|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Forálacha Ilghnéitheacha) |
AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986
[EN] | ||
[EN] |
AN SCEIDEAL Iompras Bhaile Átha Cliath | |
1. Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh nó cearta thar thalamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt. | ||
2. (1) (a) Is é a bheidh ar an Údarás dáréag comhalta ar a mhéad a bheidh ceaptha ag an Aire, lena n-áirítear ceathrar duine ar a mhéad a bheidh, de thuras na huaire, ina gcomhaltaí de na húdaráis áitiúla (seachas comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile) i limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh ainmnithe ag an údarás áitiúil i gceist. | ||
(b) Má scoireann comhalta den Údarás de bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil i limistéar feidhme an Údaráis scoirfidh sé freisin ansin de bheith ina chomhalta den Údarás. | ||
(2) Féadfaidh an tÚdarás gníomhú d'ainneoin folúntas a bheith i measc a chomhaltaí. | ||
(3) Is é a bheidh i ngach comhalta den Údarás duine a bhfuil, i dtuairim an Aire, taithí fhorleathan aige ar chúrsaí iompair, tionscail, tráchtála nó airgeadais, ar riarachán nó ar eagrú oibrithe (agus atá tar éis cumas a thaispeáint sna cúrsaí sin). | ||
3. (1) Beidh comhalta den Údarás i seilbh oifige ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair, más ann, agus liúntais i leith caiteachais) a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, agus féadfaidh an tAire tráth ar bith é a chur as oifig. | ||
(2) Féadfaidh comhalta den Údarás éirí as a oifig mar chomhalta tráth ar bith trí litir a sheolfar chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí-as tráth nach luaithe ná 3 mhí ón dáta a bhfaighfear an litir, nó ar cibé dáta is déanaí ná sin a bheidh sonraithe inti. | ||
(3) Beidh comhalta den Údarás, a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire, in-athcheaptha. | ||
4. (1) Más rud é, i gcás comhalta den Údarás— | ||
(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó | ||
(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó | ||
(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, nó | ||
(d) go dtoghfar é chun údaráis áitiúil nó go gcomhthoghfar é ar údarás áitiúil ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de, | ||
scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás. | ||
(2) Ní bheidh duine cáilithe le bheith ina chomhalta den Údarás má bhíonn sé, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó má bhíonn sé, de thuras na huaire, ina ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach. | ||
5. Beidh comhalta den Údarás dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú mar chomhalta den sórt sin má bhreithnítear ina fhéimheach é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air, nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát. | ||
6. (1) (a) Ceapfaidh an tAire cathaoirleach ar an Údarás (dá ngairtear “an cathaoirleach” sa Sceideal seo) as measc líon comhaltaí an Údaráis, agus féadfaidh sé an cathaoirleach a chur as oifig tráth ar bith. | ||
(b) Má scoireann an cathaoirleach, le linn a théarma oifige, de bheith ina chomhalta den Údarás scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina chathaoirleach. | ||
(2) Beidh an cathaoirleach i seilbh oifige mar chathaoirleach ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair, más ann, agus liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||
(3) Féadfaidh an cathaoirleach éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí-as tráth nach luaithe ná trí mhí ón dáta a bhfaighfear an litir, nó ar cibé dáta is déanaí ná sin a bheidh sonraithe inti. | ||
7. Rialálfaidh an tÚdarás a nós imeachta nó a ghnó, le buanorduithe nó ar shlí eile. | ||
8. (1) A luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, soláthróidh an tÚdarás dó féin, agus coinneoidh sé ina sheilbh, séala don Údarás. | ||
(2) Fíordheimhneofar séala an Údaráis le síniú an chathaoirligh nó comhalta den Údarás a bheith údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin. | ||
(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an Sceidil seo) an Údaráis agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt. | ||
9. (1) Cuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire gach bliain, tráth nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire, tuarascáil ar a imeachtaí faoin Acht seo le linn na bliana roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | ||
(2) Beidh, sa tuarascáil a thabharfar don Aire de bhun fhomhír (1), cibé faisnéis a ordóidh an tAire i dtaobh feidhmeanna an Údaráis faoin Acht seo. | ||
(3) Soláthróidh an tÚdarás don Aire cibé faisnéis a theastóidh uaidh ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Údaráis. | ||
10. (1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an tÚdarás nó a chaithfidh sé, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham. | ||
(2) Déanfaidh an tÚdarás cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo a chur gach bliain faoi bhráid iniúchóra, a bheidh ceaptha ag an Údarás le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta sin, déanfar cóip de cibé ceann de na cuntais a choimeádfar de bhun fhomhír (1) a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | ||
11. Féadfaidh an tÚdarás, trí aon duine dá oifigigh (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an Údarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh. | ||
12. (1) Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham cibé coistí agus cibé méid coistí a cheapadh is dóigh leis is cuí. | ||
(2) Féadfaidh an tÚdarás aon fheidhmeanna dá chuid is dóigh leis a fhéadfaidh coiste a chomhlíonadh níos fearr nó níos acraí a tharmligean chuig coiste arna cheapadh faoin mír seo. | ||
(3) Beidh ar choiste arna cheapadh faoin mír seo cibé líon comhaltaí is cuí leis an Údarás, agus féadfaidh gurb é a bheidh air, de rogha an Údaráis, daoine is comhaltaí den Údarás, agus iad sin amháin nó daoine is comhaltaí den Údarás, go páirteach, agus daoine is oifigigh don Údarás, go páirteach, nó daoine is comhaltaí den Údarás nó is oifigigh dó, go páirteach, agus daoine eile, go páirteach. | ||
(4) Féadfaidh an tÚdarás aon chomhalta de choiste arna cheapadh faoin mír seo a chur as oifig tráth ar bith ar chúiseanna sonraithe. | ||
(5) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith coiste arna cheapadh faoin mír seo a dhíscaoileadh. | ||
(6) Féadfaidh an tÚdarás nós imeachta coistí arna gceapadh faoin mír seo a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí arna mbunú faoin mír seo a nós imeachta féin a rialáil. | ||
13. (1) Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham gasra comhairleach amháin nó níos mó a cheapadh chun comhairle a thabhairt don Údarás maidir leis na beartais a bheidh le glacadh ag an Údarás i ndáil le haon fheidhmeanna dá chuid. | ||
(2) Beidh ar ghasra comhairleach arna cheapadh faoin mír seo cibé líon comhaltaí is cuí leis an Údarás agus féadfaidh gurb é a bheidh air, de rogha an Údaráis, daoine is comhaltaí den Údarás, go páirteach, daoine is oifigigh don Údarás, go páirteach, agus daoine eile go páirteach, nó daoine is comhaltaí den Údarás, go páirteach, agus daoine eile, go páirteach, nó daoine is oifigigh don Údarás, go páirteach, agus daoine eile go páirteach. | ||
(3) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith gasra comhairleach arna cheapadh faoin mír seo a dhíscaoileadh. | ||
14. Féadfaidh an tÚdarás cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú is dóigh leis is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí. | ||
15. Féadfaidh an tÚdarás bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir, ach ní ghlacfaidh sé bronntanas má bhíonn aon choinníoll den sórt sin ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis. | ||
16. Féadfaidh an tÚdarás táillí de cibé méideanna a chinnfidh sé ó am go ham a ghearradh le haghaidh nó i leith seirbhísí arna dtabhairt aige. | ||
17. (1) A luaithe is féidir tar éis a bhunaithe ullmhóidh an tÚdarás, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé oifigigh dá chuid nó ina leith (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) agus do cibé seirbhísigh dá chuid nó ina leith is cuí leis an Údarás, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis. | ||
(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine. | ||
(3) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ag leasú scéime a bheidh curtha faoina bhráid agus ceadaithe cheana féin faoin mír seo. | ||
(4) Déanfaidh an tÚdarás aon scéim nó scéim leasaitheach a bheidh curtha faoi bhráid an Aire faoin mír seo a chur i gcrích de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||
(5) Má bhíonn aon díospóid ann maidir le héileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin mír seo, nó maidir le méid aon phinsin, aisce nó liúntais den sórt sin, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh aige, agus beidh an cinneadh sin faoi réir chomhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||
(6) Ní dheonóidh an tÚdarás aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile d'aon duine dá chuid oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó dá chuid seirbhíseach, ná ina leith, ach amháin faoi réim agus de réir scéime faoin mír seo, ná ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan ceadú ón Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, aon chomhaontú chun go gcuirfí ar fáil, ar shlí seachas ag an Údarás, pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile ar scor d'aon duine dá chuid oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó dá chuid seirbhíseach, nó ar iad d'éirí as nó d'fháil bháis. | ||
(7) Cuirfidh an tAire faoi deara gach scéim a bheidh curtha faoina bhráid agus ceadaithe faoin mír seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a cheadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | ||
(8) Aon duine a bheidh fostaithe ag an Údarás de bhua alt 15 (1) ní bheidh sé faoi réir coinníollacha is lú fabhar i ndáil le deonú pinsean, aiscí agus liúntas eile ag an Údarás, ar scor nó ar bhás, ná na coinníollacha i ndáil leis sin a raibh sé faoina réir díreach sular tháinig sé chun bheith fostaithe ag an Údarás. | ||
(9) I gcás— | ||
(a) go scoirfidh duine lena mbaineann fomhír (8) de bheith fostaithe ag an Údarás tráth nach mbeidh scéim faoin mír seo a bhaineann leis i bhfeidhm, agus | ||
(b) gurbh amhlaidh do na himthosca go mbeadh an duine sin, dá mbeadh sé tar éis scor in imthosca comhréire de bheith ina dhuine arna cheapadh ag Coimisinéir an Gharda Síochána de réir alt 103 d'Acht 1961, i dteideal go ndeonófaí pinsean, aisce nó liúntas eile dó nó ina leith, ar scor dó nó ar é d'fháil bháis, faoi na comhshocraíochtaí i ndáil le nithe den sórt sin a bhain leis díreach sular tháinig sé chun bheith fostaithe ag an Údarás— | ||
beidh sé i dteideal go bhfaighidh sé, agus deonóidh an tÚdarás dó nó ina leith, a shamhail de phinsean, d'aisce nó de liúntas eile agus measfar, chun na críche sin, gur seirbhís inphinsin a sheirbhís leis an Údarás a fhreagraíonn dá sheirbhís inphinsin díreach sular tháinig sé chun bheith fostaithe ag an Údarás. |