25 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1987


AN tACHT UM EISEACHADADH (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

“An Príomh-Acht”.

2.

Leasú ar Chuid III den Phríomh-Acht.

3.

Riail na speisialtachta agus ath-eiseachadadh chun críocha Chuid III den Phríomh-Acht.

4.

Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe i ndáil le cinntí faoi alt 44A den Phríomh-Acht.

5.

An tArd-Aighne do chomhlíonadh feidhmeanna áirithe.

6.

Tuarascáil bhliantúil do Thithe an Oireachtais.

7.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus ré.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Eiseachadadh, 1965

1965, Uimh. 17

Na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 agus 1987

An tAcht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur), 1987

1987, Uimh. 1

An tAcht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974

1974, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1987


AN tACHT UM EISEACHADADH (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM EISEACHADADH, 1965 AGUS 1987. [14 Nollaig, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

“An Príomh-Acht”.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Eiseachadadh, 1965 .

Leasú ar Chuid III den Phríomh-Acht.

2. —(1) Leasaítear leis seo Cuid III den Phríomh-Acht—

(a) trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 44:

“44A.—(1) Ní dhéanfar barántas chun duine a ghabháil a cúisíodh i gcion faoi dhlí áite lena mbaineann an Chuid seo a fhormhuiniú lena fhorghníomhú faoin gCuid seo má ordaíonn an tArd-Aighne amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tArd-Aighne ordú ón Ard-Aighne faoin alt seo a chúlghairm tráth ar bith má bhíonn sé den tuairim dá dtagraítear in alt 44B.

44B. Tabharfar ordú ón Ard-Aighne faoi alt 44A mura rud é go mbeidh an tArd-Aighne, tar éis dó cibé faisnéis a bhreithniú is dóigh leis is cuí, den tuairim—

(a) go bhfuil rún soiléir ann an duine a bheidh ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas lena mbaineann a ionchúiseamh nó, de réir mar a bheidh, leanúint dá ionchúiseamh mar gheall ar an gcion a bheidh sonraithe sa bharántas sin in áit lena mbaineann an Chuid seo,

agus

(b) go bhfuil an rún sin bunaithe ar fhianaise leordhóthanach a bheith ann.

44C.—(1) In aon imeachtaí inar ghá, murach an t-alt seo, cruthúnas a thabhairt nár tugadh ordú ón Ard-Aighne faoi alt 44A i ndáil le barántas dá dtagraítear san alt sin, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearnadh agus nár ghá go ndéanfaí, de réir an ailt sin agus alt 44B, ordú den sórt sin a thabhairt i ndáil leis an mbarántas.

(2) In aon imeachtaí inar ghá, murach an t-alt seo, cruthúnas a thabhairt gur chúlghair an tArd-Aighne ordú uaidh faoi alt 44A nó go raibh an chúlghairm de réir fho-alt (2) den alt sin nó nár chóir an t-ordú a chúlghairm, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cúlghaireadh an t-ordú nó go raibh an chúlghairm de réir an fho-ailt sin nó nár chóir an t-ordú a chúlghairm, de réir mar a bheidh.

(3) In aon imeachtaí inar ghá, murach an t-alt seo, cruthúnas a thabhairt nár tugadh ordú ón Aire faoin gCuid seo i ndáil le barántas dá dtagraítear in alt 44A nó i ndáil leis an duine a bhí ainmnithe nó tuairiscithe i mbarántas den sórt sin, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearnadh agus nár ghá go ndéanfaí, de réir na Coda seo, ordú den sórt sin a thabhairt i ndáil leis an mbarántas nó, de réir mar a bheidh, i ndáil leis an duine.

44D.—Ní bheidh feidhm ag alt 44A maidir le barántas chun duine a ghabháil más rud é go mbaineann sé, nó a mhéid a bhaineann sé, le cion ar ordaigh údarás breithiúnach dó, tar éis scrúdú a bheith déanta ar an bhfianaise, dul faoi thriail mar gheall air.”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) d'alt 50 tar éis mhír (bb) (a cuireadh isteach leis an Acht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur), 1987 ):

“(bbb) de bhíthin an imeachta aimsire ó rinneadh an cion a shonraítear sa bharántas nó ó ciontaíodh an duine a ainmnítear nó a thuairiscítear ann sa chion sin agus de bhíthin imthosca eisceachtúla eile, go mbeadh sé, ag féachaint do na himthosca go léir, éagórach, leatromach nó ina bheart fuafar é a sheachadadh faoi alt 47, nó”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 55 i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) In aon imeachtaí sa Chúirt Dúiche i ndáil le barántas dá dtagraítear in alt 44A, ní gá a chruthú—

(a) nach ndearnadh nó nár ghá, de réir an ailt sin agus alt 44B, ordú ón Ard-Aighne a thabhairt faoi alt 44A i ndáil leis an mbarántas, nó

(b) gur chúlghair an tArd-Aighne ordú uaidh faoi alt 44A nó go raibh an chúlghairm de réir fho-alt (2) den alt sin, nó

(c) nach ndearnadh nó nár ghá, de réir na Coda seo, ordú ón Aire a thabhairt i ndáil leis an mbarántas nó i ndáil leis an duine a bheidh ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas.”.

(2) Beidh éifeacht leis na leasuithe a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo maidir le barántais dá dtagraítear in alt 44A (a cuireadh isteach leis an alt seo) den Phríomh-Acht nár formhuiníodh faoi alt 43 den Acht sin roimh an Acht seo a rith.

Riail na speisialtachta agus ath-eiseachadadh chun críocha Chuid III den Phríomh-Acht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, fara cibé oiriúnuithe agus modhnuithe is dóigh leis a bheith riachtanach nó fóirsteanach, le hordú, forálacha alt 20 agus fho-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Phríomh-Acht (lena bhforáiltear nach ndeonófar eiseachadadh faoi Chuid II den Phríomh-Acht mura ndéantar foráil le haghaidh nithe áirithe le dlí na tíre iarrthaí nó leis na gcomhaontú um eiseachadadh lena mbaineann) a chur chun feidhme i ndáil le duine faoi Chuid III den Phríomh-Acht a sheachadadh i gcoimeád comhalta d'fhórsa póilíneachta áite lena mbaineann an Chuid sin.

(2) Féadfaidh an tAire, fara cibé oiriúnuithe agus modhnuithe is dóigh leis a bheith riachtanach nó fóirsteanach, le hordú, forálacha ailt 21 (3) agus 39 den Phríomh-Acht (lena bhforáiltear, faoi réir eisceachtaí áirithe, maidir le duine a bheidh eiseachadta go dtí an Stát ag tír iarrtha, nach saothrófar imeachtaí ina choinne, ná nach dtabharfar pianbhreith air ná nach bpríosúnófar é mar gheall ar aon chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas seachas an cion ar mar gheall air a tugadh suas é, agus nach n-eiseachadfar é go dtí tríú tír mar gheall ar aon chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas) a chur chun feidhme i ndáil le duine a tugadh suas don Stát faoi dhlí a fhreagraíonn do Chuid III den Phríomh-Acht.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(4) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe i ndáil le cinntí faoi alt 44A den Phríomh-Acht.

4. —(1)   (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní bheidh sé dleathach cumarsáid a dhéanamh le duine dá dtagraítear in alt 6 (1) den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 , d'fhonn tionchar a imirt ar chinneadh a dhéanamh ordú a thabhairt faoi alt 44A (a cuireadh isteach leis an Acht seo) den Phríomh-Acht.

(b) Ní bhaineann mír (a) den fho-alt seo le cumarsáid chuí faisnéise is iomchuí, chun críocha mhíreanna (a) agus (b) d'alt 44B (a cuireadh isteach leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, maidir le hordú a thabhairt faoin alt sin 44A.

(2) Má thagann duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den fho-alt seo ar an tuairim gur sárú ar an mír sin cumarsáid áirithe, is é dualgas an duine sin gan a thuilleadh airde a thabhairt ar an gcumarsáid.

An tArd-Aighne do chomhlíonadh feidhmeanna áirithe.

5. —(1) Féadfaidh an tArd-Aighne a ordú don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó d'oifigeach (is abhcóide nó aturnae) don Ard-Aighne a bheidh ainmnithe aige a fheidhmeanna faoi ailt 44A agus 44B (a cuireadh isteach leis an Acht seo) den Phríomh-Acht a chomhlíonadh le linn tréimhse breoiteachta nó asláithreachta ag an Ard-Aighne.

(2) Féadfaidh an tArd-Aighne ordú faoin alt seo a chúlghairm tráth ar bith gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 4 den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 , maidir le feidhmeanna an Ard-Aighne faoi na hailt sin 44A agus 44B ach maidir leis an tagairt i bhfo-alt (3) den alt sin 4 d'fho-alt (1) den alt sin folóidh sí tagairt d'fho-alt (1) den alt seo.

(4) Déanfar tagairtí don Ard-Aighne sa Phríomh-Acht a fhorléiriú de réir aon ordú a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo.

Tuarascáil bhliantúil do Thithe an Oireachtais.

6. —Ní mór don Rialtas, a luaithe is féidir tar éis an 1ú lá d'Eanáir gach bliain ag tosú leis an mbliain 1989, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas ar oibriú Chuid III den Phríomh-Acht sa bhliain roimhe sin.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus ré.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Eiseachadadh (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1987, a ghairm de na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 agus 1987, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 agus 1987, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.

(4) Rachaidh an tAcht seo in éag ar an lá a thiteann 12 mhí tar éis dháta a rite mura rithfidh gach Teach den Oireachtas rún roimh an lá sin á dhearbhú gur chóir dó leanúint i ngníomh tar éis an lae sin.