An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (CUID III Cáin Bhreisluacha)

10 1987

AN tACHT AIRGEADAIS, 1987

CUID II

Custaim agus Mál

Faoiseamh i leith ola hidreacarbóin áirithe.

36. —Má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh ola hidreacarbóin úsáidte, ar ar inmhuirearaithe an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 12 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975), agus a chomhlíonann na ceanglais maidir le slaodacht agus dath a shonraítear i mír 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 256) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1981 (I.R. Uimh. 404 de 1981), a allmhairiú an 1ú lá de Lúnasa, 1987, nó dá éis, ar an dleacht máil sin a bheith íoctha agus go ndeachaigh sí, tar éis a hallmhairithe, faoi phróiseas scagtha, lártheifneoirithe nó próiseála dá samhail chun í a dhéanamh oiriúnach lena húsáid mar ola bhreosla chun críocha tionsclaíocha, féadfaidh siad, faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur, an dleacht a íocadh amhlaidh a aisíoc, lúide comhshuim aon lacáiste dleachta a lamháladh agus méid arna ríomh de réir £0.76 an heictilítear ar an ola úsáidte sin:

Ar choinníoll nach lamhálfar aon aisíocaíocht mar a dúradh ar aon ola hidreacarbóin atá, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, oiriúnaithe de bharr na próiseála sin lena húsáid mar ola bhealaithe nó lena dó in inneall mótarfheithicle.

Orduithe a dhaingniú.

37. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 438 de 1986

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 284) (Beoir), 1986

I.R. Uimh. 19 de 1987

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 285) (Dleachtanna Máil), 1987