach cuí (de réir bhrí Chaibidil IV de Chuid I den Acht sin) a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe chuige sin in alt 33 (4) den Acht sin,”. |