An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Tástálacha Fola le linn Tuismíocht a bheith á Cinneadh in Imeachtaí Sibhialta) Ar Aghaidh (CUID IX Clárú agus Athchlárú Breitheanna)

26 1987

AN tACHT UM STÁDAS LEANAÍ, 1987

CUID VIII

Toimhdí agus Forálacha Maidir le Fianaise

Aisghairm toimhde dlisteanachta nó neamhdhlisteanachta.

44. —Aisghairtear leis seo aon toimhde dlí maidir le dlisteanacht nó neamhdhlisteanacht aon duine.

Cinneadh tuismíochta mar fhianaise in imeachtaí eile.

45. —(1) Más rud é, roimh thosach feidhme na Coda seo nó dá éis, gur cinneadh nó gur breithníodh gur tuismitheoir linbh duine in aon imeachtaí sibhialta os comhair cúirte i ndáil le caomhnóireacht naíon nó le cothabháil (lena n-áirítear atharthacht) nó faoi alt 215 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , beidh an cinneadh nó an breithniú sin, d'ainneoin gur thairg nó nár thairg an duine sin aon chosaint in aghaidh líomhain na tuismíochta nó gur pháirtí nó nár pháirtí é sna himeachtaí sin, inghlactha i bhfianaise in aon imeachtaí sibhialta iardain chun a chruthú gur tuismitheoir de chuid an linbh nó, i gcás nach maireann sé, gur thuismitheoir de chuid an linbh, an duine sin:

Ar choinníoll nach mbeidh aon chinneadh nó breithniú den chineál a dúradh, seachas ceann atá ar marthain, inghlactha i bhfianaise de bhua an ailt seo.

(2) Más rud é, maidir le fianaise gur cinneadh nó gur breithníodh gur tuismitheoir ar leanbh duine, go mbeidh an fhianaise sin aighnithe in imeachtaí iardain de bhua fho-alt (1) den alt seo, ansin—

(a) measfar, mura gcruthófar gurb é a mhalairt is dóichí, gur tuismitheoir ar an leanbh sin nó, i gcás nach maireann sé, gur thuismitheoir ar an leanbh sin, an duine sin, agus

(b) i ndáil leis na himeachtaí cúirte roimhe sin, beidh ábhair aon doiciméid a bhí os comhair na cúirte sin nó ina bhfuil aon fhógairt ón gcúirt sin, inghlactha chun na fíorais ar ar bunaíodh an cinneadh nó an breithniú a aithint, gan dochar d'aighniú aon fhianaise eile is inghlactha chun na críche sin.

(3) Más rud é in imeachtaí sibhialta iardain go mbeidh ábhair aon doiciméid inghlactha i bhfianaise de bhua fho-alt (2) den alt seo, beidh cóip den doiciméad sin, nó den chuid ábhartha de, a airbheartóidh a bheith deimhnithe nó fíordheimhnithe ar shlí eile ag an gcúirt nó ag an údarás a bhfuil an doiciméad sin ina coimeád nó ina choimeád, nó thar a gceann, inghlactha i bhfianaise agus measfar, mura suífear a mhalairt, gur cóip dhílis den doiciméad sin nó den chuid sin í.

Toimhdí atharthachta agus neamhatharthachta.

46. —(1) I gcás ina mbeirtear leanbh do bhean—

(a) le linn pósta atá ar marthain agus ar páirtí ann í, nó

(b) laistigh den tréimhse deich mí tar éis pósadh d'fhoirceannadh trí bhás nó ar shlí eile, is pósadh ar páirtí ann í,

ansin toimhdeofar gurb é an fearchéile sa phósadh athair an linbh mura gcruthófar gurb é a mhalairt is dóichí.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, más rud é, i gcás bean phósta, ar bean í a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile—

(a) faoi fhoraithne idirscartha a mensa et thoro, nó

(b) faoi ghníomhas idirscartha,

go mbeirtear leanbh di breis agus deich mí i ndiaidh dheonú na foraithne nó fhorghníomhú an ghníomhais, de réir mar a bheidh, ansin toimhdeofar nach é a fearchéile athair an linbh mura gcruthófar gurb é a mhalairt is dóichí.

(3) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, i gcás—

(a) go mbeidh breith linbh cláraithe i gclár atá á chothabháil faoi na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1987, agus

(b) go mbeidh ainm duine taifeadta mar athair an linbh sa chlár atá á chothabháil amhlaidh,

ansin toimhdeofar gurb é an duine a bhfuil a ainm taifeadta amhlaidh athair an linbh mura gcruthófar gurb é a mhalairt is dóichí.

(4) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo déanfar “pósadh atá ar marthain” a fhorléiriú mar abairt a fholaíonn pósadh in-neamhnithe agus déanfar an abairt “pósadh d'fhoirceannadh trí bhás nó ar shlí eile” a fhorléiriú mar abairt a fholaíonn neamhniú pósta in-neamhnithe.

Inghlacthacht fianaise áirithe.

47. —(1) Beidh fianaise ó fhearchéile nó ó bhanchéile inghlactha in aon imeachtaí chun a chruthú gur tharla nó nár tharla caidreamh pósta eatarthu le linn tréimhse ar bith.

(2) Aisghairtear leis seo an coinníoll a ghabhann le halt 3 den Evidence Further Amendment Act, 1869.