An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Bainistí Tráchta) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Iompras Bhaile Átha Cliath)

15 1986

AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986

CUID VI

Forálacha Ilghnéitheacha

Leasú ar alt 103 d'Acht 1961.

44. —Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 103 d'Acht 1961 (a chumhachtaíonn do chomhalta den Gharda Síochána nó do dhuine údaraithe fógra a sheachadadh nó a ghreamú i gcás ina líomhnaítear go ndearnadh cionta áirithe):

“(1) Baineann an t-alt seo le cibé cionta faoin Acht seo nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986 , a ndearbhóidh an tAire le rialacháin gur cionta lena mbaineann an t-alt seo iad.”.

Feidhm alt 107 d'Acht 1961.

45. —Na tagairtí in alt 107 d'Acht 1961 (a cheanglaíonn ar dhuine faisnéis a thabhairt do chomhalta den Gharda Síochána nuair a éileofar sin) do chion faoin Acht sin, forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chion faoin Acht seo.

Leasú ar alt 115 d'Acht 1961.

46. —Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 115 d'Acht 1961 (a dhéanann socrú le haghaidh pionós mar gheall ar dhearbhuithe bréagacha, etc.):

“(1) I gcás ina mbeidh de cheanglas ar dhuine faoin Acht seo nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986 , nó faoi rialacháin nó fodhlíthe arna ndéanamh faoi cheachtar de na hAchtanna sin, sonraí a thabhairt i dtaca le hiarratas ar cheadúnas, pláta nó deimhniú a dheonú nó a eisiúint nó thairis sin i dtaca le ceadúnas, pláta, deimhniú nó feithicil, ní thabharfaidh sé, de bhun an cheanglais, aon sonraí is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha.”.

Feidhm alt 121 d'Acht 1961.

47. —Aon rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Comhshaoil faoi alt 121 d'Acht 1961 (a bhaineann leis an gcóiríocht do phaisinéirí i bhfeithiclí áirithe a ríomh) chun críche an Achta sin, beidh feidhm acu freisin chun críocha an Achta seo.

Neamhfheidhm na nAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972.

48. —Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972, i ndáil leis na táillí a ghearrtar i leith seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí laistigh go hiomlán de limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh socraithe faoi ailt 28, 29 nó 31, ná i ndáil leis na táillí nó na muirir is iníoctha as feithiclí a locadh sa limistéar sin agus a bheidh socraithe faoi alt 36 nó faoi alt 90 d'Acht 1961.

Corr-thrádáil.

49. —Leasaítear leis seo alt 7 den Acht Corr-Thrádála, 1980

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) d'fho-alt (1):

“(c) Ní dhéanfar ainmniú ná cúlghairm faoin bhfo-alt seo i ndáil le talamh atá i limistéar feidhme Iompras Bhaile Átha Cliath gan ceadú a fháil roimh ré ón Údarás sin.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Ní dhéanfar fodhlíthe faoi fho-alt (8) den alt seo i ndáil le limistéar feidhme Iompras Bhaile Átha Cliath gan ceadú a fháil roimh ré ón Údarás sin.”.

Forálacha forlíontacha i ndáil le fodhlíthe áirithe.

50. —(1) Aon fhodhlí arna dhéanamh ag an Údarás faoi alt 31, 36, 40 nó 41 nó faoi alt 84, 89, 90 nó 97 d'Acht 1961, a cheanglaítear a dhéanamh le toiliú an Aire Comhshaoil, cuirfear é faoi bhráid an Aire sin, i cibé modh a cheanglóidh sé, lena cheadú a fháil.

(2) I gcás go gcuirfear fodhlí faoi bhráid an Aire Comhshaoil faoi fho-alt (1), déanfaidh an tAire sin (de réir mar is cuí leis) diúltú an fodhlí a cheadú, é a cheadú gan mhodhnuithe, nó cibé modhnuithe is cuí leis a dhéanamh air agus an fodhlí, arna mhodhnú amhlaidh, a cheadú.

(3) Aon fhodhlí a bheidh ceadaithe ag an Aire Comhshaoil faoin alt seo, foilseofar é i cibé modh a cheanglóidh an tAire sin ach ní bheidh feidhm ná éifeacht le haon fhodhlí den sórt sin mura mbeidh sé, nó go dtí go mbeidh sé, curtha faoi bhráid an Aire sin agus ceadaithe aige, agus foilsithe de réir an ailt seo.

(4) (a) Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána sula gcuirfidh sé fodhlí arna dhéanamh aige faoi alt 89 nó 90 d'Acht 1961 faoi bhráid an Aire Comhshaoil faoin alt seo agus déanfaidh an Coimisinéir sin aon tuairimí a bheidh aige faoin ábhar sin a chur faoi bhráid an Údaráis laistigh de dhá mhí ón dul-i-gcomhairle.

(b) An tráth a chuirfidh an tÚdarás fodhlí faoi bhráid an Aire Comhshaoil faoin alt seo, tabharfaidh an tÚdarás fógra faoin gcur-faoi-bhráid don Choimisinéir sin agus don údarás áitiúil lena mbaineann agus déanfaidh an tAire sin breithniú ar aon uiríll a dhéanfaidh an Coimisinéir sin nó an t-údarás áitiúil sin chuige maidir leis an bhfodhlí.

(c) Ní cheadóidh an tAire Comhshaoil an fodhlí go dtí go mbeidh mí caite ón tráth ar tugadh fógra don Choimisinéir sin agus don údarás áitiúil sin faoin bhfodhlí a bheith curtha faoina bhráid.

(5) (a) Ní gá don Údarás dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbaineann i ndáil le haon fhodhlí a bheartaíonn an tÚdarás a dhéanamh faoi alt 31, 36 nó 40 nó faoi alt 84, 89, 90 nó 97 d'Acht 1961.

(b) Ní mór don Údarás dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbaineann sula gcuirfear i bhfeidhm aon rialuithe, srianta nó toirmisc dá bhforáiltear i bhfodhlíthe faoi alt 84, 89 nó 90 d'Acht 1961 agus déanfar aon uiríll a theastaíonn ón údarás áitiúil a dhéanamh faoin ábhar a chur faoi bhráid an Údaráis laistigh de dhá mhí ón dul-i-gcomhairle.

(6) Maidir le déanamh uiríoll ag údarás áitiúil de bhun fho-alt (4) nó (5)—

(i) i gcás gur comhairle chontae, bardas buirge seachas contaebhuirg, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile a dhéanann iad, is feidhm fhorchoimeádta a bheidh ann chun críocha na nAchtanna Bainistí Contae, 1940 go 1972, agus

(ii) i gcás gur bardas contaebhuirge a dhéanann iad, is feidhm fhorchoimeádta a bheidh ann chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contaebhuirge.

Rialacha sealadacha.

51. —Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána sula ndéanfaidh sé rialacha sealadacha faoi alt 89 nó 90 d'Acht 1961 agus déanfaidh an Coimisinéir sin aon tuairimí atá aige faoin ábhar sin a chur faoi bhráid an Údaráis laistigh de mhí ón duli-gcomhairle.

Cruthúnas ar fhodhlíthe agus rialacha sealadacha áirithe.

52. —(1) Beidh feidhm ag alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , maidir le gach fodhlí faoin Acht seo agus maidir le gach fodhlí agus riail shealadach faoi Acht 1961 a dhéanfaidh an tÚdarás.

(2) Beidh éifeacht le halt 6 (1) den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , ionann is dá gcuirfí leis na doiciméid oifigiúla a luaitear ann gach fodhlí faoin Acht seo agus gach fodhlí agus riail shealadach faoi Acht 1961 a dhéanfaidh an tÚdarás.

Pionóis, etc.

53. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 18, 19 nó 40 dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 31, 34, 36 nó 41, dlífear, ar é a chiontú go hachomair—

(i) i gcás an chéad chiona faoin alt sin, fíneáil nach mó ná £150 a chur air,

(ii) i gcás an dara cion faoin alt sin, nó i gcás tríú cion nó cion dá éis sin seachas cion dá dtagraítear i mír (iii), fíneáil nach mó ná £350 a chur air,

(iii) i gcás tríú cion nó cion dá éis sin faoin alt sin, arb é an tríú cion den sórt sin nó cion dá éis sin in aon tréimhse dhá mhí dhéag as a chéile é, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion lena mbaineann fo-alt (1) ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) (i) den alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

(4) I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion lena mbaineann alt 36 nó 40 agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine a bhí ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht sin, beidh an duine sin, nó an duine a bhí ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion sin.

(5) Féadfaidh an tÚdarás ionchúiseamh a thabhairt ar aghaidh maidir le cion achomair—

(a) faoin Acht seo,

(b) faoi alt 82, 84, 89, 90, 97 nó 101 d'Acht 1961 lena mbaineann alt 31 (12), 32 (1) agus (2), 33 (1) agus (2), 34 (10), 36 (12) agus 38 (1) agus (2), de réir mar a bheidh:

Ar choinníoll nach dtabharfaidh an tÚdarás ionchúiseamh ar aghaidh maidir le cion achomair a líomhnaítear a rinneadh roimh thosach feidhme alt 31, 32, 33, 34, 36 nó 38, de réir mar a bheidh.

(6) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre a thionscnamh maidir le cion lena mbaineann an t-alt seo laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

Táillí agus fíneálacha a dhiúscairt.

54. —(1) (a) Déanfar na táillí agus na suimeanna eile go léir a gheofar faoin Acht seo nó faoi fhodhlíthe nó rialacha sealadacha faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(b) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí dá dtagraítear i mír (a).

(2) Déanfar na fíneálacha go léir i leith cionta faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste de réir cibé orduithe a thabharfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.