An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

10 1987

AN tACHT AIRGEADAIS, 1987

Caibidil V

Cáin Chorparáide

Faoiseamh i ndáil le hioncam ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach.

28. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “long cháilitheach” soitheach farraige—

(a) atá faoi úinéireacht 51 faoin gcéad ar a laghad ag duine nó daoine a bhfuil gnáthchónaí air nó orthu sa Stát,

(b) atá cláraithe sa Stát faoi Chuid II den Acht Loingis Thráchtála, 1955 ,

(c) nach lú ná 100 tonna a olltonnáiste, agus

(d) atá uathghluaisteach,

ach d'ainneoin aon ní i míreanna (a), (b), (c) nó (d) den mhíniú seo, ní fholaíonn sé—

(i) soitheach iascaireachta,

(ii) tuga,

(iii) soitheach (lena n-áirítear dreidire) a úsáidtear go príomha mar ardán snámha d'innealra oibre nó mar ardán tumadóireachta,

(iv) soitheach a úsáidtear chun soláthairtí nó pearsanra a iompar chuig rige, ardán, soitheach nó suiteáil soghluaiste nó seasta de chineál ar bith ar muir, nó chun seirbhísí a sholáthar i ndáil leis an gcéanna, agus

(v) aon soitheach eile de chineál nach n-úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha;

ciallaíonn “gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha” gníomhaíochtaí arna seoladh ag cuideachta i gcúrsa trádála arb éard iad—

(a) úsáid loinge cáilithí chun paisinéirí nó lasta a iompar ar muir ar luaíocht,

(b) seirbhísí a ghabhann le húsáid sin na loinge cáilithí a chur ar fáil ar bord na loinge cáilithí,

(c) cearta a thabhairt a gcuireann nó a gcuirfidh duine eile dá mbua na seirbhísí sin ar fáil ar bord na loinge cáilithí sin, agus

(d) long cháilitheach a ligean ar cairt lena húsáid chun na gcríoch sin i gcás go bhfanann oibriú na loinge, agus foireann na loinge, faoi stiúradh agus faoi rialú na cuideachta;

ciallaíonn “trádáil loingseoireachta cháilitheach” trádáil, a dtagann an t-ioncam uaithi faoi réim mhuirir cánach corparáide, arna seoladh sa tréimhse iomchuí agus arb é atá inti go hiomlán gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha a sheoladh nó, i gcás trádáil arb é atá inti seoladh gníomhaíochtaí den sórt sin, go páirteach, agus seoladh gníomhaíochtaí eile, go páirteach, ciallaíonn sé an chuid sin den trádáil arb é atá inti go hiomlán gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha a sheoladh agus a ndéileáiltear léi, de bhua fho-alt (2), mar thrádáil leithleach;

ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” an tréimhse ón lú lá d'Eanáir, 1987, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000;

ciallaíonn “liúntais chaipitiúla shonraithe” liúntais chaipitiúla—

(a) maidir le caiteachas arna thabhú ag aon duine, sa tréimhse iomchuí, ag soláthar loinge cáilithí atá á húsáid, nó a bheartaítear a úsáid, i dtrádáil loingseoireachta cháilitheach, nó

(b) maidir le luach laghdaithe loinge cáilithí, mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt le linn na tréimhse iomchuí, ar long í atá in úsáid chun críocha trádála loingseoireachta cáilithí,

agus is liúntais chaipitiúla shonraithe a bheidh in aon liúntais chaipitiúla den sórt sin d'ainneoin nach ndéileáiltear leo mar chaiteachais trádála de chuid na trádála loingseoireachta cáilithí.

(2) Más rud é, le linn na tréimhse iomchuí, go seolann cuideachta, mar chuid de thrádáil, gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha, déileálfar leis na gníomhaíochtaí sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach, cé is moite d'aon fhorálacha de na hAchtanna sin a bhaineann le tosú nó scor trádála, mar thrádáil leithleach, ar leith ó na gníomhaíochtaí eile go léir a sheolann an chuideachta mar chuid den trádáil, agus déanfar aon chionroinnt is gá ar fháltais nó ar chaiteachais:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le héileamh ón gcuideachta go ndéanfaí, faoi alt 16 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976

(a) caillteanas a tabhaíodh roimh thosach na tréimhse iomchuí a fhritháireamh in aghaidh ioncaim a eascraíonn le linn na tréimhse iomchuí, agus

(b) caillteanas arna thabhú le linn na tréimhse iomchuí a fhritháireamh in aghaidh ioncaim a eascraíonn tar éis dheireadh na tréimhse iomchuí.

(3) Leasaítear leis seo alt 39 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir le cuideachta a sheolann trádáil loingseoireachta cháilitheach in aon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta sin a thiteann sa tréimhse iomchuí, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (ICC) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ):

“(ICC1) (a) San fho-alt seo tá le ‘gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha’ agus le ‘trádáil loingseoireachta cháilitheach’, faoi seach, na bríonna céanna atá leo in alt 28 den Acht Airgeadais, 1987 .

(b) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo, i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil loingseoireachta cháilitheach:

(i) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha a sheoltar i gcúrsa na trádála loingseoireachta cáilithí,

(ii) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte ó sheoladh na ngníomhaíochtaí sin, agus

(iii) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C).”.

(4) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, chun críocha faoiseamh a thabhairt ó cháin (agus san fho-alt seo ciallóidh “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh) maidir le haon ioncam nó brabúis a eascraíonn sa tréimhse iomchuí, nó chun an méid den ioncam nó de na brabúis sin ar ar inmhuirearaithe cáin a chinneadh—

(a) ní lamhálfar liúntais chaipitiúla shonraithe ach amháin—

(i) le linn an t-ioncam ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach a bheith á ríomh, nó

(ii) le linn aon ioncam, a eascraíonn ón long cháilitheach dá dtagraíonn na liúntais chaipitiúla shonraithe a ligean ar cairt, seachas ligean ar cairt ar gníomhaíocht loingseoireachta cháilitheach é, a bheith á ríomh nó á mhuirearú i leith cánach,

agus ní lamhálfar iad le linn aon ioncam nó brabúis eile a bheith á ríomh ná le linn aon trádáil eile a bheith á cur faoi cháin ná le linn aon ioncam eile a bheith á mhuirearú i leith cánach,

(b) ní dhéanfar caillteanas arna thabhú sa tréimhse iomchuí i dtrádáil loingseoireachta cháilitheach a fhritháireamh—

(i) in aghaidh aon bhrabús faoi alt 16 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ach amháin go feadh méid an ioncaim ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach a bheidh ar áireamh sna brabúis sin, nó

(ii) in aghaidh bhrabúis iomlána chuideachta éilimh faoi alt 116 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ach amháin go feadh méid an ioncaim ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach a bheidh ar áireamh sna brabúis iomlána sin,

agus

(c) d'ainneoin mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 40 den Acht Airgeadais, 1984 , measfar, maidir le long a ligean ar cairt dá dtagraítear ag mír (a) (ii) i gcúrsa trádála, gur trádáil léasúcháin an ligean sin chun críocha an ailt sin agus gur trádáil leithleach é dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) den alt sin.

(5) Ní áireofar trádáil loingseoireachta cháilitheach mar thrádáil shonraithe chun críocha—

(a) alt 40 den Acht Airgeadais, 1984 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1986 ), nó

(b) alt 84A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) den Acht Cánach Corparáide, 1976 (arna leasú amhlaidh).

Faoiseamh i ndáil le hioncam Tithe Trádála Speisialta.

29. —Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí (de réir bhrí alt 38 den Acht Airgeadais, 1980 ) nó le haon chuid de thréimhse chuntasaíochta den sórt sin, dar tosach an dáta a dtiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm nó aon dáta dá éis, leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 39 i ndiaidh fho-alt (ICC1) (arna chur isteach leis an Acht seo)—

“(ICC2) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘earraí onnmhairiúcháin’ earraí arb éard iad, i ndáil le monaróir na n-earraí sin, earraí chun críocha na Caibidle seo agus a onnmhairíonn Teach Trádála Speisialta nach é monaróir na n-earraí é ach arb é, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta é atá ag éileamh faoisimh ó cháin de bhua an fho-ailt seo i gcás inar mórdhíol díol na n-earraí a onnmhairítear amhlaidh ag an Teach Trádála Speisialta;

ciallaíonn ‘mórdhíol’ díol earraí d'aicme ar bith le duine a sheolann gnó arb éard é díol earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála nó gnóthais a sheolann sé;

ciallaíonn “Teach Trádála Speisialta” cuideachta atá ar marthain go hiomlán chun trádáil a sheoladh arb éard í go hiomlán, earraí onnmhairiúcháin a dhíol.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo onnmhairítear earraí nuair a iompraítear amach as an Stát iad i gcúrsa na n-earrai sin a mhórdhíol agus nach n-iompraítear na hearraí isteach sa Stát ina dhiaidh sin i gcúrsa na n-earraí sin a mhórdhíol.

(c) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo i ndáil le Teach Trádála Speisialta:

(i) nuair a onnmhairíonn Teach Trádála Speisialta earraí onnmhairiúcháin i gcúrsa a chuid trádála measfar na hearraí sin a bheith monaraithe ag an Teach Trádála Speisialta, d'ainneoin go bhfuil an monaróir tar éis, nó i dteideal, faoiseamh a éileamh faoin gCaibidil seo i leith dhíol na n-earraí sin aige,

(ii) aon mhéid is infhaighte ag an Teach Trádála Speisialta mar íocaíocht as earraí onnmhairiúcháin a dhíol áireofar é mar mhéid is infhaighte ó dhíol earraí, agus

(iii) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C).

(d) Ní thiocfaidh an fo-alt seo in éifeacht go dtí go n-achtófar reachtaíocht ag rialú ceadúnúcháin Thithe Trádála Speisialta agus tiocfaidh sé in éifeacht faoi réir na reachtaíochta sin agus sin ar cibé dáta a ainmneoidh an tAire Airgeadais le hordú.”.

Faoiseamh i ndáil le hioncam ó oibríochtaí trádála áirithe a sheoltar i Limistéar Duganna Theach an Chustaim.

30. —Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí de réir bhrí alt 38 den Acht sin, leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 )—

“39B.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘an Limistéar’ Limistéar Duganna Theach an Chustaim mar a mhínítear sin in alt 41 den Acht Airgeadais, 1986 ;

ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chuideachta a sheolann trádáil;

ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Airgeadais;

ciallaíonn ‘cuideachta cháilithe’ cuideachta ar thug an tAire deimhniú di faoi fho-alt (2);

ciallaíonn ‘oibríochtaí trádála iomchuí’ oibríochtaí trádála a shonraítear i ndeimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (2);

ciallaíonn ‘oibríocht trádála’ aon oibríocht trádála nach monarú earraí í, ar leith ón alt seo, chun críocha na Caibidle seo.

(2) Faoi réir fho-ailt (6) agus (7) féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála iomchuí chun críocha an ailt seo, le héifeacht ó dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú, cibé oibríochtaí trádála de chuid cuideachta a bheidh sonraithe sa deimhniú agus beidh aon deimhniú a thabharfar amhlaidh i bhfeidhm, mura gcúlghairfear é faoi fho-alt (4) nó (5), go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000.

(3) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (2) a thabhairt d'éagmais coinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leis an Aire is cóir agus a shonróidh sé sa deimhniú.

(4) Más rud é, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha ina leith—

(a) go scoirfidh trádáil na cuideachta nó, ach amháin i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha ag an Aire ina leith de réir fho-alt (7) agus nár thosaigh an chuideachta sin fós ar an oibríocht trádála nó na hoibríochtaí trádála a shonraítear sa deimhniú a sheoladh sa Limistéar, go dtiocfaidh sí chun bheith á seoladh go hiomlán lasmuigh den Limistéar, nó

(b) gur deimhin leis an Aire gur mhainnigh an chuideachta déanamh de réir aon choinníll ar tugadh an deimhniú faoina réir,

féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gouideachta, an deimhniú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra.

(5) Más rud é, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha ina leith, go bhfuil an tAire den tuairim go raibh, nó go bhféadfadh go mbeidh, drochéifeacht ag aon ghníomhaíocht de chuid na cuideachta ar úsáid nó ar fhorbairt an Limistéir nó go bhfuil sí mífhabhrach ar shlí eile d'fhorbairt an Limistéir, ansin—

(a) féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, a cheangal ar an gcuideachta éirí as an ngníomhaíocht sin le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra, agus

(b) mura deimhin leis an Aire go bhfuil an chuideachta tar éis déanamh de réir cheanglais an fhógra sin, féadfaidh sé, le fógra eile i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra eile sin.

(6) Faoi réir fho-alt (7), ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála iomchuí oibríocht trádála mura rud é—

(a) go seoltar laistigh den Limistéar í,

(b) gur deimhin leis an Aire go gcabhróidh sí le forbairt an Limistéir mar Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta, agus

(c) go dtagann sí faoi réim aicme amháin nó níos mó de na haicmí oibríochtaí trádála seo a leanas—

(i) seirbhisí, i ndáil le hidirbhearta in airgeadraí coigríche, is de chineál a chuireann banc ar fáil de ghnáth i ngnáthchúrsa a thrádála, a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil gnáthchónáí orthu sa Stát,

(ii) gníomhaíochtaí airgeadais idirnáisiúnta a sheol adh thar ceann daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát, lena n-áirítear, go háirithe, na gníomhaíochtaí seo a leanas—

(I) bainisteoireacht airgid dhomhanda,

(II) déileálacha idirnáisiúnta in airgeadraí coigríche agus i dtodhchaíochtaí, i roghanna agus i sócmhainní airgeadais dá samhail atá ainmnithe in airgeadraí coigríche,

(III) déileálacha i mbannaí, i gcothromais agus in ionstraimí dá samhail atá ainmnithe in airgeadraí coigríche, agus

(IV) árachas agus gníomhaíochtaí gaolmhara,

(iii) seirbhísí nó saoráidí a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát, ar seirbhísí nó saoráidí iad a bhaineann le próiseáil, rialú, cuntasaíocht, cumarsáid, imréiteach, imshocrú nó stóráil faisnéise i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais,

(iv) forbairt nó soláthar bogearraí ríomhaireachta le húsáid le linn seirbhísí nó saoráidí de chineál dá dtagraítear i bhfomhír (iii) a chur ar fáil nó chun faisnéis i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais a athphróiseáil nó a anailísiú nó chun déileáil léi ar bhealach eile den tsamhail sin, nó

(v) oibríochtaí trádála atá cosúil nó coimhdeach le haon cheann de na hoibríochtaí sin a thuairiscítear sna forálacha sin roimhe seo den alt seo a bhfuil an tAire den tuairim ina dtaobh go gcabhraíonn siad le húsáid an Limistéir mar Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta:

Ar choinníoll nach bhfolóidh na tagairtí san fho-alt seo d'aon seirbhís nó saoráid a chuirtear ar fáil do dhuine, nó d'aon ghníomhaíocht a sheoltar thar ceann duine, is duine nach bhfuil gnáthchónaí air sa Stát aon seirbhís nó saoráid den sórt sin a chuirtear ar fáil do thrádáil iomlán nó d'aon chuid de thrádáil a sheolann an duine sin sa Stát ná aon ghníomhaíocht a sheoltar thar ceann na trádála nó na coda sin.

(7) I gcás go mbeadh oibríocht trádála deimhnithe ag an Aire faoi fho-alt (2) murach nár comhlíonadh an coinníoll a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (6) maidir leis an oibríocht trádála sin, féadfaidh sé, d'ainneoin an coinníoll sin a bheith gan chomhlíonadh, an oibríocht trádála sin a dheimhniú faoi fho-alt (2) más deimhin leis—

(a) gur de bharr imthosca nach bhfuil aon neart ag an gcuideachta a sheolann an oibríocht trádála orthu a tharlaíonn nach bhfuil an oibríocht trádála á seoladh laistigh den Limistéar,

(b) go mbeartaíonn an chuideachta sin an oibríocht trádála a sheoladh, agus go dtosóidh sí á seoladh, laistigh den Limistéar laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an tAire faoi fho-alt (3) mar choinníoll ar dá réir a thabharfaidh sé an deimhniú faoi fho-alt (2) maidir leis an oibríocht trádála, agus

(c) i gcaitheamh na tréimhse, tar éis an deimhniú a thabhairt, ar lena linn a sheolfar an oibríocht trádála lasmuigh den Limistéar, go seolfar í in áitreabh a mbeidh an chuideachta a sheolann an oibríocht trádála i dteideal é a áitiú faoi léas nó comhaontú dá shamhail, a bheidh déanta ar bhonn neamhthuilleamaíoch le duine nach n-áireofaí chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide mar dhuine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta, agus nach faide tréimhse áitíochta an áitribh a bhfuil an chuideachta ina teideal faoin léas nó faoin gcomhaontú dá shamhail, nó an tréimhse áitíochta a mbeadh sí ina teideal dá bhfeidhmeodh sí aon chearta a thugtar leis an léas sin nó leis an gcomhaontú sin dá shamhail, ná an tréimhse is dóigh leis an Aire is leor chun ligean don chuideachta an oibríocht trádála a sheoladh sula dtosóidh sí á seoladh sa Limistéar.

(8) I gcás cuideachta cháilithe a sheolann oibríochtaí trádála iomchuí, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críche faoisimh faoin gCaibidil seo—

(a) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát na hoibríochtaí trádála iomchuí, agus

(b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as aon rud a dhíol nó as aon seirbhísí a dhéanamh i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála iomchuí.

(9) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh ó cháin á eileamh aici de bhua an ailt seo cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá mbeadh an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.”.

Leasú ar Chaibidil VI (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 .

31. —Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí (de réir bhrí alt 38 den Acht Airgeadais, 1980 ), nó cuid de thréimhse chuntasaíochta den sórt sin, dar tosach dáta rite an Achta seo nó dáta dá éis, leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 39 i ndiaidh fho-alt (ICC2) (arna chur isteach leis an Acht seo):

“(1CC3) Folóidh an míniú ar ‘earraí’ i bhfo-alt (1) plandaí arna saothrú sa Stát, tríd an bpróiseas bith-theicneolaíochta plandaí ar a dtugtar ‘micreashíolrú’ nó ‘clónú plandaí’, i gcúrsa trádála ag an gcuideachta arb í, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta í atá ag éileamh faoisimh faoin gCaibidil seo i ndáil leis an trádáil agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do ‘monaraithe’ a fhorléiriú, i ndáil le plandaí den sórt sin, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do shaothraithe, agus déanfar focail sa Chaibidil seo atá gaolmhar le ‘monaraithe’ a fhorléiriú dá réir sin.”.

Cuideachtaí: creidmheas i leith cánach feirme.

32. —D'fhonn creidmheas a thabhairt i leith cánach feirme a d'íoc cuideachta agus chun méid na cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta a chinneadh, beidh feidhm ag alt 16 den Acht Airgeadais, 1986 , agus ag alt 3, fara aon mhodhnuithe is gá agus—

(a) ionann is dá mba thagairtí d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch sa bhliain 1986-87 tagairtí sna hailt sin don bhliain 1986-87,

(b) ionann is dá mba thagairtí do chuideachta a bheith faoi dhliteanas cáin fheirme a íoc ar dháta ar bith arb é an 30ú lá de Mheitheamh, 1987, nó dáta roimhe sin, é, tagairtí do phearsa aonair a bheith faoi dhliteanas cáin fheirme a íoc ar dháta i mbliain mheasúnachta,

(c)      (i) ionann is dá mba thagairtí do “cáin chorparáide” tagairtí sna hailt sin do “cáin ioncaim”,

(ii) ionann is dá mba thagairtí do “cuideachta” agus “an chuideachta” tagairtí sna hailt sin do “pearsa aonair” agus “an phearsa aonair”, faoi seach,

(iii) ionann is dá mba thagairtí do “sí”, “aici” agus “a cuidse” tagairtí sna hailt sin do “sé”, “aige” agus “a chuidse”, faoi seach, agus

(iv) ionann is dá mba thagairtí do “tréimhse chuntasaíochta” tagairtí sna hailt sin do “bliáin mheasúnachta”,

(d) ionann is dá mba thagairtí do mhéid na cánach feirme a d'íoc nó a d'iompair duine an 30ú lá de Mheitheamh, 1987, nó roimhe, tagairtí do mhéid na cánach feirme a d'íoc nó a d'iompair duine i mbliain mheasúnachta nó do mhéid na cánach feirme is iníoctha ag pearsa aonair do bhliain fhéilire, agus

(e) ionann is dá gcuirfí an Sceideal seo a leanas in ionad an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin—

“AN TRÍÚ SCEIDEAL

An Cháin is Iomchuí do na Brabúis nó na Gnóchain ó Fheirmeoireacht

Ciallaíonn ‘an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht’, i ndáil le cuideachta is inmhuirearaithe i leith cánach corparáide do thréimhse chuntasaíochta ar bhrabúis ar a n-áirítear nó arb éard iad ioncam ó fheirmeoireacht (de réir bhrí Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974 ), an méid a chinnfear de réir na foirmle—

F

__

P

×  T

i gcás—

gurb é F méid an ioncaim ó fheirmeoireacht a bheidh ar áireamh i mbrabúis na cuideachta a chuirtear faoi mhuirear cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta sin, tar éis aon asbhaint ón ioncam sin nó aon bhreisiú leis a dhéanamh faoi alt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus tar éis aon chaillteanas a áirítear mar chaillteanas a laghdaíonn an t-ioncam sin a asbhaint ón ioncam sin,

gurb é P méid bhrabús na cuideachta a chuirtear faoi mhuirear cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta sin roimh aon asbhaint a dhéanamh uathu maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainisteoireachta nó méideanna eile is féidir a asbhaint ó bhrabúis, a fhritháireamh in aghaidh brabús nó a áireamh mar mhéideanna a laghdaíonn brabúis, ar brabúis iad de bhreis is aon tuairisc amháin, agus

gurb é T méid na cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, roimh aon fhaoiseamh maidir le cáin fheirme nó luathcháin chorparáide a íocadh nó maidir le cáin choigríche agus tar éis aon cháin chorparáide is iníoctha de bhua alt 101 nó 162 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a asbhaint.”.

Feidhm alt 79 (ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le hús áirithe.

33. —Maidir le haon ús lena mbaineann alt 28 den Acht Airgeadais, 1976 , ar aon iasacht tithíochta (de réir bhrí an ailt sin) arna tabhairt an 22ú lá de Bhealtaine, 1987, nó dá éis, beidh feidhm ag alt 79 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá mba thagairt do “45 faoin gcéad” an tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin 79 do “35 faoin gcéad”.

Brabúis a eascraíonn ón gCrannchur Náisiúnta a bheith díolmhaithe ó cháin chorparáide.

34. —D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, brabúis a eascraíonn in aon tréimhse chuntasaíochta, a chríochnaíonn tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1986, do chuideachta atá údaraithe, de bhua ceadúnais a dheonaigh an tAire Airgeadais faoin Acht um Chrannchur Náisiúnta, 1986 , chun an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh, beidh siad díolmhaithe ó cháin chorparáide.

Faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin.

35. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cuideachta infheistiúcháin incheadaithe”, i ndáil le cuideachta cháilitheach, cuideachta nach bhfuil baint aici leis an gcuideachta cháilitheach;

ciallaíonn “scannán” scannán a tháirgtear—

(a) ar bhonn tráchtála le hionchas brabús a réadú, agus

(b) go hiomlán nó go príomha lena thaispeáint don phobal i bpictiúrlanna nó trí chraoladh teilifíse,

ach ní fholaíonn sé scannán a dhéantar lena thaispeáint mar chlár fógraíochta nó mar chraolfhógrán;

ciallaíonn “cuideachta cháilitheach” cuideachta—

(a) atá corpraithe sa Stát, agus

(b) a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn áit ar bith eile, agus

(c) atá ar marthain go hiomlán chun scannán cáilitheach nó scannáin cháilitheacha a tháirgeadh agus a dháileadh;

ciallaíonn “scannán cáilitheach” scannán ar sa Stát a dhéantar 75 faoin gcéad ar a laghad den obair á tháirgeadh agus a n-íocann infheistíochtaí iomchuí as 60 faoin gcéad ar a mhéid de chostas táirgthe an scannáin;

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse a thosaíonn ar dháta rite an Achta seo agus a chríochnaíonn ar chothrom trí bliana an dáta sin;

ciallaíonn “infheistíocht iomchuí” suim airgid—

(a) arna híoc, i dtréimhse cháilitheach, ag cuideachta infheistiúcháin incheadaithe thar a ceann féin le cuideachta cháilitheach, i leith scaireanna sa chuideachta cháilitheach sin nó ar shlí eile, agus

(b) a íocann an chuideachta infheistiúcháin incheadaithe sin chun a chumasú don chuideachta cháilitheach scannán cáilitheach a tháirgeadh, agus

(c) a mbaineann an chuideachta cháilitheach úsáid aisti chun na críche sin laistigh de dhá bhliain ón tsuim sin a fháil,

ach ní fholaíonn sé suim airgid a íoctar leis an gcuideachta cháilitheach ar théarmaí go n-aisíocfar í, agus déanfar tagairt do dhéanamh infheistíochta iomchuí a fhorléiriú mar thagairt do shuim den sórt sin a íoc le cuideachta cháilitheach.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go ndéanfaidh cuideachta infheistiúcháin incheadaithe infheistíocht iomchuí, ceadófar di, ar éileamh cuí a dhéanamh agus ar na fíorais a chruthú, méid na hinfheistíochta sin a asbhaint óna brabúis iomlána don tréimhse chuntasaíochta:

Ar choinníoll, más mó méid na hasbhainte a mbeidh teideal ag an gcuideachta infheistiúcháin incheadaithe chuige faoin alt seo i dtréimhse chuntasaíochta ná a brabúis don tréimhse chuntasaíochta sin, go ndéanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh go dtí an tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin agus go ndéileálfar leis an méid a thabharfar ar aghaidh amhlaidh chun críocha an ailt seo, seachas fo-alt (3), ionann is dá mba infheistíocht iomchuí é a dhéantar sa tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin.

(3) Más rud é, in aon tréimhse dhá mhí dhéag a chríochnaíonn ar chothrom dáta rite an Achta seo, gur mó ná £100,000 méid, nó méid comhiomlán, na n-infheistíochtaí iomchuí a rinne cuideachta infheistiúcháin incheadaithe, nó a rinne cuideachta den sórt sin agus na cuideachtaí go léir a n-áireofaí, tráth ar bith sa tréimhse sin, baint a bheith acu leis an gcuideachta sin, ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith na breise agus, i gcás níos mó ná infheistíocht iomchuí amháin den sórt sin a bheith ann, déanfaidh an cigire nó, ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc, cibé cionroinnt ar an bhfaoiseamh atá ar fáil is cóir agus is réasúnach d'fhonn cion cuí den fhaoiseamh atá ar fáil a leithroinnt ar gach infheistíocht iomchuí ar leith agus, más gá, d'fhonn méid faoisimh i gcomhréir le méid na hinfheistíochta iomchuí, nó méid comhiomlán na n-infheistíochtaí iomchuí, a rinne sí sa tréimhse sin a dheonú do gach cuideachta infheistiúcháin incheadaithe ar leith lena mbaineann.

(4) Más deimhin leis an gcigire gur comhlíonadh nó go gcomhlíonfar na coinníollacha uile i ndáil le faoiseamh féadfar éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo a lamháil aon tráth tar éis suim a íoc le cuideachta cháilitheach is suim a bheidh ina hinfheistíocht iomchuí má bhaineann an chuideachta cháilitheach úsáid aisti laistigh de dhá bhliain ón tráth ar íocadh í chun scannán cáilitheach a tháirgeadh, ach tarraingeofar siar an faoiseamh más rud é, de dheasca aon teagmhais do thitim amach dá éis sin nó de dheasca gan teagmhas do thitim amach a raibh súil leis an tráth ar tugadh an faoiseamh, go ndealraíonn sé nach raibh an chuideachta a dhéanann an t-éileamh i dteideal an fhaoisimh a lamháladh.

(5) Ní bheidh cuideachta infheistiúcháin incheadaithe i dteideal faoisimh i leith infheistíochta iomchuí mura suífear chun sástacht an chigire nó, ar achomharc, chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc—

(a) go ndearnadh an infheistíocht iomchuí ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach mar chuid de scéim nó de chomhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint,

(b) gur baineadh, nó go mbainfear, úsáid as an infheistíocht iomchuí chun scannán cáilitheach a tháirgeadh, agus

(c) gur ar phriacal na cuideachta a dhéantar an infheistíocht iomchuí agus nach bhfuil an chuideachta ná aon duine a measfaí baint a bheith aige leis an gcuideachta i dteideal aon íocaíocht a fháil, go díreach nó go neamhdhíreach, ón gcuideachta cháilitheach seachas íocaíocht a dhéantar ar bhonn neamhthuilleamaíoch as earraí nó seirbhísí a soláthraíodh nó íocaíocht as na fáltais ón scannán a chur chun cinn a bhfuil an chuideachta ina teideal de réir na dtéarmaí ar faoina réir a dhéantar an infheistíocht iomchuí.

(6) I gcás gur tugadh aon fhaoiseamh faoin alt seo agus go bhfaighfear amach ina dhiaidh sin nach raibh sé dlite, tarraingeofar siar é trí mheasúnacht i leith cánach corparáide a dhéanamh faoi Chás IV de Sceideal D don tréimhse chuntasaíochta nó do na tréimhsí cuntasaíochta inar tugadh an faoiseamh, agus, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, féadfar measúnacht den sórt sin a dhéanamh tráth ar bith.

(7)  (a) Faoi réir mhír (b), i gcás go mbeidh cuideachta infheistiúcháin incheadaithe i dteideal faoisimh faoin alt seo i leith aon suime, nó aon chuid de shuim, nó go mbeadh sí ina theideal ar éileamh cuí a dhéanamh, mar asbhaint óna brabúis iomlána d'aon tréimhse chuntasaíochta, ní bheidh sí i dteideal aon fhaoisimh i leith na suime sin, nó aon chuid de shuim, le linn a hioncam nó a brabúis a bheith á ríomh, nó mar asbhaint óna hioncam nó óna brabúis, d'aon tréimhse chuntasaíochta faoi aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide nó na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(b) I gcás go mbeidh infheistíocht iomchuí déanta ag cuideachta infheistiúcháin incheadaithe trí shuibscríobh le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí, agus nach ndiúscraíonn an chuideachta infheistiúcháin incheadaithe aon cheann de na scaireanna sin laistigh de thrí bliana ón tráth a fuair an chuideachta sin iad, ansin déanfar na suimeanna is inlamháilte mar asbhaintí ón gcomaoin, le linn an gnóchan nó an caillteanas a fhaibhríonn don chuideachta ar dhiúscairt na scaireanna sin a bheith á ríomh chun críche cánach gnóchan caipitiúil, a chinneadh gan féachaint d'aon fhaoiseamh faoin alt seo a bheidh faighte ag an gcuideachta, nó a mbeadh sí i dteideal a fháil ar é a éileamh go cuí, ach amháin, i gcás inar mó na suimeanna sin ná an chomaoin, go ndéanfar iad a laghdú den mhéid is comhionann—

(i) leis an méid a mbeidh faoiseamh faoin alt seo faighte ag an gcuideachta infheistiúcháin incheadaithe ina leith mar gheall ar shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin, nó

(ii) le méid na breise,

cibé acu is lú.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo ciallaíonn “gnáthscaireanna nua” gnáthscaireanna nua is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta cáilithí agus nach mbeidh ag gabháil leo, i gcaitheamh na tréimhse trí bliana dar tosach dáta eisiúna na scaireanna sin, aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun díbhinní, nó chun sócmhainní cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta chun fuascailte, anois nó feasta.

(8) Beidh feidhm ag alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha an ailt seo.