|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 36 de 1986 | ||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA (LEASÚ), 1986 | |||||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 36 de 1986 | ||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA (LEASÚ), 1986 | ||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976 GO 1983. | ||
[22 Nollaig, 1986] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cumann Foirgníochta, 1976 . | |
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cumann” i bhfo-alt (1): |
[EN] | “ciallaíonn ‘cumann’ cumann foirgníochta arna bhunú faoin Acht seo chun cistí a chruinniú (trí shuibscríobhanna ó na comhaltaí, trí thaiscí a ghlacadh agus trí iasachtaí), de réir an Achta seo, chun iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí— | |
[EN] | (a) ar urrús trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú; nó | |
[EN] | (b) le hurrús nó gan urrús agus de réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire faoi alt 3 den Acht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1986 ;”. | |
[EN] |
Cumhacht an Aire chun críocha a dtabharfar iasacht ina leith a fhorordú. |
3. —(1) D'ainneoin aon fhorála de na hAchtanna agus d'aon ionstraim reachtúil a dhéanfar fúthu, féadfaidh cumann, i dteannta aon iasachta eile a thabharfaidh sé faoi na hAchtanna, iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí, le hurrús nó gan urrús de réir mar a bheidh forordaithe ag an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCláraitheoir, chun cibé críocha agus faoi réir cibé coinníollacha (seachas coinníollacha i ndáil leis an ráta úis is inmhuirearaithe ar iasacht) a fhorordóidh an tAire amhlaidh, agus féadfar coinníollacha éagsúla a fhorordú i ndáil le haicmí éagsúla iasachtaí. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a fhorálfaidh d'aon mhodhnú, oiriúnú, leasú, aisghairm, cúlghairm nó foirceannadh ar aon fhorálacha de na hAchtanna is gá nó is cuí go réasúnach chun críocha fho-alt (1) den alt seo nó chun lánéifeacht a thabhairt d'aon fhorálacha d'fho-alt (1) den alt seo nó d'aon rialacháin a dhéanfar faoi. | |
[EN] | (3) I gcás go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo, déanfar dréacht de na rialacháin atá beartaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go ndéanfaidh gach Teach díobh sin rún a rith ag ceadú an dréachta. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Cláraitheoir, aon uair a mheasann sé— | |
[EN] | (a) go bhfuil sé fóirsteanach ar mhaithe le gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí, nó | |
[EN] | (b) go bhfuil cumann tar éis gnó a sheoladh ar dhóigh atá dochrach don rialáil sin, | |
[EN] | ordú a eisiúint chuig aon chumann nó, de réir mar a bheidh, chuig an gcumann sin, á thoirmeasc nó á shrianadh air, de réir mar is cuí leis, iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí de bhun fho-alt (1) den alt seo agus beidh éifeacht le haon ordú den sórt seo de réir a chuid téarmaí. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Cláraitheoir tráth ar bith de réir mar is gá sna himthosca, ordú faoi fho-alt (4) den alt seo a chúlghairm. | |
[EN] |
Rátaí úis srathacha. |
4. —(1) Ní mhuirearóidh cumann ráta úis srathach ar iasacht a tugadh do chomhalta— |
[EN] | (a) más roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1986, a bunaíodh an morgáiste i leith na hiasachta agus | |
[EN] | (b) mura raibh ráta úis srathach á mhuirearú i leith na hiasachta an lá sin. | |
[EN] | (2) (a) Ní dhéanfaidh cumann ráta úis srathach a mhuirearú ar iasacht a tugadh do chomhalta más ar an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1986, nó dá éis, a bunaíodh an morgáiste i leith na hiasachta. | |
[EN] | (b) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ón gcéad lá den mhí tar éis do thréimhse sé mhí a bheith caite ag tosú ar dháta rite an Achta seo. | |
[EN] | (3) San alt seo agus in alt 5 den Acht seo— | |
[EN] | ciallaíonn “iasacht” iasacht a thugann cumann do chomhalta ar an urrús a thig ó eastát nó ó leas, ruílse nó léasach, i dteaghais a mhorgáistiú; | |
[EN] | ciallaíonn “ráta úis srathach” an ráta úis ar iasacht i gcás— | |
[EN] | (a) go gcinntear an ráta sin faoi threoir mhéid na hiasachta a thugtar nó de réir an méid a bheidh gan íoc tráth ar bith de bhun na hiasachta, nó de réir ioncam an chomhalta dá dtugtar an iasacht, de réir mar a bheidh, agus | |
[EN] | (b) gur mó an ráta sin ná an ráta úis is lú is infheidhme ag an am maidir le hiasachtaí a thugann an cumann do chomhaltaí go ginearálta. | |
[EN] |
Cearta comhalta i gcás go muirearaítear ráta úis srathach air. |
5. —Má mhuirearaíonn cumann ráta úis srathach de shárú ar alt 4 den Acht seo ar chomhalta den chumann ar tugadh iasacht dó, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, eadhon— |
[EN] | (a) Ní sárú ar théarmaí mhorgáiste an chomhalta a bheidh ann mura n-íocfaidh sé leis an gcumann an méid ar mó aon íocaíocht a bheidh dlite de bhun an ráta úis shrathaigh ná aon mhéid a bheidh dlite de bhun an ráta úis is ísle is infheidhme an tráth sin maidir le hiasachtaí a thugann an cumann do chomhaltaí go ginearálta agus ní bheidh an cumann i dteideal, de bhíthin amháin nár íoc an comhalta an méid sin, aon leigheas a fheidhmiú in aghaidh an mhorgáisteora a thugtar don chumann le dlí thairis sin, agus | |
[EN] | (b) beidh an comhalta i dteideal aon bharrachas den sórt sin a d'íoc sé a ghnóthú ón gcumann mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] |
Cumhachtaí breise an Aire chun rialacha a fhorordú. |
6. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCláraitheoir, rialacha a fhorordú maidir le haon ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, go ginearálta nó faoi threoir aicme nó aicmí sonraithe rialacha nó cumann, is nithe a shonrófar faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire: |
[EN] | (a) muirearú táillí fuascailte a thoirmeasc nó a shrianadh; | |
[EN] | (b) an tuarascáil a rinneadh faoi alt 79 (1) (b) den Phríomh-Acht maidir le luach aon urrúis le haghaidh iasachta a bheidh le tabhairt do chomhalta, a chur ar fáil don chomhalta sin; | |
[EN] | (c) deireadh nó srianadh a chur leis an gceart atá ag cumann a cheangal ar chomhalta árachas a chur i bhfeidhm ar aon urrús le haghaidh iasachta le hárachóir a ordóidh an cumann, nó trí ghníomhaireacht an chumainn nó aon idirghabhálaí a ordóidh an cumann; | |
[EN] | (d) cumann a chosc nó a shrianadh ó cheangal a chur ar chomhalta costais an chumainn i ndáil le himscrúdú dlíthiúil ar theideal chun aon urrúis den sórt sin a íoc; agus | |
[EN] | (e) cumann do shocrú árachas cosanta morgáiste a chur ar fáil trí árachóir nó trí idirghabhálaí a bheidh ainmnithe aige. | |
[EN] | (2) I gcás gur forordaíodh rialacha le rialacháin i ndáil le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh na rialacha sin, le héifeacht ó mhí amháin tar éis thosach feidhme na rialachán, mar chuid de rialacha aon chumainn a ndearbhaítear iad a bheith infheidhme ina leith leis na rialacháin lenar forordaíodh na rialacha sin, d'ainneoin aon fhorála de na hAchtanna nó de rialacha an chumainn. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “táille fuascailte”, i ndáil le hiasacht, aon suim i dteannta príomhshuime agus aon úis a dhlitear ar an bpríomhshuim sin (gan féachaint don fhíoras maidir le fuascailt na hiasachta) tráth fuascailte na hiasachta go hiomlán nó go páirteach. | |
[EN] |
Rialacha a bhaineann le bord stiúrthóirí a cheapadh, etc. |
7. —(1) D'ainneoin fhorálacha na nAchtanna nó rialacha cumainn, cibé uair a fhorordóidh an tAire rialacha, de bhun alt 10 (3) den Phríomh-Acht, is rialacha lena mbaineann an t-alt seo, i gcás go sonraíonn na rialacháin lena bhforordaítear na rialacha sin amhlaidh, a bheidh sna rialacha sin, a mhéid a bhaineann siad le ceapachán, luach saothair agus cur as oifig bord stiúrthóirí cumann. |
[EN] | (2) I gcás gur forordaíodh rialacha lena mbaineann an t-alt seo agus, maidir le rialacha cumainn a ndearbhaítear leis na rialacháin lenar forordaíodh na rialacha sin iad a bheith infheidhme i ndáil leo, nach bhfuil siad, i dtuairim an Chláraitheora, go substaintiúil de réir na rialacha arna bhforordú amhlaidh, cuirfidh an Cláraitheoir a thuairim in iúl don chumann laistigh de mhí amháin tar éis thosach feidhme na rialachán, agus i gcás den sórt sin, beidh na rialacha forordaithe, le héifeacht ó thrí mhí tar éis thosach feidhme na rialachán, mar chuid de rialacha an chumainn agus beidh éifeacht leo d'ainneoin aon fhorála láithrí i rialacha an chumainn. | |
[EN] | (3) (a) Féadfaidh cumann, roimh dheireadh na tréimhse trí mhí a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh thuairim an Chláraitheora. | |
[EN] | (b) I gcás go n-éireoidh le hachomharc faoin bhfo-alt seo, féadfaidh rialacha an chumainn fanacht i ngníomh. | |
[EN] | (c) I gcás go dteipfidh ar achomharc faoin bhfo-alt seo beidh na rialacha forordaithe, le héifeacht ó mhí amháin tar éis don Chúirt an t-achomharc a chinneadh, mar chuid de rialacha an chumainn agus beidh éifeacht leo d'ainneoin aon fhorála láithrí i rialacha an chumainn. | |
[EN] |
Comhairle Chomhchomhairleach na gCumann Foirgníochta. |
8. —(1) Féadfaidh an tAire comhlacht a cheapadh dá ngairfear Comhairle Chomhchomhairleach na gCumann Foirgníochta agus dá ngairtear “an Chomhairle” san alt seo. |
[EN] | (2) Maidir leis an gComhairle— | |
[EN] | (a) féadfaidh sí comhairle a thabhairt don Aire maidir le haon ábhar a bhaineann le hoibriú gnó cumann foirgníochta, agus | |
[EN] | (b) tabharfaidh sí comhairle don Aire maidir le haon ábhar a bhaineann le cumainn foirgníochta a chuirfidh an tAire faoina bráid. | |
[EN] | (3) Beidh ar an gComhairle an oiread daoine a cheapfaidh an tAire agus beidh aon duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse a shonróidh an tAire. | |
[EN] | (4) Ainmneoidh an tAire, ó am go ham, comhalta amháin den Chomhairle chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gComhairle. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon chomhalta (lena n-áirítear an Cathaoirleach) a chur as oifig. | |
[EN] | (6) Forléireofar mar thagairt don Chomhairle an tagairt in alt 76 den Phríomh-Acht do Choiste Comhairleach na gCumann Foirgníochta. | |
[EN] | (7) Aisghairtear leis seo alt 96 den Phríomh-Acht. | |
[EN] |
Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht. |
9. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): |
[EN] | “(3) I gcás go gcuirfear cóipeanna go dtí an Cláraitheoir de réir fho-alt (2) agus gur deimhin leis— | |
[EN] | (a) gur athrú de réir an Achta seo an t-athrú agus go bhfuil sé go substaintiúil de réir rialacha a bheidh forordaithe faoi alt 10 (3), agus | |
[EN] | (b) nach ndéanfadh clárú dochar do ghnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí, | |
tabharfaidh sé ceann de na cóipeanna ar ais don rúnaí mar aon le deimhniú cláraitheachta san fhoirm fhorordaithe agus coimeádfaidh agus cláróidh sé an chóip eile.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht. |
10. —Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): |
[EN] | “(3) Féadfaidh cumann airgead a fháil ar iasacht (lena n-áirítear, má údaraíonn an Cláraitheoir le toiliú an Aire Airgeadais amhlaidh, airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus, chun na críche sin, féadfaidh sé taiscí nó iasachtaí a ghlacadh ar ús, lena n-úsáid chun críche an chumainn.”. | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
11. —(1) Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1986 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1986, a ghairm de na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. |