|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 19 de 1987 | ||||||||||||
[EN] |
ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1987 | |||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 19 de 1987 | ||||||||||||
ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1987 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO CHUMHACHTÚ DON AIRE AIRGEADAIS AISÍOC IASACHTAÍ FAOI ACHT CISTE NA nIASACHTAI ÁITIÚLA, 1935 , A THARSCAOILEADH: AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN. [9 Samhain, 1987] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Suimeanna a airleacadh faoi Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , a tharscaoileadh. |
1. —Más rud é go ndéanfar, nó go ndearnadh roimh an Acht seo a rith, aon suim a airleacan de dhroim iasachta áitiúla faoi alt 4 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , féadfaidh an tAire Airgeadais, má fheictear dó gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, a ordú go ndéanfar aisíoc— |
[EN] | (a) iomlán na suime sin, nó | |
[EN] | (b) iomlán na hiarmhéide a bheidh gan íoc tráth an ordaithe, | |
[EN] | nó go ndéanfar aisíoc cibé cuid den tsuim sin nó den iarmhéid sin a shonróidh an tAire, a tharscaoileadh mar aon le hiomlán an úis, nó cibé cuid den ús a bheidh arna sonrú amhlaidh, ar an tsuim sin a bheidh gan íoc an tráth sin. | |
[EN] |
Ráiteas ag an Aire Airgeadais. |
2. —(1) Déanfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham, ráiteas de réir fho-alt (2) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
[EN] | (2) Déanfar i ngach ráiteas ón Aire de bhun an ailt seo, i ndáil le gach earnáil iasachta áitiúla faoi alt 4 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , is earnáil a bhfuil aisíoc iasachtaí inti tarscaoilte go hiomlán nó go páirteach de bhun alt 1 den Acht seo, na nithe seo a leanas a shonrú: | |
[EN] | (a) líon iomlán na n-iasachtaí sin; | |
[EN] | (b) an méid iomlán a airleacadh i leith na n-iasachtaí sin; | |
[EN] | (c) méid iomlán na príomhshuime, a bhfuil a aisíoc á tharscaoileadh de bhun an ailt sin 1; agus | |
[EN] | (d) méid iomlán an úis, a bhfuil a aisíoc á tharscaoileadh de bhun an ailt sin 1. | |
[EN] |
Aisghairm. |
3. —Aisghairtear leis seo alt 14 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , agus alt 10 (6) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 . |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1987, a ghairm d'Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1986, agus den Acht seo le chéile. |