22 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1987


AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

An tAire do ráthú iasachtaí.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963

1963, Uimh. 2

An tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1981

1981, Uimh. 12

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1987


AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1963 GO 1981. [24 Samhain, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An tAire do ráthú iasachtaí.

1. —Leasaítear leis seo alt 7 den Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 , trí “£180,000,000” a chur in ionad “£150,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1981 ) i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £180,000,000.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1987, a ghairm de na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1981, agus den Acht seo le chéile.