27 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 1986


AN tACHT DÍOBHÁLACHA MAILÍSEACHA (LEASÚ), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

3.

Cruthúnas i ndáil le gníomhartha mailíseacha eagraíochtaí áirithe.

4.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

5.

Damáiste ag duine mímheabhrach, ag leanbh nó ag duine ag gníomhú faoi éigeantas.

6.

Costas cúitimh faoi na hAchtanna a aisíoc le húdaráis áitiúla.

7.

Airgead a íocadh le húdaráis áitiúla faoin bPríomh-Acht, nó ranníocaí a ghnóthaigh siad faoin Acht sin, a dhiúscairt.

8.

Maoin a ghnóthú tar éis cúiteamh a íoc.

9.

Aisghairm.

10.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Díobhálacha Mailíseacha, 1981

1981, Uimh. 9

Na hAchtanna Díobhálacha Mailíseacha, 1981 agus 1986

An tAcht um Chionta in Aghaidh an Stáit, 1939

1939, Uimh. 13

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 1986


AN tACHT DÍOBHÁLACHA MAILÍSEACHA (LEASÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA DÍOBHÁLACHA MAILÍS-EACHA, 1981 . [15 Iúil, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Díobhálacha Mailíseacha, 1981 agus 1986;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Díobhálacha Mailíseacha, 1981 ;

tá le “eagraíocht neamhdhleathach” an bhrí a shanntar do “cóghléasadh nea-dhleathach” san Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 .

(2) (a) Tagairt sna hAchtanna d'alt is tagairt í d'alt den Acht ina bhfuil an tagairt mura léir gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(b) Tagairt sna hAchtanna d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír na forála ina bhfuil an tagairt mura léir gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

2. —Déantar leis seo alt 5 den Phríomh-Acht a leasú, maidir le damáiste a dhéanfar do mhaoin tar éis dháta rite an Achta seo, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás damáiste ar mó a mhéid iomlán ná £100 a bheith déanta d'aon mhaoin—

(i) go neamhdhleathach ag duine amháin nó níos mó de líon (is mó ná beirt) daoine a bheidh bailithe le chéile go círéibeach, nó

(ii) de thoradh gnímh a rinne duine go mailíseach agus é ag gníomhú thar ceann eagraíochta neamhdhleathaí nó i ndáil léi, nó

(iii) de thoradh gnímh a rinne duine go mailíseach agus é ag gníomhú thar ceann eagraíochta lasmuigh den Stát nó i ndáil le heagraíocht lasmuigh den Stát is eagraíocht a bhíonn ag gabháil d'fhoréigean chun críocha a bhaineann le stiúradh nó riaradh ghnóthaí an Stáit nó Thuaisceart Éireann, a chuireann foréigean chun cinn chun na gcríoch sin nó a spreagann foréigean nó a thaobhaíonn leis chun na gcríoch sin,

beidh an duine a d'fhulaing an damáiste i dteideal cúiteamh a fháil ón údarás áitiúil de réir na nAchtanna Díobhálacha Mailíseacha, 1981 agus 1986.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le damáiste a dhéanfar do long nó d'aerárthach ná d'aon ní a bheidh ar iompar i long nó in aerárthach (lena n-áirítear aon ní a bheidh ar iompar ag aon duine orthu), más rud é gurb é ba chúis leis an damáiste—

(i) aon substaint nó feiste a cuireadh ar an long nó ar an aerárthach nó sa long nó san aerárthach nó ar aon ní nó in aon ní a bhí ar iompar orthu nuair a bhí an long, an t-aerárthach nó an ní lasmuigh den Stát nó aon ghníomh eile a rinneadh nó a fágadh gan déanamh lasmuigh den Stát, nó

(ii) duine nó daoine a tháinig isteach sa Stát sa long nó san aerárthach ar an turas nó eitilt deireanach a rinne an long nó an t-aerárthach sular tharla an damáiste.

(2) Chun críche fho-alt (1) (a), ní mheasfar gur go mailíseach a rinneadh gníomh ach amháin más rud é—

(a) gur gníomh éagórach é a rinneadh d'aon ghnó gan cúis ná leithscéal cóir, nó

(b) gur go hainrianta a rinneadh é, nó

(c) go ndearnadh é le linn cion a dhéanamh in aghaidh na maoine a damáistíodh cibé acu ar chun an cion sin a dhéanamh nó nárbh ea a rinneadh é.”.

Cruthúnas i ndáil le gníomhartha mailíseacha eagraíochtaí áirithe.

3. —(1) Más rud é, maidir le damáiste a dhéanfar do mhaoin tar éis dháta rite an Achta seo, gurb é tuairim an phríomhcheannfoirt chuí gur duine a bhí ag gníomhú thar ceann eagraíochta dá dtagraítear in alt 5 (1) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht seo) den Phríomh-Acht nó a bhí ag gníomhú i ndáil léi a rinne an gníomh go mailíseach ar dá thoradh a tharla an damáiste, tabharfaidh sé deimhniú arna shíniú aige á rá sin d'aon duine a iarrann air déanamh amhlaidh chun críche iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar chúiteamh faoi na hAchtanna i leith an damáiste, agus beidh an deimhniú inghlactha in aon chúirt mar fhianaise gur duine a bhí ag gníomhú mar a dúradh a rinne an gníomh go mailíseach.

(2) Ní cheanglófar ar an bpríomhcheannfort cuí an fhaisnéis (ná a foinse) ar bunaíodh deimhniú faoi fho-alt (1) uirthi a nochtadh in aon imeachtaí.

(3) Doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é faoin alt seo agus a bheith sínithe ag an bpríomhcheannfort cuí, measfar, mura suífear a mhalairt, gur deimhniú den sórt sin é agus gur síníodh amhlaidh é.

(4) San alt seo, ciallaíonn “príomhcheannfort cuí”, i ndáil le deimhniú faoin alt seo, an príomhcheannfort den Gharda Síochána arbh é, an tráth a síníodh an deimhniú, an t-oifigeach rannáin é den rannán Garda Síochána ina bhfuil suite an Stáisiún Garda Síochána cuí chun críche réamhfhógra a sheirbheáil faoi alt 8 den Phríomh-Acht i ndáil leis an damáiste iomchuí.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

4. —Déantar leis seo alt 6 den Phríomh-Acht a leasú, maidir le damáiste a dhéanfar do mhaoin tar éis dháta rite an Achta seo, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) I gcás duine amháin nó níos mó de líon (is mó ná beirt) daoine a bheidh bailithe le chéile go racánach agus go círéibeach do dhéanamh damáiste go neamhdhleathach d'fhoirgneamh nó do mhaoin laistigh de chúirtealáiste foirgnimh agus go ndéanfar, le linn na círéibe, maoin ar mó a méid iomlán ná £100 a thógáil go neamhdhleathach as an bhfoirgneamh, agus gurbh fhusaide an mhaoin sin a thógáil, nó dul isteach san fhoirgneamh chun an mhaoin sin a thógáil, an damáiste sin a bheith déanta, beidh an duine a chaill an mhaoin a tógadh i dteideal cúiteamh a fháil ón údarás áitiúil de réir na nAchtanna Díobhálacha Mailíseacha, 1981 agus 1986.”

Damáiste ag duine mímheabhrach, ag leanbh nó ag duine ag gníomhú faoi éigeantas.

5. —Déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú, maidir le damáiste a dhéanfar tar éis dháta rite an Achta seo, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“7. Ní cosaint é i gcoinne iarratas ar chúiteamh faoi na hAchtanna Díobhálacha Mailíseacha, 1981 agus 1986, mura ndéanfar ach a shuíomh gur duine mímheabhrach, leanbh nó duine a bhí ag gníomhú faoi éigeantas a rinne an damáiste lena mbaineann an t-iarratas.”.

Costas cúitimh faoi na hAchtanna a aisíoc le húdaráis áitiúla.

6. —Déanfaidh an tAire Comhshaoil an costas a bhí ar údarás áitiúil as cúiteamh a íocadh faoi na hAchtanna i ndamáiste a rinneadh nó i gcaillteanas a trúigeadh tar éis dháta rite an Achta seo agus aon chostais dhlíthiúla a thabhaigh an t-údarás i leith an chúitimh, a aisíoc leis an údarás áitiúil as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Airgead a íocadh le húdaráis áitiúla faoin bPríomh-Acht, nó ranníocaí a ghnóthaigh siad faoin Acht sin, a dhiúscairt.

7. —Aon airgead a íocadh faoi alt 19 den Phríomh-Acht le húdarás áitiúil i leith cúitimh a d'íoc an t-údarás áitiúil nó ab iníoctha aige faoi na hAchtanna i ndamáiste a rinneadh nó i gcaillteanas a trúigeadh tar éis dháta rite an Achta seo nó aon ranníoc a ghnóthaigh údarás áitiúil faoi alt 21 den Phríomh-Acht i leith cúitimh den sórt sin, íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é de réir orduithe an Aire Comhshaoil arna dtabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Maoin a ghnóthú tar éis cúiteamh a íoc.

8. —Más rud é, maidir le maoin a tógadh go neamhdhleathach tar éis dháta rite an Achta seo agus ar íocadh cúiteamh ina leith faoi na hAchtanna, go ngnóthófar an mhaoin sin, tiocfaidh an tAire Comhshaoil chun bheith agus beidh sé ina úinéir ar an maoin agus féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, í a dhiúscairt i cibé slí is cuí leis.

Aisghairm.

9. —(1) Déantar leis seo alt 20 den Phríomh-Acht a aisghairm maidir le cúiteamh a íocfar faoi na hAchtanna i ndamáiste a dhéanfar nó i gcaillteanas a thrúigfear tar éis dháta rite an Achta seo.

(2) Déantar leis seo alt 22 den Phríomh-Acht a aisghairm maidir le maoin a thógfar go neamhdhleathach tar éis dháta rite an Achta seo.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

10. —(1) Féadfar an tAcht Díobhálacha Mailíseacha (Leasú), 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Díobhálacha Mailíseacha, 1981 agus 1986, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.