Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL FOIRM AGUS ÁBHAIR NA gCUNTAS)

25 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1986


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Réim an Achta.

3.

Forálacha ginearálta i ndáil le cuntais.

4.

Foirmlí do chuntais.

5.

Prionsabail chuntasaíochta.

6.

Imeacht ó na prionsabail chuntasaíochta.

7.

Doiciméid nach foláir a bheith i gceangal le tuairisceán bliantúil.

8.

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide.

9.

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide a athrangú.

10.

Mionchuideachtaí a bheith díolmhaithe ó fhorálacha áirithe d'ailt 3 agus 7.

11.

Cuideachtaí meánmhéide a bheith díolmhaithe ó fhorálacha áirithe d'ailt 3 agus 7.

12.

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide a bheith díolmhaithe i ndáil le nótaí a bheidh ag gabháil le cuntais.

13.

Faisnéis nach foláir a bheith i dtuarascáil na stiúrthóirí.

14.

Faisnéis nach foláir a bheith i dtuarascáil na stiúrthóirí i dtaobh an chuideachta d'fháil a scaireanna féin.

15.

Breithniú na n-iniúchóirí i dtaobh tuarascáil na stiúrthóirí a bheith ag teacht le cuntais na cuideachta.

16.

Faisnéis i dtaobh fochuideachtaí agus cuideachtaí comhlachaithe a fhoilsiú.

17.

Fochuideachtaí a bheith díolmhaithe ó alt 7.

18.

Forálacha i ndáil le doiciméid a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

19.

Cuntais iomlána nó cuntais ghiorraithe a fhoilsiú.

20.

Leasú ar Acht 1983.

21.

Cumhacht chun an tAcht a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí neamhchláraithe.

22.

Cionta agus pionóis.

23.

Srian le halt 222 den Phríomh-Acht.

24.

Cumhacht an Aire chun an tAcht a mhodhnú ar bhealaí áirithe.

25.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Foirm agus Ábhair na gCuntas

CUID I

Na Foirmlí Riachtanacha do Chuntais

CUID II

Rialacha um Chostas Bunaidh i nDáil le Cuntais a Tharraingt suas

CUID III

Rialacha Comhroghnacha i nDáil le Cuntais a Tharraingt suas

CUID IV

Faisnéis a Cheanglaítear a Thabhairt i Nótaí a Bheidh ag Gabháil le Cuntais

CUID V

Forálacha Speisialta i gCás inar Cuideachta Shealbhaíochta nó Fochuideachta Cuideachta

CUID VI

Forálacha Speisialta i gCás inar Cuideachta Infheistíochta Cuideachta

CUID VII

Léiriú ar an Sceideal


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982

1982, Uimh. 10

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983

1983, Uimh. 13

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982

An tAcht um Chistí Infheistíochta Ainmnithe, 1985

1985, Uimh. 16

An tAcht Fost-Cheannaigh, 1946

1946, Uimh. 16

Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1986


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUID-EACHTAÍ. [12 Iúil, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1983” Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 ;

ní fholaíonn “cuideachta” cuideachta neamhtheoranta;

ní fholaíonn “cuideachta phríobháideach” cuideachta neamhtheoranta;

ciallaíonn “cuideachta phoiblí” cuideachta seachas cuideachta phríobháideach;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na gCuideachtaí, 1963 .

(2) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folóidh tagairt do chlár comhardaithe nó do chuntas sochair agus dochair tagairt d'aon nótaí a bheidh ag gabháil leis na cuntais atá i gceist, nó d'aon doiciméid a bheidh i gceangal leo, ina dtugtar faisnéis a cheanglaítear le haon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, agus a cheanglaítear nó a cheadaítear a thabhairt, le haon fhoráil den sórt sin, i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais chuideachta nó i ndoiciméad a bheidh i gceangal leo.

Réim an Achta.

2. —(1) Níl feidhm ag an Acht seo—

(a) maidir le cuideachta nach bhfuil ag trádáil chun go bhfaighidh na comhaltaí gnóchan,

(b) maidir le cuideachta lena mbaineann fo-alt (4) (c) d'alt 128 den Phríomh-Acht,

(c) maidir le cuideachta a bhfuil ordú faoi fho-alt (5) den alt sin i bhfeidhm ina leith.

(2) Níl feidhm ag ailt 3 go 6, 8 go 12, 17 go 19 agus 24 den Acht seo—

(a) i ndáil le cuideachta is sealbhóir ceadúnais faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ,

(b) i ndáil le cuideachta is banc taisce iontaobhais arna dheimhniú faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965,

(c) i ndáil le cuideachta atá ag gabháil go hiomlán do chomhaontuithe fruilcheannaigh (de réir bhrí an Achta Fost-Cheannaigh, 1946) agus comhaontuithe díola creidmheasa (de réir bhrí an Achta sin) a dhéanamh i leith earraí is leis an gcuideachta,

(d) i ndáil le cuideachta atá ag gabháil do thaiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh nó do chreidmheas a dheonú dá cuntas féin,

(e) i ndáil le Corparáid an Chairde Talmhaíochta, cuideachta phoiblí theoranta,

(f) i ndáil le Fóir Teoranta, nó

(g) i ndáil le Cuideachta an Chairde Tionscail, Cuideachta Phoiblí Theoranta.

(3) Níl feidhm ag ailt 3 go 12, 17 go 19 agus 24 den Acht seo i ndáil le cuideachta is sealbhóir ar údarú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976), nó ar údarú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984).

Forálacha ginearálta i ndáil le cuntais.

3. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, gach clár comhardaithe agus gach cuntas sochair agus dochair de chuid cuideachta a leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil de chuid na cuideachta de bhun alt 148 den Phríomh-Acht, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas agus ní bheidh feidhm ag alt 149 (seachas fo-alt (5) agus, a mhéid a bhaineann sé leis an bhfo-alt sin (5), le fo-alt (7)) den Acht sin maidir le haon chlár comhardaithe nó cuntas sochair agus dochair den sórt sin:

(a) comhlíonfaidh gach clár comhardaithe agus gach cuntas sochair agus dochair den sórt sin forálacha ailt 4 agus 5 den Acht seo agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) tabharfaidh gach clár comhardaithe den sórt sin de chuid cuideachta léargas fíorcheart ar staid chúrsaí na cuideachta amhail ag deireadh a bliana airgeadais agus tabharfaidh gach cuntas sochair agus dochair den sórt sin de chuid cuideachta léargas fíorcheart ar bhrabús nó ar chaillteanas na cuideachta don bhliain airgeadais,

(c) más rud é nach dtabharfadh clár comhardaithe nó cuntas sochair agus dochair, arna tharraingt suas de réir mhír (a) den fho-alt seo, faisnéis leordhóthanach le mír (b) den fho-alt seo a chomhlíonadh, tabharfar aon fhaisnéis bhreise is gá sa chlár comhardaithe sin nó sa chuntas sochair agus dochair sin nó i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais,

(d) más rud é, de dheasca imthosca speisialta, nach bhféadfadh cuntais chuideachta, i gcás go n-ullmhófaí iad i gcomhlíonadh na míre sin (a), mír (b) a chomhlíonadh (fiú dá dtabharfaí faisnéis bhreise faoi mhír (c) den fho-alt seo), imeoidh stiúrthóirí na cuideachta, a mhéid is gá chun an mhír sin a chomhlíonadh, ó cheanglais an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo agus iad ag ullmhú na gcuntas sin,

(e) i gcás go n-imeoidh stiúrthóirí cuideachta ó cheanglais an ailt seo, cuirfidh siad nóta ag gabháil le cuntais na cuideachta ina dtabharfar sonraí faoi na cásanna ar leith inar imíodh ó na ceanglais, na cúiseanna a bhí leis an imeacht sin agus an éifeacht a bhí leis an imeacht sin ar na cuntais,

agus, dá réir sin, in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, agus in Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , i ndáil le cuideachta lena mbaineann an tAcht seo—

(i) forléireofar tagairtí don alt sin 149 mar thagairtí d'fho-alt (5) agus, a mhéid a bhaineann sé leis an bhfo-alt sin (5), d'fho-alt (7) den alt sin 149 agus do na forálacha den Acht seo atá ar comhréir leis na forálacha eile den alt sin 149, agus

(ii) forléireofar tagairtí don Séú Sceideal mar thagairtí d'fhorálacha comhréire an Achta seo.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cuntas sochair agus dochair cuideachta más rud é—

(a) go bhfuil fochuideachtaí ag an gcuideachta, agus

(b) go mbeidh an cuntas sochair agus dochair cumtha ina chuntas comhdhlúite sochair agus dochair a dhéileálann le gach ceann nó aon cheann d'fhochuideachtaí na cuideachta mar aon leis an gcuideachta féin, agus—

(i) go gcomhlíonfaidh sé ceanglais an Achta seo i ndáil le cuntais chomhdhlúite sochair agus dochair, agus

(ii) go dtaispeánfaidh sé cé mhéad den bhrabús nó den chaillteanas comhdhlúite don bhliain airgeadais áirithe a ndéileáiltear leis i gcuntais na cuideachta.

(3) Más rud é, i gcás cuideachta, go mbainfear buntáiste as fo-alt (2) den alt seo, nochtfar sin i nóta a bheidh ag gabháil leis na grúpchuntais.

(4) Tá sáraíocht ag fo-alt (1) (b) den alt seo ar cheanglais ailt 4 agus 5 den Acht seo, agus ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus ar na ceanglais eile go léir d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, i dtaobh na nithe a bheidh le háireamh i gcuntais chuideachta nó i nótaí a bheidh ag gabháil leis na cuntais sin; agus, dá réir sin, más rud é nach dtabharfadh clár comhardaithe nó cuntas sochair agus dochair cuideachta, arna tharraingt suas de réir na gceanglas sin, faisnéis leordhóthanach leis an bhfo-alt sin (1) (b) a chomhlíonadh, tabharfar aon fhaisnéis bhreise is gá sa chlár comhardaithe sin nó sa chuntas sochair agus dochair sin nó i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais.

Foirmlí do chuntais.

4. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní mór do gach clár comhardaithe de chuid cuideachta na hítimí atá liostaithe i gceachtar de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a thaispeáint agus ní mór do gach cuntas sochair agus dochair de chuid cuideachta na hítimí atá liostaithe in aon cheann de na foirmlí do chuntas sochair agus dochair atá leagtha amach amhlaidh a thaispeáint agus, i gceachtar cás, beidh na hítimí sin san ord, agus faoi na ceannteidil agus na fo-cheannteidil, atá san fhoirmle atá á húsáid.

(2) Ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar fho-alt a cheanglaíonn an ceannteideal nó an fo-cheannteideal d'aon ítim i gclár comhardaithe cuideachta, nó i gcuntas sochair agus dochair cuideachta, a bheith sonraithe le haon litir nó uimhir atá sannta don ítim sin sna foirmlí atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) I gcás go mbeidh clár comhardaithe cuideachta, nó cuntas sochair agus dochair cuideachta, ullmhaithe faoi threoir ceann de na foirmlí atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, úsáidfidh stiúrthóirí na cuideachta an fhoirmle chéanna le linn dóibh a bheith ag ullmhú na gcuntas do bhlianta airgeadais dá éis sin mura mbeidh, dar leo, cúiseanna speisialta ann chun iad a athrú.

(4) I gcás go ndéantar aon athrú, de réir fho-alt (3) den alt seo, ar an bhfoirmle a úsáidtear le linn clár comhardaithe cuideachta, nó cuntas sochair agus dochair cuideachta, a bheith á ullmhú, tabharfar na cúiseanna a bhí leis an athrú, mar aon le sonraí iomlána i dtaobh an athraithe, i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais ina n-úsáidtear an fhoirmle nua den chéad uair.

(5) Aon ítim a cheanglaítear a thaispeáint, de réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo, i gclár comhardaithe cuideachta, nó i gcuntas sochair agus dochair cuideachta, féadfar sonraí níos mine a thabhairt ina leith ná mar a cheanglaítear leis an bhfoirmle a úsáidtear.

(6) Aon ítimí dá sanntar uimhir Arabach in aon cheann de na foirmlí atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, féadfar iad a chur le chéile i gcuntais chuideachta—

(a) in aon chás nach méideanna ábhartha méideanna leithleacha na n-ítimí sin le linn staid chúrsaí na cuideachta, nó brabús nó caillteanas na cuideachta, a bheith á mheasúnú don bhliain airgeadais lena mbaineann, nó

(b) in aon chás a n-éascaíonn cur le chéile na n-ítimí sin an mheasúnacht sin.

(7) I gcás go gcuirtear le chéile ítimí i gcuntais chuideachta de bhun fho-alt (6) (b) den alt seo, nochtfar, i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais, méideanna leithleacha aon ítimí a cuireadh le chéile amhlaidh.

(8) Maidir le gach ítim a thaispeántar i gclár comhardaithe cuideachta, nó i gcuntas sochair agus dochair cuideachta, taispeánfar freisin an méid comhréireach don bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais lena mbaineann an clár comhardaithe nó an cuntas sochair agus dochair agus, mura bhfuil an méid comhréireach sin inchomórtais leis an méid atá le taispeáint i leith na hítime atá i gceist maidir leis an mbliain airgeadais lena mbaineann an clár comhardaithe nó an cuntas sochair agus dochair, déanfar an méid comhréireach sin a choigeartú, agus tabharfar, i nóta a bheidh ag gabháil leis na cuntais, sonraí i dtaobh an choigeartaithe agus na cúiseanna a bhí leis.

(9) Faoi réir fho-alt (10) den alt seo, aon cheannteideal nó focheannteideal a fhreagraíonn d'ítim atá liostaithe san fhoirmle a úsáidtear le linn clár comhardaithe cuideachta, nó cuntas sochair agus dochair cuideachta, a bheith á ullmhú, ní áireofar é sa chlár comhardaithe nó sa chuntas sochair agus dochair, de réir mar a bheidh, mura bhfuil aon mhéid le taispeáint i leith na hítime sin maidir leis an mbliain airgeadais lena mbaineann an clár comhardaithe nó an cuntas sochair agus dochair.

(10) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (9) den alt seo in aon chás inar féidir méid a thaispeáint i leith na hítime atá i gceist maidir leis an mbliain airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais lena mbaineann an clár comhardaithe nó an cuntas sochair agus dochair, agus taispeánfar an méid sin faoin gceannteideal nó faoin bhfo-cheannteideal a cheanglaítear leis an bhfoirmle atá á húsáid mar a dúradh.

(11) Ní cead méideanna i leith ítimí a fhreagraíonn do shócmhainní nó d'ioncam a fhritháireamh i gcuntais chuideachta in aghaidh méideanna i leith ítimí a fhreagraíonn do dhliteanais nó do chaiteachas, de réir mar a bheidh, ná vice versa.

(12) Féadfar a áireamh i gclár comhardaithe cuideachta, nó i gcuntas sochair agus dochair cuideachta, ítim a fhreagraíonn do mhéid, nó a chuimsíonn méid, aon sócmhainne nó dliteanais nó ioncaim nó caiteachais nach bhfuil cuimsithe thairis sin in aon cheann de na hítimí atá liostaithe san fhoirmle atá á húsáid, ach ní dhéileálfar leis na nithe seo a leanas mar shócmhainní i gclár comhardaithe cuideachta—

(a) réamhchostais,

(b) costais maidir le haon scaireanna nó bintiúir a eisiúint, agus coimisiún ar an eisiúint sin, agus

(c) costais taighde.

(13) Le linn clár comhardaithe cuideachta, nó cuntas sochair agus dochair cuideachta, a bheith á ullmhú, déanfaidh stiúrthóirí na cuideachta an riar agus na ceannteidil agus na fo-cheannteidil a cheanglaítear thairis sin le fo-alt (1) den alt seo a choigeartú i leith ítimí dá sanntar uimhir Arabach san fhoirmle atá á húsáid, in aon chás inar gá coigeartú den sórt sin mar gheall ar chineál speisialta ghnó na cuideachta.

(14) I ngach cuntas sochair agus dochair cuideachta taispeánfar méid bhrabús nó chaillteanas na cuideachta ar ghnáth-ghníomhaíochtaí roimh cháin.

(15) Taispeánfar i gcuntas sochair agus dochair cuideachta do bhliain airgeadais—

(a) méid comhiomlán na ndíbhinní a íocadh agus méid comhiomlán na ndíbhinní a bheartaítear a íoc, ar leithligh,

(b) aon aistriú idir an cuntas sochair agus dochair agus cúlchistí,

(c) aon mhéadú nó laghdú ar iarmhéid an chuntais sochair agus dochair ón mbliain airgeadais díreach roimhe sin,

(d) an brabús nó an caillteanas a tugadh anall i dtosach na bliana, agus

(e) an brabús nó an caillteanas a thugtar anonn i ndeireadh na bliana.

Prionsabail chuntasaíochta.

5. —Faoi réir alt 6 den Acht seo, déanfar na méideanna a bheidh le háireamh i gcuntais chuideachta i leith na n-ítimí a thaispeántar a chinneadh de réir na bprionsabal seo a leanas:

(a) toimhdeofar go bhfuil an chuideachta ag seoladh gnó mar ghnóthas reatha,

(b) cuirfear beartais chuntasaíochta i bhfeidhm go seasta ó bhliain airgeadais amháin go chéile,

(c) déanfar méid aon ítime sna cuntais a chinneadh ar bhonn stuama agus go háirithe—

(i) ní dhéanfar ach brabúis a bheidh réadaithe ar dháta an chláir chomhardaithe a áireamh sa chuntas sochair agus dochair, agus

(ii) déanfar na dliteanais agus na caillteanais go léir a d'éirigh, nó is dócha a éireoidh, maidir leis an mbliain airgeadais lena mbaineann na cuntais, nó maidir le bliain airgeadais roimhe sin, a chur i gcuntas, lena n-áirítear na dliteanais sin agus na caillteanais sin nach dtagann chun suntais go dtí dáta idir dáta an chláir chomhardaithe agus an dáta ar a sínítear na cuntais de bhun alt 156 den Phríomh-Acht,

(d) déanfar an t-ioncam agus na muirir go léir a bhaineann leis an mbliain airgeadais lena mbaineann na cuntais a chur i gcuntas gan féachaint do dháta na fála nó na híocaíochta, agus

(e) le linn méid comhiomlán aon ítime a bheith á chinneadh, déanfar méid gach sócmhainne nó gach dliteanais a bheidh le cur i gcuntas a chinneadh ar leithligh.

Imeacht ó na prionsabail chuntasaíochta.

6. —Má dhealraíonn sé do stiúrthóirí cuideachta go bhfuil cúiseanna speisialta ann le himeacht ó aon cheann de na prionsabail a shonraítear in alt 5 den Acht seo, féadfaidh siad imeacht amhlaidh uaidh, ach luafar, i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta don bhliain airgeadais lena mbaineann, sonraí faoi na cásanna inar imíodh uaidh, na cúiseanna a bhí leis agus an éifeacht a bhí leis an imeacht sin ar chlár comhardaithe na cuideachta agus ar chuntas sochair agus dochair na cuideachta.

Doiciméid nach foláir a bheith i gceangal le tuairisceán bliantúil.

7. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, cuirfear na doiciméid seo a leanas i gceangal leis an tuairisceán bliantúil—

(a) (i) i gcás cuideachta seachas cuideachta lena mbaineann fo-alt (2) nó (3) d'alt 2 den Acht seo, cóip de chlár comhardaithe na cuideachta, agus de chuntas sochair agus dochair na cuideachta, arna dtarraingt suas de réir ailt 3, 4 agus 5 den Acht seo agus an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo,

(ii) i gcás cuideachta lena mbaineann alt 2 (2) den Acht seo, cóip de chlár comhardaithe na cuideachta, agus de chuntas sochair agus dochair na cuideachta, arna dtarraingt suas de réir an Phríomh-Achta, mar aon le cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí ar gach clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair den sórt sin agus den tuarascáil ó na stiúrthóirí a bhí ag gabháil leis an gcéanna, agus beidh gach cóip den sórt sin deimhnithe ag stiúrthóir ar an gcuideachta, agus ag rúnaí na cuideachta, mar chóip dhílis den chlár comhardaithe sin, den chuntas sochair agus dochair sin, nó den tuarascáil sin, de réir mar a bheidh, a leagadh faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil den chuideachta a tionóladh i rith na tréimhse lena mbaineann an tuairisceán, agus

(b) más i dteanga seachas Béarla nó Gaeilge do dhoiciméad ar clár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair, tuarascáil nó ráiteas é a bheidh i gceangal leis an tuairisceán bliantúil, ní foláir tiontú i mBéarla nó i nGaeilge, arna dheimhniú ar an modh forordaithe gur tiontú cruinn é, a bheith i gceangal le gach doiciméad den sórt sin.

(2) Más rud é, maidir le doiciméad a cheanglaítear leis an alt seo a bheith i gceangal leis an tuairisceán bliantúil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, nach gcomhlíonfaidh sé forálacha an dlí a bhí i bhfeidhm ar dháta an iniúchta iomchuí maidir le foirm an doiciméid agus a mbeidh ann, déanfaidh an chuideachta lena mbaineann cibé leasuithe is gá ar an gcóip chun í a chur i gcomhréir leis na forálacha sin, agus ní foláir a lua sa chóip gur leasaíodh amhlaidh í.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 128 den Phríomh-Acht maidir le cuideachta lena mbaineann an t-alt seo.

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide.

8. —(1) Faoi réir alt 9 den Acht seo—

(a) beidh cuideachta phríobháideach cáilithe le go n-áireofaí í mar mhionchuideachta chun críocha an Achta seo maidir le haon bhliain airgeadais de chuid na cuideachta má chomhlíonann an chuideachta, maidir leis an mbliain sin agus leis an mbliain airgeadais de chuid na cuideachta atá díreach roimh an mbliain sin, dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, agus

(b) beidh cuideachta phríobháideach cáilithe le go n-áireofaí í mar chuideachta mheánmhéide chun críocha an Achta seo maidir le haon bhliain airgeadais de chuid na cuideachta má chomhlíonann an chuideachta, maidir leis an mbliain sin agus leis an mbliain airgeadais de chuid na cuideachta atá díreach roimh an mbliain sin, dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo.

(2) Is iad seo a leanas na coinníollacha cáilitheacha le go n-áireofaí cuideachta mar mhionchuideachta maidir le haon bhliain airgeadais:

(a) ní bheidh iomlán a cláir chomhardaithe don bhliain sin níos mó ná £1,250,000,

(b) ní bheidh méid a láimhdeachais don bhliain sin níos mó ná £2,500,000, agus

(c) ní bheidh meánlíon na ndaoine i bhfostaíocht na cuideachta an bhliain sin níos mó ná 50.

(3) Is iad seo a leanas na coinníollacha cáilitheacha le go n-áireofaí cuideachta mar chuideachta mheánmhéide maidir le haon bhliain airgeadais:

(a) ní bheidh iomlán a cláir chomhardaithe don bhliain sin níos mó ná £5,000,000,

(b) ní bheidh méid a láimhdeachais don bhliain sin níos mó ná £10,000,000, agus

(c) ní bheidh meánlíon na ndaoine i bhfostaíocht na cuideachta an bhliain sin níos mó ná 250.

(4) San alt seo ciallaíonn “iomlán an chláir chomhardaithe”, i ndáil le haon bhliain airgeadais de chuid cuideachta—

(a) i gcás ina n-úsáideann an chuideachta Foirmle 1 de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, comhiomlán na méideanna a thaispeántar i gclár comhardaithe na cuideachta don bhliain sin faoi cheannteidil a fhreagraíonn d'ítimí A agus B san Fhoirmle sin, agus

(b) i gcás ina n-úsáideann an chuideachta Foirmle 2 de na foirmlí sin, comhiomlán na méideanna a thaispeántar amhlaidh faoi “Sócmhainní”.

(5) San alt seo ciallaíonn “méid láimhdeachais”, i ndáil le haon bhliain airgeadais de chuid cuideachta, méideanna an láimhdeachais a thaispeántar i gcuntas sochair agus dochair na cuideachta faoi cheannteidil a fhreagraíonn do na hítimí iomchuí in aon cheann de na Foirmlí do chuntas sochair agus dochair atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(6) I bhfeidhmiú an ailt seo maidir le haon tréimhse is bliain airgeadais cuideachta, ach nach bliain í iarbhír, déanfar na méideanna a shonraítear i bhfo-ailt (2) (b) agus (3) (b) den alt seo a choigeartú go comhréireach.

(7) Beidh cuideachta phríobháideach a chorprófar ar thosach feidhme an ailt seo, nó dá éis, cáilithe le go n-áireofaí í mar mhionchuideachta nó, de réir mar a bheidh, mar chuideachta mheánmhéide, maidir leis an gcéad bhliain airgeadais dá cuid má chomhlíonann sí dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha cáilitheacha iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2) nó (3), de réir mar is cuí, den alt seo maidir leis an mbliain airgeadais sin.

(8) Beidh cuideachta phríobháideach a corpraíodh roimh an tosach feidhme sin cáilithe le go n-áireofaí í, faoi fho-alt (1) den alt seo, mar mhionchuideachta nó, de réir mar a bheidh, mar chuideachta mheánmhéide, maidir leis an gcéad bhliain airgeadais de chuid na cuideachta ina gceanglaítear cuntais na cuideachta a ullmhú de réir alt 3 den Acht seo má chomhlíonann sí dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha cáilitheacha iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2) nó (3), de réir mar is cuí, den alt seo maidir leis an gcéad bhliain airgeadais sin nó leis an mbliain airgeadais díreach roimh an mbliain sin.

(9) Chun críocha fho-ailt (2) (c) agus (3) (c) den alt seo, cinnfear an meánlíon daoine i bhfostaíocht cuideachta tríd an modh ríomha a chur i bhfeidhm atá forordaithe, le mír 42 (4) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, d'fhonn cinneadh a dhéanamh ar an líon a cheanglaítear le fomhír (1) den mhír sin a bheith luaite i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais chuideachta.

(10) Nuair a bheifear, chun críocha fho-alt (8) den alt seo, ag cinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann cuideachta dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha cáilitheacha iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2) nó (3), de réir mar is cuí, den alt seo maidir le bliain airgeadais i gcás nach mbeidh cuntais na cuideachta maidir leis an mbliain sin, arna n-ullmhú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, ullmhaithe de réir an Achta seo, forléireofar fo-alt (4) den alt seo mar fho-alt a thagraíonn do chomhiomlán aon mhéideanna a bheidh ar áireamh i gclár comhardaithe na cuideachta don bhliain sin agus a fhreagraíonn do na méideanna a luaitear i mír (a) nó (b), de réir mar is cuí, den fho-alt sin.

(11) Féadfaidh an tAire, le hordú, méideanna, iomláin agus líonta éagsúla, faoi seach, a chur in ionad na méideanna, na n-iomlán agus na líonta a bheidh sonraithe de thuras na huaire i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo agus beidh éifeacht leis na fo-ailt sin de réir aon ordaithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo.

(12) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide a athrangú.

9. —(1) I gcás go mbeidh cuideachta phríobháideach cáilithe le go n-áireofaí í mar mhionchuideachta faoi fho-alt (1) d'alt 8 den Acht seo, leanfaidh sí de bheith cáilithe amhlaidh mura rud é, sa bhliain airgeadais is déanaí de chuid na cuideachta agus i mbliain airgeadais na cuideachta díreach roimh an mbliain sin, nach gcomhlíonann sí dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (2) den alt sin 8 agus más rud é nach gcomhlíonann sí, le linn gach bliain den dá bhliain sin, dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha sin, scoirfidh sí de bheith cáilithe amhlaidh maidir leis an mbliain airgeadais is déanaí dá cuid.

(2) I gcás go mbeidh cuideachta phríobháideach cáilithe le go n-áireofaí í mar chuideachta mheánmhéide faoi fho-alt (1) d'alt 8 den Acht seo, leanfaidh sí de bheith cáilithe amhlaidh mura rud é, sa bhliain airgeadais is déanaí de chuid na cuideachta agus i mbliain airgeadais na cuideachta díreach roimh an mbliain sin, nach gcomhlíonann sí dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (3) den alt sin 8 maidir le cuideachta a áireamh mar chuideachta mheánmhéide agus más rud é nach gcomhlíonann sí, le linn gach bliain den dá bhliain sin, dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha sin, scoirfidh sí de bheith cáilithe amhlaidh maidir leis an mbliain airgeadais is déanaí dá cuid.

(3) Aon chuideachta a bhí cáilithe le go n-áireofaí í mar chuideachta mheánmhéide faoi fho-alt (2) den alt seo sa bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais is déanaí dá cuid, beidh sí cáilithe le go n-áireofaí í mar mhionchuideachta chun críocha an Achta seo maidir leis an mbliain airgeadais is déanaí dá cuid má chomhlíonann sí, sa dá bhliain sin, dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha atá leagtha amach in alt 8 (2) den Acht seo.

(4) I gcás go scoirfidh cuideachta phríobháideach de bheith cáilithe mar a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh feidhm ag alt 8 den Acht seo maidir leis an gcuideachta ionann is dá mba nach raibh sí cáilithe riamh cheana le go n-áireofaí í mar mhionchuideachta, nó mar chuideachta mheánmhéide, faoin alt sin.

Mionchuideachtaí a bheith díolmhaithe ó fhorálacha áirithe d'ailt 3 agus 7.

10. —(1) D'ainneoin mhír (a) d'alt 3 (1) den Acht seo, ach faoi réir mhír (b) den alt sin 3 (1), féadfaidh stiúrthóirí cuideachta a áirítear mar mhionchuideachta de bhun alt 8 (1) den Acht seo clár comhardaithe giorraithe a tharraingt suas nach dtaispeánfar ann ach na hítimí sin a bhfuil litreacha nó uimhreacha rómhánacha rompu i bhFoirmlí 1 agus 2 de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo:

Ar choinníoll go ndéanfar na méideanna iomlána a thiocfaidh chun bheith dlite laistigh de bhliain amháin agus tar éis bliana amháin a thaispeáint ar leithligh d'ítim B.II i bhFoirmle 1 agus d'ítimí B. II faoi “Sócmhainní” agus C faoi “Dliteanais” i bhFoirmle 2 de na foirmlí do chlár comhardaithe i ndáil le féichiúnaithe agus creidiúnaithe.

(2) Féadfaidh cuideachta a áirítear mar mhionchuideachta de bhun alt 8 (1) den Acht seo, in ionad na ceanglais chuige sin in alt 7 den Acht seo a chomhlíonadh, cóip de chlár comhardaithe na cuideachta arna tharraingt suas de réir fho-alt (1) den alt seo maidir leis an tréimhse dá dtagraíonn an tuairisceán a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil i ndáil leis an gcuideachta dá dtagraítear san alt sin agus, d'ainneoin an ailt sin 7, ní bheidh sé de cheangal ar an gcuideachta cóip de chuntas sochair agus dochair na cuideachta nó tuarascáil na stiúrthóirí a bheidh ag gabháil le clár comhardaithe na cuideachta a chur i gceangal leis an tuairisceán.

Cuideachtaí meánmhéide a bheith díolmhaithe ó fhorálacha áirithe d'ailt 3 agus 7.

11. —(1) D'ainneoin mhír (a) d'alt 3 (1) den Acht seo, ach faoi réir mhír (b) den alt sin 3 (1), féadfaidh stiúrthóirí cuideachta a áirítear mar chuideachta mheánmhéide faoin Acht seo na hítimí seo a leanas a chur le chéile mar aon ítim amháin ina cuntas sochair agus dochair faoin gceannteideal “ollbhrabús nó ollchaillteanas”, is é sin le rá:

(a) ítimí 1, 2, 3 agus 6 i bhFoirmle 1 de na foirmlí do chuntas sochair agus dochair atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) ítimí 1 go 5 i bhFoirmle 2 de na foirmlí sin do chuntas sochair agus dochair,

(c) ítimí A.1, B.1 agus B.2 i bhFoirmle 3 de na foirmlí sin do chuntas sochair agus dochair,

(d) ítimí A.1, A.2 agus B.1 go B.4 i bhFoirmle 4 de na foirmlí sin do chuntas sochair agus dochair.

(2) D'ainneoin alt 7 den Acht seo, ach faoi réir alt 3 (1) (b) den Acht seo, féadfaidh cuideachta a áirítear mar chuideachta mheánmhéide faoin Acht seo cóip de chlár comhardaithe giorraithe de chuid na cuideachta don tréimhse lena mbaineann an tuairisceán bliantúil i ndáil leis an gcuideachta a chur i gceangal leis an tuairisceán sin agus ní thaispeánfar inti ach na hítimí sin a bhfuil litreacha nó uimhreacha rómhánacha rompu i bhFoirmlí 1 agus 2 de na foirmlí do chlár comhardaithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo:

Ar choinníoll go ndéanfar na méideanna i leith na n-ítimí seo a leanas a nochtadh ar leithligh i gclár comhardaithe na cuideachta nó sna nótaí a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta, is é sin le rá:

(a) i bhFoirmle 1 de na foirmlí sin do chlár comhardaithe, ítimí A.I.3, A.II.1, 2, 3 agus 4, A.III.1, 2, 3, 4 agus 7, B.II.2, 3 agus 6, B.III.1 agus 2, C.1, 2, 6, 7, 8 agus 9 agus F.1, 2, 6, 7, 8 agus 9, agus

(b) i bhFoirmle 2 de na foirmlí sin do chlár comhardaithe, faoi “Sócmhainní”, ítimí A.I.3, A.II.1, 2, 3 agus 4, A.III.1, 2, 3, 4 agus 7, B.II.2, 3 agus 6 agus B.III.1 agus 2 agus faoi “Dliteanais”, ítimí C.1, 2, 6, 7, 8 agus 9:

Ar choinníoll freisin go dtaispeánfar ar leithligh i gclár comhardaithe na cuideachta na méideanna a thiocfaidh chun bheith dlite laistigh de bhliain amháin agus tar éis bliana amháin maidir le hítimí B.II san Fhoirmle sin 1 san iomlán agus maidir le hítimí B.II.2 agus 3, go haonarach, san Fhoirmle sin 1 mar aon leis na méideanna a thiocfaidh chun bheith dlite mar an gcéanna maidir le hiomlán na méideanna do na hítimí seo a leanas, is é sin le rá, san Fhoirmle sin 2, faoi “Sócmhainní”, ítim B.II agus faoi “Dliteanais”, ítim C, agus maidir leis na hítimí seo a leanas, go haonarach, is é sin le rá, san Fhoirmle sin 2, faoi “Sócmhainní”, ítimí B.II.2 agus 3 agus, faoi “Dliteanais”, ítimí C.1, 2, 6 agus 7.

(3) D'ainneoin alt 7 den Acht seo, féadfaidh cuideachta a áirítear mar chuideachta mheánmhéide de bhun alt 8 (1) den Acht seo cóip den chuntas sochair agus dochair arna tharraingt suas de réir fho-alt (1) den alt seo a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil i ndáil leis an gcuideachta.

Mionchuideachtaí agus cuideachtaí meánmhéide a bheith díolmhaithe i ndáil le nótaí a bheidh ag gabháil le cuntais.

12. —(1) Na forálacha den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (seachas míreanna 24, 26, 27, 33, 34 agus 44) i ndáil leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a thabhairt trí nóta a bheidh ag gabháil le cuntais chuideachta, ní bheidh feidhm acu maidir leis na cuntais a bheidh i gceangal le tuairisceán bliantúil cuideachta a áirítear mar mhionchuideachta de bhun alt 8 (1) den Acht seo.

(2) Níl feidhm ag mír 41 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, i dtaca le faisnéis den chineál a dúradh, maidir le cuideachta a áirítear mar chuideachta mheánmhéide de bhun an ailt sin 8 (1).

Faisnéis nach foláir a bheith i dtuarascáil na stiúrthóirí.

13. —Sa tuarascáil ó stiúrthóirí cuideachta faoi alt 158 den Phríomh-Acht beidh, i dteannta na faisnéise a shonraítear san alt sin, an fhaisnéis seo a leanas:

(a) athbhreithniú ceart ar fhorbairt ghnó na cuideachta agus a fochuideachtaí, más ann dóibh, i rith na bliana airgeadais dar críoch dáta an chláir chomhardaithe iomchuí;

(b) sonraí i dtaobh aon teagmhais thábhachtacha a rinne difear don chuideachta nó d'aon cheann dá fochuideachtaí, más ann dóibh, agus a tharla ó dheireadh na bliana sin;

(c) léiriú ar na forbairtí is dócha á tharlóidh sa todhchaí i ngnó na cuideachta agus a fochuideachtaí, más ann dóibh, agus

(d) léiriú ar ghníomhaíochtaí, más ann, na cuideachta agus a fochuideachtaí, más ann dóibh, sa réimse taighde agus forbartha.

Faisnéis nach foláir a bheith i dtuarascáil na stiúrthóirí i dtaobh an chuideachta d'fháil a scaireanna féin.

14. —Más rud é, in aon bhliain airgeadais de chuid cuideachta—

(a) go bhfaighidh an chuideachta scaireanna sa chuideachta trí fhorghéilleadh nó trí thabhairt suas in ionad forghéilleadh, nó

(b) go bhfaighidh an chuideachta scaireanna sa chuideachta de bhun alt 41 d'Acht 1983, nó

(c) go bhfaighidh duine éigin eile scaireanna sa chuideachta sna himthosca a shonraítear i mír (c) nó (d) d'alt 43 (1) den Acht sin, nó

(d) go gcuirfear scaireanna sa chuideachta faoi réir liain nó muirir eile arna ghlacadh (cibé acu go sainráite nó ar shlí eile) ag an gcuideachta agus a cheadaítear le mír (a), (c) nó (d) d'alt 44 (2) den Acht sin, luafar i dtuarascáil na stiúrthóirí maidir leis an mbliain airgeadais sin de chuid na cuideachta—

(i) uimhir agus luach ainmniúil aon scaireanna de chuid na cuideachta a fuair an chuideachta mar a dúradh, uimhir agus luach ainmniúil aon scaireanna de chuid na cuideachta a fuair duine éigin eile mar a dúradh, agus uimhir agus luach ainmniúil aon scaireanna a cuireadh faoi mhuirear mar a dúradh, faoi seach,

(ii) uimhir uasta agus luach ainmniúil uasta aon scaireanna a fuair an chuideachta nó duine éigin eile mar a dúradh (cibé acu i rith na bliana sin nó nach ea) nó a cuireadh faoi mhuirear mar a dúradh (cibé acu i rith na bliana sin nó nach ea) agus a bhí á sealbhú tráth ar bith ag an gcuideachta nó ag an duine eile sin i rith na bliana sin,

(iii) uimhir agus luach ainmniúil aon scaireanna a fuair an chuideachta nó duine éigin eile mar a dúradh (cibé acu i rith na bliana sin nó nach ea) nó a cuireadh faoi mhuirear mar a dúradh (cibé acu i rith na bliana sin nó nach ea) agus a dhiúscraíonn an chuideachta nó an duine eile sin, nó a chealaíonn an chuideachta, i rith na bliana sin,

(iv) i gcás ina luaitear, de bhun aon cheann de na míreanna roimhe seo, uimhir agus luach ainmniúil scaireanna d'aon tuairisc ar leith, an céatadán de scairchaipiteal glaoite na cuideachta dá bhfreagraíonn scaireanna den tuairisc sin,

(v) i gcás muirir mar a dúradh, méid an mhuirir i ngach cás, agus

(vi) i gcás diúscartha mar a dúradh ar airgead nó ar luach airgid, méid nó luach na comaoine i ngach cás.

Breithniú na n-iniúchóirí i dtaobh tuarascáil na stiúrthóirí a bheith ag teacht le cuntais na cuideachta.

15. —Beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí cuideachta, le linn dóibh an tuarascáil i ndáil leis an gcuideachta a ullmhú mar a cheanglaítear le halt 163 den Phríomh-Acht, a bhreithniú an bhfuil an fhaisnéis a thugtar sa tuarascáil ó stiúrthóirí na cuideachta i ndáil leis an mbliain airgeadais lena mbaineann ag teacht leis na cuntais a d'ullmhaigh an chuideachta don bhliain sin agus luafaidh siad sa tuarascáil an bhfuil, dar leo, an fhaisnéis sin ag teacht leis na cuntais sin.

Faisnéis i dtaobh fochuideachtaí agus cuideachtaí comhlachaithe a fhoilsiú.

16. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, más rud é, i ndeireadh bliana airgeadais cuideachta—

(a) go bhfuil fochuideachta ag an gcuideachta, nó

(b) go bhfuil teideal tairbhiúil ag an gcuideachta chun breis agus 20 faoin gcéad, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála nach n-éireoidh ach amháin in imthosca sonraithe) i gcomhlacht corpraithe eile nach fochuideachta di é (dá ngairtear “cuideachta chomhlachaithe” san alt seo) nó chun breis agus 20 faoin gcéad, de réir luacha ainmniúil, de scairchaipiteal leithroinnte comhlachta chorpraithe eile nach fochuideachta di é (dá ngairtear “cuideachta chomhlachaithe” freisin san alt seo),

cuirfear nóta isteach i gcuntais na cuideachta don bhliain sin i gceangal leis an tuairisceán bliantúil, ina ndéanfar idirdhealú idir na fochuideachtaí agus na cuideachtaí comhlachaithe agus ina dtabharfar an fhaisnéis seo a leanas i ndáil leo—

(i) ainm agus oifig chláraithe gach fochuideachta nó cuideachta comhlachaithe agus an cineál gnó a dhéanann sí,

(ii) gné gach aicme scaireanna a shealbhaíonn an chuideachta i ngach fochuideachta nó cuideachta chomhlachaithe agus an chomhréir, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna leithroinnte san fhochuideachta nó sa chuideachta chomhlachaithe de gach aicme acu sin dá bhfreagraíonn na scaireanna den aicme sin atá á sealbhú ag an gcuideachta,

(iii) méid comhiomlán chaipiteal agus chúlchistí gach fochuideachta nó cuideachta comhlachaithe amhail mar a bhí i ndeireadh na bliana airgeadais de chuid na fochuideachta nó na cuideachta comhlachaithe ag críochnú le deireadh bhliain airgeadais na cuideachta, nó leis an mbliain is deireanaí roimh dheireadh bhliain airgeadais na cuideachta, lena mbaineann na cuntais, agus

(iv) brabús nó caillteanas na fochuideachta nó na cuideachta comhlachaithe don bhliain airgeadais dá cuid a luaitear i mír (iii) den fho-alt seo.

(2) Ní bheidh feidhm ag míreanna (iii) agus (iv) d'fho-alt (1) den alt seo—

(a) maidir le fochuideachta de chuid cuideachta, má tá an chuideachta díolmhaithe ó ghrúpchuntais a ullmhú de bhua alt 150 (2) (a) den Phríomh-Acht nó má ullmhaíonn an chuideachta grúpchuntais agus—

(i) go bhfuil cuntais na fochuideachta ar áireamh sna grúpchuntais, nó

(ii) go bhfuil infheistíocht na cuideachta i scaireanna na fochuideachta ar áireamh i gcuntais na cuideachta, nó i nóta a ghabhann leis na cuntais sin, tríd an modh luachála cothromais,

(b) maidir le cuideachta chomhlachaithe de chuid cuideachta, má tá infheistíocht na cuideachta i scaireanna na cuideachta comhlachaithe ar áireamh i gcuntais na cuideachta, nó i nóta a ghabhann leis na cuntais sin, tríd an modh luachála cothromais,

(c) más rud é—

(i) nach bhfuil de cheangal ar an bhfochuideachta nó ar an gcuideachta chomhlachaithe a cuntais a fhoilsiú, agus

(ii) nach ionann méid do na scaireanna a shealbhaíonn an chuideachta san fhochuideachta nó sa chuideachta chomhlachaithe agus leath ar a laghad, de réir luacha ainmniúil, de scairchaipiteal leithroinnte na fochuideachta nó na cuideachta comhlachaithe,

(d) mura faisnéis ábhartha an fhaisnéis a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, féadfar, in ionad an fhaisnéis a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a lua i nóta a bheidh ag gabháil le cuntais na cuideachta lena mbaineann d'aon bhliain airgeadais áirithe de chuid na cuideachta, í a thabhairt i ráiteas i scríbhinn a bheidh sínithe ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag rúnaí na cuideachta agus a bheidh i gceangal leis an gcéad tuairisceán bliantúil eile a dhéanfaidh an chuideachta tar éis a cuntais don bhliain sin a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta dá mba rud é, i dtuairim stiúrthóirí na cuideachta, go bhfágfadh comhlíonadh fho-alt (1) den alt seo go mbeadh nóta ró-fhada ag gabháil le cuntais na cuideachta.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo i ndáil le faisnéis i dtaobh fochuideachta nó cuideachta comhlachaithe de chuid cuideachta (dá ngairtear “an dara cuideachta a luaitear” feasta sa mhír seo) má dhéanann staid airgeadais na fochuideachta nó na cuideachta comhlachaithe, mar a nochtar ina cuntais é, difear mór, i dtuairim stiúrthóirí an dara cuideachta a luaitear, do bhrabús nó caillteanas, nó do mhéid sócmhainní, an dara cuideachta a luaitear agus a fochuideachtaí.

(c) Aon chóip de ráiteas a bheidh, de bhun mhír (a) den fho-alt seo, i gceangal leis an tuairisceán bliantúil dá dtagraítear san fho-alt sin ó chuideachta, beidh sé deimhnithe ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, agus ag rúnaí na cuideachta, gur cóip dhílis den ráiteas sin í.

(4) Chun críche an ailt seo, déanfar scaireanna i gcuideachta, is fochuideachta nó cuideachta chomhlachaithe do chuideachta eile, a áireamh mar scaireanna atá á sealbhú, nó mar scaireanna nach bhfuil á sealbhú, ag an gcuideachta eile sin dá mba rud é, de bhua alt 155 (3) den Phríomh-Acht, go n-áireofaí iad mar scaireanna atá á sealbhú nó, de réir mar a bheidh, mar scaireanna nach bhfuil á sealbhú, ag an gcuideachta eile sin d'fhonn a chinneadh an fochuideachta don chuideachta eile sin an chéad chuideachta a luaitear.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 158 den Phríomh-Acht maidir le cuideachta lena mbaineann an t-alt seo.

(6) I dteannta feidhm a bheith ag an alt seo maidir le cuideachta, tá feidhm aige maidir le comhlacht corpraithe a bheadh, dá mba chuideachta é, ina fhochuideachta nó ina chuideachta chomhlachaithe.

Fochuideachtaí a bheith díolmhaithe ó alt 7.

17. —(1) I gcás inar fochuideachta cuideachta phríobháideach do chomhlacht corpraithe eile arna fhoirmiú agus arna chlárú i mBallstát de chuid na gComhphobal Eorpach, nó gurbh fhochuideachta don chomhlacht corpraithe eile sin a bheadh inti dá mba chuideachta an comhlacht corpraithe eile sin, beidh an chuideachta díolmhaithe, maidir le haon bhliain airgeadais áirithe de chuid na cuideachta, ó fhorálacha alt 7 (seachas fo-alt (1) (b)) den Acht seo más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) go ndéanfaidh gach duine is scairshealbhóir de chuid na cuideachta ar an dáta a thionólfar an chéad chruinniú ginearálta bliantúil eile de chuid na cuideachta tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin, a dhearbhú go dtoilíonn sé leis an díolúine,

(b) go bhfuil i bhfeidhm, maidir leis an mbliain airgeadais sin go léir, ráthaíocht neamhinchúlghairthe ón gcomhlacht corpraithe eile ar dhliteanais na cuideachta dá dtagraítear in alt 5 (c) den Acht seo maidir leis an mbliain airgeadais sin agus go mbeidh faisnéis i scríbhinn faoin ráthaíocht tugtha ag an gcuideachta do gach duine de na daoine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo,

(c) go mbeidh cuntais bhliantúla na cuideachta don bhliain airgeadais sin comhdhlúite sna grúpchuntais arna n-ullmhú ag an gcomhlacht corpraithe agus go mbeidh díolúine na cuideachta faoin alt seo nochtaithe i nóta a bheidh ag gabháil leis na grúpchuntais,

(d) go mbeidh fógra á rá go bhfuil leas bainte ag an gcuideachta as an díolúine faoin alt seo maidir leis an mbliain airgeadais sin agus cóip den ráthaíocht agus den fhaisnéis dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo, mar aon le dearbhú i scríbhinn ón gcuideachta á rá go bhfuil mír (a) den fho-alt seo comhlíonta i ndáil leis an díolúine, i gceangal leis an tuairisceán bliantúil don bhliain airgeadais sin arna thabhairt ag an gcuideachta faoin bPríomh-Acht do chláraitheoir na gcuideachtaí,

(e) go mbeidh grúpchuntais an chomhlachta chorpraithe eile tarraingthe suas, a mhéid is féidir é, de réir cheanglais an Cheathrú Treoir ón gComhairle* , agus

(f) go mbeidh grúpchuntais an chomhlachta chorpraithe eile i gceangal leis an tuairisceán bliantúil a dúradh agus go mbeidh siad iniúchta de réir Airteagal 51.1 den Cheathrú Treoir sin ón gComhairle.

(2) Féadfaidh an tAire cibé orduithe is gá (más ann) a dhéanamh d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt don alt seo.

Forálacha i ndáil le doiciméid a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

18. —(1) Ní foláir cóip de chlár comhardaithe agus de chuntas sochair agus dochair cuideachta arna n-ullmhú de bhun aon cheann d'fhorálacha ailt 10 go 12 den Acht seo, agus arna gcur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil a cheanglaítear leis an bPríomh-Acht ar an gcuideachta a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, a bheith sínithe mar a cheanglaítear le halt 156 den Phríomh-Acht, agus sa chóip den chlár comhardaithe a bheidh i gceangal amhlaidh beidh an ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo in áit díreach os cionn na sínithe a chuirtear leis de bhun an ailt sin 156 agus beidh ag gabháil leis an gcóip sin cóip den tuarascáil ó iniúchóirí na cuideachta i ndáil le cuntais na cuideachta faoi fho-alt (3) den alt seo.

(2) I gcóip de chlár comhardaithe cuideachta, arna ullmhú de bhun aon cheann d'fhorálacha ailt 10 go 12 den Acht seo agus arna chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil sin, beidh ráiteas ó na stiúrthóirí á rá—

(a) go raibh siad ag seasamh ar dhíolúintí sonraithe atá sna hailt sin 10 go 12, agus

(b) go ndearna siad amhlaidh ar an bhforas go bhfuil teideal ag an gcuideachta chun tairbhe na ndíolúintí sin mar mhionchuideachta nó (de réir mar a bheidh) mar chuideachta mheánmhéide.

(3) Ní gá tuarascáil na n-iniúchóirí faoi alt 7 (1) (a) den Acht seo ar na cuntais sin a bheith ag gabháil le cóip de chlár comhardaithe nó de chuntas sochair agus dochair cuideachta a ullmhaítear de bhun aon cheann d'fhorálacha ailt 10 go 12 den Acht seo agus a sheachadtar ar chláraitheoir na gcuideachtaí, ach beidh tuarascáil speisialta ó na hiniúchóirí ag gabháil léi ina mbeidh na nithe seo a leanas—

(a) cóip den tuarascáil a thug iniúchóirí na cuideachta ar na cuntais sin faoi fho-alt (4) den alt seo, agus

(b) cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí faoi alt 163 den Phríomh-Acht.

(4) I gcás go mbeartaíonn stiúrthóirí cuideachta cuntais d'aon tréimhse chuntasaíochta arna n-ullmhú de bhun aon cheann d'fhorálacha ailt 10 go 12 den Acht seo a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil agus gur deimhin le hiniúchóirí na cuideachta go bhfuil stiúrthóirí na cuideachta i dteideal, chun na críche sin, seasamh ar dhíolúintí a shonraítear in ailt 10 go 12 den Acht seo agus go bhfuil na cuntais ullmhaithe go cuí de bhun na bhforálacha sin, beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí na cuideachta tuarascáil i scríbhinn a chur ar fáil do stiúrthóirí na cuideachta á rá go bhfuil, i dtuairim iniúchóirí na cuideachta, stiúrthóirí na cuideachta i dteideal na cuntais sin a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil agus go bhfuil na cuntais, atá curtha i gceangal leis amhlaidh, ullmhaithe go cuí mar a dúradh.

(5) Aon chóip den tuarascáil ó iniúchóirí cuideachta faoi fho-alt (3) den alt seo a thabharfar do chláraitheoir na gcuideachtaí de bhun an ailt seo, beidh sé deimhnithe ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, agus ag rúnaí na cuideachta, gur cóip dhílis den tuarascáil sin í.

Cuntais iomlána nó cuntais ghiorraithe a fhoilsiú.

19. —(1) I gcás go bhfoilseoidh cuideachta a cuntais ina n-iomláine, foilseoidh sí freisin, i dteannta na gcuntas sin, aon tuarascáil i ndáil leis na cuntais sin a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 18 den Acht seo agus, má bhíonn iniúchóirí na cuideachta tar éis diúltú tuarascáil faoi fho-alt (4) den alt sin a chur ar fáil do stiúrthóirí na cuideachta, cuirfidh an chuideachta in iúl, trína fhoilsiú, gur dhiúltaigh siad amhlaidh.

(2) I gcás go bhfoilseoidh cuideachta cuntais ghiorraithe i ndáil le haon bhliain airgeadais, foilseoidh sí freisin ráiteas á chur in iúl—

(a) nach iad na cuntais sin na cuntais a gceanglaítear leis an Acht seo cóipeanna díobh a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil,

(b) an bhfuil cóipeanna de na cuntais a cheanglaítear a bheith i gceangal amhlaidh curtha i gceangal amhlaidh iarbhír,

(c) an bhfuil tuarascáil faoi alt 163 den Phríomh-Acht tugtha ag iniúchóirí na cuideachta maidir leis na cuntais den chuideachta a bhaineann le haon bhliain airgeadais a n-airbheartaíonn na cuntais ghiorraithe déileáil léi,

(d) an bhfuil aon agúis i dtuarascáil na n-iniúchóirí faoin alt sin 163 maidir leis na nithe a luaitear sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(3) I gcás go bhfoilseoidh cuideachta cuntais ghiorraithe, ní fhoilseoidh sí, i dteannta na gcuntas sin, aon tuarascáil ó na hiniúchóirí is tuarascáil den chineál a luaitear i bhfo-alt (2) (c) den alt seo.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “cuntais ghiorraithe”, i ndáil le cuideachta, aon chlár comhardaithe nó cuntas sochair agus dochair, nó aon choimriú nó achomaireacht ar chlár comhardaithe nó ar chuntas sochair agus dochair, a bhaineann le bliain airgeadais na cuideachta agus a fhoilsíonn an chuideachta ar shlí seachas mar chuid de chuntais iomlána na cuideachta don bhliain airgeadais sin agus, i ndáil le cuideachta shealbhaíochta, folaíonn sé cuntas i bhfoirm ar bith a airbheartaíonn gurb é atá ann clár comhardaithe nó cuntas sochair agus dochair, nó coimriú nó achomaireacht ar chlár comhardaithe nó ar chuntas sochair agus dochair, de chuid an ghrúpa arb é an chuideachta shealbhaíochta agus a fochuideachtaí é;

ciallaíonn “cuntais iomlána”, i ndáil le cuideachta, cuntais de chuid na cuideachta arna n-ullmhú de réir alt 3 nó ailt 10 go 12 den Acht seo agus, ach amháin i gcás cuideachta atá díolmhaithe de bhua an ailt sin 10 ó chóip den tuarascáil sin a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil, an tuarascáil ó stiúrthóirí na cuideachta a shonraítear in alt 158 (1) den Phríomh-Acht;

folaíonn “foilsiú”, i ndáil le doiciméad, é a eisiúint, a leathadh nó a chur ar fáil ar shlí eile lena iniúchadh go poiblí i slí atá ceaptha chun cuireadh a thabhairt don phobal i gcoitinne, nó d'aon aicme daoine den phobal, an doiciméad a léamh, agus is dá réir sin a fhorléireofar focail chomhghaolmhara.

Leasú ar Acht 1983.

20. —Leasaítear leis seo Acht 1983 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 45:

“Costais forbraíochta a thaispeántar mar shócmhainn chuideachta a fhritháireamh in aghaidh bhrabúis indáilte na cuideachta.

45A.—(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, i gcás go dtaispeántar costais forbraíochta mar shócmhainn i gcuntais chuideachta, déanfar aon mhéid a thaispeántar i leith na gcostas sin a áireamh—

(a) chun críocha alt 45, mar chaillteanas réadaithe, agus

(b) chun críocha alt 47, mar chaillteanas ioncaim réadaithe.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon chuid den mhéid sin a dúradh arb éard í brabús neamhréadaithe a rinneadh ar na costais sin a athluacháil.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) más rud é—

(a) go bhfuil imthosca speisialta ann a fhágann go bhfuil an ceart ag stiúrthóirí na cuideachta sin a chinneadh nach ndéanfar an méid a luaitear ina leith sin i gcuntais na cuideachta a áireamh amhail mar a cheanglaítear leis an bhfo-alt sin, agus

(b) go ndeirtear sa nóta atá ag gabháil leis na cuntais mar a cheanglaítear le mír 8 (2) den Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 , nach bhfuil an méid sin le háireamh amhlaidh agus go mínítear ann na himthosca ar a bhfuiltear ag seasamh chun cinneadh na stiúrthóirí chuige sin a chosaint.”.

Cumhacht chun an tAcht a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí neamhchláraithe.

21. —Beidh éifeacht le halt 377 den Phríomh-Acht agus leis an Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin ionann is dá mba é a bhí sna tagairtí sa dara colún den Sceideal sin, os coinne na dtagairtí sa chéad cholún den Sceideal sin do chuntais agus iniúchadh, d'fhorálacha sonraithe d'Acht 1963, tagairtí, i gcás cibé forálacha díobh sin a leasaítear leis an Acht seo, do na forálacha sin arna leasú amhlaidh.

Cionta agus pionóis.

22. —(1) (a) Má mhainníonn cuideachta foráil de chuid alt 5, 6, 7, 10, 11, 16, 18 nó 19 den Acht seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, ar iad a chiontú go hachomair.

(b) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí mar gheall ar chion faoin bhfo-alt seo, i ndáil le hailt 7, 10, 11, 16 nó 18 den Acht seo, a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) Má mhainníonn aon duine, is stiúrthóir ar chuideachta, gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais alt 3 nó alt 4 (seachas fo-ailt (3) agus (13)) den Acht seo nó chun forálacha fho-ailt (3) nó (13) d'alt 4 nó alt 13 nó 14 den Acht seo a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, maidir le gach cion ar leith, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £1,000, nó iad araon, a chur air, ar shlí, áfach—

(a) in aon imeachtaí i gcoinne duine maidir le cion faoin bhfo-alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, go raibh sé curtha de chúram ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí forálacha an ailt sin 3 nó an ailt sin 4 (seachas fo-ailt (3) agus (13)), de réir mar a bheidh, agus go raibh an deis ag an duine deiridh sin an cúram sin a dhéanamh, agus

(b) nach ndlífear pianbhreith príosúnachta a chur ar dhuine mar gheall ar chion den sórt sin mura rud é, i dtuairim na cúirte, gur go toiliúil a rinneadh an cion.

(3) Má dhéanann aon duine go toiliúil, in aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile is gá a thabhairt de réir, nó chun críocha, aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, ráiteas a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha agus a fhios aige é a bheith bréagach, dlífear—

(a) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana nó fíneáil nach mó ná £2,500, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £1,000, nó iad araon, a chur air.

(4) Beidh éifeacht le halt 385 den Phríomh-Acht ionann is dá gcuirfí “£1,000” in ionad na suime a luaitear i bhfo-alt (1).

(5) San alt seo folaíonn “stiúrthóir” agus “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

Srian le halt 222 den Phríomh-Acht.

23. —Ní bheidh feidhm ag alt 222 den Phríomh-Acht maidir le himeachtaí os comhair an Bhinse Achomhairc Fostaíochta.

Cumhacht an Aire chun an tAcht a mhodhnú ar bhealaí áirithe.

24. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, forálacha an Achta seo a athrú nó cur leo, a mhéid a bhaineann an tAcht seo le clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair cuideachta agus leis na nótaí a ghabhann leis an gclár comhardaithe nó leis an gcuntas sochair agus dochair sin agus na doiciméid a chuirfear ag gabháil leo, go ginearálta nó i ndáil le haicme nó le haicmí sonraithe cuideachta.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

25. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, a ghairm d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , d'alt 6 den Acht um Chistí Infheistíochta Ainmnithe, 1985 agus den Acht seo, le chéile.

(3) Déanfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , alt 6 den Acht um Chistí Infheistíochta Ainmnithe, 1985 agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

(4) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla nó d'fhorálacha éagsúla.

(5) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm ag gach foráil den Acht seo maidir le cuntais chuideachta, agus leis an tuarascáil ó stiúrthóirí cuideachta a shonraítear in alt 158 den Phríomh-Acht, do gach bliain airgeadais de chuid na cuideachta dar tosach nó dar críoch, de réir mar a shonróidh an tAire le hordú, tar éis cibé dáta i ndiaidh thosach feidhme na forála a shonróidh an tAire le hordú.

(b) Níl feidhm ag mír (a) den fho-alt seo i ndáil le fo-alt (7) nó (8) d'alt 8 den Acht seo.

*Treoir Uimh. 78/660/CEE ón gComhairle (IO Uimh. L. 222, an 14.8.1978).