|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||||
| ||||||||||||||
Uimhir 17 de 1986 | ||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM LEABHARLANN CHESTER BEATTY, 1986 | |||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
Uimhir 17 de 1986 | ||||||||||||||
AN tACHT UM LEABHARLANN CHESTER BEATTY, 1986 | ||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ CHUMASÚ DO CHOIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN OBAIR A DHÉANAMH CHUN LEABHARLANN CHESTER BEATTY A CHOTHABHÁIL, A DHEISIÚ, A CHOIMEÁD, A ATHNUACHAN AGUS A FHEABHSÚ. [17 Meitheamh, 1986) | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn; | |
[EN] | folaíonn “feabhsú”, i ndáil leis an áitreabh, athruithe struchtúir nó athruithe eile ar an áitreabh nó breiseanna leis, aon ghléasra, innealra nó trealamh a shuiteáil ar an áitreabh agus aon fhoirgneamh (nó déanmhas eile) a fhoirgniú ar an áitreabh; | |
[EN] | ciallaíonn “an t-áitreabh” na foirgnimh agus an talamh eile atá suite ag 20, Bóthar Sriúsbaire i gcathair Bhaile Atha Cliath agus dá ngairtear Leabharlann Chester Beatty tráth thosach feidhme an Achta seo agus folaíonn sé aon áitreabh eile atá á úsáid de thuras na huaire chun críocha Leabharlann Chester Beatty; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais; | |
[EN] | ciallaíonn “na hiontaobhaithe” na daoine a bhfuil Leabharlann Chester Beatty dílsithe dóibh de thuras na huaire mar iontaobhaithe de bhua uacht Sir Alfred Chester Beatty, éagach, agus de bhua na codaisíle a ghabhann leis an uacht sin dar dáta an 17ú lá de Shamhain, 1966. agus de bhua an Achta um Leabharlann Chester Beatty, 1968 , agus dá ngairtear iontaobhaithe leabharlainne san uacht agus sa chodaisíl sin agus san Acht sin. | |
[EN] |
Cumhachtaí na gCoimisinéirí i ndáil le Leabharlann Chester Beatty. |
2. —Féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire agus faoi réir agus de réir cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh na Coimisinéirí agus na hiontaobhaithe, cibé obair a dhéanamh, nó a chur faoi deara cibé obair a dhéanamh thar a gceann, is gá nó is caothúil, i dtuairim na gCoimisinéirí, chun an t-áitreabh a chothabháil, a choimeád, a dheisiú, a athnuachan agus a fheabhsú. |
[EN] |
Íocaíocht ag an Aire as obair áirithe a rinne na hiontaobhaithe ar Leabharlann Chester Beatty. |
3. —Féadfaidh an tAire, dá lánrogha, suim a íoc leis na hiontaobhaithe is comhionann le hiomlán aon airgid, nó le haon chuid d'aon airgead, a chaith na hiontaobhaithe maidir le hobair a rinneadh an 18ú lá de Dheireadh Fómhair, 1984 nó dá éis agus roimh dháta rite an Achta seo i ndáil leis an áitreabh a chothabháil, a choimeád, a dheisiú, a athnuachan nó a fheabhsú. |
[EN] |
Caiteachais. |
4. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh na Coimisinéirí ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht um Leabharlann Chester Beatty, 1986 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Leabharlann Chester Beatty, 1968 agus 1986, a ghairm den Acht seo agus den Acht um Leabharlann Chester Beatty, 1968 , le chéile. |