|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corpraithe) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1987
[EN] | ||||||
[EN] |
Caibidil III Íocaíochtaí i leith Seirbhísí Gairmiúla ag Daoine Áirithe | |||||
[EN] |
Léiriú (Caibidil III). |
13. —(1) Sa Chaibidil seo— | ||||
[EN] | tá le “duine cuntasach’ an bhrí a shanntar dó le halt 14; | |||||
[EN] | ciallaíonn “cáin chuí” i ndáil le híocaíocht iomchuí— | |||||
[EN] | (a) i gcás nach bhfuil cáin bhreisluacha ar áireamh san íocaíocht sin, suim in ionannas cánach ioncaim ar mhéid na híocaíochta sin de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta, agus | |||||
[EN] | (b) i gcás go bhfuil cáin bhreisluacha ar áireamh san íocaíocht sin, suim in ionannas cánach ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta ar mhéid na híocaíochta sin gan an cháin bhreisluacha a áireamh; | |||||
[EN] | ciallaíonn “bonntréimhse do bhliain mheasúnachta”, i ndáil le duine sonraithe— | |||||
[EN] | (a) i gcás íocaíocht iomchuí a bheith le háireamh le linn brabúis nó gnóchain an duine sin a bheith á ríomh chun críocha Chás I nó II de Sceideal D, an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim don bhliain sin le ríomh go críochnaitheach chun críocha an Cháis sin I nó II: | |||||
[EN] | Ar choinníoll— | |||||
[EN] | (i) má théann dhá bhonntréimhse thar a chéile, go measfar, chun críocha na Caibidle seo, gur sa dara bonntréimhse amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon, | |||||
[EN] | (ii) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonntréimhse do bhliain mheasúnachta amháin agus an bhonntréimhse don chéad bhliain mheasúnachta eile, ansin, go measfar gur cuid den dara bonntréimhse an t-eatramh, | |||||
[EN] | (iii) go ndéanfar an tagairt i bhfomhír (i) do dh á thréimhse ag dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse do chomhtheacht le chéile nó do thréimhse amháin a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus go ndéanfar an tagairt don tréimhse a bhaineann leo araon a fhorléiriú dá réir sin, agus | |||||
[EN] | (b) in aon chás eile, an bhliain mheasúnachta; | |||||
[EN] | ciallaíonn “mí cánach ioncaim” mí dar tosach an 6ú lá d'aon mhí ó Aibreán go Márta in aon bhliain; | |||||
[EN] | folaíonn “seirbhísí gairmiúla”— | |||||
[EN] | (a) seirbhísí liachta, déidliachta, cogaisíochta, súil-liachta, cluasliachta nó tréidliachta, | |||||
[EN] | (b) seirbhísí ailtireachta, innealtóireachta, suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireachta, agus seirbhísí gaolmhara, | |||||
[EN] | (c) seirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta nó airgeadais agus seirbhísí sainchomhairle airgeadais, eacnamaíochta, margaithe, fógraíochta nó eile, | |||||
[EN] | (d) seirbhísí aturnae nó abhcóide agus seirbhísí eile dlí, | |||||
[EN] | (e) seirbhísí geolaíochta, agus | |||||
[EN] | (f) seirbhísí oiliúna a chuirtear ar fáil thar ceann na Comhairle Oiliúna; | |||||
[EN] | ciallaíonn “íocaíocht iomchuí” íocaíocht arna déanamh an 6ú lá de Mheitheamh, 1987, nó dá éis, i leith seirbhísí gairmiúla bíodh nó ná bíodh na seirbhísí sin á gcur ar fáil don duine cuntasach a dhéanann an íocaíocht, ach ní áirítear ann— | |||||
[EN] | (a) díolaíochtaí, a thagann faoi réim Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , lena mbaineann an Chaibidil sin, ná | |||||
[EN] | (b) íocaíochtaí faoi chonradh foirgníochta de réir bhrí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 , ónar asbhaineadh cáin de réir fhorálacha fho-alt (2) den alt sin, nó óna n-asbhainfí amhlaidh í mura mbeadh forálacha fho-alt (8) den alt sin; | |||||
[EN] | ciallaíonn “duine sonraithe”, i ndáil le híocaíocht iomchuí, an duine lena ndéantar an íocaíocht sin; | |||||
[EN] | ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a éilíonn an comhthéacs. | |||||
[EN] | (2) Chun críocha na Caibidle seo— | |||||
[EN] | (a) déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo do mhéid íocaíochta iomchuí a fhorléiriú mar thagairt don mhéid ar mhéid na híocaíochta sin a bheadh ann mura mbeadh cáin chuí ar bith le hasbhaint uaidh, agus | |||||
[EN] | (b) i ndáil le duine sonraithe, ciallaíonn cáin chuí is inchurtha i leith tréimhse cuntasaíochta nó i leith bonntréimhse do bhliain mheasúnachta an cháin chuí arna hasbhaint ó íocaíocht iomchuí a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain an duine shonraithe a bheith á ríomh don tréimhse sin agus, i gcás níos mó ná íocaíocht iomchuí amháin den sórt sin a bheith ann sa tréimhse sin, ciallaíonn sé méid comhiomlán na cánach cuí a asbhaintear ó na híocaíochtaí sin. | |||||
[EN] |
Daoine cuntasacha. |
14. —(1) Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “duine cuntasach”— | ||||
[EN] | (a) Aire Rialtais, | |||||
[EN] | (b) údarás áitiúil de réir bhrí alt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , agus folaíonn sé comhlacht arna bhunú faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 , | |||||
[EN] | (c) bord sláinte, | |||||
[EN] | (d) an Bord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí) arna bhunú faoin Ordú um an mBord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí) (Bunú), 1972 (I.R. Uimh. 184 de 1972), | |||||
[EN] | (e) an tArd-Aighne, | |||||
[EN] | (f) an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, | |||||
[EN] | (g) na Coimisinéirí Ioncaim, | |||||
[EN] | (h) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, | |||||
[EN] | (i) an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, | |||||
[EN] | (j) coiste gairmoideachais nó ceard-choláiste réigiúnach arna bhunú faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , | |||||
[EN] | (k) An Chomhairle Oiliúna arna bhunú faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967 , | |||||
[EN] | (l) údarás cuain arna bhunú faoin Acht Cuanta, 1946 , | |||||
[EN] | (m) An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta arna bhunú faoin Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 , | |||||
[EN] | (n) An Foras Talúntais arna bhunú faoin Acht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 , | |||||
[EN] | (o) Údarás na Gaeltachta arna bhunú faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 , | |||||
[EN] | (p) an tÚdarás Forbartha Tionscail arna bhunú faoin Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 , agus arna choimeád ar marthain leis an Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986 , | |||||
[EN] | (q) Córas Tráchtála arna bhunú faoin Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 , | |||||
[EN] | (r) Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta arb í an chuideachta í dá dtagraítear sna hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1986, | |||||
[EN] | (s) Bord Fáilte Éireann arna bhunú faoin Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 , nó | |||||
[EN] | (t) foras ard-oideachais de réir bhrí Achta an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971. | |||||
[EN] | (2) Chun críocha na Caibidle seo féadfaidh an tAire Airgeadais, le Rialacháin, an míniú ar dhuine cuntasach a leathnú trí dhaoine eile nó aicmí eile daoine a áireamh i bhfo-alt (1) ach ní bheidh éifeacht leis an áireamh sin i ndáil le híocaíochtaí a rinneadh roimh dháta a bheidh sonraithe sna Rialacháin. | |||||
[EN] | (3) Má bheartaítear Rialachán a dhéanamh faoi fho-alt (2), leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an Rialachán go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag Dáil Éireann. | |||||
[EN] |
Cáin a asbhaint ó íocaíochtaí iomchuí. |
15. —(1) Déanfaidh duine cuntasach a bheidh ag déanamh íocaíochta iomchuí an cháin chuí i ndáil leis an íocaíocht a asbhaint ó mhéid na híocaíochta. Déanfaidh an duine sonraithe lena ndéantar an íocaíocht sin an asbhaint sin a lamháil ar iarmhéid na híocaíochta a fháil agus beidh an duine cuntasach a dhéanfaidh an asbhaint sin saortha agus urscaoilte i leith an oiread sin airgid arb ionannas dó an asbhaint, amhail is dá mba gur íocadh an tsuim sin iarbhír. | ||||
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh sé difear d'fhorálacha na nAchtanna Cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain a ríomh, cáin chuí a asbhaint ó íocaíochtaí iomchuí de réir fhorálacha fho-alt (1), agus, dá réir sin, déanfar méid na n-íocaíochtaí iomchuí sin a chur i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain an duine shonraithe a bheith á ríomh chun críocha cánach. | |||||
[EN] |
Daoine sonraithe a aithint agus doiciméid a eisiúint chucu. |
16. —(1) Tabharfaidh an duine sonraithe don duine cuntasach lena mbaineann— | ||||
[EN] | (a) i gcás duine sonraithe a chónaíonn sa Stát nó duine a bhfuil buanfhoras nó bunáit sheasta aige sa Stát— | |||||
[EN] | (i) sonraí faoina uimhir chánach ioncaim nó chánach corparáide, de réir mar is iomchuí, agus | |||||
[EN] | (ii) má tá méid i leith cánach breisluacha ar áireamh san íocaíocht iomchuí, a uimhir chláraithe cánach breisluacha, agus | |||||
[EN] | (b) i gcás duine sonraithe, seachas duine a luaitear i mír (a), sonraí faoina thír chónaithe agus a uimhir thagartha cánach sa tír sin. | |||||
[EN] | (2) I gcás fo-alt (1) a bheith comhlíonta ag an duine sonraithe, déanfaidh an duine cuntasach, ar é do dhéanamh íocaíochta iomchuí, sonraí i dtaobh na nithe seo a leanas a thabhairt don duine sin i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, eadhon— | |||||
[EN] | (a) ainm agus seoladh an duine shonraithe, | |||||
[EN] | (b) uimhir thagartha cánach an duine mar a tugadh de réir mhír (a) (i) nó (b) d'fho-alt (1), | |||||
[EN] | (c) méid na híocaíochta iomchuí, | |||||
[EN] | (d) méid na cánach cuí a asbhaineadh ón íocaíocht sin, agus | |||||
[EN] | (e) dáta déanta na híocaíochta. | |||||
[EN] |
Tuairisceáin agus bailiú cánach cuí. |
17. —(1) Laistigh de dheich lá ó dheireadh gach mí cánach ioncaim cuirfidh an duine cuntasach ar aghaidh chuig an mBailitheoir na méideanna uile cánach cuí a dhlífidh sé faoin gCaibidil seo a asbhaint ó íocaíochtaí iomchuí a rinne sé le linn na míosa cánach ioncaim sin. | ||||
[EN] | (2) Beidh tuairisceán ag gabháil le gach méid a chuirfear ar aghaidh faoi fho-alt (1) agus beidh sa tuairisceán na sonraí a cheanglaítear leis an tuairisceán i ndáil le gach duine sonraithe lena ndearnadh íocaíocht iomchuí sa mhí cánach ioncaim lena mbaineann. | |||||
[EN] | (3) Ceanglófar ar dhuine cuntasach tuairisceán a thabhairt do mhí cánach ioncaim d'ainneoin nach ndearna an duine cuntasach aon íocaíochtaí iomchuí sa mhí cánach ioncaim sin. | |||||
[EN] | (4) Is i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh gach tuairisceán agus beidh dearbhú ann á rá go bhfuil an tuairisceán cruinn agus iomlán. | |||||
[EN] | (5) Tabharfaidh an Bailitheoir admháil don duine cuntasach as an méid iomlán a cuireadh ar aghaidh amhlaidh. | |||||
[EN] | (6) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le bailiú agus gnóthú cánach ioncaim beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhme iad, maidir le bailiú agus gnóthú cánach cuí. | |||||
[EN] |
Creidmheas i leith cánach cuí a iompraíodh. |
18. —(1) Más rud é, i ndáil le tréimhse chuntasaíóchta, go mbeidh duine sonraithe laistigh de réim mhuirir cánach corparáide agus gur iompair sé cáin chuí is inchurtha i leith na tréimhse cuntasaíochta sin féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha alt 21, a éileamh go ndéanfaí méid na cánach cuí a shonraítear i bhfo-alt (4) a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide is inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta sin agus, i gcás ar mó an cháin chuí sin ná an cháin chorparáide sin, go ndéanfaí an bhreis a aisíoc leis. | ||||
[EN] | (2) Más rud é, i ndáil le bliain mheasúnachta, go mbeidh duine sonraithe laistigh de réim mhuirir cánach ioncaim agus gur iompair sé cáin chuí is inchurtha i leith na bonntréimhse don bhliain mheasúnachta sin, féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha alt 21, a éileamh go ndéanfaí méid na cánach cuí a shonraítear i bhfo-alt (4) a fhritháireamh in aghaidh na cánach ioncaim is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta sin agus, i gcás ar mó an cháin chuí sin ná an cháin ioncaim sin, go ndéanfaí an bhreis a aisíoc leis. | |||||
[EN] | (3) Déanfaidh an duine sonraithe, maidir le gach éileamh faoi fho-alt (1) nó (2), an fhoirm a thabharfaidh duine cuntasach dó de réir fhorálacha alt 16 (2) a chur ar fáil maidir le gach méid cánach cuí a bheidh ar áireamh san éileamh. | |||||
[EN] | (4) Is é méid na cánach cuí a bheidh le fritháireamh in aghaidh cánach corparáide do thréimhse chuntasaíochta nó in aghaidh cánach ioncaim do bhliain mheasúnachta de réir fho-alt (1) nó (2), méid iomlán na cánach cuí is inchurtha i leith na tréimhse cuntasaíochta nó na bonntréimhse don bhliain mheasúnachta, de réir mar a bheidh, agus atá ar áireamh sna foirmeacha a chuirtear ar fáil de réir fho-alt (3), agus nach mbeidh aisíoctha faoi aon fhoráil de chuid na Caibidle seo. | |||||
[EN] |
Aisíocaíochtaí eatramhacha cánach cuí. |
19. —(1) Féadfaidh duine sonraithe éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht eatramhach den cháin chuí go léir, nó de chuid den cháin chuí, is inchurtha i leith tréimhse cuntasaíochta nó i leith bonntréimhse do bhliain mheasúnachta, de réir mar a bheidh (dá ngairtear “an tréimhse chéadluaite” san alt seo), agus déanfaidh an cigire, más deimhin leis go bhfuil ceanglais fho-alt (2) comhlíonta ag an duine sonraithe a rinne an t-éileamh, cibé aisíocaíocht a bheidh sonraithe i bhfo-alt (3) a thabhairt agus, faoi réir na gceanglas sin a dúradh arna modhnú i bhfo-alt (4) (a), cibé aisíocaíocht a bheidh sonraithe san fho-alt sin a thabhairt. | ||||
[EN] | (2) Is iad ceanglais an fho-ailt seo— | |||||
[EN] | (a) go mbeidh na brabúis nó na gnóchain don tréimhse chuntasaíochta nó don bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta, de réir mar a bheidh, díreach roimh an tréimhse chéadluaite cinnte go críochnaitheach chun críocha cánach agus go mbeidh méid na cánach ab iníoctha don tréimhse chuntasaíochta sin nó don bhliain mheasúnachta a fhreagraíonn don bhonntréimhse sin íoctha (cibé acu trí chreidmheas i leith cánach cuí nó ar shlí eile), agus | |||||
[EN] | (b) go gcuirfidh an duine sonraithe ar fáil don chigire, maidir le gach íocaíocht iomchuí a bheidh ar áireamh san éileamh, an fhoirm a thug duine cuntasach dó de réir fhorálacha alt 16 (2). | |||||
[EN] | (3) Is é méid na cánach a bheidh le haisíoc an bhreis a bheidh ag méid iomlán na cánach cuí atá ar áireamh sna foirmeacha a cuireadh ar fáil de réir fhorálacha fho-alt (2) (b) (agus nach mbeidh aisíoctha cheana féin faoi fhorálacha an ailt seo) ar mhéid na cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) lúide an méid a dhlífidh sé a íoc nó a chur ar aghaidh— | |||||
[EN] | (a) faoin Acht Cánach Breisluacha, 1972 , agus faoi na Rialacháin arna ndéanamh faoin Acht sin, | |||||
[EN] | (b) faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus faoi na Rialacháin arna ndéanamh faoin gCaibidil sin, agus | |||||
[EN] | (c) maidir le ranníocaíochtaí fostaíochta faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , agus faoi na Rialacháin arna ndéanamh faoin Acht sin. | |||||
[EN] | (4) (a) I gcás gurb é an tréimhse chéadluaite an tréimhse inar bunaíodh agus inar cuireadh tús le trádáil nó gairm an duine shonraithe, ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) (a) agus déanfaidh an cigire, de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den fho-alt seo, aisíocaíocht eatramhach a thabhairt don duine sonraithe maidir le cáin chuí a asbhaineadh ó íocaíochtaí iomchuí a cuireadh, nó atá le cur, i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na trádála sin nó na gairme sin a bheith á ríomh. | |||||
[EN] | (b) D'fhonn méid na haisíocaíochta eatramhaí sin a chinneadh, cinnfidh an cigire— | |||||
[EN] | (i) méid ar comhionann le méid na cánach de réir an ráta chaighdeánaigh ar mhéid a chinnfear de réir na foirmle: | |||||
| ||||||
[EN] | i gcás— | |||||
[EN] | gurb é A méid iomlán measta na n-íocaíochtaí iomchuí a bheidh le cur i gcuntas mar ioncam le linn na brabúis nó na gnóchain ón tréimhse chéadluaite a bheith á ríomh chun críocha cánach, | |||||
[EN] | gurb é B comhshuim iomlán mheasta na méideanna uile a bheidh le cur i gcuntas amhlaidh mar ioncam le linn na brabúis nó na gnóchain sin a bheith á ríomh, | |||||
[EN] | gurb é C an uimhir mheasta míonna nó codanna de mhíonna sa tréimhse ar ina leith a dhéantar an t-éileamh ar an aisíoc, | |||||
[EN] | gurb é E an méid measta atá le leagan amach nó le caitheamh go hiomlán agus go heisiach ag an duine sonraithe sa tréimhse chéadluaite chun críocha na trádála nó na gairme, | |||||
[EN] | agus | |||||
[EN] | gurb é P an uimhir mheasta míonna nó codanna de mhíonna sa tréimhse chéadluaite, | |||||
[EN] | agus déanfaidh an cigire na meastacháin dá dtagraítear san fhoirmle seo de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé agus de réir na faisnéise a bheidh ar fáil d ó, agus | |||||
[EN] | (ii) méid na cánach cuí a asbhaineadh ó na híocaíochtaí iomchuí ar cuireadh foirmeacha isteach ina leith de réir fhorálacha fho-alt (2) (b) tar éis aon mhéid den cháin sin a bheidh aisíoctha cheana féin don tréimhse ar ina leith a dhéantar an t-éileamh ar aisíoc, a asbhaint uaidh. | |||||
[EN] | (c) Aisíocfaidh an cigire méid cánach cuí ar comhionann leis an méid is lú de na méideanna a chinntear ag fomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (b). | |||||
[EN] | (5) In imthosca ina n-éileoidh agus ina gcruthóidh an duine sonraithe go bhfuil cruatan ar leith i gceist, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha chun aisíocaíocht a thabhairt a shonraítear san alt seo a tharscaoileadh (go hiomlán nó go páirteach) agus, i gcás go dtarscaoilfidh na Coimisinéirí Ioncaim an coinníoll nó na coinníollacha sin amhlaidh, cinnfidh siad, ag féachaint do na himthosca uile agus ag cur cuspóirí agus intinn na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo i gcuntas, méid aisíocaíochta nó aisíocaíochta breise is dóigh leo a bheith cóir agus réasúnach agus údaróidh siad don chigire an aisíocaíocht sin nó an aisíocaíocht bhreise sin, de réir mar a bheidh, a thabhairt dá réir sin. | |||||
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh in ioncam duine shonraithe do thréimhse chuntasaíochta nó do bhonntréimhse do bhliain mheasúnachta, comhshuim na méideanna go léir a fuair sé nó is infhaighte aige agus a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain a chuid trádála nó gairme don tréimhse sin a bheith á ríomh. | |||||
[EN] |
Creidmheasanna nó aisíocaíochtaí eatramhacha cánach cu í a chionroinnt. |
20. —I gcás go mbaineann an fhoirm dá dtagraítear in alt 18 (3) nó in alt 19 (2) (b) le beirt duine sonraithe nó níos mó, déanfar aon chionroinnt is gá chun éifeacht a thabhairt d'ailt 18 agus 19. | ||||
[EN] |
Teorainn le creidmheasanna nó aisíocaíochtaí eatramhacha cánach cuí. |
21. —Ní dhéanfar aon mhéid cánach cuí a fhritháireamh nó a aisíoc níos mó ná uair amháin faoi fhorálacha na Caibidle seo ná ní bheidh aon mhéid cánach cuí arna aisíoc de réir fhorálacha alt 19 ar fáil lena fhritháireamh faoi fhorálacha alt 18. |