An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Seirbhísí do Phaisinéirí) Ar Aghaidh (CUID VI Forálacha Ilghnéitheacha)

15 1986

AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986

CUID V

Bainistí Tráchta

Rialú tráchta agus coisithe.

32. —(1) Déantar na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 89 d'Acht 1961 a aistriú leis seo chuig an Údarás a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), aon fhodhlíthe nó rialacha sealadacha faoi alt 89 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfaidh an tÚdarás iad a leasú nó a chúlghairm.

(3) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn “mullard” cuaille, post nó feiste eile dá samhail atá curtha isteach i ndromchla róid nó cosáin nó feistithe air agus é ceartingearrach nó chóir a bheith ceartingearrach;

tá le “cosán” agus “ród” na bríonna céanna, faoi seach, atá leo in Acht 1961;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

ciallaíonn “rampa bóthair” dronn shaorga i ród nó ar dhromchla róid atá ceaptha chun luas feithiclí a ríalú.

(b) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, a ordú d'údarás bóithre ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis do chuid dá limistéar feidhme nó dó uile, ar mhaithe le sábháilteacht úsáidirí bóthair, na nithe seo a leanas a chur ar fáil go ceann tréimhse sonraithe nó gan aon teorainn maidir le ham, eadhon—

(i) mullaird ar ród nó cosán chun úsáid bóthair phoiblí ag feithiclí inneallghluaiste a shrianadh go hiomlán nó go páirteach;

(ii) rampaí bóthair ar ród chun luas feithiclí inneallghluaiste a shrianadh.

(c) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith, le ceadú an Aire, a ordú don údarás bóithre lena mbaineann, mullaird nó rampaí bóthair a cuireadh ar fáil de réir ordú faoi mhír (b) a aistriú as.

(d) Seolfaidh an tÚdarás cóip d'ordú chuig an údarás bóithre lena mbaineann agus foilseoidh sé, i slí a bheidh sonraithe i rialacháin ón Aire, fógra i dtaobh ordú a thabhairt agus, má dhéantar agóid i gcoinne an ordaithe agus mura dtarraingeofar siar an agóid, cuirfidh an tAire faoi deara go seolfar éisteacht ó bhéal agus tabharfaidh sé don duine a bheidh ag déanamh na hagóide deis chun éisteacht a fháil.

(e) Féadfaidh an tAire más cuí leis ordú a cheadú fara nó d'éagmais modhnuithe nó diúltú é a cheadú agus i gcás go gceadóidh sé an t-ordú fara nó d'éagmais modhnuithe, forléireofar an t-ordú, agus beidh éifeacht leis, de réir an cheadaithe.

(f)  (i) I gcás go mbeidh ordú ceadaithe ag an Aire, déanfaidh an t-údarás bóithre de réir an ordaithe sin láithreach agus, le linn dó bheith ag déanamh amhlaidh, déanfaidh sé de réir aon cheanglais a bheidh sonraithe ag an Aire.

(ii) I gcás gur do thréimhse shonraithe d'ordú faoi mhír (b), déanfaidh an t-údarás bóithre lena mbaineann, ar an tréimhse sin a bheith caite, na mullaird nó na rampaí bóthair go léir a cuireadh ar fáil de réir an ordaithe sin a aistriú as.

(g)  (i) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo.

(ii) Féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt seo, socrú a dhéanamh go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas go léir nó maidir le haon cheann acu—

(I) an modh a shonrú ina bhfoilseoidh an tÚdarás fógra i dtaobh ordú a thabhairt nó fógra i dtaobh cinnidh ón Aire faoi mhír (e),

(II) ceangal a chur ar an Údarás fógra a thabhairt do chomhlachtaí nó do dhaoine sonraithe,

(III) teorainneacha ama a shonrú maidir le hagóidí a dhéanamh,

(IV) an nós imeachta a bheidh le leanúint ag éisteachtaí ó bhéal a shonrú,

(V) ceanglais a shonrú i ndáil le mullaird agus rampaí bóthair a chur ar fáil, lena n-áirítear caighdeáin tógála agus soláthar comharthaí rabhaidh.

(iii) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(h)  (i) Aon mhullard nó rampa bóthair a chuirfear ar fáil faoi réim agus de réir an ailt seo, measfar gur déanmhas é is gá ar mhaithe le sábháilteacht úsáidirí bóthair agus gur cuid é den bhóthar poiblí.

(ii) Ní chuirfidh údarás bóithre mullard ná rampa bóthair ar fáil ach amháin faoi réim agus de réir an ailt seo.

Feithiclí a locadh ar bhóithre poiblí.

33. —(1) Déantar leis seo na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 90 d'Acht 1961 a aistriú chuig an Údarás a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), aon fhodhlíthe nó rialacha sealadacha faoi alt 90 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfaidh an tÚdarás iad a leasú nó a chúlghairm.

Feithiclí atá loctha go neamhdhleathach a dhéanamh doghluaiste, a aistriú as, etc.

34. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “duine údaraithe” duine nó ball d'aicme daoine atá forordaithe, chun críocha an ailt seo, mar dhuine údaraithe;

ciallaíonn “feiste doghluaisteachta” aon fheiste nó fearas atá deartha nó oiriúnaithe lena dhaingniú d'fheithicil ionas nach féidir í a thiomáint nó a chur ag gluaiseacht ar shlí eile;

tá le “úinéir” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;

tá le “locadh” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Comhshaoil faoi fho-alt (9).

(2) I gcás go dtagann duine údaraithe nó duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir ar fheithicil ar bhóthar poiblí i limistéar feidhme an Údaráis agus í loctha ann de shárú ar aon toirmeasc nó srianadh a bheidh forchurtha le haon achtachán nó faoi, féadfaidh sé—

(i) feiste doghluaisteachta a dhaingniú den fheithicil fad a bheidh sí san áit a bhfuair sé í, nó

(ii) í a aistriú as an áit a bhfuair sé í go dtí áit éigin eile agus feiste doghluaisteachta a dhaingniú di san áit eile sin.

(3) I gcás go ndaingneofar feiste doghluaisteachta d'fheithicil de réir an ailt seo déanfaidh duine údaraithe, nó duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir, fógra san fhoirm fhorordaithe a ghreamú den fheithicil freisin—

(i) ina gcuirfear in iúl go bhfuil feiste den sórt sin daingnithe den fheithicil agus ina dtabharfar foláireamh nach cóir aon iarracht a dhéanamh í a thiomáint nó a chur ag gluaiseacht ar shlí eile go dtí go mbeidh an feiste sin bainte den fheithicil;

(ii) ina sonrófar na bearta a bheidh le déanamh le go scaoilfear í; agus

(iii) ina dtabharfar cibé faisnéis eile a bheidh forordaithe.

(4) Faoi réir fho-alt (5) ní dhéanfaidh aon duine ach amháin duine údaraithe nó duine faoina threoir feiste doghluaisteachta a bheidh daingnithe d'fheithicil de réir an ailt seo a bhaint di.

(5) (a) Ach amháin chun críche aistriú faoi alt 97 d'Acht 1961 nó faoi fho-alt (2), ní dhéanfar feiste doghluaisteachta a bheidh daingnithe d'fheithicil de réir an ailt seo a bhaint den fheithicil sin ach amháin má thugann an duine a bheidh á iarraidh sin fianaise shásúil ar aird gurb é úinéir na feithicle é nó go bhfuil údarás aige ón úinéir chun an fheithicil a úsáid, agus má íocann sé an muirear forordaithe.

(b) I gcás go ndéanfaidh úinéir feithicle dá mbeidh feiste doghluaisteachta daingnithe de réir an ailt seo a shuíomh, chun sástachta duine údaraithe nó duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir, gur locadh an fheithicil de shárú ar thoirmeasc nó srianadh le linn di bheith á húsáid ag duine seachas an t-úinéir agus nach raibh an úsáid sin údaraithe ag an úinéir, déanfaidh an duine údaraithe sin nó an duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir an muirear forordaithe a tharscaoileadh agus an feiste doghluaisteachta a bhaint den fheithicil.

(c) Déanfar feiste doghluaisteachta a bheidh daingnithe d'fheithicil faoin alt seo a bhaint di a luaithe is féidir sin le réasún tar éis an muirear forordaithe a bheith íoctha nó tar éis an muirear sin a bheith tarscaoilte, de réir mar a bheidh.

(6) Ní dhéanfaidh duine seachas an duine lena mbaineann aon fhógra a bheidh greamaithe d'fheithicil faoin alt seo an fógra sin a bhaint di ná ní bhainfidh sé leis agus aon duine a sháróidh an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(7) Aon duine—

(a) a chuirfidh bac nó cosc le feiste doghluaisteachta a dhaingniú d'fheithicil, nó

(b) a dhéanfaidh, gan údarás a bheith aige sin a dhéanamh faoin alt seo, feiste doghluaisteachta den sórt sin a bhaint den fheithicil nó tabhairt faoina bhaint di,

beidh sé contach i gcion.

(8) (a) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheadaíonn feiste doghluaisteachta a dhaingniú d'otharcharr, d'fheithicil briogáide dóiteán ná d'aon fheithicil a bheidh á húsáid ag comhalta den Gharda Síochána ag comhlíonadh dualgas dó mar chomhalta den sórt sin.

(b) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le feithicil inneallghluaiste ar duine míchumasaithe, a bhfuil cead reatha le haghaidh tiománaí mhíchumasaithe faoi fhodhlíthe nó rialacha sealadacha arna ndéanamh faoi alt 90 d'Acht 1961 aige, úinéir agus tiománaí na feithicle sin.

(9) (a) Féadfaidh an tAire Comhshaoil rialacháin a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt d'fho-ailt (1) go (8) agus féadfaidh sé go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, socrú a dhéanamh le rialacháin i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon ní acu:

(i) an cineál feiste doghluaisteachta a bheidh le húsáid;

(ii) foirm an fhógra faoi fho-alt (3);

(iii) an muirear a bheidh le híoc faoi fho-alt (5) agus an modh ina n-íocfar an muirear sin agus cé leis a n-íocfar é.

(b) Sula ndéanfaidh sé rialacháin faoin bhfo-alt seo rachaidh an tAire Comhshaoil i gcomhairle leis an Údarás agus le Coimisinéir an Gharda Síochána.

(c) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(10) (a) Forléireofar alt 97 d'Acht 1961, a mhéid a bhaineann sé le limistéar feidhme an Údaráis,

(i) mar alt a chumhachtaíonn don Údarás, le toiliú an Aire Comhshaoil, fodhlíthe a dhéanamh ag déanamh socrú maidir le feithiclí atá loctha go neamhdhleathach ina limistéar feidhme a aistriú as, a stóráil agus a dhiúscairt, agus

(ii) ionann is dá mba thagairt d'alt 36 an tagairt san alt sin 97 d'alt 101 d'Acht 1961.

(b) D'ainneoin mhír (a), aon rialacháin faoi alt 97 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfaidh an tÚdarás iad a leasú nó a chúlghairm.

An tÚdarás do rialú síneacha tráchta.

35. —(1) Déantar na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 95 d'Acht 1961 a aistriú leis seo chuig an Údarás a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt sin d'oifigeach den Gharda Síochána a fhorléiriú mar thagairtí d'oifigeach don Údarás.

(2) Ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó faoi alt 95 d'Acht 1961 beidh aird ag an Údarás ar an ngá atá le córas ceart síneacha tráchta ina limistéar feidhme.

(3) D'ainneoin fho-alt (1)—

(a) aon sín tráchta a bhí curtha ar fáil faoi alt 95 d'Acht 1961 i limistéar feidhme an Údaráis roimh thráth thosach feidhme an ailt seo measfar í a bheith curtha ar fáil de bhun iarraidh ón Údarás nó le toiliú uaidh, agus

(b) aon iarraidh a dhéanfar nó toiliú a thabharfar faoi alt 95 d'Acht 1961 i ndáil le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus féadfaidh an tÚdarás iad a leasú nó a chúlghairm.

Carrchlóis phoiblí.

36. —(1) Ní cead d'údarás áitiúil ná d'aon duine eile i limistéar feidhme an Údaráis carrchlós a chur ar fáil ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais faoin alt seo arna dheonú ag an Údarás agus féadfaidh an tÚdarás téarmaí agus coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnas den sórt sin.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil, faoi réim agus de réir téarmaí agus coinníollacha ceadúnais faoin alt seo, cibé carrchlós nó carrchlóis (mar aon le bealach rochtana chuige nó chucu) is dóigh leo is inmhianaithe a chur ar fáil.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire Comhshaoil, cabhrú le haon duine a bheidh ag cur carrchlóis ar fáil de réir fho-alt (1) agus is é a bheidh sa chabhair sin airgead a thabhairt, oibreacha a dhéanamh nó talamh a dheonú nó a léasú nó breis agus modh amháin díobh sin le chéile.

(4) Forléireofar fo-alt (2) mar fho-alt a thugann na cumhachtaí seo a leanas d'údarás áitiúil, eadhon—

(a) cumhacht chun foirgneamh a thógáil lena úsáid go hiomlán nó go formhór chun feithiclí inneallghluaiste nó aicmí áirithe d'fheithiclí den sórt sin a locadh,

(b) cumhacht chun seomraí feithimh, seomraí cótaí, stáisiúin peitril, siopaí agus aon saoráidí i dtaca le haon charrchlós a bheidh á chur ar fáil acu, a thógáil,

(c) cumhacht chun talamh a chur in oiriúint lena úsáid mar charrchlós.

(5) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire Comhshaoil, fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le haon charrchlós a chuirfear ar fáil faoin alt seo agus go háirithe, i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon cheann díobh—

(a) na haicmí feithiclí a cheadaítear a ligean isteach sa charrchlós a shrianadh,

(b) na tréimhsí a shonrú dá gceadaítear feithiclí a fhágáil sa charrchlós,

(c) coinníollacha a shonrú ar faoina réir a cheadaítear d'fheithiclí an carrchlós a úsáid,

(d) caighdeán na bhfálta agus an dromhchla do charrchlóis den sórt sin a shonrú.

(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó fodhlí faoi fho-alt (5) nó a fhorchuirfidh muirir nach mbeidh ceadaithe faoi fho-alt (11), beidh sé ciontach i gcion.

(7) Aon údarás áitiúil, a mbeidh carrchlós curtha ar fáil aige faoin alt seo, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Comhshaoil agus an Údaráis, an carrchlós nó aon chuid de nó aon saoráidí a bheidh curtha ar fáil don charrchlós faoi fho-alt (4) a dhíol nó a léasú le haon duine, faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leis is cuí.

(8) Féadfaidh an tAire Comhshaoil, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt faoi chomhair na gcostas a bheidh tabhaithe ag údarás áitiúil faoin alt seo, agus féadfar na deontais sin a thabhairt as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(9) Féadfaidh an tAire Comhshaoil, le toiliú an Aire Airgeadais agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha maidir le haisíoc is dóigh leis an Aire sin is cuí, iasachtaí a thabhairt faoi chomhair na gcostas a bheidh tabhaithe ag údarás áitiúil faoin alt seo, agus féadfar na hiasachtaí sin a thabhairt as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(10) Measfar nach gnó de réir bhrí na nAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1983, oibriú carrchlóis (lena n-áirítear oibriú saoráidí a chuirtear ar fáil dó) ar mhaoin, nó i maoin, a bheidh léasaithe ag údarás áitiúil.

(11) (a) Ní fhorchuirfear aon mhuirir, tar éis tráth thosach feidhme an ailt seo, i leith saoráidí carrloctha i gcarrchlóis a bheidh curtha ar fáil faoin alt seo mura mbeidh na muirir sin ceadaithe ag an Údarás.

(b) Féadfaidh an tÚdarás na muirir a shonrú a bheidh le gearradh as úsáid carrchlóis.

(c) Le linn dó ceadú a thabhairt faoi mhír (a) nó muirir a shonrú faoi mhír (b) beidh aird ag an Údarás ar an ngá atá le brabach réasúnta a dhéanamh ar an infheistíocht a bhaineann leis an gcarrchlós lena mbaineann aon mhuirir den sórt sin a chur ar fáil.

(12) (a) Scoirfidh alt 101 d'Acht 1961 d'fheidhm a bheith aige maidir le limistéar feidhme an Údaráis ó thráth thosach feidhme an ailt seo.

(b) D'ainneoin mhír (a), fodhlíthe faoi alt 101 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fodhlíthe faoi fho-alt (5).

(13) I gcás ina dtiocfaidh údarás áitiúil ar an tuairim gur chóir an talamh atá á úsáid le haghaidh carrchlóis a chuir siad ar fáil faoin alt seo a úsáid chun críche eile dar féidir leo go dleathach talamh a úsáid, féadfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Údaráis, úsáid na talún le haghaidh carrchlóis a fhoirceannadh.

(14) (a) Féadfaidh duine achomharc a dhéanamh chun an Aire—

(i) i gcás go ndiúltóidh an tÚdarás ceadúnas a dheonú nó muirir a cheadú le haghaidh saoráidí carrloctha faoin alt seo, nó

(ii) i gcás go mbeidh duine a bheidh ag cur saoráidí carrloctha ar fáil míshásta le téarmaí ceadúnais a deonaíodh nó le ceadú nó sonrú muirear ag an Údarás.

(b) Déanfaidh an tAire tar éis dó breithniú a dhéanamh ar cibé uiríll a thabharfaidh an t-achomharcóir ar aird nó a thabharfar ar aird thar a cheann agus a thabharfaidh an tÚdarás ar aird agus tar éis dó breithniú a dhéanamh ar leas an phobail maidir le carrchlóis a chur ar fáil i limistéar feidhme an Údaráis, an t-achomharc a dheonú nó an cinneadh iomchuí ón Údarás a dhaingniú nó a mhodhnú, más cuí leis.

(c) Aon chinneadh ón Aire ar achomharc faoin alt seo is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe san achomharc.

(15) San alt seo—

ciallaíonn “carrchlós” áit (nach cuid de bhóthar poiblí ná áit ag Aerfort Bhaile Átha Cliath) inar féidir leis an bpobal feithiclí inneallghluaiste nó rothair cos a locadh ach muirear sonraithe a íoc;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle chontae, bardas contaebhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh;

folaíonn “cur ar fáil” oibriú agus is dá réir sin a fhorléireofar focail ghaolmhara.

Áiteanna stad agus seasaimh do bhusanna.

37. —(1) Déantar na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 85 d'Acht 1961 a aistriú leis seo chuig an Údarás a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt sin d'oifigeach den Gharda Síochána a fhorléiriú mar thagairtí d'oifigeach don Údarás.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), aon ordú faoi alt 85 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann sé leis an limistéar sin, féadfaidh an tÚdarás é a chúlghairm.

Áiteanna seasaimh do thacsaithe.

38. —(1) Déantar na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 84 d'Acht 1961 a aistriú leis seo chuig an Údarás a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), aon fhodhlíthe nó rialacha sealadacha faoi alt 84 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfaidh an tÚdarás iad a leasú nó a chúlghairm.

Droichid a chosaint.

39. —(1) (a) Ní mór d'údarás bóithre, do Chóras Iompair Éireann nó d'aon duine eile a dhlíonn droichead a bhfuil bóthar poiblí air a chothabháil, sula ndéanfaidh sé cumhacht a thugtar le halt 158 (1) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , nó le halt 93 (1) d'Acht 1961, a fheidhmiú i limistéar feidhme an Údaráis, fógra dá réir sin a thabhairt don Údarás agus ní fheidhmeoidh sé cumhacht den sórt sin sa limistéar sin gan toiliú an Údaráis a fháil i scríbhinn roimh ré.

(b) Na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 93 (9) d'Acht 1961, déantar leis seo iad a aistriú chuig an Údarás, a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis.

(2) Maidir le haon ní san alt seo—

(i) ní choiscfidh sé toirmeasc ná srianadh a dhéanamh tráth éigeandála ar úsáid droichid a bhfuil bóthar poiblí air d'fhonn dainséar nó priacal do dhaoine nó do mhaoin a dhíchur nó a laghdú, nó

(ii) ní dhéanfaidh sé difear d'aon chumhacht a thugtar don Aire Comhshaoil le halt 158 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , ná le halt 93 (3) d'Acht 1961.

Oibreacha bóthair.

40. —(1) D'ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh an tÚdarás na tréimhsí agus an modh inar féidir, agus na hamanna ag ar féidir, oibreacha bóthair a dhéanamh, a ordú maidir le haon bhóthar poiblí i limistéar feidhme an Údaráis.

(2) Le linn dó na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú, beidh aird ag an Údarás—

(a) ar an ngá atá le comhordú i ndáil le déanamh oibreacha bóthair;

(b) ar a riachtanaí atá sé a laghad cur isteach is féidir a dhéanamh ar an trácht;

(c) ar an bpráinn atá le hoibreacha bóthair áirithe; agus

(d) ar aon chostas is dóigh a thiocfaidh as ordú faoin alt seo.

(3) Ní choiscfidh aon ní san alt seo oibreacha bóthair éigeandála a dhéanamh, is é sin le rá, oibreacha bóthair nach foláir a dhéanamh d'fhonn dainséar nó priacal do dhaoine nó do mhaoin a dhíchur nó a laghdú.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire Comhshaoil, fodhlíthe a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfar forálacha a bheith sna fodhlíthe sin i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon cheann acu—

(a) á cheangal réamhfhógra a thabhairt i dtaobh oibreacha bóthair beartaithe;

(b) á cheangal faisnéis shonraithe a thabhairt maidir le hoibreacha bóthair beartaithe;

(c) scéala ón Údarás, laistigh de theorainneacha ama sonraithe, i dtaobh cinntí faoi oibreacha bóthair beartaithe.

(5) Aon duine a sháróidh ordú nó fodhlíthe faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(6) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo an tÚdarás faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas nó díobháil de thoradh oibreacha bóthair lena mbaineann an t-alt seo nó maidir le haon chostas a thagann as ordú faoin alt seo.

(7) San alt seo ciallaíonn “oibreacha bóthair” deisiúcháin, cothabháil nó aon oibreacha eile a dhéanamh ar bhóthar poiblí nó os a chionn nó faoi, ach ní fholaíonn sé bóthar nua a dhéanamh.

Feithiclí a fhreastalaíonn ar láithreáin fhoirgníochta.

41. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire Comhshaoil, fodhlíthe a dhéanamh, i gcoitinne nó i ndáil le cásanna áirithe, maidir le rialáil agus rialú ar fheithiclí nó aicmí áirithe feithiclí do dhul isteach go dtí láithreáin fhoirgníochta laistigh dá limistéar feidhme agus do theacht amach astu.

(2) Féadfaidh fodhlíthe faoin alt seo baint a bheith acu go háirithe leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon cheann acu:

(a) rialáil a dhéanamh ar na hamanna nó na laethanta a bhféadfar a cheadú d'fheithiclí, nó d'aicmí áirithe feithiclí, dul isteach go dtí láithreáin fhoirgníochta agus teacht amach astu,

(b) an méid feithiclí a bhféadfar a cheadú dóibh dul isteach go dtí láithreáin fhoirgníochta agus teacht amach astu aon tráth áirithe, nó

(c) na ceanglais chun a áirithiú go nglanfar feithiclí nó aon aicme áirithe feithiclí sula bhfágfaidh siad aon láithreán foirgníochta.

(3) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Ní bhainfidh an t-alt seo le deisiúcháin, cothabháil nó aon oibreacha eile a dhéanamh ar bhóthar poiblí nó os a chionn nó faoi, ná le bóthar nua a dhéanamh.

Leithroinntí Státchiste i ndáil le bearta bainistí tráchta

42. —Íocfar leis an Údarás, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé méideanna i ndáil le bearta bainistí tráchta i limistéar feidhme an Údaráis a cheadóidh an tAire, nó an tAire Comhshaoil, le toiliú an Aire Airgeadais.

Íocaíochtaí ón Údarás le haghaidh bearta bainistí tráchta agus na bearta sin a athbhreithniú.

43. —(1) Aon íocaíocht a dhéanfaidh an tÚdarás as na méideanna a gheobhaidh sé faoi alt 42 is i cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Údarás a dhéanfar í.

(2) Déanfaidh an tÚdarás go tréimhsiúil athbhreithniú a sheoladh agus a fhoilsiú ar éifeachtúlacht na mbeart bainistí tráchta a ndéanann sé íocaíocht ina leith faoin alt seo.