|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Íocaíochtaí Úis ag Glacadóirí Taisce Áirithe) | Ar Aghaidh (Caibidil VI Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1986
[EN] | ||||
[EN] |
Caibidil V Athnuachan Uirbeach: Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide | |||
[EN] |
Léiriú (Caibidil V), etc. |
41. —(1) Sa Chaibidil seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “Limistéar Duganna Theach an Chustaim” an limistéar a thuairiscítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal; | |||
[EN] | ciallaíonn “limistéar ainmnithe” Limistéar Duganna Theach an Chustaim nó aon limistéar eile a thuairiscítear i gCuid III, IV, V, VI nó VII den Cheathrú Sceideal, agus déanfar tagairt do limistéar ainmnithe contaebhuirge a fhorléiriú, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach, mar thagairt don chuid sin nó do na codanna sin den chontaebhuirg sin a thuairiscítear sa Chuid nó sna Codanna iomchuí den Sceideal sin. | |||
[EN] | (2) Maidir le feidhmiú na Caibidle seo i gcás aon chaiteachais a thabhófar, nó aon chíosa is iníoctha, i ndáil le haon áitreabh a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de Limistéar Duganna Theach an Chustaim— | |||
[EN] | ciallaíonn “an lá sonraithe” an lá a bheidh ceaptha le hordú ag an Aire Airgeadais mar an lá sonraithe chun críocha na Caibidle seo; | |||
[EN] | ciallaíonn “an tréimhse shonraithe” an tréimhse cúig bliana dar tosach an lá sonraithe. | |||
[EN] | (3) Beidh éifeacht leis an gCeathrú Sceideal chun an Chaibidil seo a fhorlíonadh. | |||
[EN] |
Liúntas i ndáil le háitribh thráchtála áirithe a fhoirgniú. |
42. —(1) San alt seo— | ||
[EN] | tá le “carrchlós ilstóir” an bhrí a thugtar dó le halt 25 den Acht Airgeadais, 1981 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Bhealtaine, 1989, nó, i gcás feidhm a bheith ag alt 41 (2), an tréimhse shonraithe; | |||
[EN] | ciallaíonn “áitreabh cáilitheach” foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe agus arb amhlaidh atá maidir leis— | |||
[EN] | (a) ar leith ón alt seo, nach foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir bhrí alt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus | |||
[EN] | (b) (i) go bhfuil sé á úsáid chun críocha trádála nó gairme, nó | |||
[EN] | (ii) bíodh nó ná bíodh sé á úsáid amhlaidh, go bhfuil sé ligthe ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í dá ligfí an foirgneamh nó an déanmhas ar théarmaí a caibidlíodh ar neamhthuilleamaí, | |||
[EN] | 140 | |||
[EN] | ach ní fholaíonn sé aon fhoirgneamh ná déanmhas atá á úsáid mar theach cónaithe nó mar chuid de theach cónaithe; | |||
[EN] | aon tagairtí d'ailt 254, 264 agus 265 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , is tagairtí iad do na hailt sin arna gcur isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 . | |||
[EN] | (2) Faoi réir na modhnuithe dá bhforáiltear i bhfo-ailt (3) go (7), beidh feidhm, d'ainneoin aon ní dá mhalairt iontu, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachais chaipitiúil ar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail a fhoirgniú— | |||
[EN] | (a) ionann is dá mba é a bhí in áitreabh cáilitheach, gach uile thráth ar áitreabh cáilitheach é, foirgneamh nó déanmhas a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith, chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar gheall ar é a bheith á úsáid chun críche a shonraítear in alt 255 (1) (a) den Acht sin, agus | |||
[EN] | (b) i gcás nach trádáil aon ghníomhaíocht atá á seoladh san áitreabh cáilitheach, ionann is dá mba thrádáil í: | |||
[EN] | Ar choinníoll nach dtabharfar liúntas de bharr an fho-ailt seo i leith aon chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú áitribh cháilithigh ach amháin sa mhéid gur sa tréimhse cháilitheach a tabhaíodh an caiteachas sin. | |||
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (2), na tagairtí don 1ú lá d'Aibreán, 1988 (mar a fhoráiltear le halt 20 den Acht Airgeadais, 1985 ) sna forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, measfar gur tagairtí iad don 1ú lá de Mheitheamh, 1989, nó, i gcás feidhm a bheith ag alt 41 (2), don chéad lá eile díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse sonraithe. | |||
| ||||
[EN] | (4) Maidir le háitreabh cáilitheach a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe i mBaile Átha Cliath seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim, déanfar aon liúntas nó muirear a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, le tabhairt nó le gearradh faoi fho-alt (2) i leith caiteachais chaipitiúil ag foirgniú an áitribh cháilithigh a laghdú go dtí leath den mhéid arbh é a bheadh ann, ar leith ón bhfo-alt seo, méid an liúntais nó an mhuirir sin; agus chun críocha an fho-ailt seo déanfar méid liúntais nó muirir a bheidh le laghdú amhlaidh go dtí leath an méid sin a ríomh— | |||
[EN] | (a) ionann is dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo, agus | |||
[EN] | (b) ionann is dá mbeadh éifeacht tugtha do na liúntais go léir a bheidh curtha i gcuntas le linn an méid sin a bheith á ríomh: | |||
[EN] | Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fheidhmiú alt 265 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |||
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (6), ní bheidh éifeacht le halt 25 den Acht Airgeadais, 1981 , maidir le háitreabh cáilitheach is carrchlós ilstóir a mbeidh aon liúntas i leith caiteachais a tabhaíodh á fhoirgniú le tabhairt faoi fho-alt (2) i ndáil leis. | |||
[EN] | (6) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (4) maidir le haon chaiteachas caipitiúil— | |||
[EN] | (a) arna thabhú roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1988, ag foirgniú carrchlóis ilstóir a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe i mBaile Átha Cliath seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim, agus | |||
[EN] | (b) is caiteachas iomchuí de réir bhrí alt 25 den Acht Airgeadais, 1981 . | |||
[EN] | (7) D'fhonn cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas de bhua fho-alt (2), an sa tréimhse cháilitheach a tabhaíodh caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú áitribh cháilithigh agus cá mhéad ar tabhaíodh an caiteachas sin sa tréimhse sin, ní dhéanfar ach cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin a chinnfidh an cigire, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a mheasfaidh sé, is inchurtha go cuí i leith obair ag foirgniú an áitribh a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí a mheas (d'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach maidir leis an am a mbeidh aon chaiteachas caipitiúil, nó a mbeidh sé le meas go mbeidh sé, tabhaithe) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin: | |||
[EN] | Ar choinníoll go bhféadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda aon mhéid a chinnfidh an cigire de bhua an fho-ailt seo a leasú ar achomharc i gcoinne an chinnidh sin a éisteacht nó a athéisteacht. | |||
[EN] |
Asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe ar cíos a chur ar fáil. |
43. —(1) San alt seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “caiteachas foirgníochta nó athchóiriúcháin” caiteachas a mbeadh, dá mba sa tréimhse cháilitheach a thabhófaí é, faoiseamh le tabhairt ina leith faoi fho-alt (2) den phríomh-alt seachas de bhua alt 21 den Acht Airgeadais, 1985 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “caiteachas lena mbaineann an t-alt seo” caiteachas foirgníochta nó athchóiriúcháin arna thabhú sa tréimhse shonraithe i ndáil le háitreabh cáilitheach a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de Limistéar Duganna Theach an Chustaim; agus chun a chinneadh ar tabhaíodh agus cá mhéad a tabhaíodh an caiteachas sin amhlaidh sa tréimhse shonraithe, beidh éifeacht le fo-alt (1) (b) den phríomh-alt ionann is dá mba thagairtí don tréimhse shonraithe na tagairtí i bhfomhír (i) den fho-alt sin don tréimhse cháilitheach agus fara aon mhodhnuithe eile is gá; | |||
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 . | |||
[EN] | (2) Forléireofar an t-alt seo agus an príomh-alt le chéile. | |||
[EN] | (3) Beidh éifeacht leis an bpríomh-alt agus le halt 24 den Acht Airgeadais, 1981 , maidir le caiteachas lena mbaineann an t-alt seo— | |||
[EN] | (a) ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (1) (a) den phríomhalt: | |||
[EN] | “ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse shonraithe de réir bhrí alt 41 den Acht Airgeadais, 1986 ;”, | |||
[EN] | (b) chun críocha an mhínithe ar “áitreabh cáilitheach” san fho-alt sin (1) (a), ionann is dá mba thagairt do chaiteachas lena mbaineann an t-alt seo an tagairt i bhfo-alt (2) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1983 , do chaiteachas lena mbaineann an t-alt sin, | |||
[EN] | (c) i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 22 den Acht Airgeadais, 1985 , ionann is dá gcuirfí an tréimhse shonraithe in ionad na tréimhse atá luaite iontu, agus | |||
[EN] | (d) ionann is dá mba nár achtaíodh na forálacha de na hAchtanna Cánach atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] |
Liúntas d'úinéirí-áititheoirí maidir le háitreabh áirithe. |
44. —(1) (a) San alt seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” i ndáil le pearsa aonair, faoi réir mhír (c), méid is ionann agus méid an chaiteachais a thabhaigh an phearsa aonair sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú áitribh cháilithigh ar teaghais úinéir-áitithe cháilitheach é i ndáil leis an bpearsa aonair, tar éis aon suim i leith nó faoi threoir an chaiteachais sin, nó i leith nó faoi threoir an áitribh cháilithigh nó na hoibre foirgníochta ar tabhaíodh ina leith é, a bheidh faighte ag an bpearsa aonair, nó atá sé i dteideal a fháil, go díreach nó go neamhdhíreach, ón Stát, ó aon bhord a bunaíodh le reacht nó ó aon údarás poiblí nó áitiúil, a bheith asbhainte ón méid sin caiteachais; | |||
[EN] | ciallaíonn “teaghais úinéir-áitithe cháilitheach”, i ndáil le pearsa aonair, áitreabh cáilitheach a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim agus a úsáideann an phearsa aonair sin i gcéaduair, tar éis an caiteachas cáilitheach sin a bheith tabhaithe, mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaithe; | |||
[EN] | forléireofar “áitreabh cáilitheach” de réir mhír (b); | |||
[EN] | ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Bhealtaine, 1989; | |||
[EN] | tá le “athfheistiú” an bhrí chéanna atá leis in alt 21 den Acht Airgeadais, 1985 . | |||
[EN] | (b) Aon áitreabh ar áitreabh cáilitheach a bheadh ann chun críocha alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 , mar atá feidhm ag an alt sin maidir le caiteachas lena mbaineann alt 29 den Acht Airgeadais, 1983 , dá mba rud é— | |||
[EN] | (i) go scriosfaí clásal (iv) den mhíniú ar “áitreabh cáilitheach” san alt sin 23, agus | |||
[EN] | (ii) nár achtaíodh fo-alt (8) den alt sin, | |||
[EN] | is áitreabh cáilitheach é chun críocha an ailt seo, agus beidh feidhm, chun críocha an ailt seo, ag forálacha uile an ailt sin 23 sa mhéid go bhfuil feidhm acu chun a chinneadh an áitreabh cáilitheach áitreabh, ach sin faoi réir na modhnuithe a luaitear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) agus fara aon mhodhnuithe eile is gá. | |||
[EN] | (c) Measfar gur thabhaigh duine caiteachas sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú áitribh cháilithigh sa mhéid go measfaí gur thabhaigh sé caiteachas ag foirgniú nó ag athfheistiú an áitribh sin chun críocha alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 , dá gcuirfí an míniú ar “tréimhse cháilitheach” san alt seo in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” san alt sin agus in alt 21 den Acht Airgeadais, 1985 , agus beidh feidhm, chun críocha an ailt seo, ag forálacha uile na n-alt sin 23 agus 21 sa mhéid go bhfuil feidhm acu chun a chinneadh cad é méid an chaiteachais a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú nó ag athfheistiú áitribh cháilithigh, ach sin faoi réir an mhodhnaithe a dúradh ar an míniú ar “tréimhse cháilitheach” agus fara aon mhodhnuithe eile is gá. | |||
[EN] | (d) Chun críocha an ailt seo, seachas chun a chinneadh ar tabhaíodh agus cá mhéad a tabhaíodh caiteachas ag foirgniú nó ag athfheistiú áitribh cháilithigh sa tréimhse cháilitheach, measfar caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú nó ag athfheistiú áitribh cháilithigh a bheith tabhaithe ar an dáta is luaithe a mbeidh an t-áitreabh á úsáid mar theaghais tar éis an caiteachas a bheith tabhaithe iarbhír. | |||
[EN] | (e) (i) I gcás ina dtabhóidh dhá dhuine nó níos mó an caiteachas cáilitheach i ndáil le háitreabh cáilitheach, measfar nár thabhaigh gach duine de na daoine sin ach cibé méid den chaiteachas is dóigh leis an gcigire, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a mheasfaidh sé, a bheith cóir agus réasúnach agus déanfar an caiteachas a chionroinnt dá réir sin. | |||
[EN] | (ii) Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda cionroinnt a rinneadh faoi fhomhír (i) a leasú ar achomharc i gcoinne asbhainte a tugadh ar bhonn na cionroinnte a éisteacht nó a athéisteacht. | |||
[EN] | (2) I gcás ina gcruthóidh pearsa aonair, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé caiteachas cáilitheach i mbliain mheasúnachta, beidh sé i dteideal, don bhliain mheasúnachta sin agus d'aon bhliain de na naoi mbliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin inarb aon-áit nó príomh-áit chónaithe na pearsan aonair an t-áitreabh cáilitheach ar tabhaíodh an caiteachas ina leith, go ndéanfar méid is ionann agus 5 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais cháilithigh a asbhaint óna ioncam iomlán. | |||
[EN] | (3) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist faoin alt seo, seachas ceist ar féidir achomharc a dhéanamh maidir léi faoi alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc. | |||
[EN] | (4) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le hasbhaintí faoin alt seo. | |||
[EN] | (5) Leasaítear leis seo alt 198 (1) (a) den Acht Cánach Ioncaim,1967, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (x) (arna cur isteach le halt 19): | |||
[EN] | “(xi) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 44 den Acht Airgeadais, 1986 , sa chomhréir inar thabhaigh siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,”. | |||
[EN] |
Liúntas cíosa dúbailte mar asbhaint le linn ioncam trádála a bheith á ríomh. |
45. —(1) (a) San alt seo— | ||
[EN] | tá le “léas”, “léasaí”, “léasóir” agus “cíos” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le Caibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “léas cáilitheach” léas i leith áitribh cháilithigh arna dheonú sa tréimhse cháilitheach ar théarmaí tráchtála bona fide ag léasóir chuig léasaí nach bhfuil baint aige leis an léasóir ná le haon duine eile atá i dteideal cíos a fháil i leith an áitribh cháilithigh, cibé acu faoin léas sin nó aon léas eile; | |||
[EN] | ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Bhealtaine, 1989, nó, i gcás feidhm a bheith ag alt 41 (2), an tréimhse shonraithe; | |||
[EN] | ciallaíonn “áitreabh cáilitheach” foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe agus— | |||
[EN] | (i) (I) is foirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó | |||
[EN] | (II) a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht sin, mar gheall ar alt 42, agus | |||
[EN] | (ii) atá ligthe ar cibé téarmaí dá dtagraítear i mír (b) (ii) den mhíniú ar “áitreabh cáilitheach” san alt sin 42; | |||
[EN] | ciallaíonn “tréimhse chíosa iomchuí”, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse deich mbliana dar tosach an lá a mbeidh cíos i leith an áitribh sin iníoctha i gcéaduair faoi aon léas cáilitheach. | |||
[EN] | (b) Measfar chun críocha an ailt seo baint a bheith ag duine le duine eile i gcás go measfaí sin maidir leis chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 . | |||
[EN] | (2) Más rud é, le linn méid na ngnóchan nó na mbrabús ó thrádáil nó ó ghairm a bheith á ríomh, go mbeidh duine, ar leith ón alt seo, i dteideal aon asbhaint a fháil (dá ngairtear “an asbhaint chéadluaite” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ar cuntas cíosa i leith áitribh cháilithigh a bheidh á áitiú aige chun críocha na trádála nó na gairme sin ar cíos é is iníoctha aige sa tréimhse chíosa iomchuí i ndáil leis an áitreabh cáilitheach sin faoi léas cáilitheach, beidh sé i dteideal, le linn an ríomha sin, asbhaint eile a fháil is ionann agus méid na hasbhainte céadluaite. |