An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT IOMPAIR (CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN A ATHEAGRÚ), 1986) Ar Aghaidh (CUID II Fochuideachtaí)

31 1986

AN tACHT IOMPAIR (CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN A ATHEAGRÚ), 1986

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Iompair (Córas Iompair Éireann a Atheagrú), 1986 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ;

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus gach achtachán a fhorléireofar mar aon ní amháin leis an Acht sin;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta a foirmíodh de bhun alt 6;

ciallaíonn “cuideachta bhus Átha Cliath” an chuideachta dá sanntar ainm le halt 7 (1) (c) nó le hordú faoi alt 7 (2);

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “cuideachta bhus Éireann” an chuideachta dá sanntar ainm le halt 7 (1) (b) nó le hordú faoi alt 7 (2);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

ciallaíonn “an chuideachta iarnróid” an chuideachta dá sanntar ainm le halt 7 (1) (a) nó le hordú faoi alt 7 (2);

ciallaíonn “lá dílseacháin” an lá a cheapfar faoi alt 6.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura léirítear gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.

(4) Forléireofar tagairt san Acht seo d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán dá éis sin.

Orduithe.

3. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú aon ordú a rinne sé faoi aon fhoráil den Acht seo seachas faoi alt 6 a chúlghairm nó a leasú faoi réir cibé toiliú is gá faoin bhforáil sin.

(2) Déanfar gach ordú faoi aon fhoráil den Acht seo seachas faoi alt 6 a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo alt 14 d'Acht 1950 agus alt 35 (2) (a cuireadh isteach le halt 12 den Acht Iompair, 1964 ) den Acht sin.