An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

10 1987

AN tACHT AIRGEADAIS, 1987

CUID V

Cáin Fháltas Caipitiúil

Leasú ar alt 54 (forálacha a bhaineann le carthanais, etc.) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 .

50. —(1) Leasaítear leis seo alt 54 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh bronntanas nó oidhreacht a bheidh glactha chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla díolmhaithe ó cháin, agus ní chuirfear i gcuntas é nó í le linn cáin a bheith á ríomh, a mhéid is deimhin leis na Coimisinéirí gur cuireadh nó go gcuirfear chun feidhme é nó í chun críocha ar críocha poiblí nó críocha carthanúla iad de réir dlí an Stáit.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás gurb é dáta rite an Achta seo, nó dáta dá éis, dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta.