An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986) Ar Aghaidh (CUID II Iompras Bhaile Átha Cliath)

15 1986

AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1932” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1932 ;

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ;

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 ;

ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974 ;

ciallaíonn “an tÚdarás” Iompras Bhaile Átha Cliath;

tá le “limistéar feidhme an Údaráis” an bhrí a shanntar dó le halt 10;

tá le “príomhfheidhmeannach” an bhrí a shanntar dó le halt 13;

tá le “plean forbartha” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar le hordú faoi alt 4 chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “údarás áitiúil” (ach amháin in alt 36) comhairle chontae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile;

tá le “feithicil inneallghluaiste” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

tá le “seirbhís bóthair do phaisinéirí” an bhrí chéanna atá le “bótharsheirbhís do phaisinéirí” in Acht 1932;

tá le “rothar cos” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;

ciallaíonn “údarás pleanála”

(a) i gcás contae, gan aon bhuirg ná ceantar uirbeach ann a áireamh, comhairle an chontae,

(b) i gcás contaebhuirge nó buirge eile, bardas na buirge, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair;

ciallaíonn “bóthar poiblí” aon bhóthar, sráid, bóithrín, cosán, cearnóg, cúirt, caolsráid nó scabhat, agus aon chuid den chéanna, ar údarás bóithre atá freagrach ina gcothabháil, agus folóidh sé aon droichead, tarbhealach, íosbhealach, fobhealach, tollán, tardhroichead, uasród, píopa, stua, lintéir, cosán, carrbhealaí (singil nó iolrach), pábhaille, ráille, fál, balla, bacainn, ráille cosanta, colbha, leataobh, crua-ghrua, rian rothar, oileán, místráice, láriomaire, conaireoir, compal, cuaille, mullard, sreang, cábla, sín, comhartha nó soilsiú is cuid den bhóthar nó déanmhas eile dá shamhail is cuid den bhóthar a bhfuil gá leis ar mhaithe le sábháilteacht, áisiúlacht nó taitneamhacht do lucht úsáidte bóithre;

tá le “feithicil seirbhíse poiblí” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;

ciallaíonn “údarás bóithre” comhairle chontae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, nó comhairle cheantair uirbigh;

tá le “feithicil sráidseirbhíse” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;

ciallaíonn “athfhoirmiú”, i ndáil le plean forbartha, athfhoirmiú faoi Chuid III den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

(2) San Acht seo aon tagairt do Chuid nó d'alt, nó don Sceideal, is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó don Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) San Acht seo déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le haon ordú nó orduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

An lá bunaithe.

4. —Déanfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

5. —(1) Gach ordú a dhéanfar faoi alt 3 leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(2) Déanfar an t-ordú a dhéanfar faoi alt 4 agus gach ordú a dhéanfar faoi alt 9 nó 10 a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Caiteachais.

6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.