|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Pleanáil) | Ar Aghaidh (CUID V Bainistí Tráchta) |
AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Seirbhísí do Phaisinéirí | |
[EN] |
Riachtanais, etc., do sheirbhísí iompair phoiblí áirithe. |
28. —(1) Déanfaidh an tÚdarás ó am go ham, ag féachaint do na riachtanais iompair i limistéar feidhme an Údaráis, na riachtanais ar chóir do Chóras Iompair Éireann féachaint le freastal orthu ina sheirbhísí poiblí bus agus iarnróid fho-bhailtigh a shonrú faoi theorainn aon fhóirdheontais Státchiste a chinnfear a thabhairt do Chóras Iompair Éireann. |
[EN] | (2) Déanfaidh Córas Iompair Éireann aon tograí chun athrú a dhéanamh ar a tháillí le haghaidh seirbhísí poiblí bus agus iarnróid fho-bhailtigh laistigh de limistéar feidhme an Údaráis a chur chuig an Údarás le cinneadh a dhéanamh orthu agus is le toiliú an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a thabharfar cinneadh an Údaráis ar na tograí sin. | |
[EN] |
Seirbhísí bóthair do phaisinéirí a cheadúnú. |
29. —(1) (a) Ní sheolfaidh duine seirbhís bóthair do phaisinéirí go hiomlán laistigh de limistéar feidhme an Údaráis ach amháin faoi réir agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Údarás faoi Acht 1932 agus tabharfar aird, i dtéarmaí aon cheadúnais den sórt sin, ar na táillí reatha le haghaidh na seirbhísí poiblí bus agus iarnróid fho-bhailtigh a chuireann Córas Iompair Éireann ar fáil laistigh de limistéar feidhme an Údaráis. |
[EN] | (b) Ní bhaineann mír (a) le Córas Iompair Éireann. | |
[EN] | (2) Le linn bheith ag cinneadh cé acu an ndeonófar ceadúnas den sórt sin nó nach ndeonófar, beidh aird ag an Údarás ar leas an phobail maidir le seirbhísí bóthair do phaisinéirí a chur ar fáil i limistéar feidhme an Údaráis. | |
[EN] | (3) Déantar, i bhfeidhmiú Acht 1932 maidir le seirbhísí bóthair do phaisinéirí a oibrítear go hiomlán laistigh de limistéar feidhme an Údaráis, an tAcht sin a mhodhnú leis seo sna bealaí seo a leanas: | |
[EN] | (a) ní bheidh feidhm ag ailt 4 agus 5; | |
[EN] | (b) i gCuid II, déanfar tagairtí don Aire Cumarsáide a fhorléiriú mar thagairtí don Údarás; | |
[EN] | (c) in alt 20 (1), déanfar an tagairt don Aire Airgeadais a fhorléiriú mar thagairt don Aire; | |
[EN] | (d) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (3) d'alt 20:— | |
[EN] | “(3) Déanfar gach táille is iníoctha faoin alt seo a bhailiú agus tabharfar cuntas uirthi i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.”; | |
[EN] | (e) in ailt 22 agus 23 déanfar tagairtí do rialacháin a fhorléiriú mar thagairtí d'fhodhlíthe. | |
[EN] | (4) Chun críche fheidhmiú Acht 1932 maidir le limistéar feidhme an Údaráis, féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, fodhlíthe a dhéanamh chun na gcríoch seo a leanas go léir nó chun aon chríche acu— | |
[EN] | (a) aon ní dá dtagraítear san Acht sin a fhorordú mar ní atá le forordú, | |
[EN] | (b) aon ní a fhorordú a n-údaraítear leis an Acht sin (arna mhodhnú leis an alt seo) don Údarás é a fhorordú. | |
[EN] | (5) Aon rialacháin faoi Acht 1932 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus atá i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo beidh éifeacht leo, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, ón tráth thosach feidhme sin ionann is dá mba fhorálacha fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo. | |
[EN] | (6) Faoi réir alt 71 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (arna oiriúnú le fo-alt (7) den alt seo), aon cheadúnais a deonaíodh faoi Acht 1932 i ndáil le seirbhísí bóthair do phaisinéirí a oibrítear go hiomlán laistigh de limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm ionann is dá mba é an tÚdarás a dheonaigh iad. | |
[EN] | (7) Déanfar, i bhfeidhmiú Chuid VII den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , maidir le seirbhísí bóthair do phaisinéirí a oibrítear go hiomlán laistigh de limistéar feidhme an Údaráis, an Chuid sin a fhorléiriú ionann is dá mba thagairtí don Údarás na tagairtí don Aire Cumarsáide in ailt 70 go 73. | |
[EN] | (8) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 5 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1978 (Orduithe ón Aire i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta, etc.): | |
[EN] | “(1) I gcás go gceanglaítear amhlaidh le comhaontú idirnáisiúnta i ndáil le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar ar páirtí ann an Rialtas nó an Stát, nó le comhaontú, comhshocraíocht nó rún i ndáil le hiompar den sórt sin ar páirtí ann an tAire, féadfaidh an tAire le hordú aon aicme shonraithe feithicle nó aon aicme shonraithe iompair den sórt sin a dhíolmhú ó fhorálacha alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , ailt 9 agus 34 den Phríomh-Acht (arna leasú nó arna leathnú), ailt 6 agus 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 (arna leasú nó arna leathnú) agus alt 29 den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986 , nó ó aon cheann de na forálacha sin.”. | |
[EN] | (9) I gcás go ndéanfar iarratas chun an Aire ar cheadúnas faoi Acht 1932 i ndáil le bealaí a théann thar limistéar feidhme an Údaráis, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás sula ndéanfaidh sé cinneadh i dtaobh an ábhair. | |
[EN] |
Achomharc chun an Aire. |
30. —(1) (a) I gcás go ndiúltóidh an tÚdarás ceadúnas faoi Acht 1932 a dheonú nó a athnuachan nó go gcuirfidh sé ceadúnas den sórt sin ar ceal nó ar fionraí, nó i gcás go mbeidh duine dár dheonaigh nó dár athnuaigh an tÚdarás ceadúnas den sórt sin míshásta le téarma nó coinníoll a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas sin nó a bheidh fágtha as, féadfaidh an t-iarratasóir nó an ceadúnaí achomharc a dhéanamh chun an Aire. |
[EN] | (b) I gcás gur dóigh le sealbhóir (dá ngairtear “an sealbhóir sin” sa mhír seo) ar cheadúnas faoi Acht 1932, nó gur dóigh le Córas Iompair Éireann, go ndéanfadh deonú nó athnuachan ceadúnais faoin Acht sin do dhuine eile (nó go ndéanfadh téarma nó coinníoll a ghabhann leis an gceadúnas sin nó a fhágtar as) difear ábhartha d'aon seirbhís bóthair do phaisinéirí a oibríonn an sealbhóir sin nó Córas Iompair Éireann, féadfaidh an sealbhóir sin nó Córas Iompair Éireann achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an deonaithe nó na hathnuachana sin (nó i gcoinne an téarma nó an choinníll iomchuí nó i gcoinne an téarma nó an coinníoll iomchuí a bheith fágtha as). | |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire tar éis dó breithniú a dhéanamh ar cibé uiríll a thabharfaidh an t-achomharcóir ar aird nó a thabharfar ar aird thar a cheann agus a thabharfaidh an tÚdarás ar aird agus tar éis dó breithniú a dhéanamh ar leas an phobail maidir le seirbhísí bóthair do phaisinéirí a chur ar fáil i limistéar feidhme an Údaráis, an t-achomharc a dheonú nó an cinneadh iomchuí ón Údarás a dhaingniú nó a mhodhnú, más cuí leis. | |
[EN] | (3) Aon chinneadh ón Aire ar achomharc faoin alt seo, is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe san achomharc. | |
[EN] |
Feithiclí seirbhíse poiblí. |
31. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire Comhshaoil, fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le rialáil, rialú agus oibriú feithiclí seirbhíse poiblí laistigh de limistéar feidhme an Údaráis agus féadfaidh sé go háirithe le fodhlíthe den sórt sin socrú a dhéanamh maidir le ceadúnú na bhfeithiclí sin agus a dtiománaithe agus a stiúrthóirí ag Coimisinéir an Gharda Síochána nó ag an Údarás. |
[EN] | (2) Féadfaidh fodhlíthe faoin alt seo baint a bheith acu go háirithe leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon ní acu: | |
[EN] | (a) téarmaí nó coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais den sórt sin, agus na téarmaí nó na coinníollacha a bheith sonraithe sna ceadúnais, | |
[EN] | (b) tréimhsí bailíochta ceadúnas den sórt sin agus a n-athnuachan nó a gcur ar ceal, | |
[EN] | (c) na táillí is iníoctha as deonú ceadúnas den sórt sin, | |
[EN] | (d) an fhaisnéis a bheidh ag teastáil i ndáil le hiarratais ar na ceadúnais sin (lena n-áirítear faisnéis i ndáil le carachtar an iarratasóra nó a thaithí roimhe sin nó a threoir-uimhir cánach ioncaim agus sonraí faoi aon sochar nó cúnamh atá á íoc leis an iarratasóir, tráth an iarratais, faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, | |
[EN] | (e) an t-uasmhéid ceadúnas den sórt sin a fhéadfar a eisiúint i leith feithiclí sráidseirbhíse, | |
[EN] | (f) gan ceadúnais den sórt sin d'fheithiclí sráidseirbhíse a dheonú ach amháin i leith feithiclí ag a bhfuil íos-toisí a shonrófar sna fodhlíthe agus a bheidh de réir rialachán faoi alt 11 d'Acht 1961, | |
[EN] | (g) ceadú ón Údarás do na huastáillí a fhéadfar a ghearradh maidir le seirbhísí a chuireann feithiclí sráidseirbhíse ar fáil, | |
[EN] | (h) iompar agus dualgais tiománaithe agus stiúrthóirí feithiclí seirbhíse poiblí agus a bhfostóirí agus paisinéirí nó daoine ar mian leo a bheith ina bpaisinéirí sna feithiclí sin. | |
[EN] | (3) Féadfar fodhlíthe éagsúla a dhéanamh faoin alt seo— | |
[EN] | (a) d'aicmí éagsúla feithiclí seirbhíse poiblí, | |
[EN] | (b) d'imthosca éagsúla (lena n-áirítear oibriú feithiclí seirbhíse poiblí le linn tráthanna éagsúla den lá). | |
[EN] | (4) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith eisithe de bhun fodhlíthe faoin alt seo agus a deir go raibh, ar lá sonraithe, táille shonraithe ina huastáille shocraithe d'fheithiclí sráidseirbhíse i limistéar feidhme an Údaráis nó in aon chuid shonraithe den limistéar sin beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartóidh gurbh é a shínigh é nó gurbh eisean an duine cuí lena eisiúint, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, ar na nithe a bheidh deimhnithe ann. | |
[EN] | (5) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith eisithe de bhun fodhlíthe faoin alt seo agus a deir go raibh, ar lá sonraithe, duine sonraithe ina shealbhóir ar cheadúnas faoi na fodhlíthe nó go raibh, ar lá sonraithe, ceadúnas den sórt sin i bhfeidhm i leith feithicle seirbhíse poiblí sonraithe beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartóidh gurbh é a shínigh é nó gurbh eisean an duine cuí lena eisiúint, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, ar na nithe a bheidh deimhnithe ann. | |
[EN] | (6) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo inar fianaise ábhartha ceadúnas faoi fhodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach raibh, an tráth ábhartha, ceadúnas den sórt sin, a raibh éifeacht leis an tráth sin, á shealbhú. | |
[EN] | (7) I gcás ina n-úsáidfear feithicil inneallghluaiste chun ochtar duine nó níos mó, nach bhfuil fostaithe ag úinéir na feithicle, a iompar, measfar iad a bheith á n-iompar san fheithicil ar luaíocht, go dtí go suífear a mhalairt. | |
[EN] | (8) (a) I gcás go ndiúltóidh duine aon suim is iníoctha ag an duine sin le húinéir, le tiománaí nó le stiúrthóir feithicle seirbhíse poiblí as an bhfeithicil sin a fhruiliú, nó an táille i leith iompar an duine sin san fheithicil sin, a íoc, nó go bhfágfaidh siad an céanna gan íoc, leis an úinéir sin, leis an tiománaí sin nó leis an stiúrthóir sin, tabharfaidh an duine sin a ainm agus a sheoladh don úinéir sin, don tiománaí sin nó don stiúrthóir sin, ar é á iarraidh. | |
[EN] | (b) I gcás go ndiúltóidh nó go mainneoidh duine den sórt sin déanamh de réir iarraidh faoi mhír (a) nó go dtabharfaidh sé ainm agus seoladh a bhfuil cúis réasúnach ag an úinéir, ag an tiománaí nó ag an stiúrthóir lena chreidiúint go bhfuil siad bréagach nó míthreorach, féadfaidh an t-úinéir, an tiománaí nó an stiúrthóir an duine sin a choinneáil go dtí go dtiocfaidh comhalta den Gharda Síochána. | |
[EN] | (c) I gcás go ndiúltóidh nó go mainneoidh duine den sórt sin, nuair a éileofar sin, a ainm agus a sheoladh a thabhairt do chomhalta den Gharda Síochána, nó go dtabharfaidh sé ainm agus seoladh a bhfuil cúis réasúnach ag an gcomhalta lena chreidiúint go bhfuil siad bréagach nó míthreorach, beidh an duine sin ciontach i gcion agus féadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan bharántas. | |
[EN] | (9) Aon duine a sháraíonn fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, in aon chás den sórt sin a bhaineann le feithicil, de réir mar a fhorordófar i bhfodhlí faoin alt seo nó mar a fhorordófar i rialacháin lena mbaineann fo-alt (12), i gcás nach é úinéir na feithicle sin é an duine sin, beidh an t-úinéir ciontach i gcion freisin. | |
[EN] | (10) Leasaítear leis seo alt 56 d'Acht 1968 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |
[EN] | “(1) Aon duine a dhéanfaidh go toiliúil nó go mailíseach aon damáiste nó díobháil d'fheithicil seirbhíse poiblí beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair, i dteannta aon phionóis a fhéadfar a fhorchur faoi alt 102 den Phríomh-Acht nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986 , féadfaidh an chúirt a chiontóidh amhlaidh é a ordú dó cibé suim (is suim nach bhfágann, nuair a chuirtear é leis an bpionós a luaitear anseo roimhe seo, suim chomhlán is mó ná £1,000) a íoc le húinéir na feithicle a shocróidh an chúirt mar chúiteamh sa damáiste nó sa díobháil agus i leith chailliúint ama úinéir agus thiománaí agus stiúrthóir na feithicle nó aon duine acu sin (de réir mar is gá sa chás) mar gheall ar fhreastal ar an gcúirt: | |
[EN] | Ar choinníoll nach dtoirmiscfidh aon ní san alt seo duine ó imeachtaí sibhialta a thionscamh chun damáistí de bhreis ar an tsuim £1,000 thuasluaite a ghnóthú.”. | |
[EN] | (11) Scoirfidh alt 82 d'Acht 1961 d'fheidhm a bheith aige i ndáil le limistéar feidhme an Údaráis ó thosach feidhme an ailt seo. | |
[EN] | (12) D'ainneoin fho-alt (11), aon rialacháin faoi alt 82 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo. |