|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 20 de 1986 | ||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1986 | |||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 20 de 1986 | ||||||||||||
AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1986 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1983. [25 Meitheamh, 1986] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1983 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 . | |
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1983, agus an tAcht seo mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht. |
2. —Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 2 d'Acht 1983) a fhorálann nach mó ná £120,000,000 comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £130,000,000 comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh. |
[EN] |
Méadú ar dheontais faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 . |
3. —Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1983 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £105,000,000 comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 (arna leasú le halt 5 d'Acht 1983). |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1986 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1986, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1983, agus den Acht seo, le chéile. |